Showing posts with label Debenhams. Show all posts
Showing posts with label Debenhams. Show all posts

Tuesday, June 25, 2013

Cúrsa Smididh Urban Decay

Dia daoibh Sionainn anseo, 

Mar is eol daoibh, bhíos ag glacadh páirt i gcúrsa smididh Urban Decay i Debenhams ar an Domhnach. In ionad an aiseolas agus gach rud eile a chloscríobh amach, chruthaigh mé físeán eile chun taispeáint daoibh cad a cheannaigh mé leis an dearbhán agus conas ar eirigh mé leis an gcúrsa!



Má tá aon cheisteanna agat faoin gcúrsa, fág thíos anseo iad! 

Sionainn, x. 

Saturday, September 15, 2012

Pailléad Nua "Urban Decay"

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Mar go bhfuair mé mo thorthaí ar an gCeadaoin, cheannaigh mo dheirfiúr pailléad álainn "Urban Decay" dom mar bhrontannas. 
Cheannaigh sí an pailléad "Naked 2". Fiú amháin gur úsáid mé an chéad ceann "Naked" an t-am ar fad agus gur scríobh mé cúpla post faoi, níor liomsa é. Ba é pailléad mo dheirfiúr ach d'úsáid an beirt againn é. Ach anois, tá an ceann eile agam, ceann a tháinig amach tar éis an chéad ceann "Naked". Is ceann nua agus feabhsaithe é. 
Tá an ceann seo déanta as miotal seachas leis an gceann eile a bhí déanta as veilbhit. 
Leis an gceann seo, faigheann tú snas béil sa bhosca in éineacht leis. Is rud an- mhaith é seo d'Urban Decay  mar nach bhfuil ach snas béil beag é. Má thaitníonn sé leat, b'fhéidir go gceannóidh tú ceann lán ón mbranda tar éis sin. Bheadh an snas béil fiorfe chun dul i do mhála láimhe mar go bhfuil sé comh beag. 
Cósúil leis an gcéad ceann, tagann 12 dath sa phailléad. 
Fiú amháin go bhfuil na dathanna seo nocht agus neodrach, níl na dathanna sna dá phailléad mar a gcéanna. 
Is iad na dathanna ó chlé go deis ná "foxy", "half baked", "bootycall", "chopper", "tease", "snakebite", "suspect", "pistol", "verve", "ydk", "busted" agus "blackout". 

Is iad na dathanna atá sa chéad ceann "Naked" ná "virgin", "sin", "naked", "sidecar", "buck", "half baked", "smog", "darkhorse", "toasted", "hustle", "creep", "gunmetal". 

Tá cósúlacht amháin idir an dá ceann. Is é an dath "half baked" an dath aonaire atá sna dá ceann, "Naked" agus "Naked 2". 

Seo lán na dathanna ón gceann nua ar mo lámh. Níl dath amháin is fearr liom fós mar nár chaith mé é ach dhá nó trí uair mar go bhfuil sé úr nua. Bainfidh mé triail as lán na dathanna agus iad a chur lena gcéile. Is maith liom ag úsáid trí cinn ar mo shúile ag aon am. Aimseoidh mé na cinn a théann go maith lena gcéile agus na cinn a oireann liom tar éis seachtain nó dhó. 

Is é rud amháin eile atá an- mhaith faoin gceann nua "Naked 2" ná go dtagann scuab níos fearr leis. Tá dhá scuab, bhuel, dhá thaobh ar an gceann a fhaigheann tú leis an bpailléad "Naked 2". Leis an gceann eile, níl ach scuab amháin ann. 

Bhí áthas an domhain orm nuair a thug sí é dom. Is fearr liom ag caitheamh dathanna neocht ná dathanna cósúil le bán dearg, gorm agus glas ar mo shúile. Fiú amháin go gcosnaíonn na pailléid seo timpeall ar daichead euro, má smaoiníonn tú faoi, níl sé ach beagáinín níos mó ná trí euro i gcomhair gach aon dath mar go dtagann 12 dath leis. 

