Showing posts with label cumhrán. Show all posts
Showing posts with label cumhrán. Show all posts

Wednesday, August 28, 2013

Táirgí Folmha na Míosa Seo

Dia daoibh Sionainn anseo, 

Mar go bhfuil deireadh na míosa tagtha, seo hiad na táirgí (products) go léir atá folmhaithe agam. Uaireanta le táirgí áirithe, tógann sé míosa iad a úsáid suas agus le táirgí eile, is féidir iad a úsáid i gcúpla seachtain ach seo na rudaí a bhí á chur agam sa bhruscar bhrúscar nuair a bhíos ag glanadh mo sheomra níos luaithe inniu. 
1. Head&Shoulders
2. Sprae Gruaige Silvikrin
3. Folcadh Béil Listerine
4. Uachtar Gréine Nivea
5. Cumhrán Lacoste
6. Primeálach súil Urban Decay

Úsáidim seampú Head&Shoulders an t-am ar fad chun cabhrú le sail chnis (dandruff). Feicim an-difríocht i mo chuid gruaige má úsáidim seampú eile nach gcabhraíonn le plait (scalp) tirim. Níl sé ró-chostasach i gcomparáid le seampúnna eile a dhéanann difríocht do do chuid gruaige. 
Ní úsáidim an sprae gruaige céanna an t-am ar fad ach caithfidh mé a rá gur é Silvikrin amháin dos na brandaí is fearr liom. Nuair a bhíothas sa Ghaeltacht, d'úsáid mé mo thrilseacháin gruaige go minic agus mar sin, rith an sprae gruaige amach an bhuidéal!
Cúpla seachtain ó shin, thosaigh mé ag úsáid folcadh béil tar éis m'fhiacla a scuabadh. Braitheann sé níos fearr tar éis é a úsáid agus taitníonn an ceann seo liom mar nach bhfuil an blas ró láidir. 

Nuair a bhíos ag obair i Mí Iúil, chaith mé uachtar gréine beagnach gach lá mar go raibh an ghrian i gcónaí ag scoilteadh na gcloch agus ansin, sa Ghaeltacht, chuir mé é orm cúpla uair. Anois, slán go fóill don bhuidéal sin mar tá an t-uachtar gréine comh maith leis an ghrian imithe! 

Fuair mé an cumhrán seo mar bhrontannas Nollag agus anois tá brón an domhain orm go bhfuil sé imithe. Ba é seo mo chéad buidéal do Lacoste Touch of Pink agus thaithin sé go mór liom. Is cinnte go gceannóinn arís é!
Úsáidim an "Cleansing Face Wash" seo as "Creightons Perfectly Clear" ar m'aghaidh gach uair a bhím sa chith agus ligeann sé orm a cith a fhágáil ag braitheamh níos fearr. 
Tá an primeálach seo a tháinig in éineacht leis amháin dos na pailéid scáthú súl atá agam as "Urban Decay" imithe anois. Bíonn an-difríocht idir scáthú súl a chur orm leis seo agus é a chur orm gan seo. Fanann an scáthú súl ar do shúile a lán níos fearr más úsáidtear primeálach. 

Sionainn, x.

Sunday, June 24, 2012

Díolachán sa Chógaslann i gCé Artúir

Dia dhaoibh, Sionainn anseo. 

Beidh an chógaslann i gCé Artúir ag dúnadh go luath agus mar sin, tá díolachán mór ar siúl ann.
Tá gach rud ar lacáiste (reduced) agus tá beagnach gach rud leath don phraghas a bhí siad cúpla mí ó shin. 
Tá caoga faoin gcéad as beagnach gach rud ann- sin smideadh, cumhrán, vearnais inge, donnú bréige, leigheas, uachtair agus gach rud eile a bhíonn ar dhíol in aon chógaslann. 

Cheannaigh mé vearnais inge "Rimmel", dhá tiúb de bhonnsmideadh agus púdar i gcomhair ocht euro. 

An raibh tú sa chógaslann sin le déanaí? 

