Showing posts with label Penneys. Show all posts
Showing posts with label Penneys. Show all posts

Sunday, October 20, 2013

Geansaithe na Nollag

Dia daoibh Sionainn anseo, 

Fad is a bhí mé amuigh ag siopadóireacht i rith na deireadh seachtaine, chonaic mé go raibh geansaithe na Nollag ar dhíol. An bhliain seo caite, níor cheannaigh mé ceann nuair a tháinig siad amach ar sheilfeanna na siopaí- níor bheartaigh mé go raibh geansaí uaim go dtí nach raibh ach cúpla lá fágtha go dtí lá na Nollag. Bhíodar go léir imithe seachas le cúpla cinn ins na siopaí nach bhfuil comh saor ná Penneys, Dunnes isrl. Ní rabhas chun €35 a chaitheamh ar gheansaí muinéal cruinn a chaithfinn uair amháin nó dhó! Le 65 lá fágtha go dtí lá na Nollag, bhíothas cinnte go bhféadfainn ceann a aimsiú!

D'aimsigh mé rud a thaithin go mór liom i Penneys. Ní thaitníonn geansaithe muinéal cruinn go mór liom i ginearálta, mar sin, nuair a chonaic mé cairdeagan gur féidir liom a cheannach in ionad geansaí, bhíothas sona sásta! Smaoinigh mé go gcaithfinn cairdeagan níos mó ná a chaithfinn geansaí agus go bhféadfainn an cairdeagan a chur le níos mó. Is é €16 an praghas a bhí ar- margadh an-mhaith i mo thuairim. 

Is iad dearg, dúghorm agus uachtar na dathanna atá ar agus tá réimse patrúin ar- réinfhianna, croíthe agus straidhpeanna. Cheap mé go mbraithfeadh an olann beagáinín míchompórdach ach ní raibh an ceart agam- braitheann sé an-chompórdach ar mo chuid craicne. 

Má tá geansaí nó cairdeagan uait, ná fág é go dtí go mbeidh siad imithe nó go dtí nach mbeidh tú in ann ceann ar phraghas réasúnta nó ceann a thaitníonn leat a fháil.
An mbeidh geansaí nó cairdeagan á cheannach agat i mbliana? 

Sionainn, x. 


Saturday, January 26, 2013

Margaí na Seachtaine

Dia daoibh Sionainn anseo, 

Nuair a cheannaím éagaí, bróga agus rudaí eile i ginearálta, íocaim an praghas go léir astu ach i rith na seachaine, n'fheadar cén fáth go raibh praghsanna gearrtha síos ach ba margaí iad lán na rudaí sa ghriangraf- bléasar, bróga sál ard, donnú bréige agus mála. 

Tháinig mo dheirfiúr abhaile ag tús na seachtaine tar éis a lán airgid a chaitheamh sa siopa Penneys agus ba é amháin dos na píosaí a cheannaigh sí ná bléasar ann. Ba dath turcaid é- idir gorm agus glas. Roimh aon phraghas a fháil amach, cheapas go raibh sé go hálainn mar nach raibh sé mar bhléasar oibre, bhí sé oiriúnach do dhaoine óga agus daoine fásta ag dul amach san oíche. Ansin d'inis sí dom go raibh sé €17 ach go raibh sé tar éis dul síos go dtí €7. Bhí sí chun ceann a cheannach dom freisin ach ní raibh sí cinnte faoin dath ach nuair a bhíothas ann níos déanaí sa seachtain, bhí cúpla cinn fágtha agus phioc mé. Má chaithim é dhá nó trí uair beidh mé sásta mar nár íoc mé ach €7 leis ach ceapaim go mbeidh sé á chaitheamh agam níos mó ná sin mar go bhfuil cruth álainn ar. 

Ansin, fuair mé an mála ann ar an lá céanna- €3 a d'íoc mé as! Is dóigh liom go raibh sé seacht nó ocht euro roimh dul ar saor- reic. Tá sórt dath béasa nó liath ar agus ansin, tá píosa "óir" ar freisin. Bíonn málaí "clutch" fiorfe chun do riachtanais (necessities) go léir a choimeád nuair a bhíonn tú ag freastal ar chóisir nó áit éigin mar sin. Ní bheadh ionadh orm má tá siad fós ann mar go raibh bosca mór leo an lá a bhí mé sa siopa sa sráidbhaile. 

