Showing posts with label seomra leapa. Show all posts
Showing posts with label seomra leapa. Show all posts

Sunday, September 23, 2012

Faisean sa Seomra Codlata

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Inné, chaith mé an lá ar fad ag glanadh mo sheomra codlata. Nílim ag magadh, caithfidh gur thóg sé timpeall ar cheithre nó cúig uair.  Táim go holc ag coimeád mo sheomra codlata néata ach an uair seo, táim cinnte go bhfanfaidh sé slachtmhar. Bhíothas an- bhródúil asam tar éis jab iontach a dhéanamh ar agus anois, ciallaíonn sé go gcaithfidh mé níos mó ama i mo sheomra codlata mar go bhféachann sé go deas. 

Coimeádeann mé lán mo sheodra, mo vearnais ingne, m'uachtair, mo dhonnú bréige, mo dhíbholaígh agus mo mhaothóirí ar sheilf in aice le mo leaba. Mar sin, bíonn mé in ann m'uachtair a úsáid gach maidin agus iad a chur ar ais san áit céanna fós ag coimeád iad néata. Bíonn mé in ann seodra difriúil a chur orm aon am a oireann sé liom agus lán na dathanna vearnais ingne atá agam a fheiceáil. 

Tá deasc mhór agam in aice le mo vardrús. Bhí teilifís agam ar an deasc go dtí inné ach, bheartaigh mé gurbh cur amú spás é mar nár úsáid mé an teilifís ach cúpla uair gach mí. Má bhíonn mé ag féachaint ar an teilifís, bíonn mé thíos staighre le mo theaghlach. Anois, tá an deasc saor, agus is deasc staidéir é. Uaireanta bíonn mo theach an- ghnóthach, mar sin, beidh mé in ann dul chuig mo sheomra leapa chun m'obair bhaile a dhéanamh. Má tá tú ámharach go leor chun deasc staidéir bheith agat seachas leis an mbord sa chistin nó rud éigin mar sin, is smaoineamh maith é do chlár ama a chur suas ar an mballa, comh maith le póstaeir a chabhraíonn leat le do chuid oibre. Is é leid faiseanta chun rudaí a fhoghlaim go tapa ná chun iad a scríobh ar luaschártaí (flashcards). Tá coimeádán grianghraif agam agus má bhíonn aon rud le foghlaim agam, cuirim é isteach sa rud seo. Feicim é an t-am ar fad mar go seasann sé amach agus gach uair a fheicim é, deirim an phrása amach ós ard chun a bheith cinnte go bhfuil sé ar eolas agam. 

Coimeádaim an cuid is mó dos na leabhair atá agam ar an seilf seo, comh maith le ceann eile in aice le mo vardrús. Fiú amháin go bhfuil an cuid is mó d'iad léite agam, níl fonn orm iad a chaitheamh amach nó iad a thabhairt go carthanas (charity). Mar go bhfuil siad i bpílí cósúil le seo, is féidir leat a lán leabhair a choimeád ar sheilf amháin. 

Is iad ceithre leid tábhachtach chun do sheomra codlata a choimeád faiseanta agus slachtmhar ná: 

  • Go bhfuil sé níos fearr fearr deich nóiméad a chaitheamh ag glanadh do sheomra codlata gach oíche ná uair ar fad ag an deireadh seachtaine. 

  • Chun iarracht a dhéanamh áit a bheith agat i gcomhair gach rud. Mar sin, nuair a thógann tú rud éigin amach, beidh tú in ann é a chur ar ais agus comh maith le sin, beidh sé ar eolas agat cá bhfuil sé nuair atá sé á lorg agat arís. 

  • Chun bheith cinnte go dtaitníonn do sheomra codlata leat. Cuir suas póstaeir do d'amhránaí is fearr leat nó grianghraif do tusa agus do chairde agus do theaghlach ar do bhalla. Ansin, beidh seomra codlata pearsanta agat beidh fonn ort é a choimeád néata. 

