Showing posts with label Físeán. Show all posts
Showing posts with label Físeán. Show all posts

Sunday, August 25, 2013

Cad atá ar mo iFón

Dia daoibh Sionainn anseo, 

Bhíos ag féachaint ar fhíseáin ar YouTube níos luaithe agus d'fhéach mé ar chúpla cinn a bhí bunaithe ar theideal an phoist seo. Mar sin, cheap mé go mbeadh sé go deas post a dhéanamh faoin ábhar céanna agus na haipeanna agus an leagan amach atá agam a roinnt libh.

Ar dtús ba mhaith liom a rá go raibh fonn orm iFón a bheith agam ón triú bhliain agus go háirithe ón gceithre bhliain ach ag an tús, bhíos den tuairim go raibh sé craiceáilte an méid airgid sin a íoc amach as fón póca ach ag deireadh na bliana scoile seo, bhí airgead agam ó mo bhreithlá i mBealtaine agus airgead eile a shábháil mé agus rinne mé an cinneadh ceann a cheannach mar go raibh a fhios agam go mbéadh post agam don samhradh agus go mbéinn in ann píosa den airgead a thuillfinn a shábháil- Ní bhéinn fágtha gan pingin rua. Mar sin, chuas isteach agus d'athraigh mé ó Meteor (croíbhriste!) go 3G (bhí plean níos oiriúnaí acu dom) agus cheannaigh mé iFón4 bán. 
Seo é mo ghlas scáileáin (screen lock). Chun an cúlbhrat (wallpaper) a chruthú, rinne mé colláis ag úsáid na haipe 'Pic Collage'. 
Seo é an chéad leathannach a thagann suas nuair a osclaím m'fhón. S'iad seo na rudaí a bhí ar an bhfón roimh aon rud a íoslódáil. Níl aon rud ró speisialta faoin leathannach seo. 
Tá an dara leathannach déanta suas as fillteáin agus ceithre aip eile san áireamh. Tá deilbhíní (icons) difriúila agam do Facebook, Snapchat, Twitter agus YouTube ag barr an leathannaigh comh maith leis na gnáth deilbhíní sna fillteáin mar go n-úsáidim na ceithre cinn seo go minic agus tá sé níos éasca iad a úsáid agus iad a oscailt má tá siad ag barr an scáileáin agam. Chruthaigh mé na deilbhíní sin ag úsáid na haipe 'App Icons'. Tá na fillteáin agus na haipeanna go léir curtha in ord aibítre agam. N'fheadar cén fáth- is é an rud aonaire ná go dtaitníonn siad liom mar sin agus go gcuirfeadh sé isteach orm muna gcuirfí in ord éigin iad. 
Seo fillteán do gach rud a bhaineann le siamsaíocht. 
Deezer- is aip agus suíomh idirlíne é seo a ligeann duit éisteacht le ceol. Chonaic mé é don chéad uair nuair a bhíos as Fhrainc. 
Horoscopes- cuirtear tuismeánna (horoscopes) nua suas gach lá chun iad a léamh. 
iBooks- aip chun leabhair a íoslódáil saor in aisce nó tar éis íoc astu. Is cinnte go bhfuil níos mó léitheoireachta déanta agam tar éis an aip seo a fháil. 
iTube- Is féidir seinnliosta a chruthú ag úsáid na físeáin ar YouTube agus is é an rud úsáideach faoi seo ná nach mbíonn gá an t-idirlíon a bheith agat chun éisteacht leis na hamhráin tar éis an seinnliosta a chur le chéile. 
