Showing posts with label Inge. Show all posts
Showing posts with label Inge. Show all posts

Monday, February 25, 2013

Conas do Vearnais Ingne a Choimeád in Ordú

Dia daoibh Sionainn anseo, 

Má tá tusa cósúil le liomsa- má tá a lán vearnais ingne agat, b'fhéidir go mbeidh sé cabhrach duit é seo a léamh chun fáil amach conas na buidéil ar fad a choimeád eagraithe agus in ordú. Is é an rud aonaire a chaithfidh tú bheith agat na greamáin cósúil leis na cinn a d'úsáid mise thíos anseo. Is féidir iad seo a cheannach sa siopa Silkes- cosaíonn paicéad de chéad níos lú ná dhá euro ann. 
Ansin, osclaígí gach buidéal vearnais ingne atá agat agus déan spota de gach dath ar ghreamán amháin.

Nuair atá siad tirim, cuirigí iad ar bharr na buidéil. 

Ciallaíonn é seo go mbeidh tú in ann féachaint síos ar do vearnais ingne agus ceann a rogha má tá siad i mbosca agat gan iad go léir a thógáil amach chun féachaint orthu. 


An mbeidh é seo á dhéanamh agat? 

Sionainn, x.



Thursday, February 21, 2013

Siopadóireacht sa Fhrainc

Dia daoibh Sionainn anseo, 

Nuair a bhíomar i Chamrousse sa Fhrainc ní raibh mórán ama nó mórán áiteanna againn chun dul ag siopadóireacht mar go rabhamar ann chun sciáil a dhéanamh seachas siopadóireacht ach bhí cúpla siopa cuimhneacháin ann. Mar sin, seo roinnt dos na rudaí a cheannaigh mé. 

Coinín nó "bunny" do mo neacht Molly- bhí sé comh bog bhí gá orm é a cheannach. Muga dom féin- ceann an-mhór a bheidh fiorfe do seacláid te. Bhí spás ann chun ainm a scríobh- bhí scríbhneoireacht Fraincise ar cheana agus mar sin, chur mé mo dhá theanga is fearr le chéile agus fuair mé "Sionainn" scríofe ar. Anois tá Fraincis agus Gaeilge ar.
 Thit mé i ngrá leis an mála seo sa siopa saor ó dhleacht (duty-free) i Lyon sa Fhrainc. Is sórt mála siopadóireachta é- n'fheadar cén úsáid a bheidh agam do mhála cósúil le sin ach aimseoidh mé rud éigin. Thaithin na dathanna agus an scríbhneoireacht atá ar go mór liom. 
Na pionsailí dathadóireachta seo do mo neacht- bhí siad comh gleoite agus ní rabhas tar éis aon rud cósúil leo a fheiceáil ríomh.  
Seodra dom féin
Slipéir do mo dheirfiúr- bhí an fionnadh (fur) comh compordach. Coimeádán scuaba fiacla do mo neacht- bhí spás ann do scríbhneoireach ar an rud seo freisin, mar sin, fuair mé "Molly Moo" scríofe ar. 
Fuair mé na vearnais ingne seo ar an eitleán- is as "Bourjois" iad agus tháinig an cúig acu i mbosca amháin.
Bhí é seo ar dhíol ar an eitleán freisin- "Sugarlicious" as Benefit. Bhí sé deich euro níos saibhre ná an praghas a íocfá sa bhaile- sin an fáth gur cheannaigh mé é sa chéad áit ach anois, tar éis é a úsáid ba íocfainn an praghas iomlána don seit. 

An dtaitníonn an Fhrainc leat? 

Sionainn, x. 



Tuesday, January 15, 2013

Coirníní MUA


Dia daoibh Sionainn anseo,

Nuair a bhí mo litir á scríobh agam go Daidí na Nollag, d'iarr mé air an mbeadh sé in ann ciseach (hamper) a thabhairt dom le gach sórt rud ó stáiseanóireacht go vearnais ingne go rudaí bácála- rudaí beaga a thaithin liom. Bhí sé an- chileálta i mbliana agus chruthaigh sé an chiseach álainn seo dom. 
Mar go rabhas comh gnóthach, ní bhfuair mé an seans chun triail a bhaint as gach rud fós ach, rinne mé ingne mo dheirfiúr leis amháin dos na rudaí a fuair mé sa chiseach. Feicfidh sibh go bhfuil méar amháin difriúil óna cinn eile. Sin mar go bhfuil MUA Nail Constellation úsáidithe agam ar an méar sin. Is coirníní (beads) iad seo d'ingne. Is féidir iad a cheannach i Superdrug comh maith leis iad a fháil i gceardlann Daidí na Nollag. Is é an rud is fearr ná go gcosaíonn siad níos lú ná ceithre euro. €3.50 is dóigh liom. 