Slán, x.

Thursday, February 16, 2012

Lynx i gComhair Cailíní

Dia dhaoibh Sionnainn anseo, 

Tá "Lynx" nua amach agus tá gach duine ag caint faoi. 
Tá gach cineál "lynx" i gcomhair buachaillí seachas leis an gceann nua seo. 
Is "Lynx" le haghaidh cailíní é atá ar dhíol i gcúpla siopa. 
Cheannaigh mé mo bhuidéal sa siopa "Superdrug" le haghaidh 2.95euro ach bhíothas i gcúpla cógaslann le mo chara mar bhí sé á lorg aici agus ní raibh sí in ann é a aimsiú. 
Is sort díbholaíoch nua é agus mar sin, b'fhéidir nach bhfuil sé i lán na siopaí fós ach is cinnte go bhfuil sé ar dhíol i siopaí mór. 

Tá gach duine craiceálta faoin "lynx" seo cé go mbíonn gach chailín i ngrá leis an lynx a bhíonn á chaitheamh ag buachaillí. 
Anois, is féidir le cailíní bheith ag boladh cosúil le buachaillí leis an díbholaíoch seo. 

Ar chuala tú faoin díbholaíoch nua seo fós?

Slán, x.



Sunday, January 22, 2012

Seomra Leapa

Dia dhaoibh Sionnainn anseo, 
Inniu, chaith mé beagnach an lá ar fad ag glanadh mo sheomra codlata. . . 
Bhí sé an- mhíshlachtmhar. 
Is beag nach rabhas ag caoineadh nuair a bhí sé á ghlanadh agam ach d' aimsigh mé a lán rudaí a cheap mé go raibh caillte nó imithe. 
Fós, nílim críocnaithe ach tá an chuid is mó déanta ach táim ag súil go mbeidh sé fiorfa. 
Ceapaim go mbíonn mé a lán níos ciúnaithe le seomra glan agus is breá liom ag caitheamh am ins an seomra sin nuair atá sé slachtmhar. Bíonn sé níos éasca staidéar, obair bhaile agus rudaí eile mar sin a dhéanamh agus sílim cé go bhfuil na réamh scrúdaithe ag teacht suas, bhí sé an t-am ceart chun mo sheomra leapa a heagrú. 
Is maith liom ag bheith eagraithe ach uaireanta, bíonn sé deacair gach rud a choimeád néata. 
Bhíothas ag sórtáil amach mo leabhair agus chuir mé na cinn is mó ag an tús agus na cinn is lú ag an deireadh ach tá sé ar eolas agam go mbeidh an scéim seo imithe i ndiaidh cúpla lá ach an uair seo, táim meáite ar iad a choimead slachtmhar. 

Agus ar ndóigh, le seomra néata, ciallaíonn sé sin go mbeidh tú in ann cuireadh a thabhairt do do chairde teacht chughat chun fanacht thar oíche nó chun fáil réidh i gcomhair dioscó nó rud éigin mar sin. 

An bhfuil tusa go maith ag coimeád do sheomra slachtmhar?

Slán, x.


Sunday, January 15, 2012

Céimeanna Chun Fáil Réidh i gComhair Dioscó.

Dia dhaoibh Sionnainn anseo,

Bhí mise agus mo chairde ag an dioscó oíche dé hAoine. . .
Bhíomar ag súil chun dul mar bhí sé ar eolas againn go mbeadh sé an dioscó deireanach riomh na réamh scrúdaithe.