Bhí bróga á lorg agam do ghradúchán mo dheirfiúr ar an Máirt agus tháinig mo mham abhaile ón siopa Dunnes le péire álainn. Tá cúpla péire bróga sál ard agam atá dubh ach gach aon phéire acu, tá tú in ann mo bharraicíní a fheiceáil. Bheadh riteoga á chaitheamh agam agus mar sin, ní bheadh mé in ann aon dos na péirí sin a chaitheamh. Níor íoc mo mham ach €8 don phéire seo- is dóigh liom go raibh siad €22 sa chéad áit- péire bróga sál ard le cuachóg (bow) deas- conas gur féidir liom gearán a dhéanamh faoi. Ba margadh iontach iad agus bhí siad fiorfe don ócáid. 



Is é an rud deireannach ann ná an donnú bréige- go dtí seo chaith mé donnú bréige Sally Hansen ach nuair a bhíothas sa chógaslann DocMorris sa sráidbhaile, chonaic mé an donnú bréige seo "Wow Brown". Bhíothas tar éis tuairmí a chloisteáil ar an donnú bréige seo agus is maith is cuimhin liom go ndúirt cailín amháin gur íoc sí fiche euro as an t-am ar fad agus gur cheap sí gurbh fiú é. Tá cógaslanna DocMorris suite timpeall na tíre agus bíonn tairiscintí (offers) iontacha acu an t-am ar fad. Bhí an donnú bréige laghdaithe ó €22.90 go dtí €10.45. Bhí gá orm é a cheannach chun triail a bhaint as. Chaith mé é don ghradúchán agus bhí sé fiorfe. Níor bhraith sé mar go raibh donnú bréige á chaitheamh agam ar aon nós- níor bhraith sé trom ar mo chraiceann nó aon rud mar sin. Comh maith, bhí bléasar uachtar á chaitheamh agam agus ní bhfuair mé spota amháin donnú bréige ar an mbléasar. B'fhéidir go ndéanfaidh mé léirmheas ar níos déanaí. 

Ba é m'iomlán ná €28.45 ach muna raibh praghsanna na rudaí seo gearrtha síos, ba íocfainn €66.90 as na rudaí go léir. 

Inis dom faoin margadh is fearr a cheannaigh tú ríomh... 

Le grá, Sionainn. 


Sunday, October 7, 2012

Bioráin Dúnta

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Nuair a bhíothas i gCeapach na gCapall, chonaic mé amháin dos na cailíní ag caitheamh geansaí álainn. 
Cheap mé go raibh sí tar éis é a cheannach i siopa cósúil le River Island nó Topshop- siopa costasach. D'fhéach sé an- uathúil agus mar sin, níor smaoinigh mé i gcomhair aon nóiméad amháin go raibh sí tar éis geansaí pléineáilte a athrú go dtí an geansaí álainn seo. Brón orm nach bhfuil an grianghraif ró mhaith. 

Má fhéachann tú ar a guaillí, feicfidh tú go bhfuil bioráin dúnta (safety pins) ann. D'inis sí dom gur cheannaigh sí geansaí liath pléineáilte sa siopa Penneys i gcomhair 11euro agus ansin gur smaoinigh sí ar é a ghléasadh suas le bioráin dúnta ar na guaillí. Chur sí iad ar na guaillí in áiteanna randamacha.  Bhí gach duine craiceáílte faoi. Cheapamar gurbh smaoineamh iontach é. Bhí sé níos fearr mar gur cheap gach duine gurbh geansaí costasach ach i ndáíríre, bhí sí tar éis jab DFÉ (DIY- Déan Féin É) a dhéanamh ar. 

Ar chonaic tú aon rud mar sin ríomh? Ar athraigh tú aon éadaí cósúil le seo ríomh? 


Friday, September 21, 2012

Cúram Cos sa Siopa "Penneys"

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Tá réimse cúram cos (footcare) amach sa siopa "Penneys". Tá gach rud ann chun cabhrú leat le aon fhadhbanna a bhíonn agat le do bhróga. Fiú amháin go raibh a lán rudaí éagsúla le ceannach, níor cheannaigh mé ach ceann amháin. Bhí ráille ann le rudaí éagsúla a dhéanann obair difriúila ar do chosa. 
Tá praghas difriúil ag gach sórt rud. Ceapaim go dtéann siad ó euro amháin caoga go dtí trí nó ceithre euro. Ní bhíonn daoine ag caint faoi fhadhbanna cosa go minic ach tá cabhair saor le fáil sa siopa seo. 