Tá a lán dathanna le ceannach ach is é ainm na coirníní seo ná "Leo". Is réaltchomharthaí iad lán na hainmeacha. Chun é a choimeád simplí, níor chuir mé iad ach ar mhéar amháin ar gach lámh. Ceapaim go bhféachann sé níos deise freisin mar seo. Táim an-bhuíochasach go raibh mo dheirfiúr sásta bheith mar mhun ghuine (guinea pig) agus ar ndóigh, "go raibh míle" mór do Daidí na Nollag as lán na brontannais. 
D'aimsigh mé pictiúr dos na dathanna eile atá le fáil sna siopaí. Déanfaidh mé léirmheas criticiúil orthu lá eile mar gur eol dom nár fhaca a lán daoine iad ríomh mar go bhfuil siad nua dos na siopaí. 

An raibh sé ar eolas agat gur eis (existed) na rudaí seo? 

Le grá, Sionainn. 

Monday, December 10, 2012

Dia daoibh Sionainn anseo, 

Ní raibh n'ingne a chur mé suas inné ach cuíosach. Tá fonn orm triail a bhaint as níos mó a dhéanamh. Bím ag cuardach YouTube an t-am ar fad ag lorg ingne a bheadh go deas ach éasca ag an am céanna. Má fheiceann tú dearadh álainn, seol an nasc dom agus bainfidh mé triail as m'ingne a dhéanamh mar a gcéanna.
Seo cúpla dos na dearaí atá déanta agam ach tá a lán níos mó chun teacht. 


Cad é an rud is fearr leat faoi Nollaig? 

I.S (P.S) N'fheadar cad atá cearr ach níl sé ag ligeadh dom teideal a chur ar an bpost- Bróm!

 ❄ Sionainn 


Saturday, October 27, 2012

Ingne Oráiste

Dia dhaoibh Sionainn anseo,

Tá sé an- éasca n'ingne seo a chruthú, ní chaithfidh tú ach bheith in ann línte a chruthú le scuab. Éasca nach bhfuil? Agus, níos fearr ná sin, is féidir an pátrún seo a úsáid aon am i rith na bliana. Ach inniu ar ndóigh, d'úsáid mé na dathanna oráiste, dubh agus bán chun iad a bheith oiriúnach d'Oíche Shamhna. 

Níl aon vearnais ingne oráiste agam sa bhaile ach arís agus chun airgead a shábháil, rinne mé m'oráiste féin ag meascadh dearg le buí. D'úsáid mé scuab phéinte chun é a chur ar m'ingne. 


Lean mé ar aghaidh chun línte a dhéanamh ar m'ingne le dubh. Dhá líne ag dul síos agus dhá líne ag dul trasna. 

Rinne mé an rud céanna leis an mbán ach rinne mé trí líne ag dul trasna in ionad dhá. 

Agus is é an rud deireannach a dhein mé ná líne amháin a chur síos m'ingne agus líne amháin a chur trasna m'ingne le dath airgid. 

Is dearadh an- simplí é seo agus féachann sé go hálainn. 

Cad é an rud is fearr leat faoi Oíche Shamhna? 







Wednesday, October 24, 2012

Líontán Damháin Alla

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Is dearadh simplí é seo- líontán damháin alla (spider's web) a chruthú. 

Tosaíonn tú le ciorcal i gcúinne d'ionga. 
Ansin, déanann tú ceithre línte ag teacht amach ón gciorcal. 
Má tá vearnais ingne agat le scuaba tanaí beidh iad sin fiorfe nó is féidir leat scuab phéinte a úsáid in ionad an scuab a thagann le vearnais ingne normálta. 