Bhí mo mhála pacáilte oíche Dé Deardaoin agus thug mé isteach go dtí scoil maidin dé hAoine mar i ndiaidh scoil, chuaigh mise agus mo chairde go dtí teach cailín amháin.
Bhí an mála an-trom ar fad. . . bhí an slogaide cistine istigh ann. . .
Is iad seo na rudaí a bhí agam chun fáil réidh i dteach mo chara:
  • Donnú Bréige (2)- Bhí ceann amháin oscailte agus bhí an ceann eile dúnta ach ag an deireadh ní raibh mé chun an ceann dúnta a oscailt.
  • Miotóg (Mit) chun an donnú bréige a chur ar mo choirp.
  • Sprae gruaige.
  • Dibholaíoch (deodorant).
  • Cumhrán.
  • Mála ollmhór lán le smideadh.
  • Seodora éagsúla.
  • Mo ghúna.
  • Mo bhróga.
  • Mo trilseacháin gruaige ach ag an deireadh. . . d'fhág mé mo ghruaig i stíl shimplí dhíreach.
  • Ingeanna bréagach.
  • Scuab gruaige.
  • Scuab Fiacla.
  • Fo- éadaí.
  • Ceamara. . .
  • Bríste gearr.
  • Fáiscín gruaige.
  • Cíor gruaige.
  • Díritheoir gruaige GHD.
  • Pionsúirín (tweezers).
Ní raibh aon spás fágtha sa mhála!

Is é an páirt is fearr liom ag dul go dtí dioscó ná ag fáil réidh. . . agus mar sin, is iad seo na rudaí a rinne mise agus mo chairde riomh ag dul amach go dtí an dioscó.

Ar dtús, bhíomar inár mbríste gearr (pitseamaí) chun donnú bréige a chur orainn.
Bhí "Sally Hansen" á úsáid ag gach duine a bhí ag fáil réidh liomsa.

Ansin, nuair a bhí an donnú bréige tirim, thosaíomar ag déanamh ár ngruaig.
Thógamar amach an díritheoir gruaige, trilseacháin gruaige, sprae gruaige, scuab gruaige, fáiscín gruaige agus an cíor gruaige.
Bhí gruaig casta ag beirt dos na cailíní a bhíos ag fáil réidh in aonacht leis.
Bhí gruaig cíortha ar ais (backcombed) agus díreach ag na triúr eile.

Is é seo gruaig amháin dos na cailíní.
Bhí gruaig casta aici agus bhí sé déanta mar sin le mo thrilseacháin "Mary- Kate" agus "Ashley".
Bhí fáisceán gruaige ins an gruaig ag coimeád ar ais píosa beag ag barr a ceann agus bhí a lán sprae gruaige sa ghruaig freisin.

Ansin, is é seo mar a chaith amháin dos na cailíní eile a cuid gruaige.
D'fhág sí é síos i stíl shimplí dhíreach agus mar an chéad cailín, bhí fáiscín gruaige ina gruaige chomh maith. Bhí cíor agus díritheoir gruaige á úsáid aici chun a gruaig a dhéanamh mar sin.

I ndiaidh sé sin, rinneamar ár smididh.
Bhí gach sórt smideadh á úsáid againn ó bonnsmideadh go línitheoir súile.
Thóg sé sin beagáinín tamaill mar bhí gach duine ag lorg an scáthán ach buíochas le dia, bhí "sliderobes" i seomra ár gcara agus bhí an balla ar fad tógtha suas le scátháin.

Ansin, chuireamar ár ngúnaithe orainn. . . bhí lán mo chairde agus mise ag caitheamh gúnaithe. . .
Cheannaigh beirt dos na cailíní a ngúnaithe sa siopa "Noname", bhí ceann eile as "boohoo.com", ceann eile as "Asos" agus an ceann deireanach as "New Look".
Bhí dath dubh ag ceithre dos na gúnaithe agus dath corcra ag an ceann eile.

agus rinneamar cúpla rud eile. . .
Chuireamar ár seodora agus bróga orainn.
Bhí réimse leathan seodora le feiceáil. . .
Chuir mé ceisteanna ar na cailíní agus is iad seo na siopaí a fuair siad a seodora.
Fuair an cailín seo lán a mbráisléid sa siopa "Penneys" seachas leis an ceann óir agus bán dearg . . cheannaigh sí an ceann sin i "River Island".
Cheannaigh an cailín seo a "Glow- Bands" sa siopa "Wonderworld" sa Chorrán.
Ba é seo mo lámha agus cheannaigh mé an tríú ceann isteach sa siopa "River Island" fuair mé an ceann in aice leis an gceann uachtar sa siopa "New Look" agus cheannaigh mé na cinn eile sa siopa "Penneys".
Cheannaigh an cailín seo a mbráisléid sna siopaí "New Look" agus "Penneys"

