Showing posts with label Muinteoirí. Show all posts
Showing posts with label Muinteoirí. Show all posts

Friday, October 19, 2012

An Ceoldráma "Back To The 80s"


Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Mar is eol do chách i gCnoc na Labhras- Beidh ár gceoldráma "Back To The 80s" ar siúl ar an 8ú, 9ú, 10ú de Samhain.
Beidh na ticéid ar dhíol gach lá sa seomra R.E ag a haon a chlog. Don Deardaoin an 8ú lá, cosaíonn na ticéid 10euro agus cosaíonn na ticéid don Aoine agus don Satharn 12euro. 
I ndáiríre, is praghas iontach seo mar go bhfuil an fhoireann ar fad tar éis a lán oibre a dhéanamh agus nílimid críochnaithe leis an gcleachtadh fós. 
Tá sé ar eolas ag gach duine go mbeidh amhráin le cloisteáil ann ach ar ndóigh, beidh a lán stíl le feiceáil ann freisin ó smideadh go gruaig go gúnaí prom. Beidh a lán ullmhúchán le déanamh againn tar éis briseadh meán téarma freisin agus is cinnte go mbeidh post nó dhó eile ag teacht sa todhchaí faoin gceoldráma. Tá ticéid le buachaint ar an leathannach Facebook atá ag an gceoldráma freisin. Ní chaithfidh tú ach pictiúr a roinnt. Cliceáíl anseo chun "like" a thabhairt don leathannach agus an pictiúr a  roinnt. 

An bhfuil do thicéid ceannaithe agat? 


Thursday, September 27, 2012

TopButton

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Seo post chun insint daoibh go bhfuil blag na scoile, 
blag faiseanta, úr agus suimiúil- TopButton ar ais agus tá sé níos fearr ná ríomh. 
Tá foireann nua anois agus tá súil againn go mbainfidh lán na scoláírí agus na muinteoirí taitneamh as mar go mbeidh a lán agallaimh, físeáin, grianghraif agus eolais ar ndóigh le feiceáíl ann. 

Téigh go dtí http://topbuttonlaurelhill.wordpress.com/ chun féachaint ar TopButton. 

Comh maith le sin, bí cinnte chun "like" a thabhairt don leathannach Facebook atá ag TopButton freisin. 

Tá TopButton ann chun cabhrú le haon scoláirí le ceisteanna. Má fhéachann tú ar TopButton, beidh sé ar eolas agat cad a bhíonn ar siúl ar scoil agus beidh tú in ann síniú suas i gcomhair rudaí nua cósúil le spóirt éagsúla. Is cinnte go ndéanfaimid a lán físeáin an bhliain seo. Mar sin, bígí ag faire amach agus tá an- seans go mbeidh ceann nó dhó as Gaeilge! 

Má tá aon rud le rá d'fhoireann TopButton, is féidir leat trácht a fhágáil ar an mblag nó is féidir leat ríomhphost a sheoladh dúinn ag topbuttonlh@gmail.com 

An bhfuil áthas ort go bhfuil TopButton beo arís? 


Sunday, September 23, 2012

Ar Ais Go Dtí 1980

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Tá mo scoil, Cnoc na Labhras ag ullmhú an ceoldráma "Back To The 80s" a bheidh ar siúl i Mí na Samhna ach beimid ag taibhiú (performing) dhá amhrán ar an gCéadaoin mar go mbeidh an lá oscailte ar siúl. Mar sin, bhí gá orainn ár bhfeitis a cheannach. Chuas ag siopadóireacht inniu chun m'éadaí a fháil. Rugadh mé i míle naoi déag nócha seacht agus mar sin, ní rabhas timpeall i rith an t-am sin. D'inis na muinteoirí atá i gceannas na feistis dúinn chun éadaí fluaraiseach (fluorescent) a chaitheamh. Seo cad a bheidh á chaitheamh agam... 


Bhí faic agam sa bhaile seachas le bróga. Mar sin, chuas go dtí na siopaí "Claires", "Tesco" agus "H&M" sa Chorrán. 
Cheannaigh mé tútú oráiste, t-léine bán dearg le croí déanta as "sequins", loirgneáin theolaí (leg warmers), riteoga, gabhálais gruaige, coirníní (beads) agus fáinne cluaise. 
Bhraith sé an- ait ag caitheamh lán na rudaí seo le cheile, bhíothas beagáinín ró dhathannach. 

Ba margadh iad na coirníní. Tháinig ceithre dath- buí, oráiste, glas agus bán dearg i gcomhair ceithre euro. Bhí siad níos daora ná sin níos luaithe. 

