Showing posts with label saor. Show all posts
Showing posts with label saor. Show all posts

Tuesday, September 4, 2012

Síneacha Nua Ag Paisean le hAghaidh Faisin

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Nuair a bhíothas sa Ghaillimh ar an Déardaoin, chuas go dtí siopa in  ionad siopadóireachta an Fhaiche Mhór (Eyre Square) agus cheannaigh mé cúpla síne. Ní rabhas in ann iad a fheiceáil an lá sin mar nach raibh siad críochnaithe ach thug mé m'ordú don chailín sa siopa agus dúirt sí go mbeadh siad in ann na síneacha a sheoladh chugam. Bhí siad ag fanacht liom nuair a shroich mé ar ais ó scoil. Ceapaim go bhfuil siad go deas- scríbhneoireacht corcra agus imlíne (border) bán dearg. 
Ní chosnaíonn na sínithe seo ach ceithre euro. Is féidir leat cinn eile a cheannach i gcomhair dhá euro agus ansin, cinn eile i gcomhair fiche cúig euro. D'fhan mé le na cinn seo. Níl siad ró mhór nó ró bheag. B'fhéidir go bhfeicfidh sibh ceann timpeall na scoile i gcúpla lá. 

An dtaitníonn na sínithe leat?


Monday, September 3, 2012

Slí Níos Saibhre Chun d'Fháinne Cluaise a Choimeád Néata

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Is féidir leat seastáin a cheannach sna siopaí chun d'fháinne cluaise a choimeád néata ach i ndáiríre, bíonn siad beagáinín costasach. 
Bhíothas ag smaoineamh ar conas go mbeadh tú in ann do sheastán féin a chruthú le rudaí a bhíonn ag gach duine sa bhaile agus seo an smaoineamh a bhí agam.... 

Is iad na rudaí a chaithfidh tú bheith agat ná páipéar beartán (wrapping paper), téip agus claibín (lid) as bosca bróige. Ceapaim go bhfuil iad sin ag gach duine, nach bhfuil? 
Ansin, cur an páipéar beartán ar an gclaibín ag úsáid an téip cósúil le brontannas. Is féidir leat aon sórt páipéar beartán a úsáid... Ceann a théann go maith le na dathanna atá i do sheomra codlata, pátrún deas nó dath pléineáilte. 
Ansin, úsáid fáinne cluaise sean nó biorán (needle) chun poill a dhéanamh sa chlaibín. 
Ansin, beidh tú in ann lán d'fháinne cluaise a chur isteach agus an claibín a chur ar do bhalla i do sheomra codlata. 
Is aoibhinn liom an ceann seo atá agam as "Claires" agus molaim do gach duine ceann dos na cinn seo a cheannach má tá fonn oraibh airgead a chaitheamh ar sheastán ach is é ailtéarnacht eile níos saibhre ná sin ná chun amháin dos na cinn seo a chruthú. 

Cad a úsáideann tusa chun d'fháinne cluaise a choimeád néata?







Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com