Showing posts with label Smideadh. Show all posts
Showing posts with label Smideadh. Show all posts

Wednesday, August 28, 2013

Táirgí Folmha na Míosa Seo

Dia daoibh Sionainn anseo, 

Mar go bhfuil deireadh na míosa tagtha, seo hiad na táirgí (products) go léir atá folmhaithe agam. Uaireanta le táirgí áirithe, tógann sé míosa iad a úsáid suas agus le táirgí eile, is féidir iad a úsáid i gcúpla seachtain ach seo na rudaí a bhí á chur agam sa bhruscar bhrúscar nuair a bhíos ag glanadh mo sheomra níos luaithe inniu. 
1. Head&Shoulders
2. Sprae Gruaige Silvikrin
3. Folcadh Béil Listerine
4. Uachtar Gréine Nivea
5. Cumhrán Lacoste
6. Primeálach súil Urban Decay

Úsáidim seampú Head&Shoulders an t-am ar fad chun cabhrú le sail chnis (dandruff). Feicim an-difríocht i mo chuid gruaige má úsáidim seampú eile nach gcabhraíonn le plait (scalp) tirim. Níl sé ró-chostasach i gcomparáid le seampúnna eile a dhéanann difríocht do do chuid gruaige. 
Ní úsáidim an sprae gruaige céanna an t-am ar fad ach caithfidh mé a rá gur é Silvikrin amháin dos na brandaí is fearr liom. Nuair a bhíothas sa Ghaeltacht, d'úsáid mé mo thrilseacháin gruaige go minic agus mar sin, rith an sprae gruaige amach an bhuidéal!
Cúpla seachtain ó shin, thosaigh mé ag úsáid folcadh béil tar éis m'fhiacla a scuabadh. Braitheann sé níos fearr tar éis é a úsáid agus taitníonn an ceann seo liom mar nach bhfuil an blas ró láidir. 

Nuair a bhíos ag obair i Mí Iúil, chaith mé uachtar gréine beagnach gach lá mar go raibh an ghrian i gcónaí ag scoilteadh na gcloch agus ansin, sa Ghaeltacht, chuir mé é orm cúpla uair. Anois, slán go fóill don bhuidéal sin mar tá an t-uachtar gréine comh maith leis an ghrian imithe! 

Fuair mé an cumhrán seo mar bhrontannas Nollag agus anois tá brón an domhain orm go bhfuil sé imithe. Ba é seo mo chéad buidéal do Lacoste Touch of Pink agus thaithin sé go mór liom. Is cinnte go gceannóinn arís é!
Úsáidim an "Cleansing Face Wash" seo as "Creightons Perfectly Clear" ar m'aghaidh gach uair a bhím sa chith agus ligeann sé orm a cith a fhágáil ag braitheamh níos fearr. 
Tá an primeálach seo a tháinig in éineacht leis amháin dos na pailéid scáthú súl atá agam as "Urban Decay" imithe anois. Bíonn an-difríocht idir scáthú súl a chur orm leis seo agus é a chur orm gan seo. Fanann an scáthú súl ar do shúile a lán níos fearr más úsáidtear primeálach. 

Sionainn, x.

Tuesday, June 25, 2013

Cúrsa Smididh Urban Decay

Dia daoibh Sionainn anseo, 

Mar is eol daoibh, bhíos ag glacadh páirt i gcúrsa smididh Urban Decay i Debenhams ar an Domhnach. In ionad an aiseolas agus gach rud eile a chloscríobh amach, chruthaigh mé físeán eile chun taispeáint daoibh cad a cheannaigh mé leis an dearbhán agus conas ar eirigh mé leis an gcúrsa!



Má tá aon cheisteanna agat faoin gcúrsa, fág thíos anseo iad! 

Sionainn, x. 