MailOnline- Nuachtán leis na scéalta suimiúile is déanaí. 
SpinFM- Stáisiún raidió. 
Tunein Radio- Is féidir leat aon stáisiún raidió a chur ar siúl. 
Vine- Físeáin níos lú ná sé shoicind i bhfad a chuireann daoine suas. 
YouTube- Ní ghá é sin a mhíniú! 
Seo fillteán atá plódaithe le cluichí- nílim chun dul tríd iad go léir. Is breá liom a lán cluichí a bheith agam ach ní imrím iad ach uaireanta- is aoibhinn liom iad ach ní bhíonn go leor spás sa lá agam mórán ama a chaitheamh ag imirt cluichí. 
Ní féidir ach dhá aip dhéag a bheith agat in aon fhillteán amháin agus mar sin, tá fillteán eile agam do chluichí. 
Seo iad aipeanna a bhaineann le sláinte agus meáchan. Is féidir an aclaíocht a dhéanann tú agus an bia a itheann tú a thaifead sa chéad ceann agus pointí WeightWatchers a oibriú amach do bhia leis an dara ceann. 
Seo aipeanna a bhaineann le scoil agus teangacha. Baineann an cuid is mó dóibh le Gaeilge, Fraincis agus eagraíocht. Tá an-chuid acu an-chabhrach mar shampla AbairLeat (mar gur féidir leat d'fhreagraí féin a thaifead don bhéaltriail, éisteacht arís agus arís leo, éisteacht le samplaí agus ceachtanna a dhéananh) agus WordReference (foclóir a chabhraíonn liom le m'obair bhaile fraincise). Cabhraíonn cinn eile i slite eile- mar shampla Raidió Rí Rá. Níl aon bhaint ag an aip seo leis an gcuraclam i ndáiríre mar gur stáisiún raidió é ach cabhraítear le Gaeilge labhartha agus éisteachta. Is breá liom ag féachaint ar na físeáin dochreidte a chruthaíonn daltaí Choláiste Lurgan. 
Tá neacht beag agam agus ó am go ham ligim di cluichí a imirt ar m'fhón. Ní dóigh liom gur nós maith é ligeadh di an fón a úsáid ach ní smaoiníonn sí ar cheist a chur orm cluiche a imirt ach b'fhéidir uair amháin gach seachtain. 
Seo aipeanna chun colláisí a chruthú, grianghraif a athrú, pictiúir a aimsiú agus físeáin a dhéanamh. 
Baineann na haipeanna seo le siopadóireacht ach in ionad aipeanna, féachaim ar shuíomhanna idirlíne nuair a bhím ag déanamh siopadóireachta ar líne. Tá an aip 'blogger' á úsáid agam díreach faoi láthair chun an post seo a chruthú. 
Seo iad na haipeanna go léir atá agam a bhaineann le cúrsaí sóisialta agus cumarsáide. Úsáidim Facebook, Snapchat agus Twitter go han-mhinic comh maith le Viber agus na cinn eile, úsáidim iad ó am go ham. Le 'Voxer', in ionad teachtaireachtaí a sheoladh ag úsáid teacs, déanann tú taifeadadh ar do ghuth agus seoltar an teachtaireacht. Ansin nuair a sheolann an duine ceann ar ais chugat, is féidir leat éisteacht leis an gcómhrá. 
Níl ach trí chluiche agam a bhaineann le spórt. Ba cheart dom iad a chur isteach le mo chluichí normálta eile. 
Mar dheireadh, seo hiad níos mó rudaí úsáideacha a tháinig leis an bhfón roimh aon rud a íoslódáil. 

