Showing posts with label Carolín. Show all posts
Showing posts with label Carolín. Show all posts

Friday, June 22, 2012

Faisean Ag An Dioscó

Dia dhaoibh, Sionainn anseo. 

Oíche Dé Chéadaoin, bhí dioscó i bPáirc Thuamhan mar go raibh an Teastas Sóisearach críochnaithe. 
Bhí níos mó cailíní ó Chnoc na Labhras ann an uair seo ná aon uair eile agus bhí stíl iontach ann. 
Chuaigh mise le cuigear eile agus bhí am an- mhaith againn ag an dioscó. 
Thóg mé dhá chéad is cúig déag grianghraif agus mar sin, tá go leor grianghraif agam chun taispeáint na gúnaí,  na bróga agus an seodra a chaitheamar. 

Ar dtús, na bróga. 
Chaith cuaigear againn na dingeacha (wedges) seo agus chaith an cailín eile bróga normálta le sál ard. 
Is é an fáth gur chaitheamar na bróga sin mar go gceapaim go bhfuil siad na bróga le sál ard is compordaí ar an domhain! 
Díolann an siopa "Bonkers" iad ó 25euro go dtí 35euro agus ceapaim go bhfuil fiú iad mar ag dioscó, ní bhíonn fonn ort pian a bheith i do chosa... agus le na bróga seo, bíonn sé a lán níos éasca chun siúl, chun damhsa agus chun seasamh suas. 
Mar a fheiceann tú anseo, is léir go rabhamar an- chompordach sna bróga sin cé go rabhamar ábalta bheith ag lúbadh síos.
Ar ndóigh, féachann siad go hálainn freisin. 
Tá réimse leathan dathanna le fáil. 
Bhí péire dubh á chaitheamh agam chuig an dioscó sin ach tá péire bán dearg agam chomh maith. 
Cliceáil anseo chun na dingeacha atá ar dhíol sa siopa "Bonkers" a fheiceáil. 

Ansin, an ghruaig. 
Bhi a lán stíleanna gruaige le feiceáil ag an dioscó... Chonaic mé cúpla duine lena ngruaig suas nó i dtrilseáin éisc. Bhí gruaig casta ag a lán daoine... agus tar éis sin, bhí gruaig díreach ag na cailíní eile. 
Ach is é an stíl atá ann an lae inniu ná chun gruaig neamhfhoirfe a bheith agat. 
Inniu, is fearr gruaig míshlachtmhar leis a lán toirt (volume) ná gruaig ré (flat) agus foirfe. 
Rinne mise mo chuid gruaige le GHD ach ansin, fuair mé mo chíor chun níos mó toirt a fháil. 
Seo é conas a bhí gruaig mo chairde déanta freisin. 

Ansin, is é rud tábhachtach eile ná chun seodra a chaitheamh..... Fáinne cluaise...bráisléid...muincí...
Chaith mise na fáinne cluaise seo as "River Island". Bhí siad idir cúig agus seacht euro. 
B'fhéidir go bhfeiceann tú nach bhfuil ingeanna bréagach á chaitheamh agam sa ghrianghraf seo freisin. 
Bhuel, sin mar nach ithim m'ingeanna anois. Chaith mé a lán airgid ar rudaí éagsúla chun an drochnós sin a stopadh ach sa deireadh, ba é "will power" an rud is fearr agus bhí sé sin saor in aisce. 

Chaith amháin dos na cailíní a lán bráisléid dathannach as "Claires". 
Tá sé go maith chun cúpla bráisléid éagsúla a bheith agat. Chaith an cailín seo bráisléid tanaí (thin) chomh maith le bráisléid tiubh (thick). 
Bhí muincí á chaitheamh ag mise agus Carolín.
Bhí ceann bán dearg aici agus bhí ceann uachtar agam. 
Cliceáil anseo chun níos mó a léamh faoi na muincí seo i bpost eile. 

Agus is é an rud deireanach ná na héadaí gur chaitheamar. 
Is í an chéad duine sa phictiúr ná mise. 
Cheannaigh mé mo ghúa sa siopa "Zara" i gcomhair daichead euro. 
Cheannaigh an beirt i ndiaidh mise a ngúnaí ar an idirlíon cúpla mí ó shin. 
Cheannaigh an cúigiú cailín a léine sa siopa "H&M" agus cheannaigh an cailín deireanach a gúna sa siopa "H&M" freisin. 

Más raibh tú ag an dioscó sin, cad a chaith tú, nó muna raibh tú ann cad a chaith tú chuig na dioscónna nuair a bhí tú i do dhéagóir?

Slán, x. 