Is é an rud a cheannaigh mise ná péirí cuisíní. Uaireanta, caithim pumpaí agus ní bhíonn sála ró mhaith acu. 
Is féidir leat iad seo a cheannach i gcomhair 3 euro, cósúil le boinn istigh (insoles) ach tá cuisíní sa áit ina mbíonn do shála agus cuisíní eile san áit ina mbíonn liathróidí do chosa (balls of feet). Tá taobh amháin greamaitheach (sticky) agus mar sin, bíonn tú in ann iad a chur isteach i bpéire bróga. 

Comh maith le sin, tá rudaí le ceannach ann chun cabhrú le cloig (blisters), bróga sál ard agus fadhbanna eile a bhíonn ag daoine lena gcosa chun ár saoil a dhéanamh níos compordaí. 

Ar chonaic tú an réimse nua seo? An úsáideann tú aon rud chun do chosa a choimeád sláintiúil? 




Wednesday, September 19, 2012

Ingne "imPRESS"

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Bhíothas sa siopa Penneys sa chorrán ar an Luain agus bheartaigh mé go raibh sé in am péire dos n'ingne bréige "imPRESS" a cheannach. Cheannaigh mé n'ingne atá ar dhíol ann i gcomhair 1.50euro cúpla uair ach bhí fonn orm an t-am ar fad triail a bhaint as na cinn eile. Cosaíonn na cinn seo níos mó ná na cinn eile ach úsáideann tú slí eile chun na cinn seo a chur ar d'ingne. Ná bígí buartha... Níor chaith mé na cinn seo fós! Cheannaigh mé iad mar go mbíonn cóisir ag na "Brownies" gach Oíche Shamhna agus b'fhéidir go gcaithfidh mé iad seo an Chéadaoin sin. 

Tá an slí luaite san ainm "imPRESS". Ní úsáideann tú gliú chun na cinn seo a chur ort, ní chaitheann tú ach iad a bhrú síos ar d'ingne agus fanann siad ar d'ingne. Bíonn sórt greamán ar an taobh eile. Nuair a thógann tú an greamán as an ionga, bíonn siad greamaitheach (sticky) ansin. Sin conas mar a oibríonn siad. 
Tá an- chuid dathanna agus pátrúin le ceannach. Cosaíonn siad ocht euro. Thóg mé ceann amach ón bpaicéad agus cheapas gur bhraith sé an- láidir. Súil agam go n-óibreoidh siad go maith ach ní bheidh siad á úsáid agam go dtí Mí Dheireadh Fómhair. 

Ar bhain tú triail as n'ingne seo? Inis dom faoi na rudaí a chuala tú faoi n'ingne... 



Monday, August 27, 2012

Cad A Cheannaigh Mé...

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Comh maith leis an vearnais ingne Essence agus an seit as TX Maxx, cheannaigh mé cúpla rud eile i dTrá Lí. 
Ní raibh a lán ama againn chun dul ag siopadóireacht mar go raibh rudaí eile á dhéanamh againn ach d'áitigh mé (I insisted) go rabhamar chun beagáinín siopadóireacht a dhéanamh i rith na seachtaine. 
D'inis mé dom féin nach rabhas chun aon éadaí ócáideach (casual) a cheannach mar go bhfuil go leor agam. 

D'fhan mé leis an bplean sin agus is iad na héadaí aonaire a cheannaigh mé ná na gúnaí seo. Ní héadaí ócáideach iad agus nuair a chonaic mé an siopa, bhí gá orm dul isteach. Is é an t-ainm a bhí ar an siopa ná "Bazaar" ach is é an t-ainm a bhí ar an mála a fuair mé sa siopa ná "Shindig". Ceapaim go úsáideann siad an dá ceann. Tá an siopa suite ar 17 Sráid an Ruiséalaigh, Trá Lí. Ní raibh aon ghúnai a chonaic mé sa siopa seo le feiceáil i Luimneach agus fiú amháin go raibh cúpla cinn beagáinín daor, bhí cúpla cinn eile saor. 
Is é an branda atá ar na gúnaí seo ná "Motel Rocks". Is féidir leat dul ar an suíomh seo agus rudaí a cheannach ón idirlíon freisin. Cliceáil anseo chun é a fheiceáil.

Bhí an ceann ildaite triocha cúig euro agus ní raibh an ceann eile ach cúig déag euro. Bhí an gúna dubh caoga cúig euro sa chéad áit ach bhí sé ar ráille le gúnaí eile a bhí ar lacáiste (reduced). Nuair a bhíonn gúna á lorg agam i Luimneach, ní bhíonn a lán roghanna agam agus an cuid is mó den am, fanaim le ceann dubh ach thaitin na gúnaí seo go mór liom agus anois, tá áthas orm go mbeidh mé ullmhaithe don chéad dioscó eile. 