Bhuel, sin é mo iFón. Úsáidim a lán dos na haipeanna seo lá i ndiaidh lae ach tá sé ait chun a smaoineamh go mbéinn lán ábalta mairiú gan iad a bheith agam ar m'fhón. Inis dom faoin aip is fearr a úsáid tú nó a fhaca tú cheanna. An bhfuilim ag cailliúnt amach ar aon aipeanna iontacha eile?! 

Sionainn, x. 

Wednesday, August 29, 2012

Daoine Faiseanta ó TG4- Agallaimh, Grianghraif, Nuacht

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Mar is eol daoibh, fuair mé seans iontach chun dul go dtí Seoladh Sceideal Fómhair TG4 2012 i mBaile Átha Cliath. Bhuel, táim ar ais agus tá an- chuid nuachta agam. Bhí gach duine ann ag féachaint an- fhaiseanta agus tar éis an turas seo, is cinnte go mbeidh stáisiún teilifíse an- fhaiseanta é TG4 an séasúr seo tar éis lán na cláir a bheidh ar siúl a fheiceáil. 

Ag tús an lae, fuair mé an seans chun bualadh le Bláthnaid agus Laura ón gclár "Ó Tholg go Tolg". Beidh sraith nua ag tosú an mí seo agus mar sin, bí ag faire amach chun féachaint air mar is cinnte go mbeidh an sraith nua iontach suimiúil cé go bhfuil an- suim ag Bláthnaid agus Laura bheith ag féachaint go hálainn fiú amháin go mbíonn siad chun dul ag taisteal timpeall an domhain ar fad ag fanacht le strainséirí. Bhí na cailíní seo an- chairdiúil agus dan dabht beidh mé ag déanamh cinnte go leanfaidh mé iad gach seachtain ar TG4 ag coimeád suas leis na rudaí a bheidh á dhéanamh acu. Bhíothas ámharach chun agallamh a dhéanamh leo agus mar sin, seo seans daoibh chun níos mó a fháil amach faoi Bhláthnaid agus Laura . Tosóidh an sraith nua ar an 13ú lá de Mí Mheán Fómhair ag 21:30 ar TG4 agus beidh tú in ann "Ó Tholg go Tolg" a fheiceáil ar suíomh TG4 freisin.


Is é an gúna gorm álainn ná gúna as Awear.
Is buataisí seanré (vintage) iad na buataisí bána.
Tá an gúna eile as Topshop agus ansin, tagann na bróga agus an crios atá á chaitheamh aici ó "Urban Outfitters". Ceapaim go bhféachann an bheirt acu go hiontach ó bhun go barr.

Ansin, thosaigh mé ag labhairt le Máire Treasa Ní Dhubhghaill agus Colmán Mac Séalaigh ón gclár teilifíse "Ponc XL". Bhí súil agam go mbuailfinn leo agus bhuail mé leo chun cúpla grianghraif agus agallamh a dhéanamh leo. Bíonn clár an- suimiúil, "Ponc XL" ar siúl gach Máirt ag a sé a chlog ón stiúideo agus tá sé soiléar go mbaineann Máire Treasa agus Colmán taitneamh as bheith mar láithreoirí don chlár seo. Fuair mé beagáinín eolas faoi na héadaí a bhíonn á chaitheamh acu ós comhair an cheamara comh maith leis an gcabhair a fhaigheann siad amach ó stiúideo TG4 agus na píosaí smideadh is fearr atá ag Máire Treasa. 


Bhí siadsan sásta insint dom freisin cé a bhí á chaitheamh acu. 
Bhí "Vans" álainn ó "Schuh" á chaitheamh ag Colmán chomh maith le bríste ó Newlook, carbhat agus léine deas ó "Top Man" agus seacaid as "River Island". Fiú amháin go raibh as siopaí éagsúla gach rud, chuaigh lán na héadaí le chéile go maith chun  feisteas álainn a chruthú. Ansin, Máire Treasa, bhí bróga "Carvela" álainn á chaitheamh aici ó "Brown Thomas". Chuir sí éad orm nach raibh péire cósúil leo agamsa. Ba as "Miss Selfridge" an gúna a chaith sí agus bhí fáinne glas ó "Top Shop" á chaitheamh aici freisin. 

Comh maith le sin, bhíothas ag labhairt leis an láithreoir Mairéad Ní Chuaig i gcomhair cúpla nóiméad agus bhí sí sásta leid a thabhairt duinn chun ár gcraiceann a choimeád ag féachaint óg comh maith le cé a bhí á chaitheamh aici ó "Brown Thomas" go dtí "Penneys". Níor réalaigh mé go mbeadh an méid sin stíl ann ach bhí gach duine ó TG4 ag féachaint go hálainn ar fad. Cé gur oibrigh sí le Paisean Faisean ar feadh tamaillín, bhí an- suim aici sna ceisteanna a bhíothas ag cur di. Comh maith le sin, b'fhéidir go bhfuil aghaidh muinteartha (familiar) aici freisin mar gur réamhaisnéiseoir aimsire í freisin. Ná déan dearmad féachaint ar "An Aimsir Láithreach" a bhíonn ar súil timpeall an uair seo gach lá-  09:35, 12:55, 18:55, 19:20, 23:35 agus ag 01:35. Is cinnte go mbeadh gach duine ábalta féachaint ar sin uair amháin gach lá nó dhó chun d'éadaí don seachtain ar fad a phleanáil amach.