Saturday, December 3, 2011

An Corrán- Luimneach.

Dia dhaoibh Sionnainn anseo,
Inniu, bhí mé san ionad siopadóireachta an Corrán le mo chairde Carolín agus Ellen. . . .
Bhí sé an-ghnóthach ar fad.
Agus nuair a bhí mé ann. . . . cheannaigh mé cúpla margaí.

Ar dtús. . . tá a lán siopaí nua oscailte ann. . . más nach raibh tú
ann i gcúpla seachtain. . . bainfidh tú geit as an ionad siopadóireachta
mar anois, tá siopa Diesel, Sketchers, Inglot, Velvet agus cúpla
cinn eile nua freisin.

Ar dtús. . . bhí mé ag féachaint timpeall sa siopa Inglot- Siopa Smideadh
agus fuair mé an bróisiúr seo.
Bhí mé ag féachaint ag na scuaba. . . tá siad an- daor ach go hálainn. . .
agus tá an smideadh ann an- deas freisin. . . Ba bhreá liom
amháin de na nuamhaistithe le haghaidh 50euro.
Féachann an smideadh ann go hálainn agus bíonn na cailíní a bhíonn ag obair ann ag caitheamh na fabhraí a bhíonn ar dhíol ann agus bíonn a smideadh as "Inglot" go hálainn freisin.

Ansin, bhí mé sa chógaslann "Mc Cabes" agus cheannaigh mé iad seo i gcóir mo chuid gruaige.
Ní raibh siad ach euro amháin. . .
Is paicéad bandaí leaisticí iad. . .
Sa phaicéad seo, faigheann tú 800 cinn beag agus 400 cinn mór. . .
Le haghaidh do ghruaig. . . bíonn na rudaí seo go hiontach le haghaidh bréideanna agus trilseáin.
Cheannaigh mise na cinn trédhearach ach tá tú in ann cinn dubh agus cinn ildaite a cheannach freisin i gcóir euro amháin.
Tá siad fiorfa le haghaidh bréid mar an ceann seo a rinne mise. . .
Ansin, chuamar go dtí "Claires" agus "Boots"
I "Claires". . . cheannaigh mé vearnais inge le haghaidh 3.50euro. .
Níor fuair mé an seans chun é a iarraidh fós ach tá sé deas le gealra.
Ansin, i "Boots", cheannaigh mé an ceann seo. . . vearnais inge óir. . .
le haghaidh 2.39euro.
Is aoibhinn liom vearnais inge ach tá m'inge go huafásach. . . táim cinntithe go mbeidh siad fada i gcóir saoire na Nollag.

Ansin, ar aghaidh go dtí "Penneys" agus chonaic mé an banda gruaig álainn seo le haghaidh 2euro.
Tá sé déanta as lása agus is banda gruaig uachtar é, ach tá tú in ann é a cheannach i ndathanna eile freisin.
Is mar seo conas a chaith mé é níos déanaí inniu agus bhí dhá thrilseáin agam chomh maith ag barr mo cheann. . .
An maith leat ag siopadóireacht sa Chorrán nó má nach bhfuil tú i do chónaí i Luimneach, cá mbíonn tú ag dul ag siopadóireacht?

Slán, x.

Monday, October 24, 2011

Carolín: Comórtas Cuisle


Dia dhaoibh Sionnainn anseo,
An tseachtain seo chaite, fuair Carolín (an cailín a rinne agaillimh linn chomh maith) nuacht an-mhaith.
Tháinig sí sa chéad áit i gcomórtas "Cuisle."
Is comórtas filíocht é an comórtas seo agus scríobh Carolín dán an deas.
Seo é an dán:

Ár gCuimhní
Anois is gaoth bhog ag séideadh,
Is muid sa ghairdín inár luí,
Ag caint go ciúin ar an bhféar,
Is féachaint ar an ngrian ag dul faoi.

Beidh brón orainn ag fágail,
Ach geallaimid bheith ar áis go fóill,
Anois deirimid slán, ach
Mairfidh ár gcuimhní go deo.

Nach dán álainn é sin?

Bhuel. . . faoin faisean. . . Is é seo pictiúr do Carolín réidh chun dul go dtí dioscó!

Tá sí ag féachaint go hálainn.
Chuireamar cúpla ceisteanna di faoin feisteas seo.
Seo iad na siopaí a cheannaigh sí na héadaí atá tú ábalta a fheiceáil sa ghrianghraf.

Sciorta- Noname
Léine- Tally Weijl
Gearrthóg Gruaige- Penneys
Bráisléid- Penneys+H&M

Comhghairdeas Carolín, maith thú :-)

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com