  • Chun d'éadai a eagrú. Is é an fhadhb is mó atá agam ná m'éadaí. Gach lá, bainim triail as cúpla feisteas a chaitheamh agus muna bhíonn siad ceart, fágaim iad ar an úrlár seachas le iad a chur ar ais ar an gcrochadán (hanger). Tá sé deacair ach déan iarracht iad a chur ar ais nó beidh píle mór éadaí agat ag deireadh na seachtaine. 


An bhfuil aon leideanna eile agat chun seomra codlata a choimeád slachtmhar agus faiseanta? 
Inis dom faoi do sheomra codlata agus conas mar a fhéachann sé díreach anois. 






Monday, August 13, 2012

Páipéir Balla sa Siopa Daly's

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Nuair a bhíothas ar Sráid Liam (William) chonaic mé an páipéir balla seo. 
Ceapaim go bhfuil mé i ngrá leis. Is páipéir balla le pictiúir d'irisleabhair faisean é. 
Díolann an siopa seo péinteanna, soilse agus rudaí eile mar sin agus chonaic mé é seo san fhuinneog. Ní raibh mé istigh ann ríomh agus níor chuas isteach ann chun an praghas a aimsiú mar go raibh an siopa dúnta ach ba bhreá liom é. 
Deireann mo mham nach mbeadh sí ag súil chun páipéir balla a chur i mo sheomra mar go bhfuil péint níos áisiúile go háirithe go bhfuil mo sheomra san áiléar agus tá a lán balla agam ach ní bheadh mé in ann é seo a chur ar lán mo bhallaí ar ndóigh mar go mbeadh sé craiceáilte.
Nuair a chuireann tú rudaí le pátrúin ar do bhallaí, ní fhéachann an seomra comh mór ná a bhfuil sé i ndáiríre. 
Tá uchtbhalla simléir (chimey breast) agam i mo sheomra codlata agus ba mhaith liom é a chur san áit sin nó ar bhalla éigin eile.

An bhfuil péint nó páipéir balla agat i do sheomra codlata. Cad é an scéim dathanna atá agat? 


Wednesday, August 1, 2012

7 Rud Nach Bheinn Ábalta Bheith Gan Iad


Dia dhaoibh Sionainn anseo,

Inniu bhíothas ag smaoineamh faoi na rudaí is fearr liom agus na rudaí atá is tábhactaí i mo shaol féin. 
Mar sin, phíoc mé seacht rud, seachas le mo mhuintir agus mo chairde agus m'fhón póca chun fanacht i dteagmháil leo ar ndóigh, nach mbeinn ábalta maireamh muna raibh siad i mo shaol. Níl siad déanta in aon ordú mar go mbeadh sé sin a lán níos deacra. 