Tuesday, June 18, 2013

"Haul" ón Spáinn

Dia daoibh Sionainn anseo, 

Má tá sibh ag smaoineamh tar éis an teideal a léamh go rabhas sa Spáinn le déanaí- ní raibh. Ba bhreá liom más raibh sé mar sin ach níl sé! Nuair a bhíothas sa Fhrainc, chuaigh mo mham, mo dheirfiúr agus mo neacht go dtí Zaragosa chun cuairt a thabhairt do mo dheartháir. Ar ndóigh, ní raibh an saoire mar a gcéanna gan mise ach níor dhein sé difríocht domsa mar go rabhas sa Fhrainc. Níor shroich siad abhaile gan aon rud a cheannach dom- d'aimsigh siad siopa smididh nach bhfuil againn in Éirinn- KIKO

Is luisneach donnaithe (bronzing blusher) é seo tá sé briste suas go dtí trí pháirt- ceann amháin bán dearg- soiléar gur luisneach é an ceann sin agus tá na cinn eile donn mar gur donnaitheoirí iad. Is féidir do scuab a chur i lár an chiorcal agus meascán idir an trí dath a úsáid nó is féidir leat a bheith cuaramách agus dath amháin a úsáid más mian leat. Chostaigh é seo €7 agus caithfidh mé a rá gur é seo agus an púdar a fheicfidh sibh níos déanaí na rudaí is fearr liom. 

Bhí BB cream á lorg agam an t-am ar fad agus lá amháin nuair a bhíothas i Tesco, phioc mé suas ceann Nivea ach bhí díomá orm leis mar go raibh sé ró dhorcha dom agus d'fhéach sé mar a fhéachann bonnsmideadh normálta. Cheapas go mbdeadh sé cósúil le maothóir bán le imir (tint) bhéasa. Tá an ceann seo díreach mar sin. Tá cúpla fáth ann go dtaitníonn sé liom agus cúpla fáth eile nach mbeadh sé á chaitheamh agam lá i ndiaidh lae. Nuair a bhí sé sin á chaitheamh agam in ionad bonnsmideadh láidir, thug sé sórt sos do mo chraiceann ach níor dhein sé an jab céanna ná mo bhonnsmideadh mar ar ndóigh, níl sé de cheart go ndéanfadh an dá ceann an jab céanna. Níor thug an BB Cream an cumhdach (coverage) céanna a thugann mo "Bare Minerals" dom agus ní hé seo ach mise agus mo chraiceann ach is fearr liom púdar ná leacht (liquid) mar bhonnsmideadh nó sórt bonnsmideadh. Is cinnte go gcaithfainn é ó am go ham ach ní gach lá. 

Níor chaith mé mórán airgid ríomh ar phúdar agus ceapaim gur é seo an ceann is daora a bhí agam ag €11 ach is eol dom anois go n-athraíonn cáil an phúdair leis an athrú idir praghasanna. Níor úsáid mé púdar gach uille lá den bhliain roimh an ceann seo a fháil- níor dhein sé difríocht dom más úsáid mé nó muna n-úsáid mé é ach ceapaim go ndéanann an púdar seo an- difríocht do mo smideadh. Taitníonn an uigeacht (texture) dom mar gur púdar mianaigh (mineral powder) é agus caithfidh mé a rá go bhfuilim céad faoin gcéad sásta leis. 

Is breá liom píosaí nua a fháil do mo mhála smididh agus is aoibheann liom a aimsiú go n-oibríonn píosa smideadh go maith liom mar i ndáiríre, táimid go léir difriúil, tá craiceann difriúil againn agus oireann rudaí áirithe daoine áirithe níos fearr ná daoine eile. 

Bhíothas an- sásta agus an- bhuíocasach nuair a thugadh na rudaí seo dom tar éis filleadh abhaile ón Fhrainc.   Nuair a chríochnaíonn na rudaí seo, b'fhéidir go mbeidh mé ag cur glaoch ar mo dheartháir níos mó a sheoladh anseo nó b'fhéidir go bhfanfaidh mé go dtí go bhfaigheann mise an seans dul ann ar cuairt! 

Ar cheannaigh tú smideadh thar lear ríomh?

Sionainn, x.