Ansin, críochnaíonn tú an líontán damháin alla le línte a dhéanamh ag dul go cothrománach (horizontally). 
Comh maith le sin, más maith leat, is féidir leat dath airgid a úsáid agus é a chur ar an mbán nuair atá sé tirim. 


Tá Oíche Shamhna ag droidim... An mbeidh tú ag gléasadh suas? 



Tuesday, October 23, 2012

Ingne Frankenstein!

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Mar a duirt mé, beidh mé ag léíriú daoibh inniu conas ingne Frankenstein a dhéanamh. 
Fiú go bhféachann an ionga deireannach casta, má dhéanann tú é i gcéimeanna, i ndáiríre, tá sé an- simplí. 
Seo na rudaí a chaithfidh tú bheith agat chun n'ingne Frankenstein a chruthú. 
Vearnais ionga bán, dubh, glas agus buí. Caithfidh tú scuab tanaí bheith agat chun lán na sonraí a chur isteach. Ach, ní chaithfidh vearnais ionga speisialta bheith agat, is féidir leat scuab phéinte a úsáid freisin.



Ní raibh an dath glas ceart agam ach d'úsáid mé mo cheann agus chur mé beagáinín buí agus beagáinín glas ar phíosa páipéir agus voila, bhí an dath fiorfe agam!

Ba é an chéad céim ná chun an vearnais a chur ar d'ingne. 

Nuair atá sé sin déanta agat, tóg do bhuidéal dubh agus caithfidh tú gruaig a thabhairt do Frankenstein. Níl aon riail a deireann go gcaitheann an ghruaig ar an gceann i dtreo áirithe. Is cuma i ndáiríre agus ciallaíonn sé sin nach féidir leat botún a dhéanamh nuair atá an ghruaig á dhéanamh agat. 
Ansin, d'úsáid mé deireadh scuab phéinte, chun na súile a dhéanamh. Má dhéanann tú é ag úsáid an taobh eile de scuab phéinte, beidh tú in ann ciorcail a chruthú gan aon deacrachtaí. 

Nuair atá an ghruaig agus na súile tirim, caithfidh tú dhá líne a dhéanamh chun a bheith na malaí. 
Comh maith le sin, caithfidh tú líne fada díreach a dhéanamh agus ansin, trí nó ceithre líne a dhéanamh ar fiar (diagonally).

Níl ach rud amháin fágtha agus is é sin chun spota dubh a chur sna spotaí bána. 

Ansin, tá Frankenstein críochnaithe. 
Is féidir leat é seo a dhéanamh ar lán d'ingne nó is féidir leat ionga amháin ar gach lámh a dhéanamh agus n'ingne eile a fhágáil glas nó dubh- tá sé suas leatsa. 

Cad a cheapann tú faoi n'ingne seo? Cad é an plean atá agat d'Oíche Shamhna? 





Monday, October 22, 2012

Oíche Shamhna ag Teacht

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Mar is eol do chách, tá Oíche Shamhna beagnach anseo. 
Agus is eol do chách a léigheann PLHF go mbainim an- taitneamh as m'ingne a dhéanamh. 
Bhuel, ón Máirt go dtí an deireadh seachtaine, beidh post teagaisc ag teacht gach oíche ag taispeáint daoibh conas bhur ingne a dhéanamh le pátrúin difriúil a bhaineann le Oíche Shamhna. 


Bígí réidh leis an gcéad ceann a bheidh ag teacht oíche amárach- Bhain mé triail as níos luaithe inniu. Bhí an ionga seo ar mo mhéar le gliú ach thóg mé iad asam nuair a bhí críochnaithe agam. Seo "Frankenstein". Beidh dearadh nua ag teacht gach oíche!

An bhfuil tú ullmhaithe d'Oíche Shamhna?



Thursday, October 18, 2012

Vearnais Ingne "Barry M"

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Bhíothas sa siopa "Superdrug" ag an deireadh seachtaine agus bhíothas ag féachaint ar lán na brandaí atá ar dhíol ann. Bhí fonn orm vearnais ingne nua a cheannach agus branda nár bhain mé triail as ríomh. Chonaic mé an sórt dath a bhí ag teastail uaim- dath corcra pastalach. 


