Showing posts with label dunnes. Show all posts
Showing posts with label dunnes. Show all posts

Saturday, August 31, 2013

Siopadóireacht an Sathairn

Dia daoibh Sionainn anseo, 

Chuas go dtí an sráidbhaile inniu le mo mháthair, mo dheirfiúr agus mo neacht. Bhí cúpla rud le ceannach acu. Ní raibh aon rud an-tábhachtach le ceannach agam i ndáiríre ach cósúil le gach uair eile a bhím sa sráidbhaile, bíonn mo shúile ar rud éigin agam. Seo iad na rudaí a cheannaigh nó a roghnaigh mé ann. 

 Táim i ngrá leis an seacláid te seo as Aldi. Is dóigh liom go gcosaíonn sé €1.50 nó rud mar sin é. Deireann an pacáistiú é a dhéanamh le huisce ach is fearr liom bainne a úsáid. Seo an ceann normálta a cheannaíomar inniu ach is féidir ceann eile a cheannach le miontas (mint) más mian leat- tá an dá ceann an-bhlasta. Ar ndóigh ní bheadh seacláid te seacláid te muna raibh leamhacháin (marshmallows) in éineacht leis. Cheannaíomar iad seo sa siopa Dealz. 

 Chuamar go dtí an margadh agus tar éis féachaint timpeall, bheartaigh mé go gceannóimis cáis- Brie a bhí €2.00 agus cáis cheadair éigin a bhí €4.60 don phíosa a ghearr an fear dúinn. Taitníonn chorizo go mór liom freisin agus comh maith le sin, bíonn sú úill ar dhíol ann gach seachtain a cheannaíomar freisin. 

 Chuamar isteach go dtí "Shoe Rack" mar go raibh péire Converse á cheannach ag mo dheirfiúr do mo neacht agus níor chreid mé é nuair a chonaic mé síniú ag rá go raibh an seodra ar fad ann síos go euro amháin. Gan dabht, ní rabhas chun an siopa a fhágáil le lámha folmha- phioc mé cúig bhráisléad agus fáinní cluaise agus níor chostaigh siad ach €6 san iomlán- dochreidte! Ba cheart go gcostódh siad níos mó ná fiche euro.

 Bhí cásanna iFón ar dhíol sa siopa céanna don phraghas céanna- €1. Bhí na dathanna pastal go léir ann agus sa deireadh, roghnaigh mé ceann corcra.

 Fuair mé iad seo sa siopa Dealz le haghaidh €1.49- dhá "Document Wallets". Bhí cinn eile ann agus fuair tú sé fhillteáin don phraghas céanna ach ní raibh mórán ag teastáíl uaim agus bhí caighdeán níos fearr ag na cinn seo. 

 Cheannaigh mé iad seo sa siopa Dunnes ar Bhóthar Childers. Is luiteoga agus cíochbhirt spóirt iad. Tá luiteoga dubha agam anseo sa bhaile ach chonaic mé iad seo an uair dheireanach a bhíos i Dunnes agus thaithin na dathanna go mór liom go háirithe go bhfuil dath corcra agus oráiste ar mo bhróga reatha. Ceapaim go dtugann éadaí nua inspreagadh duit níos mó aclaíochta a dhéanamh freisin. 

Sin iad na rudaí aonracha suimiúile a cheannach mé- bhí sé go deas siúl timpeall na sráidbhaile go háirithe an margadh. 

Cén plean atá agat don deireadh seachtaine? 

Sionainn, x.


Saturday, January 26, 2013

Margaí na Seachtaine

Dia daoibh Sionainn anseo, 

Nuair a cheannaím éagaí, bróga agus rudaí eile i ginearálta, íocaim an praghas go léir astu ach i rith na seachaine, n'fheadar cén fáth go raibh praghsanna gearrtha síos ach ba margaí iad lán na rudaí sa ghriangraf- bléasar, bróga sál ard, donnú bréige agus mála. 

Tháinig mo dheirfiúr abhaile ag tús na seachtaine tar éis a lán airgid a chaitheamh sa siopa Penneys agus ba é amháin dos na píosaí a cheannaigh sí ná bléasar ann. Ba dath turcaid é- idir gorm agus glas. Roimh aon phraghas a fháil amach, cheapas go raibh sé go hálainn mar nach raibh sé mar bhléasar oibre, bhí sé oiriúnach do dhaoine óga agus daoine fásta ag dul amach san oíche. Ansin d'inis sí dom go raibh sé €17 ach go raibh sé tar éis dul síos go dtí €7. Bhí sí chun ceann a cheannach dom freisin ach ní raibh sí cinnte faoin dath ach nuair a bhíothas ann níos déanaí sa seachtain, bhí cúpla cinn fágtha agus phioc mé. Má chaithim é dhá nó trí uair beidh mé sásta mar nár íoc mé ach €7 leis ach ceapaim go mbeidh sé á chaitheamh agam níos mó ná sin mar go bhfuil cruth álainn ar. 

Ansin, fuair mé an mála ann ar an lá céanna- €3 a d'íoc mé as! Is dóigh liom go raibh sé seacht nó ocht euro roimh dul ar saor- reic. Tá sórt dath béasa nó liath ar agus ansin, tá píosa "óir" ar freisin. Bíonn málaí "clutch" fiorfe chun do riachtanais (necessities) go léir a choimeád nuair a bhíonn tú ag freastal ar chóisir nó áit éigin mar sin. Ní bheadh ionadh orm má tá siad fós ann mar go raibh bosca mór leo an lá a bhí mé sa siopa sa sráidbhaile. 