Saturday, June 15, 2013

Cúrsa Smididh 'Urban Decay'

Dia daoibh Sionainn anseo, 

Chas mé sé bliana déag d'aois i mí na Bealtaine agus mar bhrontannas , thug mo mham é seo dom. Is é seo dearbhán don chúntar Urban Decay i Debenhams ach ní dhearbhán chun smideadh a cheannach amháin é. Leis an dearbhán seo, déantear cúrsa smididh i rith lá amháin agus faightear smideadh don méid airgid a íoc tú as an dearbhán. Chostaigh an dearbhán seo €120 chun an cúrsa smididh a dhéanamh i rith lá amháin ach is féidir €200 a íoc as ceann eile agus an cúrsa a chríochnú i gceithre seachtaine. Roghnaigh sí an ceann seo dom mar leis an gceann eile, bíonn gá tú féin a thiomnú dos na ranganna ar feadh ceithre seachtaine. Beidh sé á dhéanamh agam ar an 23ú agus ar an lá sin, piocfaidh mé aon phíosaí smideadh a thaitníonn liom agus ní bheidh gá orm íoc astu fad is a bheidh siad níos saibhre ná €120 nó díreach €120. Go simplí, faigheann tú an cúrsa smididh sórt saor in aisce mar go gcaitheann tú an méid airgid sin ar an smideadh. 


Seo hiad na rudaí a chlúdaíonn an cúrsa: 
Ullmhúcán craicinn
Cruthanna aghaidheanna agus toin craicne
Ag aimsiú an bonnsmideadh ceart
Comhrianú an snua (Contouring of the complexion)
Deilbhiú malaí 
Ag cur gach sórt scáthú súl ort
Stíl lae
Súile "deataithe"
Fabhraí a chur ort
Leideanna agus cleasanna

Níl a fhios agam cad a phiocfaidh mé fós- níor cheannaigh mé ach scáthú súl, mascara agus línitheoir súl ann ríomh. Tá cúpla rud feicithe agam b'fhéídir gur mhaith liom- idir líontóir malaí, scuaba, bonnsmideadh agus rudaí eile de gach uile sórt, beidh rogha leathan agam. 

An raibh sé ar eolas agat go raibh na cúrsaí seo ar siúl ag Urban Decay i Debenhams? Ar dhein tú nó an ndéanfá cúrsa cósúil le seo? 

Sionainn, x. 

Thursday, February 21, 2013

Siopadóireacht sa Fhrainc

Dia daoibh Sionainn anseo, 

Nuair a bhíomar i Chamrousse sa Fhrainc ní raibh mórán ama nó mórán áiteanna againn chun dul ag siopadóireacht mar go rabhamar ann chun sciáil a dhéanamh seachas siopadóireacht ach bhí cúpla siopa cuimhneacháin ann. Mar sin, seo roinnt dos na rudaí a cheannaigh mé. 

Coinín nó "bunny" do mo neacht Molly- bhí sé comh bog bhí gá orm é a cheannach. Muga dom féin- ceann an-mhór a bheidh fiorfe do seacláid te. Bhí spás ann chun ainm a scríobh- bhí scríbhneoireacht Fraincise ar cheana agus mar sin, chur mé mo dhá theanga is fearr le chéile agus fuair mé "Sionainn" scríofe ar. Anois tá Fraincis agus Gaeilge ar.
 Thit mé i ngrá leis an mála seo sa siopa saor ó dhleacht (duty-free) i Lyon sa Fhrainc. Is sórt mála siopadóireachta é- n'fheadar cén úsáid a bheidh agam do mhála cósúil le sin ach aimseoidh mé rud éigin. Thaithin na dathanna agus an scríbhneoireacht atá ar go mór liom. 
Na pionsailí dathadóireachta seo do mo neacht- bhí siad comh gleoite agus ní rabhas tar éis aon rud cósúil leo a fheiceáil ríomh.  
Seodra dom féin
Slipéir do mo dheirfiúr- bhí an fionnadh (fur) comh compordach. Coimeádán scuaba fiacla do mo neacht- bhí spás ann do scríbhneoireach ar an rud seo freisin, mar sin, fuair mé "Molly Moo" scríofe ar. 
Fuair mé na vearnais ingne seo ar an eitleán- is as "Bourjois" iad agus tháinig an cúig acu i mbosca amháin.
Bhí é seo ar dhíol ar an eitleán freisin- "Sugarlicious" as Benefit. Bhí sé deich euro níos saibhre ná an praghas a íocfá sa bhaile- sin an fáth gur cheannaigh mé é sa chéad áit ach anois, tar éis é a úsáid ba íocfainn an praghas iomlána don seit. 