  1. Míonríomhaire Glúine Úsáidim mo mhíonríomhaire glúine (netbook) beagnach gach lá i gcomhair gach rud. Ar ndóigh, bíonn mé ag brath ar chun Facebook a úsáid ach úsáidim é i gcomhair a lán níos mó ná sin freisin.. YouTube, Gmail, Ebay, Siopaí Éagsúla, Skype.. leanann an liosta ar aghaidh. Is ceann eile tábhachtach ná Focal.ie chomh maith agus ar ndóigh, úsáidim mo mhíonríomhaire glúine chun "blogging" a dhéanamh anseo. Foghlaimíonn mé rudaí nua faoin idirlíon gach lá agus muna raibh an t-idirlíon agam, bheadh saol an- difriúil agam.                                                                                 
  2. Fallaing Sheomra Is breá liom laethanta leisciúile bheith agam go minic. Caithim m'fhallaing sheomra (dressing gown) go minic... ar maidin ag suí i mo leaba ag léamh nó san oíche ag féachaint ar an teilifís. Is breá liom ag fanacht "cosy".
  3. Peann agus Páipéir Is aoibhinn liom ag scríobh... Ní bhíonn scéalta nó aistí i gceist an t-am ar fad. Fiú amháin nach mbíonn mé ar scoil, caithim a lán ama ag breacaireacht (doodling). B'fhéidir liom cúpla leathannach a chaitheamh ag scríobh m'ainm féin cúpla céad uair... Ag athrú mo scríbhneoireacht  agus ag aimsiú m'shíniú féin :L. Tá dialann agam freisin.. bhuel, níl ach cóipleabhar crua é ach ní scríobhaim sa dialann gach lá... b'fhéidir cúpla uair gach seachtain. Thosaigh mé é nuair a bhíothas sa dara bhliain agus tá sé beagnach lán anois. Ag an leathanach deireanach, tá liosta buicéid (bucket list) agam. Go dtí seo tá 31 rud air. Scríobhann tú síos lán na rudaí atá fonn ort iad a dhéanamh roimh a fhaigheann tú bás. 
  4. GHD Ní úsáidim mo dhíritheoir gruaige gach lá mar go bhfuil sé ar eolas agam nach ndéanann sé a lán maitheas do do ghruaig ach tar éis mo ghruaig a thriomú, féachann sé mar mhoing leoin (lion's mane)! Mar sin, bíonn gá orm é a dhéanamh le GHD má bhíonn fonn orm mo ghruaig a fágáil síos. 
  5. Scoil Fiú amháin go bhfuil mé ag baint taitneamh as na laethanta saoire, táim ag tnúth go mór leis ag fill ar ais ar scoil. Táim beagáinín buathra mar go mbeidh mé i rang eile agus tá seans ann nach mbeidh mé le mo chairde ach sin rud maith freisin mar go mbeidh mé ábalta caint le daoine nua agus páirtí ranga éagsúla bheith agam. Is breá liom bheith gnóthach agus ar scoil, bíonn tú gnóthach an t-am ar fad. Is maith liom ag bualadh agus ag obair le daoine agus is aoibhinn liom ag caitheamh ama le mo chairde. Is maith liom ag éisteacht agus ag foghlaim rudaí nua freisin agus tarlaíonn a lán eachtraí greannmhar ar  scoil gach lá. 
  6. Jíons Hollister Is iad seo na jíons is fearr liom. Táim i ngrá leo fiú amháin go bhfuil timpeall ar deich péire eile agam i ndathanna agus stíleanna éagsúla, is é seo an péire is fearr liom agus caithim iad níos mó ná aon dos na péirí eile curtha le chéile. Ag an am seo, tá siad an píosa éadaí is fearr liom i mo vardrús. 
  7. Ceamara Is breá liom ag tógáil fótagraif agus tugaim mo cheamara liom gach áit. Muna raibh mo cheamara agam, ní bheadh aon "Paisean le hAghaidh Faisean" mar nach mbeinn ábalta grianghraif a chur suas. Is aoibhinn liom ag priontáil  grianghraif agus iad a chur i mo sheomra codlata chun na cuimhní a dhein mé a chuimhneamh. 
Sin iad na rudaí is tábhachtaí i mo shaol ach cad faoi tusa... Cad iad na rudaí nach mbeadh tusa ábalta bheith gan iad? 
An bhfuil liosta buicéid (bucket list) agat :L?


Slán, x.

Saturday, July 7, 2012

Seilfeanna Stórais

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

B'fhéidir go gcuimhin cúpla duine an pictiúr seo. 
Cúpla mí ó shin scríobh mé faoin rud leis an gciorcal dearg timpeall é. 
Cheannaigh mé mo cheann sa siopa B&Q ach inné d'aimsigh mé iad arís sa siopa Penneys. 
Níl siad ach ceithre euro

Bhíothas ag siúl timpeall Penneys agus chonaic mé an paicéad seo. 
Seo iad seilfeanna stórais cósúil leis na cinn atá agam. 
Tá siad ar dhíol i Penneys anois i gcomhair 4 euro. 
Ceapaim go bhfuil na cinn seo go hálainn mar go bhfuil siad bán dearg le féileacháin (butterflies). 
Tá seilfeanna stórais mar seo an- úsáideach chun rudaí cósúil le bróga, pitseamaí, éadaí agus bríste a choimeád néata i do vardrús. 