Ní rabhas cinnte faoi na rudaí seo. Cheannaigh mé iad sa siopa "Tesco" i gcomhair trí euro caoga. N'fheadar conas mar a bheidh mo chuid gruaige ach b'fhéidir go gcaithfidh mé iad seo i mo ghruaig. Feicfidh mé...


Bhí na fáinne cluaise 4.50euro. Tá na dathanna céinne ná na coirníní ar na fáinne cluaise- oráiste, buí, glas agus bán dearg. Ceapaim go gcríochnaíonn gabhálais d'fheisteas. Má bhíonn gabhálais deas agat, bíonn d'fheisteas ar fad a lán níos fearr. Bhí crochóga (suspenders) álainn sa siopa "Claires" freisin, comh maith le lámhainní deas, b'fhéidir go gceannóidh mé iad sin freisin. 

Ní raibh mé timpeall nuair a chaitheadh éadaí mar seo an t-am ar fad. 

Más raibh tú beo nó mar dhéagóir ó 1980 go dtí 1990... Inis dom faoi na héadaí a chaith tú. 
An bhfuil tú ag glacadh páirt sa cheoldráma- an bhfuil d'fheisteas agat? 







Faisean sa Seomra Codlata

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Inné, chaith mé an lá ar fad ag glanadh mo sheomra codlata. Nílim ag magadh, caithfidh gur thóg sé timpeall ar cheithre nó cúig uair.  Táim go holc ag coimeád mo sheomra codlata néata ach an uair seo, táim cinnte go bhfanfaidh sé slachtmhar. Bhíothas an- bhródúil asam tar éis jab iontach a dhéanamh ar agus anois, ciallaíonn sé go gcaithfidh mé níos mó ama i mo sheomra codlata mar go bhféachann sé go deas. 

Coimeádeann mé lán mo sheodra, mo vearnais ingne, m'uachtair, mo dhonnú bréige, mo dhíbholaígh agus mo mhaothóirí ar sheilf in aice le mo leaba. Mar sin, bíonn mé in ann m'uachtair a úsáid gach maidin agus iad a chur ar ais san áit céanna fós ag coimeád iad néata. Bíonn mé in ann seodra difriúil a chur orm aon am a oireann sé liom agus lán na dathanna vearnais ingne atá agam a fheiceáil. 

Tá deasc mhór agam in aice le mo vardrús. Bhí teilifís agam ar an deasc go dtí inné ach, bheartaigh mé gurbh cur amú spás é mar nár úsáid mé an teilifís ach cúpla uair gach mí. Má bhíonn mé ag féachaint ar an teilifís, bíonn mé thíos staighre le mo theaghlach. Anois, tá an deasc saor, agus is deasc staidéir é. Uaireanta bíonn mo theach an- ghnóthach, mar sin, beidh mé in ann dul chuig mo sheomra leapa chun m'obair bhaile a dhéanamh. Má tá tú ámharach go leor chun deasc staidéir bheith agat seachas leis an mbord sa chistin nó rud éigin mar sin, is smaoineamh maith é do chlár ama a chur suas ar an mballa, comh maith le póstaeir a chabhraíonn leat le do chuid oibre. Is é leid faiseanta chun rudaí a fhoghlaim go tapa ná chun iad a scríobh ar luaschártaí (flashcards). Tá coimeádán grianghraif agam agus má bhíonn aon rud le foghlaim agam, cuirim é isteach sa rud seo. Feicim é an t-am ar fad mar go seasann sé amach agus gach uair a fheicim é, deirim an phrása amach ós ard chun a bheith cinnte go bhfuil sé ar eolas agam. 

Coimeádaim an cuid is mó dos na leabhair atá agam ar an seilf seo, comh maith le ceann eile in aice le mo vardrús. Fiú amháin go bhfuil an cuid is mó d'iad léite agam, níl fonn orm iad a chaitheamh amach nó iad a thabhairt go carthanas (charity). Mar go bhfuil siad i bpílí cósúil le seo, is féidir leat a lán leabhair a choimeád ar sheilf amháin. 

Is iad ceithre leid tábhachtach chun do sheomra codlata a choimeád faiseanta agus slachtmhar ná: 

  • Go bhfuil sé níos fearr fearr deich nóiméad a chaitheamh ag glanadh do sheomra codlata gach oíche ná uair ar fad ag an deireadh seachtaine. 

  • Chun iarracht a dhéanamh áit a bheith agat i gcomhair gach rud. Mar sin, nuair a thógann tú rud éigin amach, beidh tú in ann é a chur ar ais agus comh maith le sin, beidh sé ar eolas agat cá bhfuil sé nuair atá sé á lorg agat arís. 