An dtaitníonn an Fhrainc leat? 

Sionainn, x. 



Tuesday, January 15, 2013


Aimsiú na Seachtaine


Dia daoibh Sionainn anseo, 

Seo deighleog nua ar an mblag- Aimsiú na Seachtaine. Sa deighleog seo, taispeánfaidh mé rudaí iontacha atá cumtha (invented) nó rudaí eile a chuireadh ionadh ort nach bhfuil agam fós. An tseachtain seo, is é an rud a d'aimsigh mé ná sciath mascara (mascara shield). N'fheadar cén fáth nár smaoinigh éinne ar seo níos luaithe mar i mo thuairim, bheadh sé an-úsáideach domsa. Is eol dom go bhfuil tú in ann iad a cheannach in Éirinn ar an idirlíon ach ní fhaca mé iad in aon siopaí i Luimneach fós. Is é cad a dhéanann na sciatha seo ná go gcosaíonn siad chaipín súille (eyelid) ó mhascara- dochreidte. 
Mascara Shield
Is féidir sciath a úsáid sa treo seo nó os cionn d'fhabhraí. Gach uair a bhainim triail as mascara a chur ar bhun m'fhabhraí, cuireann sé trustrachas orm mar go dtéann sé ar mo chaipín súille gach aon uair agus tá sé go holc do do chraiceann bheith ag cuimilt (rubbing) é mar sin mar go méadaíonn sé an seans do roic (wrinkles) a fháil nuair a bhíonn tú níos sine. N'fheadar fuaibhse ach ceapaim gur smaoineamh iontach é seo. Is aoibheann liom giuiléidí mar sin. 
Is féidir ceann a cheannach anseo i gcomhair €13.99. Ceapaim go bhfuil sé beagáinín ró dhaor i gcomhair píosa plaisteach ach caithfidh tú smaoineamh ag an am céanna ar an difríocht a dhéanfadh sé do do chuid craicinn. Táim dáiríre nuair a deirim go bhfuilim ag smaoineamh faoi cheann a cheannach ach déanfaidh mé níos mó taighde ar phraghasanna maithe agus cuardóigh mé na siopaí ar dtús. 
Súil agam gur bhain sibh taitneamh as an gcéad alt faoin deighleog "Aimsiú na Seachtaine"- má tá fadhbanna agaibh le smideadh eile nó le héadaí, inis dom agus déanfaidh mé taighde ar réiteach a aimsiú. 

An bhfiú an praghas sin a íoc as píosa plaisteach? An fhaca sibh iad seo sna siopaí i Luimneach? 

Le grá, Sionainn. 


Tuesday, October 30, 2012

Snas Béil "MAC"

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Tháinig mo dheirfiúr abhaile ar an Satharn le brontannas dom- Ba snas béil as MAC é agus bhíothas an- sásta leis mar go dtaitníonn béal dath agus snas béil MAC go mór liom. Tá cúpla cinn aici as MAC agus bhíothas ag féachaint ar na dathanna i gcónaí. Mar sin, bheartaigh sí ceann a cheannach dom. Is é an áit aonaire a díolann MAC ná Brown Thomas. Níl aon chúntar MAC sa siopa Debenhams. 
Nuair a chonaic mé an focal "lèvres" bhí sé ar eolas agam go mbeadh snas béil é mar nach mbeadh béal dath á cheannach aici dom.  
Fiú amháin go gceapfeá gurbh dath bán dearg i gceist, is sórt dath trédhearcach é. Is fearr liom dathanna mar seo mar go bhfaighim an seans chun iad a chaitheamh gach lá seachas leis ag an deireadh seachtaine nó i gcomhair ócáid éigin.
Is é an rud an- mhaith a d'aimsigh mé leis an snas béil seo ná gur fhan sé ar mo bhéal. Uaireanta, féachann snas béil go hálainn nuair a chuireann tú é ort ach ansin, féachann tú sa scáthán cúpla nóiméad i ndiaidh sin agus bíonn sé imithe. Ach i gcás an snas béil seo, ní raibh sé mar sin, bhíothas in ann an snas béil a bhrath ar feadh cúpla uaire. 
D'inis mo dheirfiúr dom go gcosaíonn na snas béil seo €21 ach go bhfuil buidéil níos mó le fáil freisin. Tá na praghasanna tar éis dul suas ach, tá ainm an- mhaith ag MAC agus is branda aitheanta é. Tá sé ar eolas agam nár íoc mise as ach ceapaim go raibh fiú é an praghas sin a íoc as. 