Tá iad seo ar dhíol ann freisin le haghaidh 4 euro chomh maith.
Is féidir leat iad a chur faoi do leaba.
Tá an pátrún féileacháin céanna ar an dá rud.
Cheannaigh mo dheirfiúr amháin dos na rudaí seo. 

D'oscail mé é chun a aimsiú go bhfuil sé mór agus go mbeadh tú ábalta a lán rudaí a chur isteach ann.
B'fhéidir nuair atá an samhradh críochnaithe bheadh sé úsáideach chun d'fhlip fleapanna a choimeád ann nó leabhair scoile nó geansaithe nó aon rud eile mar sin. 



An bhfuil seilfeanna stórais mar seo agat? 

Slán, x.

Sunday, January 22, 2012

Seomra Leapa

Dia dhaoibh Sionnainn anseo, 
Inniu, chaith mé beagnach an lá ar fad ag glanadh mo sheomra codlata. . . 
Bhí sé an- mhíshlachtmhar. 
Is beag nach rabhas ag caoineadh nuair a bhí sé á ghlanadh agam ach d' aimsigh mé a lán rudaí a cheap mé go raibh caillte nó imithe. 
Fós, nílim críocnaithe ach tá an chuid is mó déanta ach táim ag súil go mbeidh sé fiorfa. 
Ceapaim go mbíonn mé a lán níos ciúnaithe le seomra glan agus is breá liom ag caitheamh am ins an seomra sin nuair atá sé slachtmhar. Bíonn sé níos éasca staidéar, obair bhaile agus rudaí eile mar sin a dhéanamh agus sílim cé go bhfuil na réamh scrúdaithe ag teacht suas, bhí sé an t-am ceart chun mo sheomra leapa a heagrú. 
Is maith liom ag bheith eagraithe ach uaireanta, bíonn sé deacair gach rud a choimeád néata. 
Bhíothas ag sórtáil amach mo leabhair agus chuir mé na cinn is mó ag an tús agus na cinn is lú ag an deireadh ach tá sé ar eolas agam go mbeidh an scéim seo imithe i ndiaidh cúpla lá ach an uair seo, táim meáite ar iad a choimead slachtmhar. 

Agus ar ndóigh, le seomra néata, ciallaíonn sé sin go mbeidh tú in ann cuireadh a thabhairt do do chairde teacht chughat chun fanacht thar oíche nó chun fáil réidh i gcomhair dioscó nó rud éigin mar sin. 

An bhfuil tusa go maith ag coimeád do sheomra slachtmhar?

Slán, x.


Saturday, December 10, 2011

Faisean sa Seomra Leapa!


Dia dhaoibh Sionnainn anseo,

Níos déanaí inniu, bhí mé ag féachaint timpeall mo sheomra leapa agus cheap mé gur d'fhéach na ballaí an-fholamh ar fad. . .

Mar sin, thosaigh mé ag féachaint i mo tharraiceáin agus d'aimsigh mé a lán grianghrafanna.
Bhí blútac agam agus smaoinigh mé go mbeadh sé deas na grianghrafanna sin a chur suas i mo sheomra leapa. . .

Mar sin. . . thosaigh mé agus is mar seo conas a d'fhéach sé. . .



Bhí mé an-sásta ar fad leis agus beidh mé in ann níos mó grianghrafanna a réaladh agus níos mó a chur suas. . .
Bhí lán na grianghrafanna sin i mbosca. . . ach anois. . táim in ann lán iad a fheiceáil ag an am céanna agus anois, tá mo sheomra leapa ag féachaint an- fhaiseanta agus an-dathannach ar fad.

Ní chaithfidh ach a bheith blútac agus grianghrafanna agat chun é seo a dhéanamh. . .
Agus anois, táim in ann mo theaglach agus mo chairde a fheiceáil gach lá. . .