  • Chun bheith cinnte go dtaitníonn do sheomra codlata leat. Cuir suas póstaeir do d'amhránaí is fearr leat nó grianghraif do tusa agus do chairde agus do theaghlach ar do bhalla. Ansin, beidh seomra codlata pearsanta agat beidh fonn ort é a choimeád néata. 

  • Chun d'éadai a eagrú. Is é an fhadhb is mó atá agam ná m'éadaí. Gach lá, bainim triail as cúpla feisteas a chaitheamh agus muna bhíonn siad ceart, fágaim iad ar an úrlár seachas le iad a chur ar ais ar an gcrochadán (hanger). Tá sé deacair ach déan iarracht iad a chur ar ais nó beidh píle mór éadaí agat ag deireadh na seachtaine. 


An bhfuil aon leideanna eile agat chun seomra codlata a choimeád slachtmhar agus faiseanta? 
Inis dom faoi do sheomra codlata agus conas mar a fhéachann sé díreach anois. 






Thursday, September 20, 2012

Alt Eile Sa "Limerick Post" Inniu

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Nuair a shroich mé abhaile bhí an nuachtán "Limerick Post" ag fanacht orm ar an gcúntar. 
Tá alt fúm ar leathannach 20 faoi Paisean le hAghaidh Faisean agus gach rud le TG4. 
Ba alt álainn é agus bhí áthas an domhain orm dhá alt bheith scríofa fúm agus faoin scoil an mí seo. 
Ba é an pictiúr san alt ná ceann den tarraingt téide. Is féidir na múinteoirí, Seán Bradshaw agus lán na scoláirí a fheiceáíl. Cheap mé gurbh alt an- fhaiseanta é seo, agus bhíothas an sásta chun an nasc don bhlag a fheiceáil ann. Thaithin na tagairtí go mór liom freisin. Má bhfuair tú an "Post" inniu, is fiú féachaint ar an bhfichiú leathannach! 

Ar chonaic tú an t-alt? 


Monday, September 3, 2012

Dialann Eagraithe Faiseanta ag Paisean le hAghaidh Faisin

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Cúpla oíche ó shin, cheap mé go raibh sé in am dialann a chruthú i gcomhair Paisean le hAghaidh Faisin mar go mbeadh sé níos éasca gach rud a choimeád eagraithe. 
Fuair mé cóipleabhar nótaí crua agus bhris mé suas é. Tá  sé roinn ann- cleandar, smaointí, foclóir, stats, teagmhálaí agus an plean. Ciallaíonn sé sin go mbeidh mé in ann lán na smaointí atá agam a scríobh, lán na poist a dhéanamh a scríobh síos sa chleandar agus blag faiseanta a choimeád mar go mbeidh mé eagraithe. 
Tá a lán smaointí agam agus tá súil agam go mbeidh Paisean le hAghaidh Faisin ag éirí níos fearr gach seachtain. 

Bíonn sé níos éasca gach rud a choimeád i gcóipleabhar amháin agus ansin, is féidir liom aon rud a aimsiú faoin mblag ann. 

An bhfuil cóipleabhair faiseanta, eagraithe agat? 





Sunday, September 2, 2012

Faisean ag dul ar Taithí Oibre

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

N'fheadar faoi sibhse ach beidh mise ag déanamh taithí oibre gach Luan don bhliain ar fad agus táim ag tnúth go mór leis. 
Níor smaoinigh mé faoi cad a chaithfinn go dtí oíche inné mar go mbeidh mé ag dul go dtí bunscoil. 
Caitheann muinteoirí éadaí normálta ag dul ar scoil... Ní bhíonn gá orthu na héide céanna a chaitheamh gach lá. 
Ach fós, is cuma cá mbeidh tú ag dul, beidh fonn ort bheith ag féachaint proifisiúnach chun dea- imprisin a dhéanamh. 
Má tá tú ag dul go dtí oifig, scoil, siopa nó áit éigin eile mar sin, ní smaoineamh maith é bríste reatha nó bróga reatha a chaitheamh. 
Ceapaim go bhfanfaidh mé le "pumps" agus jíons nó péire bríste eile. 
Taitníonn an péire seo go mór dom. Is as "Schuh" iad agus tá prionta bláthach agus bróiste caimeonna (cameo brooch) ar na bróga seo. Ní raibh siad níos mó ná triocha euro ach ba fiú iad mar go bhfuil siad agam le bliain anuas agam anois. Ní chaithim iad go minic ach bíonn siad i mo vardrús nuair a bhíonn mé ag dul áit éigin mar seo. 


