Dia dhaoibh Sionainn anseo,
Inniu, chruthaigh mé mo choimeádán irisleabhair féin.
Seo iad na céimeanna chun iad a chruthú. Tá sé éasca, simplí agus saor agus féachann an coimeádán go hálainn ag an deireadh.
Ar dtús, caithfidh tú bosca arbhair a fháil. Ansin, faigh rialóir agus tarraing líne trasnánach (diagonal line) ar an dá thaobh. Ansin, úsáidigí siosúr chun é a ghearr amach cósúil leis an mbosca Cheerios sa phictiúr.
Ansin, tóg cúpla irisleabhair sean , nach léigheann tú agus caithfidh tú a lán pictiúir a ghearr amach óna irisleabhair- Go leor pictiúir chun an bosca ar fad a chlúdach.
Ansin, faigh do ghliú. D'úsáid mé "Pritt Stick". Is é an céim i ndiaidh sin ná chun lán do phictiúir a chur ar an mbosca i gcollais (collage).
Rinné mé na taobhanna is mó le pictiúir d'éadaí, bróga, málaí agus rudaí eile a bhaineann le faisean.
Rinne mé an píosa is ísle le pictiúir de rudaí a bhaineann le teicneolaíocht cósúil le ríomhairí, ceamaraí agus fóin.
Chuir mé pictiúir de bhia ar an taobh deireannach- seacláid, milseáin agus cáca milis.
Ansin, is féidir leat lán d'irisleabhair a chur isteach ann, nó b'fhéidir leabhair scoile nó billeoga.
Is féidir leat aon sórt pictiúir a chur ar do bhosca- aon rud a thaitníonn leat, b'fhéidir ainmhithe nó mainicíní, aon phictiúir is féidir leat aimsiú in irisleabhair éigin.
Ní bhíonn gá ort irisleabhair nua a cheannach chun na pictiúir a fháil, is féidir leat ceann a athchúrsáil agus ceapaim go bhfuil gliú agus bosca arbhair ag beagnach gach duine. Mar sin, tá sé saor in aisce, cruthaitheach, faiseanta agus uathúil.
Cad a cheapann tú faoin smaoineamh seo?