Ansin sa siopa Penneys, cheannaigh mé paicéad dos na ingne bréige seo. Anois, is féidir leat n'ingne i gcomhair euro amháin caoga a cheannach i ndathanna eile agus i bpátrúin éagsúla. Cheannaigh mé paicéad dearg. Ansin, cheannaigh mé buidéal eile den ola i gcomhair do ghruaig i gcomhair dhá euro caoga mar go bhfuil mo bhuidéal eile imithe. Is aoibhinn liom ag úsáid an ola seo i mo ghruaig tar éis é a ní agus sílim go bhfuil fiú é don phraghas saor sin. An cuid is mó den am, ceannaím na fabhrai bréige (eyelashes) i gcomhair 3.50 sa siopa Penneys ach chonaic mé go raibh fabhraí eile ar dhíol i gcomhair 1.50. Cheannaigh mé iad chun iad a iarraidh. Bhí an gliú a tháinig leis na cinn a bhí níos daora an- mhaith. Mar sin ceapaim go mbeidh seans nach mbeidh an gliú leis an bpéire seo mar  a gcéanna. 

Mar go dtaitníonn sioráif go mór liom, bhí gá orm an ribín marcála seo a cheannach i siopa stáiseanóireachta in ionad siopadóireachta an Mainéar Thiar i gcomhair euro amháin caoga. Nuair a fheicim rud éigin le sioráf air nach bhfuil agam, ní bhíonn mé ábalta é a fhágáil sa siopa muna mbíonn sé an- daor.

Cheannaigh mé an muince seo i gcomhair dhá euro nócha naoi. Tá ceann uachtar agus ceann bán dearg agam atá cósúil leis agus thaitin an ceann seo liom. 

Comh maith leis na rudaí sin, cheannaigh mé clog álainn ach caithfidh mé 12 pictiúr a aimsiú roimh caint faoi. Is clog é le spás chun grianghraif a chur isteach in aice le gach uimhir. Ceapaim go mbeidh sé go deas pictiúir do mé féin, mo chairde agus mo theaghlach a chur isteach ann. Bheadh smaoineamh deas é freisin, ceann lán le grianghraif a thabhairt do dhuine éigin eile mar bhrontannas.

Fuair mé an cuid is mó dos na héadaí a bheidh gá orm bheith agam don turas sciála sa siopa "Landers" ann freisin ach déanfaidh mé post faoi sin níos déanaí sa bhliain nuair atá mé lán ullmhaithe. 

Ar dhein tú a lán siopadóireacht an samhradh seo? 



Sunday, August 26, 2012

Réimse Nua Ag Essence

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Nuair a bhíothas i gCo. Chiarraí chonaic mé seasamh Essence i siopa éigin. 
Rinne mé dearmad go mbeadh bailiúchán nua ag teacht isteach i gcomhair an Fómhair/ an Geimhreadh. 
Tá sé sna siopaí anois. 
Cheap mé nach mbeadh ach na dathanna ag athrú ach tá buidéil eile ag Essence anois freisin. 
Coimeádann na buidéil seo 8ml agus mar sin tá siad níos daora ná na cinn sean. Ní raibh ach 5ml i ngach buidéal eile sa bhailiúchán sean. 
Táim beagnach cinnte go bhfuil na cinn seo 1.79euro. Ní raibh na cinn eile ach 1.29euro mar nár choimeád siad an méid céanna. Cheannaigh mé trí bhuidéal- "111 English Rose", "125 Absolutely Blue" agus "140 Go Bold!". 
Is aoibhinn liom an cruth atá ag na buidéil nua. Is buidéil éagsúla iad anois mar go raibh a lán brandaí eile leis an sórt buidéal céanna a bhí ag Essence. Seo é an difríocht idir an buidéal sean agus an buidéal nua. 
Níor iarr mé lán iad fós. Is é an ceann aonaire a chur mé ar m'ingne go dtí seo ná an ceann "111 English Rose". Bhíothas an- sásta leis. Bhí sé éasca é a chur ar m'ingne mar go raibh gach cóta an- mhín. Bhí m'ingne tirim go tapa agus thaitin an dath go mór liom. Táim an- sásta leis an mbailiúchán nua seo. Ní úsáidim aon rud eile ón mbranda Essence seachas le vearnais ingne ach tá lán rudaí nua ag teacht isteach. 