Bíonn seaicéid cósúil le seo oiriúnach do taithí oibre mar go bhféachann siad níos proifisiúntaí ná geansaí. 
Féachann bléasair agus cairdeagain go deas ag obair mar nach mbíonn fonn ort bheith ró the nó ró fhuar. 
Bíonn cairdeagain cósúil le seo an- chompórdach freisin ach fós, tá siad oiriúnach. Amárach, caithfidh mé an cairdeagan seo, barr dúghorm atá déanta as lása, jíons agus na bróga bláthach as "Schuh".

Cá bhfuil tú ag dul ar taithí oibre? 
Ar dhein tú taithí oibre nuair a bhí tú níos óige?



Saturday, September 1, 2012

Slí Fhaiseanta Chun Do Ghaeilge A Choimeád Beo

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Uaireanta, ní bhaineann daoine taitneamh as ag foghlaim ar scoil trí leabhair nó scríbhneoireacht ach, fós, tá slite eile chun go chuid Gaeilge agus do chuid gramadaí a fheabhsú. 
Tá suíomh Iníon Uí Iarlaithe beo arís agus lán le físeáin de ceoltóirí, dánta agus i bhfad níos mó. 
Is féidir leat do rialacha gramadaí a chuimhniú trí féachaint ar phóstaeir éagsúla atá dathannach agus soiléar agus is léir go bhfuil blag an- úsáideach é seo. 


Bí cinnte chun féachaint ar bhlag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe anseo agus an nuacht is déanaí faoi thaifead na scoile agus an tarraingt téada a fheiceáil. 

Cad é do smaointí ar an mblag cabhrach seo? 



Wednesday, August 29, 2012

Daoine Faiseanta ó TG4- Agallaimh, Grianghraif, Nuacht

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Mar is eol daoibh, fuair mé seans iontach chun dul go dtí Seoladh Sceideal Fómhair TG4 2012 i mBaile Átha Cliath. Bhuel, táim ar ais agus tá an- chuid nuachta agam. Bhí gach duine ann ag féachaint an- fhaiseanta agus tar éis an turas seo, is cinnte go mbeidh stáisiún teilifíse an- fhaiseanta é TG4 an séasúr seo tar éis lán na cláir a bheidh ar siúl a fheiceáil. 

Ag tús an lae, fuair mé an seans chun bualadh le Bláthnaid agus Laura ón gclár "Ó Tholg go Tolg". Beidh sraith nua ag tosú an mí seo agus mar sin, bí ag faire amach chun féachaint air mar is cinnte go mbeidh an sraith nua iontach suimiúil cé go bhfuil an- suim ag Bláthnaid agus Laura bheith ag féachaint go hálainn fiú amháin go mbíonn siad chun dul ag taisteal timpeall an domhain ar fad ag fanacht le strainséirí. Bhí na cailíní seo an- chairdiúil agus dan dabht beidh mé ag déanamh cinnte go leanfaidh mé iad gach seachtain ar TG4 ag coimeád suas leis na rudaí a bheidh á dhéanamh acu. Bhíothas ámharach chun agallamh a dhéanamh leo agus mar sin, seo seans daoibh chun níos mó a fháil amach faoi Bhláthnaid agus Laura . Tosóidh an sraith nua ar an 13ú lá de Mí Mheán Fómhair ag 21:30 ar TG4 agus beidh tú in ann "Ó Tholg go Tolg" a fheiceáil ar suíomh TG4 freisin.


Is é an gúna gorm álainn ná gúna as Awear.
Is buataisí seanré (vintage) iad na buataisí bána.
Tá an gúna eile as Topshop agus ansin, tagann na bróga agus an crios atá á chaitheamh aici ó "Urban Outfitters". Ceapaim go bhféachann an bheirt acu go hiontach ó bhun go barr.

Ansin, thosaigh mé ag labhairt le Máire Treasa Ní Dhubhghaill agus Colmán Mac Séalaigh ón gclár teilifíse "Ponc XL". Bhí súil agam go mbuailfinn leo agus bhuail mé leo chun cúpla grianghraif agus agallamh a dhéanamh leo. Bíonn clár an- suimiúil, "Ponc XL" ar siúl gach Máirt ag a sé a chlog ón stiúideo agus tá sé soiléar go mbaineann Máire Treasa agus Colmán taitneamh as bheith mar láithreoirí don chlár seo. Fuair mé beagáinín eolas faoi na héadaí a bhíonn á chaitheamh acu ós comhair an cheamara comh maith leis an gcabhair a fhaigheann siad amach ó stiúideo TG4 agus na píosaí smideadh is fearr atá ag Máire Treasa. 


