Showing posts with label Top Shop. Show all posts
Showing posts with label Top Shop. Show all posts

Saturday, July 7, 2012

Gabháil Siopadóireachta

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Fuair mé seans ar an Deardaoin chun beagáinín siopadóireacht a dhéanamh.
Chomh maith leis an ngeansaí Astacach a cheannaigh mé i River Island, cheannaigh mé dhá rud eile ann. 
Chun níos mó a léamh faoi éadaí Astacach, cliceáil anseo. 
Níor íoc mé ach 14euro don gheansaí seo fiú amháin go raibh sé 32euro mar go raibh díolachán ar siúl. 

Cheannaigh mé an blús seo i gcomhair 18euro ach bhí sé 40euro ag an tús. 
Tá lása ag an mbarr san áit ina mbíonn do ghuaillí. 
Tá a lán slíte chun blúsanna mar seo a chaitheamh.. B'fhéidir go ndéanfaidh mé post faoi níos déanaí. 
Tá blúsanna mar seo le ceannach i mbeagnach aon siopa- New Look, Forever 21, TopShop, Penneys, H&M, Zara... Leannann an liosta ar aghaidh.. 
Tá siad ar dhíol i ngach aon dath. 
Is maith liom an ceann uachtar seo mar go bhfuil sé an- ilúsáideach (versatile). 
Téann sé go maith le donn, dúghorm, fíon, béasa agus a lán dathanna eile. 

Is banda gruaig é seo. 
Ní rabhas cinnte faoi nuair a chonaic mé é mar go bhféachann sé mar mhuince ach ní raibh sé ach dhá euro agus mar sin cheannaigh mé é. 
Bhí sé 6euro roimh an díolachán
Ach chaith mé é inné agus is breá liom é. 
Is banda gruaig tanaí é agus d'fhéach sé go deas nuair a bhí mo ghruaig fágtha síos agus cuirthe suas. 

Chomh maith le River Island, chuas go dtí "Schuh" agus cheannaigh mé péire "Converse" eile. 
Seo péire sean atá agam ach féachann siad níos sine anois. 
Mar go raibh siad bán, d'éirigh siad salach go tapa. 
Mar sin, cheannaigh mé an péire seo i "Schuh" i gcomhair 49euro. 
Téann na cinn seo go dtí do rúitíní ach téann an péire eile ós comhair do rúitíní. 
Is é an dath atá ar an bpéire seo ná "Burgundy" nó fíon. 
Tá a lán éadaí dúghorm, uachtar, béasa, donn, liath agus fíon agam agus mar sin, phioc mé an dath seo. 
Ceapaim go bhfuil "Converse" go maith mar go bhfuil sórt bróga reatha iad ach téann siad go maith le jíons. 
Is é rud éigin atá á dhéanamh ag a lán daoine ná go bhfuil siad ag rolladh suas jíons chun iad a chaitheamh leis na "Converse" seo. 
Féachann sé go hálainn go hairithe i rith an tsamhraidh. 
Tá "Converse" compórdach tar éis iad a bhriseadh isteach agus fanann siad i riocht (condition) maith i gcomhair a lán ama. 

Ansin, bhíothas i gCill Airne agus bhí fear ag díoladh seodora i stalla ar an sráid. 
Cheannaigh mé na bráisléid cairdis seo as. 
Ar dtús, dúirt sé go raibh siad 3euro ach ansin mar go raibh cúpla cinn á cheannach agam, rinne sé margadh dom. D'íoc mé dhá euro as gach ceann. 
Is maith liom go raibh siad lámhdhéanta agus go bhfuil siad uathúil (unique). 
Chomh maith le sin, bhíothas ag an gceolchoirm Olly Murs ar an gCéadaoin agus mar sin, fuair mé bráisléad speisialta ann freisin. 
Bhí an cheolchoirm go hiontach. 
Ba é "Key West" an acht tacaíochta. Tháinig siad ar cuairt chuig Cnoc na Labhras sa chéad bhliain. 

Cad é an péire bróga is fearr leat i do vardrús? 
An mbeidh tú dul go dtí aon cheolchoirmeacha an samhradh seo? 

Slán, x.



Wednesday, November 23, 2011

Treochtaí Is Mó Réilimh Le hAghaidh An Geimhreadh

Dia dhaoibh Sionnainn anseo,
B'fhéidir anois go mbíonn an ghaoth ag séideadh agus go mbíonn
tú préachta leis an bhfucht ach. . . tá tú fós in ann éadaí faiseanta
a caitheamh!