Ansin. . . Mar tá Nollaig ag teacht. . . bhíomar ag tógáil síos na maisiúcháin ón áiléar agus d'aimsigh mé crann Nollaig gleoita agus beag i gcomhair mo sheomra leapa. . .
Mar sin. . . tá mo sheomra leapa ag féachaint faiseanta i gcomair am Nollaig freisin.

An bhfuil aon ghrianghrafanna agat i do sheomra leapa?

Slán, x.

Tuesday, November 29, 2011

Nollaig!

Dia dhaoibh Sionnainn anseo,
Inniu, bhí mise agus Sorcha ar na ríomhairí sa leabharlann agus tháinig Iníon Ní Fhearghail (muinteoir francíse a rinnemar agallamh le) ag insint dúinn faoi conas is féidir leat do leathanach "Facebook" a chur as francís. . .
Bhí sé sin ar eolas agam ach rinne mé dearmad faoi. . .
Chomh maith le francís ar ndóigh, is féidir leat é a chur as gaeilge chomh maith. . .
Chun é a dhéanamh caithfidh tú dul isteach go dtí "account", "account settings", "language" agus ansin, píoc an teanga!

Mar sin, bhí mé ar "Facebook" anocht i gcóir cúpla noiméad riomh seo agus chonaic mé stádas a chur duine éigin suas faoi Nollaig!. . . ag rá go mbeidh sé i bhfiche cúig laethanta! :D

Tá sceitimíní áthas orm faoi na laethanta saoire ach. . bhí fadhb beag agam nuair a bhí mé ag scríobh mo litir go dtí Santa!! . . . Ní raibh a fhios agam cad ba chóir dom a fiafraí. . .

Agus nuair a bhí mé ag caint le mo chairde . . . bhí an fadhb céanna acu. . .
Níl a lán smaointí agam agus mar sin, táim ag lorg smaointí!
Is "girly-girl" mé beagáinín. . . ní "tom-boy" mé ar aon nós. . .

Mar sin. . . chuaigh mé ar an idirlíon agus chuardaigh mé le haghaidh smaointí. . .
D'aimsigh mé suíomh amháin atá an-mhaith. . .
Cliceáil anseo chun é a fheiceáil. . .
Tá tú in ann an sort duine atá tú a phíocadh agus ansin, tagann smaointí suas. . .
An bhfuil tusa ag súil go mór le Nollaig?

Slán, x.

Tuesday, November 22, 2011

Faisean I Rith Na Laethanta Den tSeachtain

Dia dhaoibh, Sionnainn anseo,

Inniu, ba mhaith liom caint faoi faisean ar na lá den tseachtain (weekdays). . .
I ndáiríre, nach bhfuil sé deacair chun a bheith an-fhaiseanta ar na lá den tseachtain? . . .
Sin mar bíonn scoil againn, a lán obair bhaile, staidéar chomh maith agus ansin, caithfimid dul a codladh go luath mar bíonnaimid chun éirí suas go luath gach maidin. . .

Mar sin, uaireanta ní bhíonn an t-am agam chun feisteas deas a phiocadh mar ní bhíonn an t-am agam. . .
Gach maidin, dúisím suas agus níl rogha agam. . .
Caithfidh mé an sciorta fíon, an geansaí fíon, an léine, an carbhat, na stocaí agus na bróga dubha a chaitheamh. . .
Má nach bhfuil tú i gCnoc Na Labhras, cad é d' éide scoile mar nó. . . má nach bhfuil tú ag freastal ar scoil anois, cad a bhí d'éide scoile mar?

Mar sin, sroichim abhaile gach tráthnóna i ndiaidh staidéar ag a séagus bíonn mé traochta. . .

Ach cúpla leideanna:
B'fhearr leat d'éadáí a athrú nuair a sroicheann tú abhaile mar ansin, beidh tú in ann do scíth a ligeagh agus chomh maith, ní bheidh d'éide scoile salach. . .