Bhí siadsan sásta insint dom freisin cé a bhí á chaitheamh acu. 
Bhí "Vans" álainn ó "Schuh" á chaitheamh ag Colmán chomh maith le bríste ó Newlook, carbhat agus léine deas ó "Top Man" agus seacaid as "River Island". Fiú amháin go raibh as siopaí éagsúla gach rud, chuaigh lán na héadaí le chéile go maith chun  feisteas álainn a chruthú. Ansin, Máire Treasa, bhí bróga "Carvela" álainn á chaitheamh aici ó "Brown Thomas". Chuir sí éad orm nach raibh péire cósúil leo agamsa. Ba as "Miss Selfridge" an gúna a chaith sí agus bhí fáinne glas ó "Top Shop" á chaitheamh aici freisin. 

Comh maith le sin, bhíothas ag labhairt leis an láithreoir Mairéad Ní Chuaig i gcomhair cúpla nóiméad agus bhí sí sásta leid a thabhairt duinn chun ár gcraiceann a choimeád ag féachaint óg comh maith le cé a bhí á chaitheamh aici ó "Brown Thomas" go dtí "Penneys". Níor réalaigh mé go mbeadh an méid sin stíl ann ach bhí gach duine ó TG4 ag féachaint go hálainn ar fad. Cé gur oibrigh sí le Paisean Faisean ar feadh tamaillín, bhí an- suim aici sna ceisteanna a bhíothas ag cur di. Comh maith le sin, b'fhéidir go bhfuil aghaidh muinteartha (familiar) aici freisin mar gur réamhaisnéiseoir aimsire í freisin. Ná déan dearmad féachaint ar "An Aimsir Láithreach" a bhíonn ar súil timpeall an uair seo gach lá-  09:35, 12:55, 18:55, 19:20, 23:35 agus ag 01:35. Is cinnte go mbeadh gach duine ábalta féachaint ar sin uair amháin gach lá nó dhó chun d'éadaí don seachtain ar fad a phleanáil amach.

Bhí an gúna a bhí á chaitheamh aici go hálainn ar fad. Thaithin an lása go mór liom agus bhí bróga beasa an- deas á chaitheamh aici freisin. Ba as "Brown Thomas" é an gúna agus fuair sí an mála a bhí á iompar aici sa siopa "Penneys". Is é fíric eile faoi Mhairéad ná go bhfuil blag féin aici- is blag cócaireachta é. Táim ag tnúth go mór leis ag feiceáil an cailín seo ar an teilifís chun cúpla dos na gúnaí eile a chaitheann sí a fheiceáil agus na slite eile ina dhéanann sí a cuid gruaige cósúil le gach duine eile a bhíonn ar an teilifís. 

Fiú amháin go rabhas ag caint leis a lán mná, bhíothas ag labhairt le cúpla fear freisin. 
Thosaigh mé ag caint le fear deas atá an- suim aige sa cheol agus san fhaisin. Bhí sé iontach sásta cúpla ceist a fhreagairt dom agus bhíothas iontach sásta fáil amach faoin bpost atá aige. 


Bhí an léine leis an bpátrún agus an t-léine a chaith sé as "Bershka".
Cheannaigh sé an seacaid agus an crios a bhí á chaitheamh aige sa siopa "River Island" agus is iad "Vans" an sórt bróga a chaith sé, cósúil le Colmán. Ceapaim go bhfuil an t-ádh ag daoine mar seo bheith ag cónaí i mBaile Átha Cliath mar go mbíonn i bhfad níos mó siopaí chun rudaí a cheannach i gcomparáid do Luimneach agus bheith ábalta obair do chlár iontach mar shampla "Pop 4" nó aon dos na cláir eile. Is breá liom ag féachaint ar na cláir faoi cheol mar go bhfuil an- suim agam sna ceoltóirí a bhíonn ann. I ndáiríre, ceapaim go bhfuil suim ag gach déagóir sa cheol. 

Is léir go bhfuil treocht mhór é do bhuachaillí jíons cósúil leis na péirí seo a chaitheamh. Is as "Republic" an geansaí gorm a bhí á chaitheamh aige. Bhí na jíons a chaith sé as "Bershka" agus cheannaigh sé na bróga a bhí á chaitheamh aige sa siopa "Penneys". Comh maith le sin, bhí sé tar éis poll a chruthú ina chluaiseanna. Is féidir leis fáinne cluaise 10mm a chur isteach ina chluaiseanna ach duirt sé go bhfuil sé chun fanacht mar go bhfuil sé sásta le conas mar a fhéachann sé mar sin. Duirt sé nár thóg sé ach cúpla mí chun an poll a dhéanamh ina chluaiseanna. Tá sé soiléar freisin go bhfuil treocht an- mhór é sin mar go bhfuil sé á dhéanamh ag buachaillí agus ag cailíní timpeall na tíre. 