Le cúlpáirtí faisean agus coisbheart (footwear). . . tá sé
éasca chun a bheith te agus faiseanta. . .

Seo iad cúpla de na treochtaí is mó réilimh le haghaidh
déagóirí an geimhreadh seo (2011). . . agus cúpla leideanna chomh maith. . .

Ar dtús, tá svaeid (suede) ar ais arís an bhlian seo agus tá sé lán
timpeall na siopaí. . .
Tá sé fíor go mbeadh svaeid fíor scriosta leis an gcur báistí
agus mar sin, tá sé tabhachtach nuair atá tú ag siopadóireacht le haghaidh bróga
svaeid chun a bheith ag féachaint amach le haghaidh svaeid nach bhfuil fíor. . .
Bí cinnte go ndeireann sé "uiscedhíonach (waterproof)" nó
"neamhthréscaoilteach (impermeable)". . .

I ndiaidh sé sin. . .
Buataisí. . le lásáil. . .
Is féidir leat péire le sál árd nó péire cothrom a caitheamh agus tá
buataisí mar na cinn sa phictiúr ar dhíol lán timpeall an sráidbhaile. . .
Is iad na cinn atá sa phictiúr ná buataisí atá ar dhíol i "TopShop".
Tá na dearthóir ag éirí níos cruthaitheach agus mar sin tá buataisí le feiceáil
leis an lásáil ar chúl nó ag an taobh dos na buataisí freisin . . .

Chomh maith le sin. . . tá an fabraic "shearling" mó réilimh. . .
Tá tú in ann é a fheiceáil ar gabhálais agus éadaí. . .
An chuid is mó de na am. . . bíonn sé laistigh an rud mar a fheiceann tú ar na mitíní UGG. .
Ní bheadh tú fuar ag caitheamh "Shearling". . .

Cad é an treocht le haghaidh an geimhreadh is fearr leat nó an bhfuil aon treochtaí eile is maith leat?

Slán, x.


Tuesday, November 15, 2011

Riteoga is Fearr sna Siopaí


Dia dhaoibh Sionnainn anseo,

Níos déanaí inniu, d'fhág duine trácht ar an mblag ag súil le post
faoi na riteoga (tights) is fearr atá ar dhíol sna siopaí. . . Is breá linn smaointí
mar sin agus má thá aon smaointí agat, is féidir leat trácht a fágáil freisin.


Mar sin, rinne mé píosa taighde. . .

Is é an áit a ceannaím an chuid is mó de mo riteoga ná "Penneys" ach tá
péirí as siopaí eile agam chomh maith.

Mar anois. . . tá an aimsir ag eirí an-fhuar. . . is smaoineamh maith iad riteoga.

Tá tú fós in ann sciortaí a chaitheamh. . . tá tú fós in ann gúnaí a chaitheamh
agus tá tú fós in ann bríste gearr a chaitheamh. . . ach le cúlpáirte amháin-
riteoga!. . . nó tá luiteoga (leggings) mó réilimh freisin.

Tá a lán sórt riteoga ar dhíol. . . seo iad cúpla don iad.

Tá tú ábalta riteoga cróin a cheannach. . .


Is iad seo na praghsanna atá ag na cinn atá ar dhíol ag "New Look".
Níl siad ró-dhaor agus le ritoega cróin. . . beidh d'fheisteas a
lán níos fearr. B'fhearr leat iad seo a chaitheamh ag dul go dtí coisir
le gúna nó rud éigin mar sin ach. . .Nuair atá tú sa sraidbhaile nó ag dul ag siopadóireacht. . .
b'fhéidir go b'fhearr leat riteoga le dath eile a chaitheamh. . .Chomh maith le
"New Look", tá tú in ann riteoga saor a cheannach i "Penneys"
agus "Dunnes Stores".


Ansin, tá riteoga olla (woollen).
Seo iad na cinn atá ar dhíol i "New Look" arís mar níl aon shuíomh ag
"Penneys" lena héadaí atá ar dhíol ann. . .
Bíonn na riteoga olla beagáinín níos daora ná na cinn eile. . .

Ach chomh maith, ceapaim go bhfuil riteoga an-fhaiseanta i "Top Shop". . .
Tá siad níos daora ná na cinn eile ach go hálainn. . .