Bhí an gúna a bhí á chaitheamh aici go hálainn ar fad. Thaithin an lása go mór liom agus bhí bróga beasa an- deas á chaitheamh aici freisin. Ba as "Brown Thomas" é an gúna agus fuair sí an mála a bhí á iompar aici sa siopa "Penneys". Is é fíric eile faoi Mhairéad ná go bhfuil blag féin aici- is blag cócaireachta é. Táim ag tnúth go mór leis ag feiceáil an cailín seo ar an teilifís chun cúpla dos na gúnaí eile a chaitheann sí a fheiceáil agus na slite eile ina dhéanann sí a cuid gruaige cósúil le gach duine eile a bhíonn ar an teilifís. 

Fiú amháin go rabhas ag caint leis a lán mná, bhíothas ag labhairt le cúpla fear freisin. 
Thosaigh mé ag caint le fear deas atá an- suim aige sa cheol agus san fhaisin. Bhí sé iontach sásta cúpla ceist a fhreagairt dom agus bhíothas iontach sásta fáil amach faoin bpost atá aige. 


Bhí an léine leis an bpátrún agus an t-léine a chaith sé as "Bershka".
Cheannaigh sé an seacaid agus an crios a bhí á chaitheamh aige sa siopa "River Island" agus is iad "Vans" an sórt bróga a chaith sé, cósúil le Colmán. Ceapaim go bhfuil an t-ádh ag daoine mar seo bheith ag cónaí i mBaile Átha Cliath mar go mbíonn i bhfad níos mó siopaí chun rudaí a cheannach i gcomparáid do Luimneach agus bheith ábalta obair do chlár iontach mar shampla "Pop 4" nó aon dos na cláir eile. Is breá liom ag féachaint ar na cláir faoi cheol mar go bhfuil an- suim agam sna ceoltóirí a bhíonn ann. I ndáiríre, ceapaim go bhfuil suim ag gach déagóir sa cheol. 

Is léir go bhfuil treocht mhór é do bhuachaillí jíons cósúil leis na péirí seo a chaitheamh. Is as "Republic" an geansaí gorm a bhí á chaitheamh aige. Bhí na jíons a chaith sé as "Bershka" agus cheannaigh sé na bróga a bhí á chaitheamh aige sa siopa "Penneys". Comh maith le sin, bhí sé tar éis poll a chruthú ina chluaiseanna. Is féidir leis fáinne cluaise 10mm a chur isteach ina chluaiseanna ach duirt sé go bhfuil sé chun fanacht mar go bhfuil sé sásta le conas mar a fhéachann sé mar sin. Duirt sé nár thóg sé ach cúpla mí chun an poll a dhéanamh ina chluaiseanna. Tá sé soiléar freisin go bhfuil treocht an- mhór é sin mar go bhfuil sé á dhéanamh ag buachaillí agus ag cailíní timpeall na tíre. 

Tá áthas an domhain orm go bhfuair mé cuireadh chun dul go dtí an ócáid seo. Bhí sé go hiontach ar fad buaileadh le daoine ó TG4 agus tar éis scannán gearr dos na rudaí a bheidh le feiceáil ar TG4 an séasúr seo, nílim ábalta fanacht chun am saor a fháil chun suí ar mo tholg chun féachaint ar na cláir ón stáisiúin seo. Sílim go mbeidh an- suim ag déagóirí sna cláracha nua-aimseartha a bheidh ann agus ar ndóigh beidh suim ag na daoine fásta agus na páistí freisin féachaint ar TG4 mar go mbeidh réimse leathan cláracha le feiceáil- ceann oiriúnach do gach duine i ngach clann. Ba mhaith liom "Go raibh maith agat" mór a rá do gach duine a bhíothas ag labhairt leis i rith an lae mar gur bhain mé an- taitneamh as an ócáid. Bí cinnte chun féachaint ar an liosta dos na cláracha a bheidh ar siúl ar TG4 anseo.

Ná déan dearmad go bhfuil lán na pictiúir ó inniu le feiceáil ar an leathannach "Facebook" atá ag Paisean le hAghaidh Faisean. Cliceáil anseo chun iad a fheiceáil.

An bhfuil aon chlár is fearr leat ar TG4? 
Cad é do smaointí ar na hagallaimh a dhein mé?