Tá áthas an domhain orm go bhfuair mé cuireadh chun dul go dtí an ócáid seo. Bhí sé go hiontach ar fad buaileadh le daoine ó TG4 agus tar éis scannán gearr dos na rudaí a bheidh le feiceáil ar TG4 an séasúr seo, nílim ábalta fanacht chun am saor a fháil chun suí ar mo tholg chun féachaint ar na cláir ón stáisiúin seo. Sílim go mbeidh an- suim ag déagóirí sna cláracha nua-aimseartha a bheidh ann agus ar ndóigh beidh suim ag na daoine fásta agus na páistí freisin féachaint ar TG4 mar go mbeidh réimse leathan cláracha le feiceáil- ceann oiriúnach do gach duine i ngach clann. Ba mhaith liom "Go raibh maith agat" mór a rá do gach duine a bhíothas ag labhairt leis i rith an lae mar gur bhain mé an- taitneamh as an ócáid. Bí cinnte chun féachaint ar an liosta dos na cláracha a bheidh ar siúl ar TG4 anseo.

Ná déan dearmad go bhfuil lán na pictiúir ó inniu le feiceáil ar an leathannach "Facebook" atá ag Paisean le hAghaidh Faisean. Cliceáil anseo chun iad a fheiceáil.

An bhfuil aon chlár is fearr leat ar TG4? 
Cad é do smaointí ar na hagallaimh a dhein mé?


Monday, August 27, 2012

Dea- Nuacht

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

An tseachtain seo caite, ba cailín normálta ciúin mé ag baint taitneamh as an samhradh agus ag suí ar mo leaba ag scríobh suas ar an mblag seo. An tseachtain seo, beidh cailín gnóthach mé a bheidh ar ais ar scoil agus ag taisteal ó Luimeach do dtí Baile Átha Cliath go dtí Co. na Gaillimhe. 

An t-am ar fad, bhain mise an-taitneamh as ag déanamh poist ar Paisean le hAghaidh Faisean. Cheap mé go raibh sé go maith mo chuid Gaeilge a úsáid agus fanacht beo sa domhain faisin agus níor réalaigh mé go raibh  mo bhlag comh aithnidiúil ná a bhfuil sé. 

Go dtí seo, cheap mé go raibh sé go hiontach gur bhuaigh Paisean le hAghaidh Faisean duais ón "Junior Spiders Awards" don bhlag is fearr as Gaeilge ach anois, tá sé ar eolas agam go bhfuil Paisean le hAghaidh Faisean chun dul ar aghaidh chun gnóthachtálacha eile a fháil. 

Ar an gCeadaoin, beidh mé ag dul go dtí Baile Átha Cliath don dara uair leis an mblag i gcomhair seoladh sceideal Fómhair TG4 2012 in éineacht le Iníon Uí Iarlaithe. Ar an Deardaoin, beidh mé ag dul go dtí Co. na Gaillimhe chun triail scáileáin a dhéanamh leis na daoine as an gclár teilifíse "Ponc XL". Táim an- áthasach go bhfuair mé cuireadh chun dul go dtí na háiteanna seo agus beidh onóir é bheith ag na rudaí seo. Tá sceitimíní orm mar go mbeidh mé ag bualadh le daoine ón teilifís chun caint libh faoi mo bhlag féin! Táim beagáinín néirbhíseach freisin ach i ndáiríre, tá sé ar eolas agam go mbeidh gach rud ceart go leor. Tá an t-ádh orm na seansanna seo a fháil agus táim an- bhuíoch as na seansanna seo. Ba mhaith liom "Go raibh maith agat" a rá do gach duine as an tacaíocht a thug siad liom go háirithe Iníon Uí Iarlaithe, na muinteoirí eile, mo theaghlach agus mo chairde. 

Cliceáil anseo chun meabhrúchán (reminder) don chomhaireamh síos i gcomhair scoil a fheiceáil... Scanrúil nach bhfuil? Tá fonn orm dul isteach anois agus fáil amach cé eile atá i mo rang agus cén múinteoirí atá agam ach... caithfidh mé fanacht cósúil le gach duine.

An bhfuil tú ullmhaithe don scoil? 





Saturday, August 25, 2012

10,000 Amhairc Ar PLHF

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Shroich mé abhaile ó Chontae Chiarraí cúpla uair ó shin agus nuair a thug mé cuairt don bhlag, chonaic mé go raibh níos mó ná deich míle amhairc ag an mblag. Bhí áthas an domhain orm chun é sin a fheiceáil. Go raibh maith agaibh go léir as féachaint ar Paisean le hAghaidh Faisean go dtí seo agus tá súil agam go leanann sibh ar aghaidh ag baint taitneamh as an mblag. 
Anois go bhfuil mé ar ais, tá a lán poist le déanamh agam faoi na rudaí a cheannaigh mé i dTrá Lí, mar sin, bí ag faire amach. Ná déan dearmad nach bhfuil ach dhá lá go dtí go mbeidh mise agus na scoláirí eile ó mo bhliain i mo scoil féin ar ais ar scoil. 

