Dia dhaoibh, Sionainn anseo.
Oíche Dé Chéadaoin, bhí dioscó i bPáirc Thuamhan mar go raibh an Teastas Sóisearach críochnaithe.
Bhí níos mó cailíní ó Chnoc na Labhras ann an uair seo ná aon uair eile agus bhí stíl iontach ann.
Chuaigh mise le cuigear eile agus bhí am an- mhaith againn ag an dioscó.
Thóg mé dhá chéad is cúig déag grianghraif agus mar sin, tá go leor grianghraif agam chun taispeáint na gúnaí, na bróga agus an seodra a chaitheamar.
Ar dtús, na bróga.
Chaith cuaigear againn na dingeacha (wedges) seo agus chaith an cailín eile bróga normálta le sál ard.
Is é an fáth gur chaitheamar na bróga sin mar go gceapaim go bhfuil siad na bróga le sál ard is compordaí ar an domhain!
Díolann an siopa "Bonkers" iad ó 25euro go dtí 35euro agus ceapaim go bhfuil fiú iad mar ag dioscó, ní bhíonn fonn ort pian a bheith i do chosa... agus le na bróga seo, bíonn sé a lán níos éasca chun siúl, chun damhsa agus chun seasamh suas.
Mar a fheiceann tú anseo, is léir go rabhamar an- chompordach sna bróga sin cé go rabhamar ábalta bheith ag lúbadh síos.
Ar ndóigh, féachann siad go hálainn freisin.
Tá réimse leathan dathanna le fáil.
Bhí péire dubh á chaitheamh agam chuig an dioscó sin ach tá péire bán dearg agam chomh maith.
Cliceáil anseo chun na dingeacha atá ar dhíol sa siopa "Bonkers" a fheiceáil.
Ansin, an ghruaig.
Bhi a lán stíleanna gruaige le feiceáil ag an dioscó... Chonaic mé cúpla duine lena ngruaig suas nó i dtrilseáin éisc. Bhí gruaig casta ag a lán daoine... agus tar éis sin, bhí gruaig díreach ag na cailíní eile.
Ach is é an stíl atá ann an lae inniu ná chun gruaig neamhfhoirfe a bheith agat.
Inniu, is fearr gruaig míshlachtmhar leis a lán toirt (volume) ná gruaig ré (flat) agus foirfe.
Rinne mise mo chuid gruaige le GHD ach ansin, fuair mé mo chíor chun níos mó toirt a fháil.
Seo é conas a bhí gruaig mo chairde déanta freisin.
Ansin, is é rud tábhachtach eile ná chun seodra a chaitheamh..... Fáinne cluaise...bráisléid...muincí...
Chaith mise na fáinne cluaise seo as "River Island". Bhí siad idir cúig agus seacht euro.
B'fhéidir go bhfeiceann tú nach bhfuil ingeanna bréagach á chaitheamh agam sa ghrianghraf seo freisin.
Bhuel, sin mar nach ithim m'ingeanna anois. Chaith mé a lán airgid ar rudaí éagsúla chun an drochnós sin a stopadh ach sa deireadh, ba é "will power" an rud is fearr agus bhí sé sin saor in aisce.
Chaith amháin dos na cailíní a lán bráisléid dathannach as "Claires".
Tá sé go maith chun cúpla bráisléid éagsúla a bheith agat. Chaith an cailín seo bráisléid tanaí (thin) chomh maith le bráisléid tiubh (thick).
Bhí muincí á chaitheamh ag mise agus Carolín.
Bhí ceann bán dearg aici agus bhí ceann uachtar agam.
Cliceáil anseo chun níos mó a léamh faoi na muincí seo i bpost eile.
Agus is é an rud deireanach ná na héadaí gur chaitheamar.
Is í an chéad duine sa phictiúr ná mise.
Cheannaigh mé mo ghúa sa siopa "Zara" i gcomhair daichead euro.
Cheannaigh an beirt i ndiaidh mise a ngúnaí ar an idirlíon cúpla mí ó shin.
Cheannaigh an cúigiú cailín a léine sa siopa "H&M" agus cheannaigh an cailín deireanach a gúna sa siopa "H&M" freisin.
Más raibh tú ag an dioscó sin, cad a chaith tú, nó muna raibh tú ann cad a chaith tú chuig na dioscónna nuair a bhí tú i do dhéagóir?
Slán, x.
Maebh anseo...is e an airteagal Seo den scoth!
ReplyDeleteMaebh, go raibh maith agat! Nach bhfuil na pictiúrí go hálainn ;) Bhí sé ar eolas agam go mbeadh tú an-sásta leo!
ReplyDelete