Tuesday, August 14, 2012

Conas do Shaol Mí- Eagraithe a Athrú go dtí Saol Eagraithe, Faiseanta

Dia dhaoibh Sionainn anseo,

Níl ach 13 lá fágtha go dtí scoil agus tar éis an Teastas Sóisearach bhí mo shaol trína chéile. Bhí nótaí agam i ngach áit agus bhí lán mo bhilleoga measctha suas. 
Táim tar éis an lá ar fad a chaitheamh ag sórtáil amach gach rud mar go bhfuil fonn orm mo nótaí don Teastas Sóisearach a choimeád fiú amháin go bhfuil sé críochnaithe agam. Chaith mé dhá bhliain ag bailiú an cuid is mó dos na nótaí seo agus nílim chun iad a chur sa bhosca bruscair tar éis é sin. Nílim críochnaithe fós mar gur thóg sé a lán ama ach tá an cuid is mó de m'fhillteáin tar éis éirí a lán níos fearr. 
Deireann cúpla duine go bhfuil beagáinín neamhord éigníoch dúghafach (OCD) agam :L.. Mar go mbíonn gá orm m'fhillteáin a ghlanadh amach nuair a éiríonn siad mí- eagraithe ach is cuma liom.. Is fearr liom a bheith ábalta gach rud a aimsiú. Deireann mo mham go mbeadh sé go hiontach más raibh mo sheomra codlata comh néata ná m'fhillteáin ach ní féidir liom gach rud a choimeád eagraithe.
Ceapaim go bhfuil sé deacair iad a choimeád néata agus mar sin, bíonn gá orm a lán ama a chaitheamh ag glanadh amach iad tar éis cúpla mí.
Mar go bhfuil mé críochnaithe leo ní bheidh gá orm iad a thabhairt isteach gach lá agus mar sin, tá sé ar eolas agam go bhfanfaidh siad néata mar nach mbeidh mé ach ag féachaint orthu sa bhaile. 








An maith leat cóipleabhair agus fillteáin eagraithe, faiseanta a bheith agat nó an gceapann tú go bhfuil sé deacair iad a choimeád eagraithe?



Friday, June 22, 2012

Diosó Eile!

Dia dhaoibh, Sionainn anseo.

Bhíothas ag dioscó eile chomh maith leis an gceann ar an gCeadaoin.
Rinne mé físeán faoi. 


Cheannaigh mé mo bhriste gearr sa siopa "River Island" i gcomhair 30 euro.
Tá siad glas le duillí (leaves) éagsúla.
Cheannaigh mé mo bharr sa siopa "River Island" freisin an samhradh seo chaite nuair a bhí díolachán ar siúl.
Cheannaigh mé mo bhróga sa siopa "Bonkers" ar sráid Liam.
Bhí siad 30 euro.




Bhí mo bhráisléid go léir as "Claires". 
Ba chóir iad bheith 35euro le chéile ach tá díolachán ar siúl sa siopa "Claires" anois agus níor íoc mé ach 15 euro leo.
Bhíothas an- sásta ar fad leis an margadh sin.

Chaith mo chara muince cósúil le mise.
Cheannaigh sí é sa Ghaillimh mar nach bhfuil siad ar dhíol i Luimneach.
Bhí an gúna a chaith sí as "Bershka".
Níl an siopa sin i Luimneach ach tá cúpla cinn sna contaetha eile.
Cheannaigh sí é ar an idirlíon.
Cliceáil anseo chun an suíomh a fheiceáil.
Ba ghúna dúghorm le patrún Astacach (Aztec) é.
Bhí sé 24euro leis an bpostas agus leis an bpacáistiú.
Chaith sí na bróga céanna ná mise ach i ndath eile- bán dearg.
Bhí an beirt againn ábalta bheith ag damhsa agus ag siúl timpeall don oíche ar fad.


An bhfuil aon phleananna agat don samhradh? 

Slán, x.


Wednesday, December 28, 2011

Cainéal "YouTube"

Dia dhaoibh Sionnainn anseo,

Ba mhaith liom labhairt dóibh faoin chainéal nua atá againn.

Ar YouTube, tá fotheidil ar gach físeán agus mar sin, is féidir le daoine gan Gaeilge nó le cúpla focail féachaint ar na físeáin freisin. . .