Is féídir leat riteoga mar na cinn seo a chaitheamh le bríste gearr. . .

Agus ansin. . . na cinn is mó réilimh. . . riteoga teimhneach (opaque)
dhubha. Tá riteoga dhubha deas le gúnaí, sciortaí agus chomh maith bríste
gearr ach bí cuaramach. . .Ná cur gúna le dathanna atá lán geal le riteoga dhubha mar ní bheidh
sé ró dheas. . .Caitheann daoine cáiliúila iad an t-am ar fad!
Seo iad Olivia Palermo, Alexa Chung agus Nicole Richie, lán ag féachaint go
hálainn le riteoga dhubha agus bríste gearr.


Is é seo físeán maith a chonaic mé ar "YouTube".
Cliceáil anseo chun é a fheiceáil.

B'fhéidir leis an bhfíseán seo, geobhaidh tú smaointí faoi
cad ba cóir duit a chaitheamh le riteoga.
B'fhéidir go bhfeicfidh tú an sórt bróga go b'fhearr leat caitheamh le riteoga deimhneach. . .

Agus ag an deireadh. . . tá tú in ann riteoga le patrún a cheannach. . .
Is iad seo cúpla de na cinn atá ar dhíol sna siopaí. . .


Seo iad na cinn atá ar dhíol i "NewLook" ach tá cúpla péirí i "TopShop" freisin.

Agus ná déan dearmad chun dul go dtí "Penneys". . . tá na praghsanna is saora ag "Penneys". . .

Agus chomh maith le sin. . . tá tú in ann luiteoga (leggings) a chaitheamh le t-léinte fada agus gúnaí. . .
Tá siad an-deas le buataisí go háirithe buataisí UGG. . .
agus anois leis an aimsir. . ní bheidh tú fuar le buataisí UGG agus luiteoga maith.
Tá tú in ann luiteoga a cheannach i réimse dathanna agus tá siad ar dhíol in a lán siopaí mar shampla Penneys, NewLook, River Island, Dunnes Stores, H&M, Noname. . .

Chomh maith le sin, nuair atá riteoga agat. . . caithfidh tú iad a coimeád áit éigin i do sheomra leapa. . coimeádaim mo riteoga i dtairraiceán (drawer) i mo sheomra codlata.
Ceapaim gur maith an rud é seo mar aon am atá mé ag súil chun riteoga a
chaitheamh, táim in ann na dathanna atá agam a fheiceáil agus péire a phíocadh.

Cá coimeádann tusa do riteoga?

Slán, x.

Friday, November 11, 2011

Suíomhanna!


Dia dhaoibh Sionnainn anseo,
Inniu, ba mhaith liom insint dóibh faoi na suíomhanna atá ar an idirlíon. . .
Tá a lán suíomhanna ag siopaí b'fhéidir nach raibh a fhios agat faoi!
Seo iad cúpla de na cinn is maith liom. . .

Ar dtús. . . Pandora.

Má thá bráisléad Pandora agat, is féidir leat féachaint ar an suíomh seo agus na piseoga atá ar dhíol a fheiceáil.
Is ball mé don shuíomh. . .

Mar sin, is féidir leat liosta méine a dhéanamh le na piseoga is fearr leat.
Is maith liom an suíomh seo mar tá tú in ann praghasanna na piseoga a fheiceáil agus chomh maith is féidir leat cúpla cinn a phíocadh le haghaidh brontannas sa thóghchán.

Ansin, is breá liom an suíomh atá ag Forever 21.
Mar nach bhfuil aon Forever 21 againn i Luimneach, is féidir linn féachaint ar na héadaí ar an suíomh agus ansin, nuair atáimid i mBaile Átha Cliath, is féidir linn dul go dtí an siopa san ionad siopadóireachta i Jervis.
Nó. . . Is féidir linn éadaí a cheannach ón idirlíon.
Cliceáil anseo chun an suíomh a fheiceáil.
Bhí mé sa siopa seo ceithre uair. . . agus tá sé ollmhór!
Is siopa trí stóir é agus tá sé a lán níos mó ná na siopaí atá againn anseo i Luimneach.
Díolann sé a lán éadaí éagsúla le haghaidh daoine le stíleanna difriúila agus daoine le haoiseanna difriúila chomh maith. . . Agus chomh maith, níl na héadaí ann ró dhaor.
Díolann Forever 21 éadaí álainn chomh maith le gabhálais an- deas freisin.