Agus ba é an rud deireanach a rinneamar ná chuireamar ár ingeanna bréagach orainn, scuabamar ár bhfiacla.
Chuireamar na ingeanna bréagach orainn ag an deireadh mar bhíonn sé níos éasca rudaí a dhéanamh gan iad.
Bhí inge bréagach ag triúr dos na cailíní agus sroicheamar an teach le ingeanna bréagach as "Penneys". . . Bhí siad go han- mhaith agus d'fhan siad ar ár ingeanna an oíche ar fad.
Ansin, chuireamar píosa don sprae gruaige orainn arís agus d'imíomar amach an doras.

An maith leat ag fáil réidh i gcomhair dioscó?

Slán, x.

Friday, December 2, 2011

Físeán

Dia dhaoibh Sionnainn anseo,

Inniu, rinneamar agallaimh/ físeán gearr le cúpla de na cailíní atá cáirde maith le Sarah.


Chun níos mó a fheiceáil faoi, téigh go dtí an leathanach "agallaimh".

Slán, x.

Monday, November 28, 2011

Inge Arís

Dia dhaoibh Sionnainn anseo,
Dé Déardaoin, rinne mé post faoi smaointí inge a chonaic mé ar an idirlíon. . .
Bhuel, d'iarr mé iad chun a fheiceáil an bhfuil siad éasca nó deacair agus cad iad na rudaí is fearr chun a úsáid.

Ar dtús. . . Bhí "sprinkles" sa chófra ag mo mham agus mar sin, rinne mé m'inge mar seo. . .
Is iad seo m'inge. . . Bhí siad an-ghearr agus mar sin bhí sé beagáinín deacair.
Ní raibh na "sprinkles" ró dhathannach agus ní raibh a lán ama agam.
B'fhéidir an uair i ndiaidh sé sin, úsáideoidh mé bán le haghaidh an cóta búin. . .
Agus b'fhéidir tar éis níos mó cleactadh, beidh mé in ann m'inge a dhéanamh mar na cinn seo a chonaic mé ar an idirlíon. . .
Ansin. . bhí na inge le nuachtán chun a dhéanamh agam. . .
Rinne mé níos mó taidhge arís agus léigh mé go oibríonn cumhrán (perfume). . .
Mar sin, bhí cumhrán saor agam i mo sheomra leapa agus sprae mé beagáinín isteach go dtí corc buidéil. . .
Le haghaidh é seo, caithfidh tú cóta búin geal a úsáid.
Phíoc mise bán ach bhí mé an-mhífhoighneach. . agus níor thug mé a lán ama don vearnais chun dul tirim. . .
Mar sin. . . tháinig siad amach beagáinín míshlachtmha

r mar ní raibh a lán ama agam ach le haghaidh mo chéad uair, bhí mé sásta leo. . . Brón orm. . . Níl na grianghraif an-mhaith. . . bhí an ceamara ag imirt suas. . .
Níor rinne mé an méar atá sa lár sa ghrianghraf seo. . .
Déanfaidh mé arís iad ag an deireadh seachtaine, agus beidh mé foigneach leo agus mar sin, beidh siad níos fearr. . .
Bhí siad go holc ach ba é sin mo chéad iarracht. . .
Ar laghad anois, tá a fhios againn go hoibríonn cumhrán.
Úsáid mise scríobhneoireacht as irischlár agus ceapaim go raibh sé níos fearr ná an scríobhneoireacht as nuachtán mar bhí sé níos dorcha. . .

An mbíonn tú ag caitheamh vearnais inge go minic?

Níl cead agam é a chaitheamh i rith an tseachtain mar is riail é ar scoil. . .
Seachas le sin, is fuath liom m'inge mar tá siad ró ghearr ach más raibh siad níos faide, bheadh mé á chaitheamh é gach deireadh seachtaine.