An mbeidh tú ar ais ar scoil ar an dáta céanna ná mise nó níos déanaí nó níos luaithe?



Friday, June 15, 2012

Tá Paisean le hAghaidh Faisean Ar Ais!

Dia dhaoibh, Sionainn anseo!
 Nílim ábalta creidiúint go bhfuil lán mo scrúdaithe don Teastas Sóisearach críochnaithe :-)
Tá cúpla cinn eile fágtha fós ach d'imigh siad go han- tapa.
 Chaitheamar an cuid is mó den bhliain ag déanamh staidéir agus anois, ní bheimid chun leabhar a oscailt don samhradh ar fad..
Agus is é an rud is fearr faoi ná go mbeimid ag tosú san idirbhliain i Mí Mheán Fómhair.


 Bhuel.. bhíothas ag smaoineamh faoi Paisean le hAghaidh Faisean.. agus ní raibh mé cinnte faoi ag tosú ag scríobh suas i rith a tsamhraidh ach.. ceapaim go mbeidh sé do maith dom chun mo chuid Gaeilge a úsáid cé nach mbeidh mé ag dul go dtí an Ghaeltacht an samhradh seo. 

 Cé nach mbeimid chun staidéar a dhéanamh, beimid chun rud éigin eile a aimsiú chun a dhéanamh, ach ceapaim go bhfuil an freagra sin ag gach cailín- dul ag siopadóireacht!
Fiú amháin go mbeimid saor.. beidh an samhradh lán le imeachtaí cósúil le dioscónna, ceolchoirmeacha agus turais. 

Slán, x.

Tuesday, February 21, 2012

An Bhliainiris

Dia dhaoibh Sionnainn anseo, 

Táimid ar ais ar scoil anois agus tá cúrsaí ceart go leor. 
Bhí daoine ag dul timpeall inniu ag lorg rudaí don bhliainiris. 

Is é amháin dos na téamaí i gcomhair an bhliainiris ná "grá don scoil" agus tá an foireann ag lorg na rudaí atá go maith faoin scoil seo. B'fhéidir na muinteoirí, na daltaí eile... tá i bhfad níos mó!

Má tá tú ag súil rud éigin a chur isteach don bhliainiris, seol é go dtí
 lhmag12@gmail.com

Chomh maith le sin, tá cártaí gnó nua ag Top Button. 
Is féidir leat rudaí a sheoladh go dtí an ríomhphost atá ag Top Button 
topbuttonlh@gmail.com 

Slán, x.

Sunday, February 19, 2012

Faisean i gComhair Seachtain Na Gaeilge- Comórtas

Dia dhaoibh Sionnainn anseo, 

Beidh comórtas ar siúl ar scoil chun an t- léine is faiseanta a aimsiú. 
Beidh na daltaí chun t-léine a dhéanamh agus é a chaitheamh ag an Aoine i rith Seachtain na Gaeilge. 
Má tá suim agat t-léine a dhéanamh, caithfidh na focail seo a bheith ar- "Seachtain na Gaeilge" agus "Cnoc na Labhras". 
Ceapaim gur smaoineamh iontach é le haghaidh comórtas agus ceapaim go mbeidh sé an suimiúil.

An mbeidh tú ag glacadh páirt sa chomórtas seo?

Slán, x.

Friday, February 17, 2012

Ar Ais Ar Scoil Dé Luan

Dia dhaoibh Sionnainn anseo, 

Beimid ar ais ar scoil Dé Luan agus ansin, beidh an Teastas Sóisearach fíor ag teacht. 
Bheartaigh mé nach ndéanfainn staidéar i gcomhair an briseadh lár tearma seo mar bhí gach duine ag lorg sos beag ach fiú nár dhéan mé staidéar. . . rinne mé cúpla rud chun fáil ullmhaithe i gcomhair scoil agus an Teastas Sóisearach. 

Thóg mé lán mo fhillteáin abhaile chun iad a ghlanadh amach. 
Seo é mo fhillteán Gaeilge nua ach ghlan mé amach mo chinn eile chomh maith. 
Ceapaim go mbíonn tú níos eagraithe le fillteán glan agus faiseanta. 
Bíonn sé a lán níos éasca rudaí a aimsiú agus staidéar a dhéanamh don ábhar sin. 