Inis dom faoi na dathanna is fearr leat agus an ainm an scáthú súl a úsáideann tusa... 








Wednesday, August 15, 2012

Mála Taistil- Smideadh

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Is fuath liom nuair a bhíonn tú ag dul áit éigin go mbíonn gá ort níos lú a thógáil leat. 
Beidh mé i Co. Chiarraí an tseachtain seo cugainn sa Bheannach agus táim ag súil chun gach rud a thabhairt liom gan trí chás móra a bheith agam. 
Thosaigh mé inniu le mo smideadh agus ceapaim gur dhein mé jab an- mhaith ag piocadh amach rudaí mar go rabhas ábalta gach rud a chur i mála amháin beag ó Penneys. 
Bhí an mála seo ceithre euro. Tá sé cósúil le bosca mar go bhfuil cruth soladach air Cheannaigh mise an ceann uachtar agus bán le croíthe ach bhí ceann prionta liopaird ann freisin. Nuair a théim go dtí teach mo chara nó áit éigin eile, tugaim a lán rudaí liom agus ní úsáidim lán iad nuair atá mé ann. An uair seo, nílim ach ag tabhairt 12 rud liom sa mhála seo. 
Is iad seo dhá dos na rudaí Estée Lauder atá agam. Is luisneach (blusher) é ceann amháin agus scáthú súl é an ceann eile. Is breá liom an cuntar Estée Lauder mar go bhfuil lán na rudaí an- nárdútha agus an- fíneálta. 
Is breá liom an luisneach seo mar nach bhfuil sé cósúil leis an gcuid is mó de na luisnigh eile. Feicfidh tú go bhfuil taobh amháin uachtar/ buí agus ansin tá an taobh eile bán dearg. Níl luisneach ró- throm (severe) é agus mar go bhfuil leicne rósach agam is fearr liom ceann geal. Is é "Silky Powder Blush 21 PEACH NUANCE"  an t-ainm atá ar an luisneach seo. Ansin, níl mo scáthú súl "Naked"  beag go leor chun dul sa mhála seo agus mar sin, táim chun scáthú súl Estée Lauder a thabhairt liom in ionad. Tá an ceann seo an- nárdútha ar fad mar nach bhfuil aon ghealra sa scáthú súl. Is "pod" é agus ciallaíonn sé sin go bhfuil dhá dhath ins an coimeádán. Bheadh siad beagáinín ró- phléineáilte chun an scáthú súl seo a chaitheamh ag dul amach san oíche i gcomparáid don cheann "Naked" atá agam mar go bhfuil an- chuid dathanna sa cheann sin ach tá an ceann seo fiorfe i gcomhair am lae. Nuair a bhíothas i Brown Thomas, bhí cúpla cinn éagsúla le dathanna eile ach phioc mé an ceann seo sa deireadh. Fiú amháin go raibh dathanna eile le fáil, ba dathanna nárdútha agus nocht iad freisin. Ach taitníonn sé sin liom mar nach maith liom ag caitheamh dathanna trom ar mo shúile. Ní cheapaim go n-oireann siad liom. Is é an ceann seo ná "Pure Colour 01 Vanilla Pods". Ceapaim go dtéann na dathanna an- mhaith lena gcéile. Comh maith le sin, is aoibhinn liom an scuab a thagann in éineacht leis an scáthú súl. Mar go raibh sé ró- bheag níor cheap mé go mbeadh ceann ró- mhaith é ach is breá liom é mar go bhfuil ceann difriúil ag gach taobh.
Ansin beidh mo smideadh Bare Minerals ag teacht liom ar ndóigh. Tá mo bhonnsmideadh, mo dhonnaitheoir,   mo mhascara agus mo scuaba ón gcúntar- sé rud san iomlán. 
Is é an dath bonnsmideadh a cheannaím ná "Light". Is féidir leat coimeádán le 8g a cheannach i gcomhair 24euro. Ceapaim go mbíonn coimeádán amháin agam i gcomhair timpeall ar dhá mhí agus tá an donnaitheoir céanna agam ó Mhí an Márta mar nach úsáideann tú ach píosa bídeach (tiny) ar d'éadán (forehead) agus ar do chnámha leicne. Is é an dath donnaitheoir atá agam ná "Warmth" agus fuair mé 1.5g sa choimeádan seo. 
Is é an t-ainm atá ar an mascara ná "Bare Minerals Flawless Definition Mascara". Féachann an buidéal beagáinín pléineáilte agus leadránach ach ceapaim go bhfuil an rud sa bhuidéal an rud is tabhachtaí mar go bhfuil sé go hiontach. Tá an scuab tanaí agus mar sin, ní bhíonn mascara ag dul gach áit ar do chaipíní súile (eyelids). Ní fhágann sé aon toim (clumps) agus tar éis é a úsáid bíonn m'fhabhraí (eyelashes) scartha. Tagann sé as do shúile gan aon deacracht san oíche agus ní ghreannaíonn (irritate) sé mo shúile. 
 Ansin tá trí scuab agam, ceann amháin i gcomhair mo bhonnsmideadh, ceann eile i gcomhair mo dhonnaitheoir agus is é an ceann deireanach ná scuab chun beagáinín bonnsmideadh a chur faoi do shúile mar fholaitheoir (concealer). 
Is iad seo na rudaí randamach deireanach- Ó bhun go barr- Sudocream :L, mascara "Urban Decay Big Fatty Mascara", snas béil "Happy No 7 High Shine", línitheoir súile "Yves San Laurent" agus snas béil "Lancome Juicy Tubes". Tá an Sudocream seo an- ghleoite mar go bhfuil sé iontach beag agus is féidir Sudocream a bheith an- úsáideach in éigeandálaí! Is maith liom an mascara seo freisin mar go dtugann sé a lán toirt (volume) do m'fhabhraí. Mar sin, cuirim cóta amháin don cheann seo agus cóta eile don cheann Bare Minerals orm gach lá. Ní chaithim snas béil an t-am ar fad ach is ceann deas é an ceann "No. 7" seo agus táim chun é a thabhairt liom ar eagla na heagla. Tá mo línitheoir súile dubh is fearr "Yves San Laurent" ró bheag anois. Bhíothas croí bhriste tar éis é a fhágáil ar an úrlar mar gur aimsigh mé é briste an lá i ndiaidh sin. Oibríonn sé fós ar ndóigh. Is snal béile álainn é an ceann "Lancome" freisin. Cheannaigh m'aintín an seit le cúig cinn eile dom ach is é an ceann seo an ceann is fearr liom ón seit. 