Tá sé go hiontach go bhfuil vearnais ingne nua tar éis teacht amach, ach beimid ar ais ar scoil go luath agus ní bheidh an seans céanna againn é a chaitheamh.

An gcaitheann tú vearnais ingne an t-am ar fad? 


Sunday, August 12, 2012

Spéaclaí Gréine i gComhair 50c

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Tá lán na spéaclaí gréine sa siopa Penneys caoga cent anois mar go bhfuil an samhradh beagnach críochnaithe. 
Tá ráille amháin lán le spéaclaí gréine ins an siopa sa sráidbhaile agus lán iad 50c. Tagann mála beag le pátrún deas in éineacht le cúpla dos na péirí.
Bhí sé an seans fiorfe chun cúpla péire a cheannach ach duirt mé liom féin nach raibh péire eile ag teastal uaim mar go bhfuil timpeall ar deich péire agam i dtarraiceán éigin sa bhaile.


Cén sórt spéaclaí gréine atá agat? 




Saturday, August 11, 2012

Ingne Bréige sa Siopa Penneys

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Bhí n'ingne seo ar dhíol i Penneys an t-am ar fad. 
Níos luaithe, bhí siad i mbósca bán dearg ach tá siad tar éis an bosca a athrú. 
Níl n'ingne seo ach 1.50euro agus anois, tá níos mó ná n'ingne seo le fáil. Is féidr leat n'ingne seo a fháil don phraghas seo i gcúpla pátrún-ball polcaí (polka dots) agus dathanna cósúil le dearg agus bán dearg. 
Chaith mé n'ingne seo cúpla uair agus ní raibh aon fhadhbanna agam leo. D'fhan siad ar m'ingne cúpla lá agus bhí an gliú a tháinig leo an- mhaith ar fad. Is maith is cuimhin liom an saol gan n'ingne seo nuair a bheadh gá ag daoine seacht nó ocht euro a chaitheamh ar bhosca ingne i siopa poitigéara nó siopa éigin eile más raibh fonn orthu ingne bréige a chaitheamh ag dul amach. Anois, ceapaim go gcaitheann gach duine na cinn seo mar nach bhfuil aon sórt ingne chomh saor ná na cinn seo. 

Ach tá branda ingne bréige eile ar dhíol i Penneys chomh maith leis na cinn i gcomhair 1.50euro. 
Is iad seo ingne bréige "imPRESS". Tá siad idir seacht agus ocht euro ach ní cheapaim go gcuireann iad ar d'ingne le gliú. Fiú amháin go bhfuil siad níos daora ná na cinn eile, féachann siad go hálainn sa bhosca. Is féidr a lán pátrúin, dathanna agus dearaí álainn a fháil. Níor chuir mé ingne bréige orm i rith an tsamhraidh mar go bhfuil m'ingne níos faide ach ba mhaith liom na cinn seo a iarraidh. 

An gcaitheann tú ingne bréige go minic? 


Tuesday, July 31, 2012

"HASK Argan Oil"

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Inné cheannaigh mé an ola seo sa siopa Penneys i gcomhair 2.50euro. 
"Hask Argan Oil" is ainm don ola. 
Ceapaim go bhfuil siad i mboscaí ar na cuntair i ngach siopa Penneys. 
Chonaic mé é cúpla uair agus ní rabhas cinnte faoi cad a dhéanfadh sé. 
Mar sin, bhí gá orm é a cheannach chun é a iarraidh.
Cé gur cheannaigh mé é inné, ní bhfuair mé an seans chun é a úsáid fós ach, d'úsáid mo mham agus mo dheirfiúr é agus tar éis a dtuairmí a chloisteáil, táim ag tnúth go mór leis é a úsáid. 
D'úsáid siad é tar éis cith a thógáil le gruaig fliuch.
Cuireann tú é ar do ghruaig mar a chuireann gruagaire séiream i do chuid gruaige tar éis é a dhéanamh. 
Nuair a chonaic mé go raibh ola i gceist, cheap mé go mbeinn fágtha le gruaig gréisceach ach ní raibh gruaig mo dheirfiúr nó mo mham gréisceach ar bith tar éis é a úsáid.. beagáinín ait ceapaim.
Deireann an buidéal nach bhfuil tú chun níos mó ná "dime" a úsáid. Ceapaim go bhfuil sé sin cósúil le 1c anseo. 
Mar sin, beidh an buidéal céanna againn i gcomhair cúpla seachtain. 
Bhuel, na torthaí.... Fágann an ola seo do ghruaig ag féachaint agus ag braitheamh an- slíocach (sleek) agus an- ghléineach (shiny). Tar éis é a dhéanamh leis an díritheoir gruaige, duairt mo dheirfiúr gur bhraith sí mar go raibh sí díreach tar éis teacht amách ón ngruagaire mar gur bhraith a gruaig an- éadrom. 
Caithfidh mé é a iarraidh fós agus ansin beidh na torthaí fíor againn ach go dtí seo, tá an ola ag féachaint an- mhaith, go háirithe le haghaidh an praghas sin. 

