Showing posts with label Agallaimh. Show all posts
Showing posts with label Agallaimh. Show all posts

Tuesday, September 11, 2012

PDF don Alt


Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Seo nasc i gcomhair PDF don alt a bhí sa "Limerick Leader" ar an Luan. 


Cliceáil anseo chun é a fheiceáil.
Ba alt iontach taitneamhach é agus bhí sé go hiontach go raibh an nasc i gcomhair Paisean le hAghaidh Faisin istigh ann. 

Ar chonaic tú an t-alt seo sa nuachtán nó an bhfuil tú ag féachaint ar sa PDF don chéad uair? 



Wednesday, August 29, 2012

Daoine Faiseanta ó TG4- Agallaimh, Grianghraif, Nuacht

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Mar is eol daoibh, fuair mé seans iontach chun dul go dtí Seoladh Sceideal Fómhair TG4 2012 i mBaile Átha Cliath. Bhuel, táim ar ais agus tá an- chuid nuachta agam. Bhí gach duine ann ag féachaint an- fhaiseanta agus tar éis an turas seo, is cinnte go mbeidh stáisiún teilifíse an- fhaiseanta é TG4 an séasúr seo tar éis lán na cláir a bheidh ar siúl a fheiceáil. 

Ag tús an lae, fuair mé an seans chun bualadh le Bláthnaid agus Laura ón gclár "Ó Tholg go Tolg". Beidh sraith nua ag tosú an mí seo agus mar sin, bí ag faire amach chun féachaint air mar is cinnte go mbeidh an sraith nua iontach suimiúil cé go bhfuil an- suim ag Bláthnaid agus Laura bheith ag féachaint go hálainn fiú amháin go mbíonn siad chun dul ag taisteal timpeall an domhain ar fad ag fanacht le strainséirí. Bhí na cailíní seo an- chairdiúil agus dan dabht beidh mé ag déanamh cinnte go leanfaidh mé iad gach seachtain ar TG4 ag coimeád suas leis na rudaí a bheidh á dhéanamh acu. Bhíothas ámharach chun agallamh a dhéanamh leo agus mar sin, seo seans daoibh chun níos mó a fháil amach faoi Bhláthnaid agus Laura . Tosóidh an sraith nua ar an 13ú lá de Mí Mheán Fómhair ag 21:30 ar TG4 agus beidh tú in ann "Ó Tholg go Tolg" a fheiceáil ar suíomh TG4 freisin.


Is é an gúna gorm álainn ná gúna as Awear.
Is buataisí seanré (vintage) iad na buataisí bána.
Tá an gúna eile as Topshop agus ansin, tagann na bróga agus an crios atá á chaitheamh aici ó "Urban Outfitters". Ceapaim go bhféachann an bheirt acu go hiontach ó bhun go barr.

Ansin, thosaigh mé ag labhairt le Máire Treasa Ní Dhubhghaill agus Colmán Mac Séalaigh ón gclár teilifíse "Ponc XL". Bhí súil agam go mbuailfinn leo agus bhuail mé leo chun cúpla grianghraif agus agallamh a dhéanamh leo. Bíonn clár an- suimiúil, "Ponc XL" ar siúl gach Máirt ag a sé a chlog ón stiúideo agus tá sé soiléar go mbaineann Máire Treasa agus Colmán taitneamh as bheith mar láithreoirí don chlár seo. Fuair mé beagáinín eolas faoi na héadaí a bhíonn á chaitheamh acu ós comhair an cheamara comh maith leis an gcabhair a fhaigheann siad amach ó stiúideo TG4 agus na píosaí smideadh is fearr atá ag Máire Treasa. 


Bhí siadsan sásta insint dom freisin cé a bhí á chaitheamh acu. 
Bhí "Vans" álainn ó "Schuh" á chaitheamh ag Colmán chomh maith le bríste ó Newlook, carbhat agus léine deas ó "Top Man" agus seacaid as "River Island". Fiú amháin go raibh as siopaí éagsúla gach rud, chuaigh lán na héadaí le chéile go maith chun  feisteas álainn a chruthú. Ansin, Máire Treasa, bhí bróga "Carvela" álainn á chaitheamh aici ó "Brown Thomas". Chuir sí éad orm nach raibh péire cósúil leo agamsa. Ba as "Miss Selfridge" an gúna a chaith sí agus bhí fáinne glas ó "Top Shop" á chaitheamh aici freisin. 

Comh maith le sin, bhíothas ag labhairt leis an láithreoir Mairéad Ní Chuaig i gcomhair cúpla nóiméad agus bhí sí sásta leid a thabhairt duinn chun ár gcraiceann a choimeád ag féachaint óg comh maith le cé a bhí á chaitheamh aici ó "Brown Thomas" go dtí "Penneys". Níor réalaigh mé go mbeadh an méid sin stíl ann ach bhí gach duine ó TG4 ag féachaint go hálainn ar fad. Cé gur oibrigh sí le Paisean Faisean ar feadh tamaillín, bhí an- suim aici sna ceisteanna a bhíothas ag cur di. Comh maith le sin, b'fhéidir go bhfuil aghaidh muinteartha (familiar) aici freisin mar gur réamhaisnéiseoir aimsire í freisin. Ná déan dearmad féachaint ar "An Aimsir Láithreach" a bhíonn ar súil timpeall an uair seo gach lá-  09:35, 12:55, 18:55, 19:20, 23:35 agus ag 01:35. Is cinnte go mbeadh gach duine ábalta féachaint ar sin uair amháin gach lá nó dhó chun d'éadaí don seachtain ar fad a phleanáil amach.