B'fhéidir nach mbíonn an rogha agat ar maidin ar scoil ach nuair a
shroicheann tú abhaile, is féidir leat aon rud a chaitheamh. . . is cuma!

Uaireanta, ní bhíonn mé ag dul aon áit agus mar sin. . . píocaim mo phitseamaí. . .
tá siad an- chompórdach agus coimeadann siad mé go te. . .
Mar sin. . . is é seo píosa eolais faoi pitseamaí. . .
Is breá liom ag dul ag siopadóireacht le haghaidh pitseamaí nua mar níleann
siad ró dhaor agus tá a lán péirí ar dhíol i siopaí éagsúla. . .
Is é seo an péire pitseama is fearr liom. . cheannaigh mé é i "Penneys" agus
tá cinn mar an ceann seo fós ar dhíol ann. . .
Is aonphíosa é (onesie) agus ceapaim go bhfuil sé an-ghleoite
chun a bheith ag caitheamh timpeall an tí. . .
Bíonn gach páirt do do choirp te mar bíonn do bharraicíní clúdaithe
agus tá aonphíosaí déanta as lomra (fleece) an- bhog.

Ach mar is eol daoibh, tá oibseisiún le sioráif agam agus mar sin is
breá liom na pitseamaí seo atá agam freisin. . .
Ceannaím an chuid is mó de mo phitseamaí i "Penneys" nó "Dunnes Stores"
mar bíonn éagsúlacht an-mhaith acu. . .
Ach má nach bhfuil tú ag caitheamh aonphíosa. . .
caithfidh a bheith stocaí nó slipéir agat. . .
Cá ceannaíonn tusa an cuid is mó de do phitseamaí?
Déan cur síos ar an péire pitseama is fearr leat!

Chomh maith le sin, bí cinnte chun féachaint ar na leathanaigh "Teilifís" agus "Gruaig" chomh maith mar tá rudaí nua suas.

Slán, x.

Saturday, November 12, 2011

Fáinne Cluaise

Dia dhaoibh Sionnainn anseo,
Inniu, ba mhaith liom caint faoi fáinne cluaise. . .

Is aoibhinn liom fáinne cluaise. . . caithim iad an t-am ar fad.

Ach cúpla mí ó shin, bhí a lán péirí agam agus ní raibh mé in ann an péire a bhím á shúil leis a aimsiú nuair a bhí siad i mbosca beag. . .
Seo iad na boscaí a choimeád mé mo fháinne cluaise i ríomh. . .

Tá na boscaí go hálainn ach le haghaidh mo fháinne cluaise, ní raibh siad ró phraiticiúil. . .

Mar sin, chuaigh mé go dtí an siopa gabhálais "Claires" agus is é seo cad a cheannaigh mé le haghaidh 11.95euro . . .
Is coimeádán fáinne cluaise é.
Is coimeádán bláthanna é agus tá sé a lán níos fearr ná na boscaí a bhí á úsáid agam.
Mar anois. . . tá mé in ann lán mo fháinne cluaise a fheiceáil agus péire nua a phiocadh gach maidin. . .
Tá an coimeádán déanta suas le poill beag agus mar sin, cuireann tú fáinne cluaise amháin i ngach poll. . . agus ansin cuireann tú barr an fáinne cluaise ag barr an coimeádán. . .
Is breá liom mo choimeádán agus feiceann sé an- deas i mo sheomra leapa.

Cén áit ina coimeádann tusa do fháinne cluaise?

Díolann "Claires" na coimeádáin fós . . . seo iad cúpla de na cinn is féidir leat a cheannach. . .
Chonaic mé iad seo ar an suíomh atá ag "Claires".
Cliceáil anseo chun é a fheiceáil.

Tá siopa "Claires" againn sa sráidbhaile i Luimneach agus ceann eile chomh maith sa Chorrán.
Is é seo an ceann sa sraidbhaile. . . tá sé ar Sráid na Croise. . .
Ceannaím a lán de mo fháinne cluaise i "Claires" agus chomh maith is féidir leat do chluasa a fháil polta ann chomh maith. . .
Ach díolann sé a lán rudaí eile freisin. . .