Sin é gach rud a bheidh ag teacht liom ar an Satharn. Táim ag smaoineamh faoi mo scáthú súl "Naked" a thabhairt liom i mála éigin eile mar go dtaitníonn sé go mór liom ach feicfimid. 

Cad iad na rudaí is tabhachtaí leatsa i do mhála smideadh? 





Sunday, August 12, 2012

Debenhams

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Is breá liom conas go mbíonn díolacháin ar siúl sa siopa Debenhams an t-am ar fad. Gach uair atá mé istigh sa siopa, feicim sínithe a deireann go bhfuil suas go dtí seachtó faoin gcéad as na málaí nó na bróga nó an seodra nó na héadaí nó rud éigin eile sa siopa. 
Inné bhíothas ann agus fuair mé péire flip fleapanna. 
Bhí na flip fleapanna seo 18.50euro sa tús ach inné bhí siad síos go dtí 5.55euro. 
Tá gach siopa ag iarraidh lán na bróga agus na héadaí agus an gabhálais don samhradh a dhíol agus mar sin, tá gá orthú na praghasanna a chur síos. Fiú amháin nach mbíonn sé triocha céim in Éirinn gach lá i rith an tsamhraidh, caithim flip fleapanna an t-am ar fad agus tar éis iad a phíocadh suas, níor b'fhéidir liom an margadh iontach a chur síos.

Is iad cúpla dos na margaí eile ann ná iad seo. 
Cheannaigh mo dheirfiúr an mála donn leathar seo ann. 
Ag an tús, bhí sé seasca euro. Tar éis tamaillín bhig cuireadh síos é go dtí 42euro agus inné, ní raibh sí ach chun triocha euro a íoc as. 