Cén snas béil ina úsáideann tusa? 



Monday, October 22, 2012

Na Trí Cs

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

I mo phost deireannach- an ceann roimh é seo, thaispeán mé daoibh conas bhur aibhsitheoir féin a chruthú. Ach tá áit airithe chun é  chur ar d'aghaidh. Tá sé deacair cuimhniú cá b'fhearr leat aibhsitheoir, luisneach (blusher) agus donnaitheoir ach tá slí éasca chun é a chuimhniú. Má smaoiníonn tú faoi, tá cruth C timpeall do shúile- taispeánfaidh mé daoibh ag úsáid grianghraif a thóg mé. 

Tá an chéad C i gcomhair aibhsitheoir. San áit ina bhfuil m'ordóg agus mo mhéar, sin an áit ina b'fhearr leat aibhsitheoir a chur ort. Faoi do chaipín súile agus os cionn do mhala (eyebrow)


Úsáidtear an dara C i gcomhair luisneach- cuireann tú luisneach ar do chnámh leicne (cheek bone).

Agus tá an tríú C i gcomhair donnaitheoir. Cuireann tú donnaitheoir ar imeall do cheann- ar barr d'éadan agus lán timpeall in aice le do smig. 

Cad a cheapann tú faoin riail seo- Na trí Cs? 




Conas d'Aibhsitheoir Féin a Chruthú

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Tá cúpla duine ar eolas agam a chaitheann an aibhsitheoir "High Beam" as "Benefit" agus chuala mé go ndéanann aibhsitheoir a lán maitheas duit. Ar ndóigh, ba bhreá liom ceann daor a cheannach ach roimh é sin, rinne mé beagáinín taighde agus fuair mé amach go féidir leat d'aibhsitheoir féin a chruthú. Is féidr jab "Déin Féin É" ("DIY") a dhéanamh agus d'aibhsitheoir féin a chruthú le rudaí eile atá agat sa bhaile.  B'fhéidir nach bhfuil sé comh maith ná na cinn atá ar dhíol i gcomhair triocha euro ach, chaith mé é ar maidin agus bhíothas an- sásta leis. 

Is é cad a chaithfidh tú bheith agat ná glantóir (cleanser), prímeálach agus scáthú súl- dath uachtar nó péarla. D'úsáid mé glantóir as ""Declor". Is glantóir é an buidéal bán agus is tonóir é an buidéal bán dearg. Is sciamheolaí í m'aintín agus úsáideann sí rudaí as "Decléor" an t-am ar fad. Thug sí na rudaí sin dom mar brontannas agus is breá liom iad. Is dóigh liom go bhfuil rudaí as "Decléor" an- chostasach, b'fhéidir fiche cúig euro i gcomhair buidéal amháin- ní bheadh mise ag íoc an praghas sin. Ach, is cuma cén sórt glantóir a úsáideann tú. Is féidir é a bheith as Boots, nó Tescos, nó aon bhranda- is cuma. 
Ní raibh ach beagáinín prímeálach agam ach, níl an prímeálach ró- thábhachtach. D'úsáid mé scáthú súl ó "No 7". Bhí an dath fiorfe agam- an ceann ag bun an phictiúir. Comh maith le sin, d'úsáid mé spúnóg agus coimeádán beag chun gach rud a chur le chéile. 


Tá na céimeanna an- simplí. Cuireann tú isteach beagáinín glantóir, beagáinín prímeálach agus ansin, an scáthú súl. Is féidir leatsa bheith an breitheamh leis an méid scáthú súl, prímeálach agus glantóir a úsáideann tú. 
Nuair atá sé lán meascaithe le chéile, tá críochnaithe agat. Bhí sórt dath bradán nó péarla ar an aibhsitheoir nuair a bhí sé críochnaithe. Féachann tú níos dúisithe nuair atá aibhsitheoir á chaitheamh agat. 