Má nach bhfuil tú go maith ag cur vearnais inge ar d'inge, is féidir leat "Nail Wraps" a cheannach. . .
Caithfidh mé iad a iarraidh mar feiceann siad an-deas.

Ach díolann "Claires" a lán vearnais inge deas chomh maith. . .

An bhfuil aon siopa eile is maith leat chun fáinne cluaise a cheannach?

Slán, x.

Saturday, November 5, 2011

Faisean sa Seomra Leapa


Dia dhaoibh Sionnainn anseo,
Ríomh a chuaigh mé go dtí an Cóbh i gCorcaigh Dé Chéadaoin,
Duirt mo mham dom go raibh mé chun mo sheomra leapa a glanadh.

Inniu beidh mé ag caint faoi cad ba chóir duit a dhéanamh
chun do sheomra leapa a coimead glanta agus faiseanta.

Ar dtús, seo é mo sheomra leapa. . .
Tá mo sheomra leapa san áiléar agus uaireanta. . .
faigheann sé beagáinín míshlachtmhar. . .



Caithfidh a bheith do sheomra leapa glanta go háirithe
do vardrús chun éadaí a phíocadh gach maidin.
Bí cinnte chun d'éadaí a chur ar áis i do vardrús nuair
a chaitheann tú iad nó chun iad a chur sa bhascaed níocháin. . .



Tá mála suí agam agus uaireanta fágaim m'éadaí ar
ach ansin, ar maidin. . . ní bhíonn mé in ann m'éadaí
a aimsiú mar bíonn siad i gcaitín mór.
Má thá cathaoir nó rud mar sin agat i do sheomra leapa,
bí cinnte chun é a coimead folamh. . .
Mar b'fhearr leat a bheith in ann suí ar an
gcathaoir chun do scíth a ligeadh. . .



Seo é mo vardrús. . .
Bíonn sé plódaithe le héadaí an t-am ar fad agus sin an fáth
go bhfágaim éadaí ar mo mhála suí. . .



Tá tú in ann iad seo a fheiceáil i mo vardrús. . .
tá ciorcal dearg timpeall iad sa phictiúr.
Ceapaim go bhfuil an rud seo an áisiúil chun bróga nó
éadaí a coimead.
Tá tú in ann iad a cheannach i "B&Q", "Atlantic Homecare"
agus siopaí eile mar na cinn sin.
Níleann siad ach timpeall ar 10euro. . .

Agus chomh maith,
Tá tú in ann císeáin a fheiceáil sa chiorcal corcra. . .
Sna císeáin seo, coimeadaim mo
chriosanna agus gabhálais eile.

Nach mbeadh sé go maith más raibh vardrús mar seo agam.
. . ach níl!


Bíonn ceann mar seo ag a lán daoine sa mheirceá ach níl an
spás agam i mo theach le haghaidh vardrús mar seo!!

Chomh maith le sin, ceapaim go b'fhearr a bheith
scáthán ag gach cailín ina seomra leapa.

Chomh maith. . .
Chun seomra faiseanta a bheith agat. . .
B'fhearr leat póstaeir agus agus frámaí pictiúir a
chur timpeall do sheomra.

Ceapaim go bhfuil scairbheacha go maith chun frámaí
pictiúir agus rudaí eile a coimead.
Tá a lán scairbheacha agam i mo sheomra leapa. . .


Mar a fheiceann tú. . . is breá liom sioráif!
Thosaigh mé ag bailiú iad nuair a bhí mé ceithre bliana d'aois. . . agus anois tá a lán rudaí sioráif agam. . .
Seo é an sioráf is mó atá agam. . . tá sé beagnach an airde céanna is mise. .

An mbailíonn tusa aon rud. . . ?

Cad faoi do sheomra leapa?
An mbíonn sé míshlachtmhar chomh maith?

Slán, x.

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com