Tá ainm an- mhaith ag an mbranda seo. Tá béal dath "Barry M" deas agam agus taitníonn sé go mór liom. Bhí an buidéal seo le 10ml 3.45euro. Ceapaim go bhfuil sé an dath vearnais ingne is fearr liom gur cheannaigh mé go dtí seo. Is breá liom go bhfuil dath geal é agus is aoibhinn liom lán na dathanna pastalach. Chaith mé é ar an Domhnach agus ar an Luan agus ní raibh aon fhadhbanna agam leis. 


Is cinnte go mbeidh buidéal nó dhó eile á cheannach agam ón mbranda seo mar go rabhas an- sásta leis an gceann seo. 

An bhfuil aon rud as "Barry M" agat? 



Monday, September 24, 2012

Faisean ag na Scannáin

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Nuair a bhíonn tú ag dul go dtí an pictiúrlann an mbíonn tú ag smaoineamh faoi cad ba chóir duit a chaitheamh? Mise freisin. Caithim éadaí normálta an t-am ar fad... Jíons agus rudaí mar sin. Éadaí normálta cósúil le gach lá. Ach cad faoi rud éigin uathúil... b'fhéidir, d'ingne. Seo dearadh a bheadh oiriúnach don phictiúrlann nó d'oíche ciúin compordach sa bhaile le DVD ó XtraVision. 

Ar dtús, caithfidh tú bán a chur ar beagáínín níos lú ná leath do d'ionga. Déan iarracht líne díreach a dhéanamh ach ní chaithfidh sé bheith fiorfe. 
Ansin, caithfidh tú buí an- gheal bheith agat. Ní raibh ceann agam ach, d'úsáid mé bán agus buí agus chur mé iad le chéile chun an dath fiorfe a dhéanamh. 
Ansin, caithfidh tú an buí sin a chur ar d'ingne ag déanamh a lán ciorcail mar go mbeidh an buí seo an grán rósta (popcorn). Ná déan dearmad chun seans a thabhairt do na dathanna triomú roimh dath eile a chur ort. D'úsáid mé scuab normálta chun an buí a chur ar m'ingne. 
Ansin, caithfidh tú an bosca a chruthú. D'úsáid mé dath dearg chun línte a dhéanamh ar an mbán. Caithfidh tú scuab tanaí bheith agat chun é seo a dhéanamh. 

Ansin, úsáid buí eile chun an t-im a dhéanamh ar do ghrán rósta mar seo. Bíodh é i gciorcail randamach. 

Is é an rud deireannach a dhein mé ná gur úsáid mé beagáínín óir chun an grán rósta a chríochnú. 

An mbeadh tú sásta d'ingne a chaitheamh mar seo ag dul amach chun scannán a fheiceáil? 
Inis dom faoi aon scannán maith a chonaic tú le déanaí. 








Sunday, September 23, 2012

Faisean sa Seomra Codlata

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Inné, chaith mé an lá ar fad ag glanadh mo sheomra codlata. Nílim ag magadh, caithfidh gur thóg sé timpeall ar cheithre nó cúig uair.  Táim go holc ag coimeád mo sheomra codlata néata ach an uair seo, táim cinnte go bhfanfaidh sé slachtmhar. Bhíothas an- bhródúil asam tar éis jab iontach a dhéanamh ar agus anois, ciallaíonn sé go gcaithfidh mé níos mó ama i mo sheomra codlata mar go bhféachann sé go deas. 

Coimeádeann mé lán mo sheodra, mo vearnais ingne, m'uachtair, mo dhonnú bréige, mo dhíbholaígh agus mo mhaothóirí ar sheilf in aice le mo leaba. Mar sin, bíonn mé in ann m'uachtair a úsáid gach maidin agus iad a chur ar ais san áit céanna fós ag coimeád iad néata. Bíonn mé in ann seodra difriúil a chur orm aon am a oireann sé liom agus lán na dathanna vearnais ingne atá agam a fheiceáil. 