Ansin, chuir mé é i bpota beag. Chun fáil amach faoi na háiteanna ina b'fhearr leat aibhsitheoir a chur ar d'aghaidh, fanaigí i gcomhair post faoi na "Trí Cs" a bheidh ag teacht go luath. 

Ar úsáid tú aibhsitheoir ríomh? 







Sunday, October 21, 2012

Mise agus mo Mhála...

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Inniu, bheartaigh mé post pearsanta a dhéanamh. Chonaic mé mo mhála láimhe in aice liom agus mar sin, cheapas go mbeadh sé go deas daoibh fáil amach cad atá i mo mhála láimhe. Seo na rudaí a bhí i mo mhála inniu, bhuel, oíche aréir ach uaireanta, bíonn rudaí eile ann freisin. Athraíonn sé ó am go ham  agus athraíonn mo mhála freisin. 


Seo an ceann atá á úsáid agam anois- Is as River Island é. Fuair mé é i Mí na Bealtaine agus is dóigh liom go raibh sé triocha cúig euro. Tá dath gorm air ach is gorm tréigthe (faded) é. Taitníonn sé liom mar go bhfuil a lán ranna ann chun gach aon rud a choimeád leat nuair a théann tú amach. Ní mhála ró mhór é ach tá sé mór go leor chun gach rud a chaithfidh mé bheith agam a choimeád. 


Cad a bhíonn i mo mhála- Bhuel, tosóidh mé le mo sparán mar i ndáiríre, ceapaim go mbíonn sparán i mála láimhe gach duine. 

Is as River Island é mo sparán freisin- Tá timpeall ar cheithre sparáin agam agus gach ceann d'acu as River Island. Is aoibhinn liom iad! Uaireanta, ní bhíonn ach sparán in éineacht liom nuair a bhíonn mé ag dul go dtí siopa nó dhó mar nach mbíonn gá orm mála a thabhairt liom le lán na rudaí eile istigh ann.  Tá pátrún prionta liopaird ar an sparán seo. Tá spás ann chun ocht cárta a choimeád comh maith le páirt le zip chun boinn a choimeád agus ansin, a lán spás chun nótaí a choimeád freisin. Cosaíonn lán na sparáin cosúil le seo idir fiche agus fiche dó euro sa siopa River Island ach ceapaim go bhfuil fiú é an praghas seo a íoc as mála nó sparán i River Island mar go mbíonn caighdeán an ard orthu. 


Ansin, d'aimsigh mé é seo ann. Fiú amháin go bhféachann sé cósúil le béal dath, is sórt snas béil é. Fuair mé é sa Spáinn. Bhí sé timpeall ar sé euro. Tá sé ar eolas agam go bhfuil an branda céanna ar dhíol i Sasana freisin ach ní bhfaca mé é in Éirinn ríomh. Is dath nádúrtha é- difriúil ó na dathanna cósúil le dearg agus bán dearg. Is sórt donn nó béasa é agus féachann sé níos mó mar snas béil ná béal dath. Taitníonn sé go mór liom. 


Ansin, bhí rudaí randamach ann- trí pinn, cártaí gnó PLHF agus faiscíní gruaige. Bíonn peann i mo mhála an t-am ar fad mar go mbíonn siad úsáideach ó am go ham. An rud céanna lena faiscíní gruaige. Uaireanta, bíonn ceann ag taisteail uaim. Agus na cártaí- tagann iad sin gach áit liom. 

Ní bhíonn a lán smideadh i mo mhála i ginearálta. Má bhíonn smideadh á chaitheamh agam, bíonn sé déanta agam roimh dul amach an doras. Más raibh sé ar eolas agam go mbeadh mé imithe don lá ar fad, thabhaireoinn mo bhonn smideadh in éineacht liom b'fhéidir ach ní bhíonn gá orm smideadh a chur orm i rith an lae an t-am ar fad. Bhí "Vaseline" agam mar uaireanta, éiríonn mo liopaí tirim. Bhí "Lynx"- an ceann i gcomhair cailíní ar ndóigh agam. Is aoibhinn liom an sprae seo. D'aimsigh mé línitheoir súile "MUA" ann freisin. Fágaim mo línitheoir súile "Yves Saint Laurent" sa bhaile ach tá an ceann "MUA" seo an- mhaith fiú amháin nach raibh sé ach timpeall ar trí euro. Tá bioróir ag an mbarr freisin- is smaoineamh iontach i mo thuairim. 