Is é seo amháin de na físeáin nua atá suas. . .
Is físeán é an ceann seo faoi vearnais inge ach tá sé an ceann is faoide a rinne mé le déanaí.

An bhfuil vearnais inge "crackle" agat?

Slán, x.

Tuesday, December 27, 2011

Nollaig!

Dia dhaoibh Sionnainn anseo,

Tá súil agam go raibh Nollaig deas ag gach duine. . .
Bhí lá iontach agam. . . fuair mé gach rud agus níos mó ná a bhí mé ag lorg ó Daidí Na Nollag. . .
Chomh maith le fón póca, ceamara, smideadh agus rudaí eile. . .
Fuair mé rud a bheidh go maith go háirithe i gcomhair an blag. . .
Ceann bábóige. . .
Ach ní cheann bábóige é seo mar na cinn atá ar dhíol i "Argos". . .
Tá an ceann seo déanta as gruaig fíor. . .
D'inis "Daidí na Nollag" dom go bhfuair sé é sa siopa "Sally" ar sráid Thomáis i gcomhair 40euro. .
Cé go bhfuil an "ceann" déanta as gruaig fíor. . . Tá tú in ann díritheoir gruaige/ trilseacháin/ nó rudaí eile mar sin a úsáid leis. . .
Anois, is féidir liom cleactadh a dhéanamh ar stíleanna gruaige éagsúla. . .
Fuair mé an fón póca "HTC Wildfire S". . . agus leis an bhfón seo is féidir leat an idirlíon a úsáid ar saor in aisce sa bhaile. . . mar sin, is féidir liom a bheith ag féachaint ar físeáin ar "YouTube" a thaispéanann conas an stíl a dhéanamh. . . agus an stíl gruaige a dhéanamh ar an "gceann" ag an am céanna.
Mar sin. . . beidh mé in ann níos mó poist a chur ar an leathanach "gruaig". . .

An raibh Nollaig deas agat?

Slán, x.

Thursday, December 8, 2011

Inge Nuachtáin

Dia dhaoibh Sionnainn anseo,
Inniu, rinne mé físeán gearr faoi conas d'inge a dhéanamh le nuachtán. . .

Bí cinnte má tá tú ag iarriadh d'inge féin a dhéanamh, úsáidigí dath geal. . . mar shampla is é bán an dath a bhí á úsáid agam.

Oibríonn cumhrán go maith leis seo mar tá beagáinín alcól ins an cumhrán.

Agus b'fhéidir. . . tar éis níos mó cleactadh agus más tugaim seans ag m'inge fásadh níos mó. . .
Beidh mé in ann iad a dhéanamh mar na cinn fiorfa seo!
Ceapaim gur smaoineamh eagsúla é inge nuachtáin. .
Agus níleann siad is deacra ná a cheap mé ag an tús.

An gcaitheann tú vearnais inge go minic?

Slán, x.

Inge Gealraí


Dia dhaoibh Sionnainn anseo,

Inniu rinne mé m'inge le vearnais inge gealra. . .
Is mar seo conas a d'fhéach sé. . .

Ní raibh an vearnais inge ach 3.50euro i "Claires" agus ceapaim gur vearnais an-deas agus eagsúla é.
Cliceáil anseo chun na rudaí eile a díolann "Claires" a fheiceáíl.
Is breá liom an vearnais inge ón siopa sin agus níleann sé ró dhaor.



An gcuireann tú vearnais inge ar d'inge go minic?

Slán, x.

Friday, December 2, 2011

Físeán

Dia dhaoibh Sionnainn anseo,

Inniu, rinneamar agallaimh/ físeán gearr le cúpla de na cailíní atá cáirde maith le Sarah.


Chun níos mó a fheiceáil faoi, téigh go dtí an leathanach "agallaimh".

Slán, x.

Thursday, December 1, 2011

Físeán le na Bheirt againn agus nuacht faoin "Junior Spiders"!

Dia dhaoibh Sionnainn anseo,

Inniu, fuaireamar nuacht iontach. . .
Sin é. . . táimid ar an ngearrliosta don suíomh is fearr sa chomórtas "Junior Spiders".
Ciallaíonn sé sin go mbeidh mise agus Sorcha ag dul go dtí Baile Átha Cliath ar an 13ú Nollaig agus táimid ag tnúth go mór léis : D !

