Showing posts with label forever 21. Show all posts
Showing posts with label forever 21. Show all posts

Monday, January 14, 2013

Foirmeálta nó Faiseanta? 



Dia daoibh Sionainn anseo, 

Bhuel bhí am dochreidte agam i mBÁC ag an Eolaí Óg- ní dhéanfaidh mé dearmad ar go deo. Ní raibh ach fadhb amháin agam ann ag baint leis an mblag agus le faisean- is é sin ná nach raibh móran seansanna agam siopadóireacht a dhéanamh. Bhíothas ann ón gCéadaoin agus ní fhaca mé siopa go dtí an Domhnach. 
Ní raibh ach uair agam chun siopadóireacht a dhéanamh in Ionad Jervis mar go rabhamar seiceáite amach ón óstán agus bhí mo dheirfiúr agus mo mhadra ag fanacht orm mar a rith mise agus mo mham isteach!
Ní raibh ach gá orm rud amháin a fháil... bhuel, feisteas amháin. Beidh grádúchán mo dheirfiúr ar siúl i rith na míosa agus bhí faic agam fós. Mar sin, bhí dhá roghanna agam- gúna nó bríste agus barr. D'imigh an uair amháin sin go han- tapa- ní rabhas i siopa amháin agus seo cad a cheannaigh mé. Gúna, seaicéad, fáinne cluaise, fáinne, faiscíní gruaige agus bráisléid lán faoi €63. 
Tá tosach an ghúna an- phléineáilta ach seo é an taobh eile. Tá droim an ghúna déanta le lása álainn a thaitníonn go mór liom. Is sórt gúna dubh clasaiceach é- Níl aon rud an- speisialta faoi ach déanfaidh sé an jab, féachann sé go deas orm agus comhlánaíonn sé m'fhigiúir. 
 Seo an seaicéad a cheannaigh mé. Is seaicéad bosca (box jacket) sórt bléasar é. Bhí gá air bheith gearr chun dul leis an ngúna agus tar éis trí nó ceithre cinn a chur orm a bhí lán ró- fhada, d'aimsigh mé an ceann seo. 
Is iad na rudaí atá fágtha ná an gabhálais. Tháinig lán na bráisléid le chéile- meascán idir péarlaí, bláthanna agus ribín. Tá péarlaí beaga i lár na fáinne cluaise. Tá cruath cuachóige (bow) ar an bhfáinne agus tháinig sé fhaiscín sa phaicéad céanna lán i gcomhair praghasanna an- réasúnta. Is as Forever 21 é gach rud. 

Is iad na rudaí aonaire atá fágtha agam chun cur leis an bhfeisteas ná péire riteoga agus bróga. 
Bhí fonn orm bheith ag féachaint go sofaisticiúil ach ag an am céanna is cinnte nach raibh fonn orm bheith ró fhoirmeálta. Már sin, tá bhur tuairmí á lorg agam- foirmeálta nó faiseanta? 

Foirmeálta nó Faiseanta?... Sin é an cheist! 

Le grá, Sionainn. 

Friday, November 11, 2011

Suíomhanna!


Dia dhaoibh Sionnainn anseo,
Inniu, ba mhaith liom insint dóibh faoi na suíomhanna atá ar an idirlíon. . .
Tá a lán suíomhanna ag siopaí b'fhéidir nach raibh a fhios agat faoi!
Seo iad cúpla de na cinn is maith liom. . .

Ar dtús. . . Pandora.

Má thá bráisléad Pandora agat, is féidir leat féachaint ar an suíomh seo agus na piseoga atá ar dhíol a fheiceáil.
Is ball mé don shuíomh. . .

Mar sin, is féidir leat liosta méine a dhéanamh le na piseoga is fearr leat.
Is maith liom an suíomh seo mar tá tú in ann praghasanna na piseoga a fheiceáil agus chomh maith is féidir leat cúpla cinn a phíocadh le haghaidh brontannas sa thóghchán.

Ansin, is breá liom an suíomh atá ag Forever 21.
Mar nach bhfuil aon Forever 21 againn i Luimneach, is féidir linn féachaint ar na héadaí ar an suíomh agus ansin, nuair atáimid i mBaile Átha Cliath, is féidir linn dul go dtí an siopa san ionad siopadóireachta i Jervis.
Nó. . . Is féidir linn éadaí a cheannach ón idirlíon.
Cliceáil anseo chun an suíomh a fheiceáil.
Bhí mé sa siopa seo ceithre uair. . . agus tá sé ollmhór!
Is siopa trí stóir é agus tá sé a lán níos mó ná na siopaí atá againn anseo i Luimneach.
Díolann sé a lán éadaí éagsúla le haghaidh daoine le stíleanna difriúila agus daoine le haoiseanna difriúila chomh maith. . . Agus chomh maith, níl na héadaí ann ró dhaor.
Díolann Forever 21 éadaí álainn chomh maith le gabhálais an- deas freisin.

I ndiaidh sé sin. . .
Is maith liom an suíomh atá ag an siopa bróga "Schuh".
Cliceáil anseo chun é a fheiceáil.
Tá siopa "Schuh" amháin againn i Luimneach ar Rae Bedford ach tá siopaí eile lán timpeall an tír.
Díolann "schuh" a lán bróga. . .
Ceapaim go bhfuil 6 péire bróga agam a cheannaigh mé ann.
Is iad seo lán na brandaí a díolann an siopa.

Chomh maith le sin,
is iad seo suíomhanna eile. . .

New Look- anseo
River Island- anseo
Top Shop- anseo

An bhfuil aon suíomhanna eile go gcuirfeá ar an liosta?
Slán, x.

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com