Is é an rud deireannach a bhí ann ná m'uachtar as "Neutrogena". Bíonn dath bán ag a lán dos na huachtair a chabhraíonn le spotaí, ach tá an ceann seo soiléir. Buíochas le Dia, níl an- fhadhb agam le spotaí ach, tá uachtar agam fós ar eagla na heagla mar i ndáiríre, faigheann gach duine spota nó dhó ó am go ham.

Ba é sin mo mhála. Uaireanta bíonn rudaí eile le haimsiú ann cósúil le cumhrán, cíor gruaige agus greimlíní. 

Cad faoi do mhála láimhe? Inis dom faoi na rudaí is tábhachtaí atá i do mhála... 







Monday, October 15, 2012

"Avon"

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Brón orm nach rár dhein mé níos mó poist an deireadh seachtaine seo ach bhíothas iontach gnóthach. 
Cheap mise go raibh "Avon" ar eolas ag gach duine ach bhíothas ag caint le grúpa cailíní agus ní raibh siad cinnte faoi "Avon" agus conas gur oibrigh sé.
Bhuel, seo cad a tharlaíonn liomsa. Bíonn mná ag obair in áiteanna éagsúla agus má bhíonn fonn ort, bíonn cead agat catalóg a fháil gach mí. Má thaitníonn aon rud sa chatalóg leat, bíonn duillín agat agus bíonn tú in ann ainm an rud a scríobh síos comh maith leis an uimhir catalóige a scríobh síos. Ansin, bailíonn an bean an catalóg agus an duillín agus tar éis seachtain, tugann sí na rudaí duit. Íocann tú as na rudaí nuair a thugann an cailín iad duit mar go mbíonn seans ann nach mbíonn gach rud sa stoc an t-am ar fad. 

Is féidir aon rud a bhaineann le áilleacht a cheannach ó "Avon" cósúil le smideadh, seodora, pitseamaí, seampú agus fo- éadaí. Tá roinn i ngach catalóg i gcomhair fir freisin agus roinn i gcomhair páistí.

Ar cheannaigh tú aon rud ó "Avon" ríomh? 