Ansin, bhí am sparáilte ag mise agus Sorcha tar éis scoil agus duirt Iníon Uí Iarlaithe dúinn go raibh cead againn a ríomhaire a úsáid chun físeán a dhéanamh. . .
Bhíomar beagáinín "giddy" agus mar sin. . . thóg sé réanna dúinn chun é a dhéanamh!
Ach, bhaineamar an-taiteanamh as ag déanamh ceann le chéile agus mar sin, beidh níos mó sa todhchaí!

An bhfuil aon smaointí eile agaibh le haghaidh físeán nua?

Slán, x.

Saturday, November 26, 2011

Faisean Inné i mBaile Átha Cliath.

Dia dhaoibh Sionnainn anseo,

Inné chuaigh mé go dtí Baile Átha Cliath chun an ceolchoirm Rihanna a fheiceáil. . .
Fuaireamar bus suas go luath ar maidin agus mar sin. . . Mo pháirt is fearr. . .
Chuamar ag siopadóireacht!
Ní raibh a lán am againn agus mar sin, chuamar go dtí an iondad siopadóireachta i nDún Droma. .
Bhí sé go hiontach!. . .

Bhí sé mo chéad uair sa siopa "Hollister" ann agus sin an áit a cheannaigh mé an is mó. .

Bhí an siopa go hálainn ach an- dorcha!. . .
An raibh tú ann riomh?
An maith leat "Hollister"?

Is breá liom éadaí "Hollister" go háirithe na bríste reatha atá ar dhíol ann.
Is é an ceann i nDún Droma an ceann aonaire agus mar sin, is é an ionad siopadóireachta i nDún Droma áit an- mhaith chun cuirt.

Ansin, chuamar go dtí an siopa bréagáin "Hamleys" agus chonaic mé an sioraf do mo bhrionglóidí. . . Ba bhreá liom é ach ní cheapaim go bhfuil an spás agam i mo theach. . .
Agus bhí fadhb amháin eile chomh maith. . .
An praghas!! 4655 euro. . ach b'fhéidir más buaíonn mo
mham an crannchur ceannóidh sí é liom!

Ach fós, bhí a lán rudaí eile ann gan praghas is daora ná an sioraf sin. . .

Níor fuair mé seans chun dul go dtí a lán siopaí ach is iad seo cúpla de na siopaí eile atá ann b'fhéidir le haghaidh déagóirí. . .
Accessorize, Awear, Bershka, Cath Kidston, French Connection,
Fields, GAP, H&M, Inglot, Penneys, River Island, Schuh, Zara agus
a lán cinn eile.

Chomh maith le sin, tá monarcha "Build- A- Bear". . . an gleoite ar fad.
Is féidir leat do theidí féin a dhéanamh. . .
Cliceáil anseo chun an suíomh a fheiceáil.
Ansin. . . go dtí an O2 le haghaidh an ceolchoirm. . .
Bhíomar sa dhara ró agus mar sin bhí amharc an- mhaith againn.

Is é seo físeán amháin a thóg mé nuair a bhí mé ann.
Bhí Rihanna go hiontach agus d'fhéach sí go hálainn i ngach feisteas a chaith sí.
Ní é seo an ceann i mBaile Átha Cliath ach chaith sí na héadaí seo le haghaidh cúpla de na amhráin.
Bhí an O2 dubh le daoine agus bhí atmaisféar iontach ann.

An mbeidh tú ag dul go dtí aon ceolchoirmeacha eile an bhliain seo?

Beidh "The Wanted" san O2 i Márta agus beidh mé ann. . mar sin táim ar bís.

Slán, x.

Saturday, October 29, 2011

Briseadh Lár Téarma


Dia dhaoibh Sionnainn anseo,
Fuaireamar ár mBriseadh Lár Téarma ar an Aoine.
Tá seachtain gan scoil againn. . . ach nuair a shroicimid ar áis, beidh scrudaithe againn :(

Níl aon scoil againn agus mar sin, is féidir linn aon rud a dhéanamh!




Chun tús a chuir leis an mbriseadh, ar maidin, chuir mé vearnais inge ar m'inge.
Níl cead againn é a chaitheamh ar scoil agus mar sin chuir mé an vearnais ar m'inge i bpatrún cló liopard.