Bhí an gúna a bhí á chaitheamh aici go hálainn ar fad. Thaithin an lása go mór liom agus bhí bróga beasa an- deas á chaitheamh aici freisin. Ba as "Brown Thomas" é an gúna agus fuair sí an mála a bhí á iompar aici sa siopa "Penneys". Is é fíric eile faoi Mhairéad ná go bhfuil blag féin aici- is blag cócaireachta é. Táim ag tnúth go mór leis ag feiceáil an cailín seo ar an teilifís chun cúpla dos na gúnaí eile a chaitheann sí a fheiceáil agus na slite eile ina dhéanann sí a cuid gruaige cósúil le gach duine eile a bhíonn ar an teilifís. 

Fiú amháin go rabhas ag caint leis a lán mná, bhíothas ag labhairt le cúpla fear freisin. 
Thosaigh mé ag caint le fear deas atá an- suim aige sa cheol agus san fhaisin. Bhí sé iontach sásta cúpla ceist a fhreagairt dom agus bhíothas iontach sásta fáil amach faoin bpost atá aige. 


Bhí an léine leis an bpátrún agus an t-léine a chaith sé as "Bershka".
Cheannaigh sé an seacaid agus an crios a bhí á chaitheamh aige sa siopa "River Island" agus is iad "Vans" an sórt bróga a chaith sé, cósúil le Colmán. Ceapaim go bhfuil an t-ádh ag daoine mar seo bheith ag cónaí i mBaile Átha Cliath mar go mbíonn i bhfad níos mó siopaí chun rudaí a cheannach i gcomparáid do Luimneach agus bheith ábalta obair do chlár iontach mar shampla "Pop 4" nó aon dos na cláir eile. Is breá liom ag féachaint ar na cláir faoi cheol mar go bhfuil an- suim agam sna ceoltóirí a bhíonn ann. I ndáiríre, ceapaim go bhfuil suim ag gach déagóir sa cheol. 

Is léir go bhfuil treocht mhór é do bhuachaillí jíons cósúil leis na péirí seo a chaitheamh. Is as "Republic" an geansaí gorm a bhí á chaitheamh aige. Bhí na jíons a chaith sé as "Bershka" agus cheannaigh sé na bróga a bhí á chaitheamh aige sa siopa "Penneys". Comh maith le sin, bhí sé tar éis poll a chruthú ina chluaiseanna. Is féidir leis fáinne cluaise 10mm a chur isteach ina chluaiseanna ach duirt sé go bhfuil sé chun fanacht mar go bhfuil sé sásta le conas mar a fhéachann sé mar sin. Duirt sé nár thóg sé ach cúpla mí chun an poll a dhéanamh ina chluaiseanna. Tá sé soiléar freisin go bhfuil treocht an- mhór é sin mar go bhfuil sé á dhéanamh ag buachaillí agus ag cailíní timpeall na tíre. 

Tá áthas an domhain orm go bhfuair mé cuireadh chun dul go dtí an ócáid seo. Bhí sé go hiontach ar fad buaileadh le daoine ó TG4 agus tar éis scannán gearr dos na rudaí a bheidh le feiceáil ar TG4 an séasúr seo, nílim ábalta fanacht chun am saor a fháil chun suí ar mo tholg chun féachaint ar na cláir ón stáisiúin seo. Sílim go mbeidh an- suim ag déagóirí sna cláracha nua-aimseartha a bheidh ann agus ar ndóigh beidh suim ag na daoine fásta agus na páistí freisin féachaint ar TG4 mar go mbeidh réimse leathan cláracha le feiceáil- ceann oiriúnach do gach duine i ngach clann. Ba mhaith liom "Go raibh maith agat" mór a rá do gach duine a bhíothas ag labhairt leis i rith an lae mar gur bhain mé an- taitneamh as an ócáid. Bí cinnte chun féachaint ar an liosta dos na cláracha a bheidh ar siúl ar TG4 anseo.

Ná déan dearmad go bhfuil lán na pictiúir ó inniu le feiceáil ar an leathannach "Facebook" atá ag Paisean le hAghaidh Faisean. Cliceáil anseo chun iad a fheiceáil.

An bhfuil aon chlár is fearr leat ar TG4? 
Cad é do smaointí ar na hagallaimh a dhein mé?


Monday, August 27, 2012

Dea- Nuacht

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

An tseachtain seo caite, ba cailín normálta ciúin mé ag baint taitneamh as an samhradh agus ag suí ar mo leaba ag scríobh suas ar an mblag seo. An tseachtain seo, beidh cailín gnóthach mé a bheidh ar ais ar scoil agus ag taisteal ó Luimeach do dtí Baile Átha Cliath go dtí Co. na Gaillimhe. 