Ar chonaic tú é i Penneys? 

Slán, x.

Saturday, July 7, 2012

Gabháil Siopadóireachta

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Fuair mé seans ar an Deardaoin chun beagáinín siopadóireacht a dhéanamh.
Chomh maith leis an ngeansaí Astacach a cheannaigh mé i River Island, cheannaigh mé dhá rud eile ann. 
Chun níos mó a léamh faoi éadaí Astacach, cliceáil anseo
Níor íoc mé ach 14euro don gheansaí seo fiú amháin go raibh sé 32euro mar go raibh díolachán ar siúl. 

Cheannaigh mé an blús seo i gcomhair 18euro ach bhí sé 40euro ag an tús. 
Tá lása ag an mbarr san áit ina mbíonn do ghuaillí. 
Tá a lán slíte chun blúsanna mar seo a chaitheamh.. B'fhéidir go ndéanfaidh mé post faoi níos déanaí. 
Tá blúsanna mar seo le ceannach i mbeagnach aon siopa- New Look, Forever 21, TopShop, Penneys, H&M, Zara... Leannann an liosta ar aghaidh.. 
Tá siad ar dhíol i ngach aon dath. 
Is maith liom an ceann uachtar seo mar go bhfuil sé an- ilúsáideach (versatile). 
Téann sé go maith le donn, dúghorm, fíon, béasa agus a lán dathanna eile. 

Is banda gruaig é seo. 
Ní rabhas cinnte faoi nuair a chonaic mé é mar go bhféachann sé mar mhuince ach ní raibh sé ach dhá euro agus mar sin cheannaigh mé é. 
Bhí sé 6euro roimh an díolachán
Ach chaith mé é inné agus is breá liom é. 
Is banda gruaig tanaí é agus d'fhéach sé go deas nuair a bhí mo ghruaig fágtha síos agus cuirthe suas. 

Chomh maith le River Island, chuas go dtí "Schuh" agus cheannaigh mé péire "Converse" eile. 
Seo péire sean atá agam ach féachann siad níos sine anois. 
Mar go raibh siad bán, d'éirigh siad salach go tapa. 
Mar sin, cheannaigh mé an péire seo i "Schuh" i gcomhair 49euro. 
Téann na cinn seo go dtí do rúitíní ach téann an péire eile ós comhair do rúitíní. 
Is é an dath atá ar an bpéire seo ná "Burgundy" nó fíon. 
Tá a lán éadaí dúghorm, uachtar, béasa, donn, liath agus fíon agam agus mar sin, phioc mé an dath seo. 
Ceapaim go bhfuil "Converse" go maith mar go bhfuil sórt bróga reatha iad ach téann siad go maith le jíons. 
Is é rud éigin atá á dhéanamh ag a lán daoine ná go bhfuil siad ag rolladh suas jíons chun iad a chaitheamh leis na "Converse" seo. 
Féachann sé go hálainn go hairithe i rith an tsamhraidh. 
Tá "Converse" compórdach tar éis iad a bhriseadh isteach agus fanann siad i riocht (condition) maith i gcomhair a lán ama. 

Ansin, bhíothas i gCill Airne agus bhí fear ag díoladh seodora i stalla ar an sráid. 
Cheannaigh mé na bráisléid cairdis seo as. 
Ar dtús, dúirt sé go raibh siad 3euro ach ansin mar go raibh cúpla cinn á cheannach agam, rinne sé margadh dom. D'íoc mé dhá euro as gach ceann. 
Is maith liom go raibh siad lámhdhéanta agus go bhfuil siad uathúil (unique). 
Chomh maith le sin, bhíothas ag an gceolchoirm Olly Murs ar an gCéadaoin agus mar sin, fuair mé bráisléad speisialta ann freisin. 
Bhí an cheolchoirm go hiontach. 
Ba é "Key West" an acht tacaíochta. Tháinig siad ar cuairt chuig Cnoc na Labhras sa chéad bhliain. 