I ndiaidh sé sin. . .
Is maith liom an suíomh atá ag an siopa bróga "Schuh".
Cliceáil anseo chun é a fheiceáil.
Tá siopa "Schuh" amháin againn i Luimneach ar Rae Bedford ach tá siopaí eile lán timpeall an tír.
Díolann "schuh" a lán bróga. . .
Ceapaim go bhfuil 6 péire bróga agam a cheannaigh mé ann.
Is iad seo lán na brandaí a díolann an siopa.

Chomh maith le sin,
is iad seo suíomhanna eile. . .

New Look- anseo
River Island- anseo
Top Shop- anseo

An bhfuil aon suíomhanna eile go gcuirfeá ar an liosta?
Slán, x.

Sunday, October 23, 2011

Éadáí Cosúila i Siopaí Difriúila


Dia dhaoibh Sionnainn anseo,
Inniu beidh mé ag caint faoi an difríocht i bpraghas idir éadaí atá ar dhíol i siopaí difriúila.
Tá suíomhanna an-mhaith ag New Look, Top Shop, River Island, Hollister agus Abercrombie & Fitch.
Mar sin, d'fhéach mé timpeall na suíomhanna sin chun a fheiceáil an bhfuil éadaí cosúila timpeall na háite agus cad é an difríocht idir na praghsanna.
Bhí sé deacair chun éadaí mar a gcéanna a fháil ach sa deireadh, seo cad a chonaic mé.

Tá geansaithe mar seo mó réilimh sa lá atá againn inniu ann.
Tá na geansaithe seo beagáinín éagsúla mar tá dearadh difriúil ar agus níl pócaí ag an ceann as New Look.
Ach caithfidh mé a rá, i mo thuairim pearsanta féin, go bhfuil an ceann as River Island níos fearr.
Tá sé níos daora ach ní maith liom conas atá an ceann as New Look ró ghléineach.
B'fhéidir go bhfuil an geansaí as New Look níos mó le haghaidh daoine níos sine.



Is stíl nua iad na brístí seo.
Níl péire agam ach ag an lá dathanna, chonaic mé a lán daoine ag caitheamh iad.
Is maith liom na brístí as New Look mar feiceann siad deas leis an gcrios ach le haghaidh daoine óga, céapaim go bhfuil an péire as Top Shop níos fearr mar tá siad níos neamhfhoirmiúla.
Ach más déanaimid comparáid idir an praghas. . . tá an péire as New Look níos saora agus tá siad fós an-deas.
Is maith liom na brístí seo i dathanna eile chomh maith. . . chonaic mé a lán daoine óga ag caitheamh iad seo ach i ndonn agus i mbéasa.


Bhí mé sa sráidbhaile an tseachtain seo chaite agus shonraigh mé a lán daoine ag caitheamh geansaithe mar na geansaithe sa phictiúr.
Is breá liom na bheirt agaibh ach. . féach ar an gceann as River Island.
Tá scríobhneoireacht Francach ar agus is aoibhinn liom Fraincis agus mar sin, is é an ceann as River Island an ceann is fearr liom.
Ach is maith liom conas atá uimhir mór ar an gceann as New Look.
Ceapaim go mbeadh an ceann as New Look deas le bríste reatha ach an ceann as River Island níos fearr le jíons. Cad é do thuairim?
Is maith liom conas atá na muinchillí ar an gceann as River Island fillteacha suas.


Ag an deireadh, is aoibhinn liom bríste reatha as Abercrombie & Fitch agus Hollister.
Ceapaim go bhfuil na péirí thuas anseo go hálainn. . . ach tá difíocht mór idir an praghas.
Tá 18euro idir na praghsanna.
Bíonn na bríste reatha as na siopaí seo an-chompórdach freisin.
Caithfidh mé a rá go bhfuil méid níos fearr ag an péire Hollister ach is breá liom an péire as Abercrombie & Fitch chomh maith.

Seo iad na suíomhanna:
Abercrombie & Fitch - http://eu.abercrombie.com

Tá New Look agus River Island againn ar sráid an Chrúisigh.
Tá River Island eile agus Top Shop againn sa Chorrán.
Agus tá Hollister nua oscailte i nDún Droma.
Agus, ba mhaith liom a rá go bhfuil níos mó ná 1ooo "amas" ar an mblag againn anois :-) Go raibh maith agaibh.

Slán, x.

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com