Slán, x.

Sunday, November 20, 2011

TK Maxx

Dia dhaoibh Sionnainn anseo,
Bhí daoine ag cur ceisteanna dom faoi an siopa TK Maxx agus mar sin, is é seo post lán faoin siopa!
Is siopa ilrannach é (Department Store). . .
Agus uaireanta, bíonn tú in ann sladmhargadh an- mhaith a cheannach ann.
Is é sin mar, is iad na héadaí a díolann an siopa ná an stoc ón bhliain seo chaite agus mar sin, bíonn praghsanna an-saor ag na rudaí ann agus díolann sé a lán rudaí le hainmeacha bránda.


Má thá cumraíocht choirp simplí agat, beidh a lán rudaí sa siopa seo le haghaidh tusa. . .

Níl ach TK Maxx amháin againn i Luimneach agus tá sé in aice leis an ionad siopadóireachta an "Parkway" agus "Homebase".

Tá tú in ann féachaint ar an suíomh atá ag an siopa chun an stoc a fheiceáil.
Cliceáil anseo chun é a fheiceáil.

Má nach bhfuil tú ag súil chun a lán airgid a chaitheamh an Nollaig seo, ach tá tú ag súil chun a bheith ag féachaint go deas, go háirithe le haghaidh daoine atá beagáinín níos sine ná déagóirí, is é TK Maxx an siopa chun dul go dtí.

Má thá éine ag dul go dtí "Ball" Nollaig, nó coisir, geobhaidh tú culaith bréige ann le haghaidh praghas an-mhaith.
Is leid maith ná go bhfaigheann an TK Maxx i Luimneach bhúr stoc nua Dé Déardaoin gach seachtain agus mar sin, má thá tú ag súil chun rud a cheannach ann, téigh isteach Dé Déardaoin nó Dé hAoine. . . .

Chomh maith le gúnaí, díolann an siopa a lán éadaí eile chomh maith le bréagáin, bróga, cumhrán, seodora, gabhálais agus a lán rudaí eile chomh maith.
Má thá tú ag lorg brontannas Nollag le haghaidh do chara, b'fhéidir go mbeidh rud deas i "TK Maxx".

An bhfuil tú ag lorg aon rud speisialta as Daidí na Nollag an bhliain seo?

Slán, x.


Saturday, November 12, 2011

Coimeád do Mhála Smideadh Folláin

Dia dhaoibh Sionnainn anseo,

Ar maidin, bhí mé ag léamh an t-irischlár "Take A Break". . .

Agus is é seo an t-alt a chonaic mé. . .

Léigh mé é agus ba mhaith liom na rudaí a bhí ins an alt a roinnt libh mar tá siad an- mhaith agus b'fhéidir nach bhfuil cúpla de na cinn ar eolas agat. . .

  • Nígh do scuaba smideadh go minic b'fhéidir gach coicís más úsáideann tú iad go minic le seampú caoin mar níl tú ag lorg baictéir ar do scuaba . Tar éis an seampú caoin, sruthlaigh (rinse) iad agus cur iad ar thuáille chun a fháil tirim.

  • Nígh d'aghaidh agus do lámha ríomh ag tosnú ag cur smideadh ar d'aghaidh.

  • Tá sé an-bhrónach ach fíor. . . mar bhainne agus iógart agus bia eile. . . ní stoc fadreathach é smideadh. . .
Mar sin, bí ag féachaint amach le haghaidh an "Period After Opening (PAO)" siombail ar do smideadh agus do tháirgí áilleachta (Beauty products) eile chomh maith. . .
Is mar seo conas a fheiceann an siombail "PAO" ach b'fhéidir go mbíonn uimhir difriúil ar phíosaí smideadh agus táirgí áilleachta éagsúla. . .