Cheannaigh mo mham an sparrán seo i gcomhair cúig déag euro cé go raibh sé 24euro cúpla seachtain ó shin. 
Bhí an- chuid sparráin ann ach phioc sí an ceann seo mar go bhfuil a lán rannóga (compartments) chun cartaí agus rudaí mar sin a choimeád ann. 

Chomh maith le sin, chonaic mé na málaí álainn seo i gcomhair smideadh ach ní raibh ceann ag teastal uaim. 
Ba é an branda a bhí orthu ná "Floozie" agus bhí cúpla pátrún éagsúla ann.
Bhí caoga faoin gcéad as na málaí. Mar sin, bhí an ceann gorm agus dubh timpeall ar seacht euro tar éis a bheith cúig déag euro cúpla seachtain ó shin. Ansin, bhí málaí beag eile ann i gcomhair trí euro agus chomh maith le sin, bhí cúpla cinn an- mhór a choimeádann lán do chosmaidí i gcomhair timpeall ar cúig déag euro. Is é rud eile maith faoi na málaí seo ná go dtacaíonn (supports) an branda le ailse chíche (breast cancer). 
Ceapaim go bhfuil málaí an- ghleoite iad na málaí ón mbranda seo. D'oscail mé ceann amháin agus bhí an líne seo fuaite (sewn) sa mhála, "Beauty comes from within". 

Ar chonaic tú aon mhargaí eile sa siopa Debenhams le déanaí? 


Wednesday, August 1, 2012

"The Ivory Closet"

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Bhíothas sa sráidbhaile inniu agus chuas go dtí an siopa "The Ivory Closet" ar Sráid na Sionainne. 
Ní raibh clú agam go raibh an siopa sin ann. Tá sé ar an sráid céanna ná "The George Hotel". 
Is féidir leat gúnaithe a lig ar cíos (rent) agus má tá tú ag dul go dtí mór- rince ceann scoile (deb's ball), nó damhsa is dinnéar díolann sé a lán seodra an- sofaisticiúil.
Nuair a bhíothas istigh ann chonaic mé lán an seodra seo. B'fhéidir go bhféachann sé an- ghléineach ach más raibh do ghúna pléineáilte bheadh na cluaiseanna nó na bráisléid go deas leis. 
Bhí cúpla dos na bráisléid síos ó 40euro go dtí 28euro. 
Bhí scátháin póca álainn síos ó 12euro go dtí 4euro. Bheadh rud an- deas é chun ceann a bheith i do mhála láimhe. Bhí muincí síos go dtí 6euro agus bhí na fáinní síos ó 30euro go dtí 10euro. 
Beidh mo dheirfiúr ag grádú ón ollscoil i Mí Mheán Fómhair agus bhí gúna á lorg aici don "ball" agus sin an fáth gur chuas isteach ann ach ní bhfuair sí aon rud fiú amháin go raibh an seodra go hálainn ar fad. 
Bhain mé an- taiteanamh as ag dul go dtí lán na siopaí ag féachaint ar ghúnaithe cósúil le sin- Pamela Scott, Virginia's, Butterfly Brides, Brown Thomas, Debenhams. Bhíothas ag smaoineamh faoin "debs" a bheidh ag mise agus mo chairde ach tá trí bliana againn fós! Ach tar éis an lá siopadóireachta sin, táim ag tnúth leis. 

Conas mar a bhí do "debs" nó an bhfuil tú ag tnúth le do "debs" agus an bhfuil an focal sin ar eolas ag aon duine?! 

Slán, x. 

