Showing posts with label Díolachán. Show all posts
Showing posts with label Díolachán. Show all posts

Saturday, August 31, 2013

Siopadóireacht an Sathairn

Dia daoibh Sionainn anseo, 

Chuas go dtí an sráidbhaile inniu le mo mháthair, mo dheirfiúr agus mo neacht. Bhí cúpla rud le ceannach acu. Ní raibh aon rud an-tábhachtach le ceannach agam i ndáiríre ach cósúil le gach uair eile a bhím sa sráidbhaile, bíonn mo shúile ar rud éigin agam. Seo iad na rudaí a cheannaigh nó a roghnaigh mé ann. 

 Táim i ngrá leis an seacláid te seo as Aldi. Is dóigh liom go gcosaíonn sé €1.50 nó rud mar sin é. Deireann an pacáistiú é a dhéanamh le huisce ach is fearr liom bainne a úsáid. Seo an ceann normálta a cheannaíomar inniu ach is féidir ceann eile a cheannach le miontas (mint) más mian leat- tá an dá ceann an-bhlasta. Ar ndóigh ní bheadh seacláid te seacláid te muna raibh leamhacháin (marshmallows) in éineacht leis. Cheannaíomar iad seo sa siopa Dealz. 

 Chuamar go dtí an margadh agus tar éis féachaint timpeall, bheartaigh mé go gceannóimis cáis- Brie a bhí €2.00 agus cáis cheadair éigin a bhí €4.60 don phíosa a ghearr an fear dúinn. Taitníonn chorizo go mór liom freisin agus comh maith le sin, bíonn sú úill ar dhíol ann gach seachtain a cheannaíomar freisin. 

 Chuamar isteach go dtí "Shoe Rack" mar go raibh péire Converse á cheannach ag mo dheirfiúr do mo neacht agus níor chreid mé é nuair a chonaic mé síniú ag rá go raibh an seodra ar fad ann síos go euro amháin. Gan dabht, ní rabhas chun an siopa a fhágáil le lámha folmha- phioc mé cúig bhráisléad agus fáinní cluaise agus níor chostaigh siad ach €6 san iomlán- dochreidte! Ba cheart go gcostódh siad níos mó ná fiche euro.

 Bhí cásanna iFón ar dhíol sa siopa céanna don phraghas céanna- €1. Bhí na dathanna pastal go léir ann agus sa deireadh, roghnaigh mé ceann corcra.

 Fuair mé iad seo sa siopa Dealz le haghaidh €1.49- dhá "Document Wallets". Bhí cinn eile ann agus fuair tú sé fhillteáin don phraghas céanna ach ní raibh mórán ag teastáíl uaim agus bhí caighdeán níos fearr ag na cinn seo. 

 Cheannaigh mé iad seo sa siopa Dunnes ar Bhóthar Childers. Is luiteoga agus cíochbhirt spóirt iad. Tá luiteoga dubha agam anseo sa bhaile ach chonaic mé iad seo an uair dheireanach a bhíos i Dunnes agus thaithin na dathanna go mór liom go háirithe go bhfuil dath corcra agus oráiste ar mo bhróga reatha. Ceapaim go dtugann éadaí nua inspreagadh duit níos mó aclaíochta a dhéanamh freisin. 

Sin iad na rudaí aonracha suimiúile a cheannach mé- bhí sé go deas siúl timpeall na sráidbhaile go háirithe an margadh. 

Cén plean atá agat don deireadh seachtaine? 

Sionainn, x.


Friday, July 13, 2012

Foláireamh Diolachán (Sale Alert)

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Bhíothas sa Chorrán inniu agus chonaic mé go mbeidh díolachán mór ag tosú maidin amárach i ngach siopa Next lán timpeall na tíre. 
Seo é pictiúr don fhuinneog Next sa Chorrán. 
Beidh an díolachán ann ag tosú ag a cúig a chlog ar maidin. 
Inniu bhí siad ag ullmhú don díolachán agus bhíothas in ann na praghasanna a bheidh ar na héadaí amárach. 
Má tá tú ann go luath, beidh a lán éadaí álainn le feiceáil. 
Bhíothas sa réimse i gcomhair páistí cé go raibh geansaí á cheannach agam le haghaidh mo neacht agus beidh lán na héadaí a bhí oiriúnach don samhradh ag dul siar. 
Ní cheannaím éadaí liom féin i Next go minic ach tá péire jíons agus péire luiteoga agam as Next. 
Nuair a bhíothas níos óige bhí sé an siopa is fearr liom. 

An mbeidh tú ag dul go dtí Next chun na héadaí sa díolachán a fheiceáil? 

Slán, x.

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com