Bhí bróga á lorg agam do ghradúchán mo dheirfiúr ar an Máirt agus tháinig mo mham abhaile ón siopa Dunnes le péire álainn. Tá cúpla péire bróga sál ard agam atá dubh ach gach aon phéire acu, tá tú in ann mo bharraicíní a fheiceáil. Bheadh riteoga á chaitheamh agam agus mar sin, ní bheadh mé in ann aon dos na péirí sin a chaitheamh. Níor íoc mo mham ach €8 don phéire seo- is dóigh liom go raibh siad €22 sa chéad áit- péire bróga sál ard le cuachóg (bow) deas- conas gur féidir liom gearán a dhéanamh faoi. Ba margadh iontach iad agus bhí siad fiorfe don ócáid. 



Is é an rud deireannach ann ná an donnú bréige- go dtí seo chaith mé donnú bréige Sally Hansen ach nuair a bhíothas sa chógaslann DocMorris sa sráidbhaile, chonaic mé an donnú bréige seo "Wow Brown". Bhíothas tar éis tuairmí a chloisteáil ar an donnú bréige seo agus is maith is cuimhin liom go ndúirt cailín amháin gur íoc sí fiche euro as an t-am ar fad agus gur cheap sí gurbh fiú é. Tá cógaslanna DocMorris suite timpeall na tíre agus bíonn tairiscintí (offers) iontacha acu an t-am ar fad. Bhí an donnú bréige laghdaithe ó €22.90 go dtí €10.45. Bhí gá orm é a cheannach chun triail a bhaint as. Chaith mé é don ghradúchán agus bhí sé fiorfe. Níor bhraith sé mar go raibh donnú bréige á chaitheamh agam ar aon nós- níor bhraith sé trom ar mo chraiceann nó aon rud mar sin. Comh maith, bhí bléasar uachtar á chaitheamh agam agus ní bhfuair mé spota amháin donnú bréige ar an mbléasar. B'fhéidir go ndéanfaidh mé léirmheas ar níos déanaí. 

Ba é m'iomlán ná €28.45 ach muna raibh praghsanna na rudaí seo gearrtha síos, ba íocfainn €66.90 as na rudaí go léir. 

Inis dom faoin margadh is fearr a cheannaigh tú ríomh... 

Le grá, Sionainn. 


Sunday, August 26, 2012

Réimse Nua Ag Essence

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Nuair a bhíothas i gCo. Chiarraí chonaic mé seasamh Essence i siopa éigin. 
Rinne mé dearmad go mbeadh bailiúchán nua ag teacht isteach i gcomhair an Fómhair/ an Geimhreadh. 
Tá sé sna siopaí anois. 
Cheap mé nach mbeadh ach na dathanna ag athrú ach tá buidéil eile ag Essence anois freisin. 
Coimeádann na buidéil seo 8ml agus mar sin tá siad níos daora ná na cinn sean. Ní raibh ach 5ml i ngach buidéal eile sa bhailiúchán sean. 
Táim beagnach cinnte go bhfuil na cinn seo 1.79euro. Ní raibh na cinn eile ach 1.29euro mar nár choimeád siad an méid céanna. Cheannaigh mé trí bhuidéal- "111 English Rose", "125 Absolutely Blue" agus "140 Go Bold!". 
Is aoibhinn liom an cruth atá ag na buidéil nua. Is buidéil éagsúla iad anois mar go raibh a lán brandaí eile leis an sórt buidéal céanna a bhí ag Essence. Seo é an difríocht idir an buidéal sean agus an buidéal nua. 
Níor iarr mé lán iad fós. Is é an ceann aonaire a chur mé ar m'ingne go dtí seo ná an ceann "111 English Rose". Bhíothas an- sásta leis. Bhí sé éasca é a chur ar m'ingne mar go raibh gach cóta an- mhín. Bhí m'ingne tirim go tapa agus thaitin an dath go mór liom. Táim an- sásta leis an mbailiúchán nua seo. Ní úsáidim aon rud eile ón mbranda Essence seachas le vearnais ingne ach tá lán rudaí nua ag teacht isteach. 


Tá sé go hiontach go bhfuil vearnais ingne nua tar éis teacht amach, ach beimid ar ais ar scoil go luath agus ní bheidh an seans céanna againn é a chaitheamh.

An gcaitheann tú vearnais ingne an t-am ar fad? 


Thursday, August 9, 2012

Faisean ag Campáil

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Beidh mé ag dul ag campáil i Mí Mheán Fómhair don cheathrú uair agus caithfidh mé ullmhú leis go luath. 
Bhíothas sa siopa Dunnes inniu agus chonaic mé na stocaí seo i gcomhair buataisí rubair (wellingtons). 
Is stocaí speisialta, an- tiubh agus compórdach iad seo a thagann suas go dtí do ghlúine. 

Is féidir leat dhá phéire a cheannach i gcomhair cúig euro. 
Fós, caithfidh mé buataisí rubair nua a cheannach. Níl a fhios agam cá gceannóidh mé iad ach ba mhaith liom péire deas le patrún álainn. Ba bhreá liom péire buataisí rubair "Hunter". Is féidir iad a cheannach sa siopa "Schuh" ach nuair a théim ag campáil uair amháin gach bliain, ní cheapaim go mbeadh fiú iad mar go mbeadh siad costasach. B'fhearr liom péire bróga eile a cheannach don phraghas sin. 

An raibh tú ag campáil ríomh? Ar bhain tú taitneamh as? 


Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com