Monday, July 9, 2012

Scáthú Súl Don Samhradh- Nocht Agus Neodrach

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Inniu beidh mé ag caint faoi na dathanna is oiriúnach don samhradh. 
Is fearr liom dathanna nocht (nude) agus neodrach (neutral). 
Mar sin, is é an pailéad is fearr liom ná "Naked" le Urban Decay. 
Tá an pailéad seo déanta de 12 dathanna ó uachtar go dtí dubh. 
Nílim cinnte faoi aon phailéid eile ach ceapaim go bhfuil sé tábhachtach scáthú súl maith bheith agat. 
Tá an pailéad seo timpeall ar 42euro sna siopaí. 
Ach ní chaithfidh an pailéad seo bheith agat chun do shúile a dhéanamh le dathanna nocht agus neodrach. 
Má tá cúpla scáil (shade) den dath céanna is féidir leat do shúile a dhéanamh cósúil le seo. 
Chun mo shúile a dhéanamh mar seo, úsáidim trí dath atá ins an pailéad "Naked". Sin iad "Naked", "Smog", agus "Darkhorse". 
Mar go bhfuil 12 dathanna sa phailéad, is féidir leat do roghanna a athrú chun súile níos dorcha bheith agat. 
Nuair atá tú ag cur scáthú súl ar do shúile, tá sé tábachtach chun é a dhéanamh i gcéimeanna. 
Nuair a dhéanann tú rud amháin ar do shúil clé caithfidh tú é a dhéanamh ar do shúil deas agus ansin téigh ar ais chuig do shúil clé chun an céim ina dhiaidh sin a dhéanamh. 
Más déanann tú lán na céimeanna ar shúil amháin ní bheidh do shúile mar a gcéanna. 
Tá scáthú súl neodrach fiorfe chun a chaitheamh i rith an lae agus i rith na hoíche. 

Nuair a cheannaíonn tú scáthú súl ón réimse atá ag "Urban Decay", faigheann tú prímeálach (primer) chun úsáid freisin. 
Má tá craiceann olúil agat, cabhróidh é seo leis agus fanfaidh an scáthú súl ar do shúile i gcomhair níos mó ama. 
Ach ná bígí buartha- Nuair a ritheann an prímeálach amach, is féidir leat an scáthú súl a úsáid fós. Ar mo chraiceann féin, tagann sé amach fiorfe gan an prímeálach. 

Cén sórt scáthú súl ina úsáideann tusa?

Slán, x.







Sunday, June 24, 2012

Smideadh- "Bare Escentuals"

Dia dhaoibh, Sionainn anseo. 

Inniu beidh mé ag caint faoin smideadh "Bare Escentuals" atá ar dhíol sna siopaí "Brown Thomas" agus "Debenhams". 
Tá craiceann an- tirim agam agus mar sin, nuair a chuirim bonnsmideadh ar m'aghaidh, bíonn paistí i gcúpla áit. 
Cúpla mí ó shin, chuas go dtí "Brown Thomas" ag lorg bonnsmideadh go ndéanfadh maitheas do mo chraiceann féin agus ceann go bhfanfadh ar m'aghaidh fiú amháin go raibh mo chraiceann beagáinín tirim. 
Chuas go dtí an cuntar "Bare Escentuals" agus d'inis an cailín ann dom gur smideadh speisialta é seo. 
Ba sórt púdar é an bonnsmideadh ón gcuntar seo ach níor phúdar normálta é. 
Bhí an bonnsmideadh déanta as mianraí (minerals) agus mar sin, d'oibrigh an na mianraí lena olaí (oils) i do chraiceann chun féachaint mar bonnsmideadh leactach (liquid foundation). 

Cheannaigh mé paca tosaithe i gcomhair seasca euro ag an tús. 
Anois, tá na scuaba sin fós agam ach tá an bonnsmideadh agus na rudaí eile imithe. 
Ach tá bonnsmideadh "Bare Minerals" fós á chaitheamh agam mar gur cheannaigh mé na rudaí ar leithligh tar éis sin. 
Chomh maith leis an mbonnsmideadh, úsáidim mascara agus donnaitheoir ón gcúntar sin freisin.


Cliceáil anseo chun an suíomh a fheiceáil nó má tá suim agat sa smideadh seo, téigh go dtí "Brown Thomas" agus beidh na oibrithe sásta cabhrú leat ag piocadh an dath ceart leatsa. 

Cén bonnsmideadh ina úsáideann tusa? 

Slán, x.

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com