An t-am ar fad, bhain mise an-taitneamh as ag déanamh poist ar Paisean le hAghaidh Faisean. Cheap mé go raibh sé go maith mo chuid Gaeilge a úsáid agus fanacht beo sa domhain faisin agus níor réalaigh mé go raibh  mo bhlag comh aithnidiúil ná a bhfuil sé. 

Go dtí seo, cheap mé go raibh sé go hiontach gur bhuaigh Paisean le hAghaidh Faisean duais ón "Junior Spiders Awards" don bhlag is fearr as Gaeilge ach anois, tá sé ar eolas agam go bhfuil Paisean le hAghaidh Faisean chun dul ar aghaidh chun gnóthachtálacha eile a fháil. 

Ar an gCeadaoin, beidh mé ag dul go dtí Baile Átha Cliath don dara uair leis an mblag i gcomhair seoladh sceideal Fómhair TG4 2012 in éineacht le Iníon Uí Iarlaithe. Ar an Deardaoin, beidh mé ag dul go dtí Co. na Gaillimhe chun triail scáileáin a dhéanamh leis na daoine as an gclár teilifíse "Ponc XL". Táim an- áthasach go bhfuair mé cuireadh chun dul go dtí na háiteanna seo agus beidh onóir é bheith ag na rudaí seo. Tá sceitimíní orm mar go mbeidh mé ag bualadh le daoine ón teilifís chun caint libh faoi mo bhlag féin! Táim beagáinín néirbhíseach freisin ach i ndáiríre, tá sé ar eolas agam go mbeidh gach rud ceart go leor. Tá an t-ádh orm na seansanna seo a fháil agus táim an- bhuíoch as na seansanna seo. Ba mhaith liom "Go raibh maith agat" a rá do gach duine as an tacaíocht a thug siad liom go háirithe Iníon Uí Iarlaithe, na muinteoirí eile, mo theaghlach agus mo chairde. 

Cliceáil anseo chun meabhrúchán (reminder) don chomhaireamh síos i gcomhair scoil a fheiceáil... Scanrúil nach bhfuil? Tá fonn orm dul isteach anois agus fáil amach cé eile atá i mo rang agus cén múinteoirí atá agam ach... caithfidh mé fanacht cósúil le gach duine.

An bhfuil tú ullmhaithe don scoil? 





Friday, December 2, 2011

Físeán

Dia dhaoibh Sionnainn anseo,

Inniu, rinneamar agallaimh/ físeán gearr le cúpla de na cailíní atá cáirde maith le Sarah.


Chun níos mó a fheiceáil faoi, téigh go dtí an leathanach "agallaimh".

Slán, x.

Wednesday, October 26, 2011

Agallaimh le hIníon Ní Anragáin agus Iníon Ní Fhearghail.



Dia dhaoibh Sionnainn anseo,
Inniu rinne mise agus Sorcha agallaimh le hIníon Ní Anragáin.

Is muinteoir Gaeilge í agus mar sin, bhí sí níos mó ná sásta chun agallaimh a dhéanamh linn. . .

Go raibh maith agat!

Bhíomar ag súil chun a fháil amach cupla píosaí eolais faoi an muinteoir seo agus mar sin bhí 16 ceisteanna againn.

B'fhéidir go mbeidh cúpla grianghrafanna againn níos déanaí!

Chun é a fheiceáil, cliceáil anseo agus tá sé ar bhun an leathanaigh.

Anois, tá an agallaimh a rinneamar le hIníon Ní Fhearghail suas chomh maith :-)

Slán!

Sunday, October 23, 2011

Agallaimh ar "Paisean le hAghaidh Faisean"


Dia Dhaoibh Sionnainn anseo,
Go dtí seo, rinneamar agallaimh le Lorna agus Carolín. . . scoláirí sa triú bhliain. . .

ach beidh an blag ag fáil níos spreagúil.
Mar. . . beimid ag déanamh agallaimh le na muinteoirí chomh maith. . .

D'aontaigh Iníon Ní Anragáin agus Iníon Ní Fhearghail chun ceann a dhéanamh linn an tseachtain seo.
Tá na ceisteanna réidh againn. . . tá 15 scríofa agam agus tá cúpla ag Sorcha ach níor chonaic mé iad fós. . . píocfaimid na ceisteanna is suimiúil agus beidh sibh. . na léitheoirí in ann a bhfreagraí a fheiceáil sa leathanach "Agallaimh."

Beimid ag chur céisteanna ag muinteoirí eile chomh maith mar tá stíl iontach chun a fheiceáil sa seomra foirne.

Ach. . . an bhfuil aon rud atá tusa ag súil chun a fháil amach faoi na muinteoirí?
Fág trácht ar bhun an leathanaigh má thá ceist maith agat.
Cé hí an muinteoir is faiseanta dar leat? Inis dúinn. . .

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com