Deirfidh an siombail seo cé mhéad mhí go b'fhearr an píosa smideadh a bheith oscailte le haghaidh. . . agus tar éis an t-am sin, b'fhearr leat é a chur sa bhrúscar.
Mar sin, d'oscail mé mo mhála smideadh agus d'fhéach mé ar mo smideadh chun a fheiceáil an siombail ach ní raibh sé ar gach rud. . .

Ní raibh aon siombailí ar na rudaí seo. . .


  • Mo scáthú súl "No.7"
  • Mo bhonn smideadh "Bourjois"
  • Mo scáthú súl as "Accessorize"
  • Mo línitheoir súl "Yves Saint Laurent"
  • Mó bhéal dath "Estée Lauder"
  • Mo fholaitheoir (concealer) "Natural Collection"
  • Mo línitheoir súl "Urban Decay"
  • Agus mo scáthú súl "Bed Head"
Ach bhí siombailí ar na rudaí seo. . .
  • Mo dhonnaitheoir a cheannaigh mé i "Penneys"
  • Mo dhíbholaíoch rollógach "Nivea"
  • Mo chumhrán
  • Mo mhascára "Yves Saint Laurent"
  • Línitheoir súl leachta "L'Oreal"
  • Mo shnas béil (lipgloss) "Benefit"
Agus cúpla rudaí eile chomh maith. . .

Mar sin, rinne mé níos mó taidhde ar an idirlíon agus chonaic mé an pictiúr seo. . .
Níl ach treoir garbh é sin. . . b'fhéidir go mbeidh sé difriúil ar do phíosa smideadh. . .

Seo iad cúpla de na "PAO" siombail a chonaic mé ar na rudaí atá agam i mo sheomra leapa. . .
Bhí ceann ar mo dhíbholaíoch rollógach (roll-on deodorant). . .

Bhí ceann ar mo dhonnú bréige (fake tan) a cheannaigh mé i "Penneys". . níl an ceann seo ach 2euro.. an- saor ar fad ach úsáidim ceann Sally Hansen an cuid is mó de na ham mar ceapaim go bhfuil sé níos fearr. . .

Agus bhí siombail PAO ar mo dhonnatheoir (bronzer). . .

Is é sin an fáth go bhfuil sé níos fearr chun mascára maith agus daor amháin a cheannach in áit cúpla cinn atá saor a cheannach. . . mar beidh tú chun iad a chur sa bhrúscar tar éis cúpla mí mar beidh an PAO suas ach b'fhéidir nach mbeidh siad lán follamh. . .

Is é seo an pointe a bhí san irischlár faoin siombail PAO. . .
  • Chomh maith le sin, ná roinn do smideadh le daoine eile mar b'fhéider go ndeirfidh tú suas ag roinnt ionfhabhtú craiceann (skin infection) chomh maith!

  • Ná chur do mhála smideadh sa sholas gréine agus bí cinnte go bhfuil lán do smideadh dúnta i gceart.
Tá súil agam go raibh an post seo fóinteach.

Cad é an píosa smideadh is tabhachtaí dar leat?


Slán, x.

Tuesday, November 8, 2011

Cumhrán "Twilight".


Dia dhaoibh Sionnainn anseo,
Níos luaithe inniu, chonaic mé ar an idirlíon go bhfuil cumhrán nua amach. . .
"Immortal" is ainm don chumhrán agus is cumhrán "Twilight" é.
Beidh an scannán "Breaking Dawn" sa phictiúrlann ar an 18 Samhain agus mar sin . . .
Tá cumhrán amach. . .
Athchruthaíonn an cumhrán seo an boladh álainn a bhí ag Bella a bholaigh Edward.
Is cumhrán bláthach é an cumhrán seo.
Tá an cumhrán "Immortal" déanta suas le "citrus, chamomile, freesia, peony, plus patchouli, amber" agus "musk".
Tagann sé i mbuidéal gloine líalóg.

An mbeidh tú ag lorg an cumhrán seo le haghaidh brontannas Nollaig?
An gceapann tú go gcabhróidh an cumhrán seo tú chun do "Edward" féin a fháil!?!

Slán, x.

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com