Cad é an péire bróga is fearr leat i do vardrús? 
An mbeidh tú dul go dtí aon cheolchoirmeacha an samhradh seo? 

Slán, x.



Friday, July 6, 2012

Vearnais Inge Don Samhradh

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Tá pastail (pastels) an- choitianta an samhradh seo agus tá siad ar dhíol ag beagnach gach branda vearnais inge. 
Tá réimse nua vearnais inge ar dhíol sa siopa Penneys. 
Chomh maith leis an vearnais inge "Essence", tá vearnais inge "Catrice" ar dhíol ann anois. 
Níl an vearnais inge "Essence" ach 1.29euro i gcomhair gach aon bhuidéal agus tá an vearnais inge "Catrice" 2.79euro i gcomhair gach aon bhuidéal. 
Tá an dá bhranda an- saor ach tá siad fós an- mhaith.
Seo iad cúpla dos na dathanna pastail atá agam. 
Is maith liom vearnais inge pastail mar go mbíonn na dathanna geal. 
Tá an buidéal glas as "Claires" agus bhí sé 2.50euro.
Tá na cinn corcra, bán dearg agus gorm ón réimse "Essence" sa siopa "Penneys" agus bhí siad 1.29euro.
Tá an ceann donn ón réimse "Catrice" sa siopa "Penneys" agus bhí sé 2.79.

Tá alt san eagrán nua den irisleabhar "Kiss" faoin réimse "Catrice" agus aontaím go mór leis.
Is cinnte go mbeidh mé ag ceannach níos mó vearnais inge ón réimse seo mar go gceapaim go dtéann sé ar d'ingeanna le éascaíocht agus fanann sé ar d'ingeanna i gcomhair cúpla lá riomh tosú ag smiotadh (chipping).
Chomh maith le dathanna pastail, tá a lán dathanna eile atá oiriúnach don samhradh le fáil ón mbranda "Catrice".
Tá 10 millilítir i ngach buidéal ón réimse "Catrice" agus mar sin, tá an vearnais inge an- saor i gcomhair 2.79euro. 
Tá 5 millilítir i ngach buidéal ón réimse "Essence" agus ceapaim go bhfuil an vearnais inge sin an vearnais inge  atá le ceannach leis an bpraghas is ísle.
Ar ndóigh, is aoibhinn liom an vearnais inge as "Rimmel", "No.7" agus "OPI" ach ní cheapaim go bhfuil siad chomh saor ná na cinn sin. 
Seo é an dath "070- Same Seine But Different" ón réimse "Catrice" ar m'ingeanna. 
Táim an- sásta leis agus is breá liom go bhfuil dath nocht agus neodrach é. 
Sílim go raibh an scuab leis an- mhaith mar nach raibh aon stríocháin ar m'ingeanna. 
Chomh maith le sin, níor thóg m'ingeanna ach cúpla nóiméad chun triomú. 

Cad é an branda vearnais inge agus na dathanna is fearr leat? 

Slán, x.




Tuesday, February 14, 2012

Faisean Ag An Dioscó

Dia dhaoibh Sionnainn anseo, 

Dé hAoine, chríochnaigh ár réamhscrúdaithe agus fuaireamar ár mbriseadh lár tearma. 
Bhí sceitimíní áthais an domhain ag gach duine mar cuireadh a lán brú orainn riomh na réamhscrúdaithe. Bheartaigh gach duine sos a thógáil ón staidéar i gcomhair an briseadh lár tearma seo agus mar sin, bhí a lán pleananna ag gach duine chun rudaí éagsúla a dhéanamh i rith an briseadh lár tearma. 

Chuaigh mise agus mo chuig cairde go dtí dioscó oíche dé hAoine agus bhí an- craic againn cé go raibh sé breithlá amháin dos na cailíní chomh maith. Is é seo amháin dos na rudaí a thug mé di mar bhrontannas... cheap sí go raibh sé an- fhaiseanta agus smaointeach. 

Bhuel ag dul ar aghaidh go dtí an faisean a bhí le feiceáil ag an dioscó. Chaith an cuid is mó dos na daoine a bhí ann gúnaithe ach bhí sciortaí mó réilimh chomh maith. Tosnóidh mé lena mbrógaí a chaitheamar. 
Cheannaigh an cailín a chaith na brógaí seo iad sa siopa "Penneys" i gcomhair 21euro. Tá dearadh prionta liopard ar na bróga agus chaith sí iad le gúna a thug mé di. Cheannaigh mé an gúna i "New Look". Ba gúna dubh gan phatrún é agus mar sin, bhí na bróga go deas leis. Bhíomar sa sráidbhaile le chéile an deireadh seachtaine seo chaite agus cheannaigh sí na rudaí seo i gcomhair a n-inge sa siopa "New Look". 
Bhí siad ceithre euro. 
Is sórt greamáin iad a théann ar d'inge. 
Is mar seo conas a d'fhéach a n-inge nuair a bhí sí críochnaithe ag cur na greamáin ar a n-inge. 

