Showing posts with label converse. Show all posts
Showing posts with label converse. Show all posts

Saturday, August 31, 2013

Siopadóireacht an Sathairn

Dia daoibh Sionainn anseo, 

Chuas go dtí an sráidbhaile inniu le mo mháthair, mo dheirfiúr agus mo neacht. Bhí cúpla rud le ceannach acu. Ní raibh aon rud an-tábhachtach le ceannach agam i ndáiríre ach cósúil le gach uair eile a bhím sa sráidbhaile, bíonn mo shúile ar rud éigin agam. Seo iad na rudaí a cheannaigh nó a roghnaigh mé ann. 

 Táim i ngrá leis an seacláid te seo as Aldi. Is dóigh liom go gcosaíonn sé €1.50 nó rud mar sin é. Deireann an pacáistiú é a dhéanamh le huisce ach is fearr liom bainne a úsáid. Seo an ceann normálta a cheannaíomar inniu ach is féidir ceann eile a cheannach le miontas (mint) más mian leat- tá an dá ceann an-bhlasta. Ar ndóigh ní bheadh seacláid te seacláid te muna raibh leamhacháin (marshmallows) in éineacht leis. Cheannaíomar iad seo sa siopa Dealz. 

 Chuamar go dtí an margadh agus tar éis féachaint timpeall, bheartaigh mé go gceannóimis cáis- Brie a bhí €2.00 agus cáis cheadair éigin a bhí €4.60 don phíosa a ghearr an fear dúinn. Taitníonn chorizo go mór liom freisin agus comh maith le sin, bíonn sú úill ar dhíol ann gach seachtain a cheannaíomar freisin. 

 Chuamar isteach go dtí "Shoe Rack" mar go raibh péire Converse á cheannach ag mo dheirfiúr do mo neacht agus níor chreid mé é nuair a chonaic mé síniú ag rá go raibh an seodra ar fad ann síos go euro amháin. Gan dabht, ní rabhas chun an siopa a fhágáil le lámha folmha- phioc mé cúig bhráisléad agus fáinní cluaise agus níor chostaigh siad ach €6 san iomlán- dochreidte! Ba cheart go gcostódh siad níos mó ná fiche euro.

 Bhí cásanna iFón ar dhíol sa siopa céanna don phraghas céanna- €1. Bhí na dathanna pastal go léir ann agus sa deireadh, roghnaigh mé ceann corcra.

 Fuair mé iad seo sa siopa Dealz le haghaidh €1.49- dhá "Document Wallets". Bhí cinn eile ann agus fuair tú sé fhillteáin don phraghas céanna ach ní raibh mórán ag teastáíl uaim agus bhí caighdeán níos fearr ag na cinn seo. 

 Cheannaigh mé iad seo sa siopa Dunnes ar Bhóthar Childers. Is luiteoga agus cíochbhirt spóirt iad. Tá luiteoga dubha agam anseo sa bhaile ach chonaic mé iad seo an uair dheireanach a bhíos i Dunnes agus thaithin na dathanna go mór liom go háirithe go bhfuil dath corcra agus oráiste ar mo bhróga reatha. Ceapaim go dtugann éadaí nua inspreagadh duit níos mó aclaíochta a dhéanamh freisin. 

Sin iad na rudaí aonracha suimiúile a cheannach mé- bhí sé go deas siúl timpeall na sráidbhaile go háirithe an margadh. 

Cén plean atá agat don deireadh seachtaine? 

Sionainn, x.


Saturday, September 1, 2012

Is Féidir "Converse" A Chaitheamh Áit Éigin Eile Ná Ar Do Chosa

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

D'aimsigh mé paicéad ingne bréige a fuair mé saor in aisce in éineacht leis an irisleabhar "Bliss". 
Mar nach rabhas in ann vearnais ingne a chaitheamh cé go raibh scoil agam, bhain mé triail as "Converse" a chur ar n'ingne seo ag úsáid mo vearnais ingne "Art Club" a cheannaigh mé i TK Maxx. Is iad na dathanna aonaire a úsáid mé ná dubh, bán agus airgead. 

Is é an chéad céim ná chun dubh a chur ar trí cheathrú (3/4) do d'ingne ag fágáil an cheathrú deireanach gan aon dath go dtí go bhfuil an dubh tirim. 
Nuair atá an vearnais ingne dubh tirim, beidh tú in ann an ceann bán a úsáid chun é a chur ar an gceathrú eile.
Bí cinnte go bhfuil tú ag tabhairt ama do d'ingne triomú tar éis gach céim mar nach mbeidh tú ag súil go mbeidh na dathanna ag rith le chéíle. 

Tar éis sin, úsáid an vearnais ingne bán arís chun sé phonc a chur ar gach ionga, trí ar an gclé agus trí ar an deis.

Nuair atá na poinc tirim, is é an chéad rud eile a chaithfidh tú déanamh ná línte cothrománach (horizontal) agus línte trasnánach (diagonal) a chur idir na poinc cósúil le lásaí i do bhróga. Ceapaim go bhfuil é seo an páirt is deacra. Bí cinnte nach bhfuil a lán vearnais ar an scuab chun na línte a choimeád tanaí.

Ansin, cur sé phonc i lár gach ponc bá ach bí cinnte nach mbíonn siad comh mór ná na cinn atá déanta leis an vearnais ingne bán. 

Más maith leat, is féidir leat dath airgead a chur ar lán na poinc mar go mbíonn an dath sin ag na rudaí sin ar "Converse" i gcónaí.

Is é an céim amháin deireanach ná chun an vearnais ingne dubh a úsáid chun dul timpeall an vearnais ingne bán.

Má bhaineann tú triail as aon dos n'ingne a dhéanamh agus a chuirim suas ar Paisean le hAghaidh Faisin, tóg grianghraf agus seol é dom ag paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com.

An dtaitníonn bróga "Converse" leat? 








Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com