Showing posts with label pitseámaí. Show all posts
Showing posts with label pitseámaí. Show all posts

Monday, October 15, 2012

"Avon"

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Brón orm nach rár dhein mé níos mó poist an deireadh seachtaine seo ach bhíothas iontach gnóthach. 
Cheap mise go raibh "Avon" ar eolas ag gach duine ach bhíothas ag caint le grúpa cailíní agus ní raibh siad cinnte faoi "Avon" agus conas gur oibrigh sé.
Bhuel, seo cad a tharlaíonn liomsa. Bíonn mná ag obair in áiteanna éagsúla agus má bhíonn fonn ort, bíonn cead agat catalóg a fháil gach mí. Má thaitníonn aon rud sa chatalóg leat, bíonn duillín agat agus bíonn tú in ann ainm an rud a scríobh síos comh maith leis an uimhir catalóige a scríobh síos. Ansin, bailíonn an bean an catalóg agus an duillín agus tar éis seachtain, tugann sí na rudaí duit. Íocann tú as na rudaí nuair a thugann an cailín iad duit mar go mbíonn seans ann nach mbíonn gach rud sa stoc an t-am ar fad. 

Is féidir aon rud a bhaineann le áilleacht a cheannach ó "Avon" cósúil le smideadh, seodora, pitseamaí, seampú agus fo- éadaí. Tá roinn i ngach catalóg i gcomhair fir freisin agus roinn i gcomhair páistí.

Ar cheannaigh tú aon rud ó "Avon" ríomh? 




Monday, October 1, 2012

Ceapach na gCapall

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Beidh mé ag imeacht i gcúpla noiméad chun dul go dtí Ceapach na gCapall (Petersburgh) sa Ghaillimh. 
Beimid ag imeacht ar maidin agus beidh mé ar ais ar an Aoine. 
Mar sin, is mór an trua é nach mbeidh mé in ann post eile a chur suas go dtí an Aoine. 
Ach beidh mé ar ais leis a lán nuacht ón turas- an faisean a bhí ann agus cad a bhí á dhéanamh againn. 
Tá a lán stocaí agus pitseamaí atá déanta as olann á thabhairt ag gach duine mar gur chualamar go mbeidh sé fuar! 

An raibh tusa ag aon sórt ionad mar seo ríomh? 



Thursday, September 13, 2012

Faisean ag Campáil

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Mar is eol daoibh, bhíothas ag campáil ag an deireadh seachtaine. 
Fiú amháin go raibh páistí ann, bhí cúpla déagóir eile ann a bhí ag tabhairt cabhair domsa. 
Mar sin, bhí a lán stíl le feiceáil i rith an deireadh seachtaine idir buataisí rubair, bríste reatha agus pitseámaí.
Bhí pitseáma aonphíosa ag Sadhbh agus Sophie. Cheannaigh an beirt acu iad sa siopa "Penneys" ach ba é an ceann a bhí ag Sophie an ceann is gleoite a chonaic mé ríomh. D'fhéach sí mar séabra agus dúirt sí go raibh an aonphíosa timpeall ar sé déag euro. Bhí tú in ann na cluaise agus na súile a fheiceáil ar a barraicíní agus ansin, bhí earr (tail) ag teacht amach ón taobh eile. 
Bhí péire "beats" álainn ag amháin dos na cailíní a bhí ann- ba péire corcra agus buí iad. Cheapas go raibh siad an- daor ar fad ach bhíothas ag féachaint sa siopa HMV agus is féidir iad a cheannach ó 20euro suas go dtí timpeall ar dhá chéad nó trí chéad euro. 

Mar go raibh daoine óga i gceist, rinne mé comórtas idir na cailíní. Chaith mé a lán ama ag comhaireamh milseáin agus ansin, bhí gá orthu an uimhir milseáin a bhí i ngach searróg a thomhaiste. Bhain gach duine an- taitneamh as. Bheadh smaoineamh an- fhaiseanta é freisin i gcomhair cóisir nó rud éigin eile mar sin. Bíonn an comórtas oiriúnach i gcomhair páistí comh maith le daoine fásta mar go mbíonn tú in ann na rudaí a bhíonn na searróga a athrú. 

An raibh tú ag campáil ríomh? 
An bhfuil aonphíosa agat? 



Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com