Monday, October 8, 2012

Mo Ghnathamh Laethúil

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Ar ndóigh, ní chaithim an méid smideadh céanna gach lá ach inniu, táim chun mo ghnathamh laethúil (daily routine) a thaispeáint daoibh- seo an sórt smideadh a chaithim ag an deireadh seachtaine. 
Tar éis m'aghaidh a nígh, cuirim an maothóir seo ar m'aghaidh. Seo maothóir as "Simple". Ní chosaíonn sé ach cúpla euro agus braitheann mo chraiceann deich uair níos fearr tar éis é a úsáid gach maidin. Deireann daoine nach bhfuil smideadh go maith duit ach tar éis maothóir a úsáid roimh é a chur orm braithim beagáinín níos fearr faoi smideadh a chaitheamh ag an aois seo! 
Ansin, leanaim ar aghaidh chun bonnsmideadh a chur orm. Ní úsáidim an scuab seo ach i gcomhair an bonnsmideadh seo. Is as "Bare Minerals" an bonnsmideadh agus an scuab agus táim i ngrá leo mar is eol daoibh. Cliceáil anseo chun níos mó a léamh faoi bhonnsmideadh "Bare Minerals". Ceannaím é ón gcúntar sa siopa Brown Thomas. Cuirim é ar lán m'aghaidh ag déanamh cinnte go bhfuil go leor faoi mo shúile agus in aice le mo líne gruaige. Is fearr liom an bonnsmideadh seo ná ceann leactach (liquid) mar nach mbíonn sé comh trom ar mo chraiceann. 
Tar éis sin, déanaim mo shúile. Tosaím le prímeálach súile a chur ar mo chaipíní súile. Is as "Urban Decay" é agus tháinig sé saor in aisce le scáthú súl éigin a cheannaigh mé cúpla mí ó shin. Is nós é a chur orm ach nuair atá an ceann seo imithe, beidh mé ceart go leor gan ceann eile a cheannach. Úsáidim é mar go bhfuil sé agam. Ach fós déanann sé maitheas dom mar go bhfanann mo scáthú súl ar mo shúile don lá ar fad. 
I ndiaidh sin, bíonn sé in am bogadh ar aghaidh go dtí mo scáthú súl "Naked 2" as "Urban Decay". Seo pailléad nua a fuair mé agus anois, is dóigh liom go mbeadh mé caillte gan é. Is aoibhinn liom é. Is féidir leat níos mó a léamh faoi anseo. I ginearálta, úsáidim trí nó ceithre dath gach uair a chuirim scáthú súl ar mo shúile. B'fhéidir go bhfuil tú ag smaoineamh go bhféachann a lán dos na dathanna mar a gcéanna ach tá siad lán difriúil agus is fearr liom dathanna nocht agus neodrach cósúil le seo a chaitheamh. 
Nuair atá mo scáthú súl orm, úsáidim línitheoir súile leactach ar bharr mo shúile. Is as "Superdrug" é seo. Ní dóigh liom go raibh sé níos mó ná ocht euro. Is é an t-ainm atá air ná "Collection Extreme 24 Hour Felt Tip Liner". Is aoibhinn liom nuair atá é seo á chaitheamh agam ach bíonn gá orm mo lámh a choimeád foisteanach (steady) nuair a bhíonn mé ag cur é ar mo shúile mar má théann sé mícheart, bíonn do shúile ar fad scriosta. 
I ndiaidh línitheoir súile leactach, leanaim ar aghaidh chun prímeálach mascara a chur orm. Seo mascara nua atá agam as "Estée Lauder". Ar thaobh amháin tá prímeálach agus ar an taobh eile, tá mascara dubh. Roimh an mascara a chur orm, úsáidim an prímeálach agus cabhraíonn é seo leis an mascara a choimeád ar m'fhabhraí. 
Úsáidim an taobh leis an mascara i ndiaidh sin agus déanaim dhá chóta don mhascara roimh é a dhúnadh. Is é an t-ainm atá ag an prímeálach ná "Lash Primer Plus" agus is é an t-ainm atá ag an mascara ná "Double Wear". Ba é seo mo chéad mascara as "Estée Lauder" agus taitníonn sé go mór liom. Caithim mascara dubh an t-am ar fad. Is maith is cuimhin liom ag bheith "cúl" ag an deireadh seachtaine sa bhunscoil agus mascara gorm a chaitheamh ar m'fhabhraí cósúil le gach duine eile gan aon smideadh eile. 
Nuair atá mo mhascara déanta cuirim línitheoir súile ar bhun mo shúile. Is as "Yves Saint Laurent" é ach tá sé beagnach imithe. Beidh mé croí- bhriste i gcúpla seachtain. Úsáidim an ceann seo ar bhun mo shúile agus úsáidim an ceann leactach ar bharr mo shúile. 
Is é an rud deireanach a chuirim orm ná donnaitheoir. Is as "Bare Minerals" é seo freisin. Cheannaigh mé é cúpla mí ó shin ach tá sé fós agam mar nach úsáidim ach beagáinín don phúdar gach uair a chuirim smideadh orm. Ní chuirim é seo ar lán m'aghaidh. Tá treo speisialta chun é a chur ort. Tosaíonn tú i lár d'éadan (forehead) agus téann tú síos go dtí do chnámh leicne agus ansin síos go dtí do smig. Déanann tú é sin ar an dá taobh. Agus tar éis sin bíonn críochnaithe agam. Ní chaithim béal- dath ach úsáidim snas béil ó am go ham. Mar nach úsáidim é gach uair a chaithim smideadh ag an deireadh seachtaine, ní pháirt do mo ghnathamh laethúil é. 

Mar sin is iad na rudaí a úsáidim ná: 

  1. Maothóir
  2. Bonn Smideadh
  3. Prímeálach súile
  4. Scáthú Súl
  5. Línitheoir Súile Leactach
  6. Prímeálach mascara
  7. Mascara
  8. Línitheoir Súile
  9. Donnaitheoir
Inis dom faoi do ghnathamh laethúil agus na rudaí go mbeadh tú caillte gan iad i do mhála smideadh. 













Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com