Ansin, ag bogadh ar aghaidh go dtí mé féin, chaith mise bróga dubha as "Penneys"
Bhí siad an-árd ach bhíothas ábalta cópáil leo. Táim úsáidithe leis ag caiteamh bróga sál árd mar bíonn mé ag placaíocht le bróga mo dheirfiúr an t-am ar fad timpeall an tí. 
Is é seo an gúna a bhí á chaitheamh ag an gcailín lena mbróga prionta liopard agus an gúna a chaith mise. 
Bhí mo ghúna as boohoo.com 
Bhí sé fiche puint agus bhí na muinchillí déanta as lása. 
Chaith gach duine a lán bráisléid. Fuair mé cúpla dos na cinn a bhí á chaitheamh agam sa siopa "Penneys".. bhí ceann amháin péitseog trí euro agus cheannaigh mé paicéad eile ann i gcomhair cuig euro. Bhí mo bhráisléad Pandora á chaitheamh agam chomh maith le cúpla cinn as "River Island". 

Cheannaigh amháin dos na cailíní eile a bráisléid sa siopa "Claires". 
Bhí siad an- dathannach.

Bhí donnú bréige "Sally Hansen" á chaitheamh ag mise agus an cuig eile. 
Bheartaigh an seisear againn go mbeadh "Sally Hansen" an donnú bréige is fearr mar ní bhíonn aon stríocáin agus is fiú é i gcomhair 13 nó 14 euro. 

Seo iad na gúnaithe a bhí á chaitheamh ag na cailíní eile. Bhí trí cinn as an idirlín agus ceann eile as an sráidbhaile. 

An bhfuil aon phleananna agat i gcomhair an briseadh lár tearma?

Slán, x.

Saturday, February 4, 2012

Faisean- Foinse

Dia dhaoibh Sionnainn anseo, 

Mar is eol daoibh, tá na réamhscrúdaithe ar siúl faoi láthair. . . Bhí Gaeilge agam inné agus mar sin. . .
Maidin Dé hAoine, bhíothas ag súil chun a bheith i ngiúmar Gaeilge. 
Bhíothas sa charr agus chonaic mé an nuachtán "Foinse" ann agus thosaigh mé ag léamh é.
D'airigh mé alt suimiúil faoi jíons daite a scríobh Bláthnaid Ní Dhonnchadha. 

Bhí an t-alt ró fhada agus mar sin, nílim chun an rud ar fad a closcríobh amach ach. . . 
Go bunúsach (basically). . . bhí an scríbhneoir ag rá b'fhéidir go bhfuil suim ag daoine bheith ag féachaint níos dathannach gan a bheith róshamhrata (too summery). 
Agus is treocht iad jíons daite an lae inniu. 

Tá uimhreacha in aice le na jíons sa chéad pictiúr agus mar sin, tá tú in ann na praghasanna a fheiceáil. 

Mar nach bhfuil an samhradh anseo fós. . . is leid maith nuair atá tú chun jíons mar na cinn seo ná, 
téann siad go maith le geansaithe móra tiubha (thick). 
 Arís, Má tá tú ag smaoineamh. . . conas is féidir iad a chaitheamh anois nuair atá sé fós fuar gan a bheith ag breathnú i bhfad róshamhrata. 
Bhuel is dóigh leis an scríbhneoir agus aontaím léi freisin gur fiú smaoineamh ar na píosaí eile a chaithfidh tú leo. 
Má mheascann tú na jíons seo le dathanna atá níos dorcha mar shampla, cuirfidh sé an chulaith in oiriúint don séasúr seo. 

Bhain mé an- taitneamh as an alt sin agus bhí sé scríofa i stíl shimplí dhíreach freisin. 

Tá péire agam atá dearg/ fíon ach is fíon an- gheal iad agus is breá liom iad. . . cheannaigh mé iad i New Look cúpla seachtain ó shin. Ceapaim go gceannóidh mé péire eile i ndath eile níos déanaí. 

An bhfuil aon jíons daite agat?

Slán, x.

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com