Tá m'fhilteán faiseanta déanta suas as 12 ranna.
Seo iad na ranna atá ins an filteán: 

Litir
Scéal
Aiste/ Alt
Díospóireacht
Prós
Filíocht
Cluastuiscint
Léamhthuiscint
Gramadach
Rudaí Breise
An Ghaeltacht
Scrúdaithe

An bhfuil tú ag tnúth leis ag dul ar ais ar scoil?

Slán, x.


Sunday, February 5, 2012

An Bhliainiris

Dia dhaoibh Sionnainn anseo, 

Bhuel. . . thosaigh an cuigiú bhliain ag cruthú an bhliainiris i gcomhair Cnoc na Labhras 11/12 agus má táimid chun bliainiris faiseanta a bheith againn. . . caithfidh gach duine cabhair a thabhairt don téama.

Má tá aon ghrianghraif, aon ailt nó aon obair ealaíne, is féidir leat é a sheoladh go dtí

lhmag12@gmail.com

Tá leathanach Facebook ag an téama freisin. 

An bhfuil tú ag tnúth go mór leis an mbliainiris i gcomhair 11/12? 

Slán, x.

Monday, January 30, 2012

Faisean Sa Seomra Ealíne

Dia dhaoibh Sionnainn anseo, 

B'fhéidir go bhfuil é seo ar eolas ag cúpla duine ach i gcomhair na daoine eile, tá scoláire as V2 i gCnoc na Labhras sa chomórtas "Doodle 4 Google" agus tá sí ag lorg vótaí chun dul isteach don bhabhta deireanach. 
Claire Dillon is ainm di agus chruthaigh sí an pictiúr álainn seo. 
Más faigheann sí go leor vótaí chun dul ar aghaidh don bhabhta deireanach, beidh an- seans ann go mbeidh an bua aici. 
Cliceáíl anseo chun vótáil leithi. 

Agus an rud is fearr ná go bhfuil duais iontach le fáil. 
Más buaíonn sí an comórtas, gheobhaidh sí ríomhaire glúine (laptop) agus gheobhaidh an scoil 10,000 euro!!
Tá gach duine ar scoil an- bhródúil agus nach mbeadh éacht níos fearr más bhuaigh Claire ríomhaire glúine agus 10,000 i gcomhair an scoil. 

Le bhur dtoil cliceáil ar an nasc mar is cinnte go mbeadh an- bhuíoch ag Claire agus ag na muinteoirí agus daltaí eile ar scoil. 

Tá leathanach "Facebook" aici. 
Cliceáil anseo chun é a fheiceáil. 

Slán, x. 

Sunday, January 8, 2012

Beimid Ar Áis Ar Scoil Amárach!

Dia dhaoibh Sionnainn anseo,

Is é inniu an Domhnach agus cíallaíonn sé sin go mbeimid ar áis ar scoil tar éis dhá seachtain sa bhaile.
Maidin amárach beidh an vearnais inge agus smideadh imithe agus beidh gach duine ar áis don gnáthamh laethúil normálta. . .

I gcomhair gach duine atá sa triú bhliain, beidh na réamh-scrúdaithe (pres/mocks) ag tosú go luath. . .
Beimid chun a lán staidéar agus obair bhaile a dhéanamh ach ceapaim fós go mbeimid in ann dul ag siopadóireacht uaireanta buíochas le Dia!
Agus beidh na daoine atá á dhéanamh eacnamaíocht bhaile chun ullmhú don scrúdú cócaireachta. Beidh siad chun a gceardaíochta a chríochnú agus cinnte i gcomhair na daoine eile atá á dhéanamh ábhair éagsúla mar ealaín agus ceoil beidh a lán obair acu freisin. . .
Is é seo grianghraf do mo cheardaíocht a thóg mé cúpla seachtain ó shin. . .
Is ruga é agus anois, táim beagnach críochnaithe. Ach beidh fiú mar is cinnte go mbeidh seomra níos faiseantí agam leis seo ar an mballa.

An bhfuil tú ag tnúth leis ag fill ar scoil?

Slán, x.

Friday, January 6, 2012

P.D.F don Alt

Dia dhaoibh Sionnainn anseo,

Inniu fuair mé "P.D.F" don alt a bhí sa "Limerick Leader.
Cliceáil anseo chun é a fheiceáil.

Slán, x.

Thursday, January 5, 2012

Alt Eile Sa "Limerick Post"

Dia dhaoibh Sionnainn anseo,

Inniu, bhí alt eile i nuachtán eile. . . an "Limerick Post". . . is nuachtán saor é seo agus tá tú in ann an "Limerick Post" a phíocadh suas i mbeagnach gach siopa. Tá an alt faoin "Junior Spiders" ar leathanach ochtó dó.
An bhfaca tú an alt?

Slán, x.

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com