Más téann tú ar áis go dtí an dara phost a bhí ar an mblag, feicfidh tú conas d'inge féin a dhéanamh mar seo.
Tá sé níos éasca ná a fheiceann sé!


Ba bhreá liom é más raibh m'inge níos fhada ach níleann siad. . tá siad ghearr :(


Cheannaigh mo mham an rud seo dom ach, fós ithim m'inge nuair atá mé ag caitheamh an vearnais sin.
Tá blas uafásach ag an rud seo ach táim ábalta cópáil leis.
An bhfuil aon moltaí agaibh?.. Con
as b'fhéidir liom stop a chur leis..?

Ach, táimid in ann a lán rudaí eile a dhéanamh i rith an briseadh lár téarma chomh maith. . .
Beimid in ann píosa smideadh a chaitheamh i rith an lae agus chomh maith le sin, ní bheidh aon éide scoile againn le haghaidh seachtain ar fad!


Is é seo an mála a coimeadaim mo smideadh nuair atá mé ag dul amach mar tá sé beag.
Cheannaigh mé an mála seo i River Island i rith an tsamhraidh le haghaidh 23.50euro.
Tá cló liopard ar agus tá sé an mhaith nuair atá mé ag dul ar laethanta saoire nó fanacht thar oíche chun mo sheodora agus mo smideadh a choinneáil.

Ach, sa bhaile, úsáidim an mála seo le haghaidh mo scuab gruaige, cumhrán, smideadh agus rudaí mar sin.




Tá sé áisiúil chun mála bheag agus mála mór a úsáid. . . mar ansin, nuair atá tú ag dul aon áit, ní chaillfidh do smideadh. . .
Ach. . bí cuaramach, táimid fós óg agus mar sin, ní b'fhearr linn a bheith ag caitheamh a lán smideadh ach tá beagáinín ceart go lóir!

I rith an briseadh lár téarma, beidh níos mó ama againn chun ár ngruaig a dhéanamh.
Seo iad na rudaí a úsáidim chun mo ghruaig a dhéanamh go deas.


Is cuma liom faoi cén sort triomadóir gruaige a úsáidim ach caithfidh a bheith díritheoir gruaige maith agam mar tá gruaig ramhar agam.
Tá GHD agam. . ceapaim go bhfuil an díritheoir sin an ceann is mó réilimh.



Agus ansin, má thá mé ag súil le ghruaig casta, úsáidim trilseacháin "Mary Kate & Ashley".
Tá an ceann seo an mhaith agus tar éis é a úsáid, bíonn mo ghruaig mar seo




Ach, má tá tú ag úsáid trilseacháin, bí cinnte chun sprae gruaige a chur isteach chomh maith.

Chomh maith le sin, beimid in ann dul go dtí an Chorrán agus an sraidbhaile agus airgead a chaitheamh.
Sa phictiúr seo, níor rinne mé ach na hinisealacha "P" le haghaidh "Paisean", "L" le haghaidh "Le", "H" le haghaidh "hAghaidh" agus "F" le haghaidh "Faisean"..
Paisean le hAghaidh Faisean.



Ná déán dearmad faoi ár ríomhphost: paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com
Má thá aon ceisteanna nó moltaí agat, seol iad dúinn agus cuirfimid cabhair duit.
Má thá aon fadhbanna agat faoi faisean agus má thá tú ag lorg freagra, is féidir leat r-phost a sheol dúinn. . .



Agus chomh maith, ár leathanach "Facebook."
Is féidir leat an leathanach seo a "like" agus beidh tú in ann an eolas faoi na rudaí is déanaí atá suas ar an mblag a fheiceáíl.

I rith an briseadh lár téarma, beimid in ann smideadh a chaitheamh agus rudaí eile mar sin a dhéanamh. . ach caithimid cuimhneamh go mbeidh scrudaithe againn nuair a sroichimid ar áis agus staidéar a dhéanamh.

Beidh mise ag déanamh staidéar ar scoil i rith an tseachtain. . . cad faoi tusa?

Tá súil agam go mbaineann tú taitneamh as na laethanta. . . :-)
Slán.

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com