Tá deasc mhór agam in aice le mo vardrús. Bhí teilifís agam ar an deasc go dtí inné ach, bheartaigh mé gurbh cur amú spás é mar nár úsáid mé an teilifís ach cúpla uair gach mí. Má bhíonn mé ag féachaint ar an teilifís, bíonn mé thíos staighre le mo theaghlach. Anois, tá an deasc saor, agus is deasc staidéir é. Uaireanta bíonn mo theach an- ghnóthach, mar sin, beidh mé in ann dul chuig mo sheomra leapa chun m'obair bhaile a dhéanamh. Má tá tú ámharach go leor chun deasc staidéir bheith agat seachas leis an mbord sa chistin nó rud éigin mar sin, is smaoineamh maith é do chlár ama a chur suas ar an mballa, comh maith le póstaeir a chabhraíonn leat le do chuid oibre. Is é leid faiseanta chun rudaí a fhoghlaim go tapa ná chun iad a scríobh ar luaschártaí (flashcards). Tá coimeádán grianghraif agam agus má bhíonn aon rud le foghlaim agam, cuirim é isteach sa rud seo. Feicim é an t-am ar fad mar go seasann sé amach agus gach uair a fheicim é, deirim an phrása amach ós ard chun a bheith cinnte go bhfuil sé ar eolas agam. 

Coimeádaim an cuid is mó dos na leabhair atá agam ar an seilf seo, comh maith le ceann eile in aice le mo vardrús. Fiú amháin go bhfuil an cuid is mó d'iad léite agam, níl fonn orm iad a chaitheamh amach nó iad a thabhairt go carthanas (charity). Mar go bhfuil siad i bpílí cósúil le seo, is féidir leat a lán leabhair a choimeád ar sheilf amháin. 

Is iad ceithre leid tábhachtach chun do sheomra codlata a choimeád faiseanta agus slachtmhar ná: 

  • Go bhfuil sé níos fearr fearr deich nóiméad a chaitheamh ag glanadh do sheomra codlata gach oíche ná uair ar fad ag an deireadh seachtaine. 

  • Chun iarracht a dhéanamh áit a bheith agat i gcomhair gach rud. Mar sin, nuair a thógann tú rud éigin amach, beidh tú in ann é a chur ar ais agus comh maith le sin, beidh sé ar eolas agat cá bhfuil sé nuair atá sé á lorg agat arís. 

  • Chun bheith cinnte go dtaitníonn do sheomra codlata leat. Cuir suas póstaeir do d'amhránaí is fearr leat nó grianghraif do tusa agus do chairde agus do theaghlach ar do bhalla. Ansin, beidh seomra codlata pearsanta agat beidh fonn ort é a choimeád néata. 

  • Chun d'éadai a eagrú. Is é an fhadhb is mó atá agam ná m'éadaí. Gach lá, bainim triail as cúpla feisteas a chaitheamh agus muna bhíonn siad ceart, fágaim iad ar an úrlár seachas le iad a chur ar ais ar an gcrochadán (hanger). Tá sé deacair ach déan iarracht iad a chur ar ais nó beidh píle mór éadaí agat ag deireadh na seachtaine. 


An bhfuil aon leideanna eile agat chun seomra codlata a choimeád slachtmhar agus faiseanta? 
Inis dom faoi do sheomra codlata agus conas mar a fhéachann sé díreach anois. 






Wednesday, September 19, 2012

Ingne "imPRESS"

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Bhíothas sa siopa Penneys sa chorrán ar an Luain agus bheartaigh mé go raibh sé in am péire dos n'ingne bréige "imPRESS" a cheannach. Cheannaigh mé n'ingne atá ar dhíol ann i gcomhair 1.50euro cúpla uair ach bhí fonn orm an t-am ar fad triail a bhaint as na cinn eile. Cosaíonn na cinn seo níos mó ná na cinn eile ach úsáideann tú slí eile chun na cinn seo a chur ar d'ingne. Ná bígí buartha... Níor chaith mé na cinn seo fós! Cheannaigh mé iad mar go mbíonn cóisir ag na "Brownies" gach Oíche Shamhna agus b'fhéidir go gcaithfidh mé iad seo an Chéadaoin sin. 

Tá an slí luaite san ainm "imPRESS". Ní úsáideann tú gliú chun na cinn seo a chur ort, ní chaitheann tú ach iad a bhrú síos ar d'ingne agus fanann siad ar d'ingne. Bíonn sórt greamán ar an taobh eile. Nuair a thógann tú an greamán as an ionga, bíonn siad greamaitheach (sticky) ansin. Sin conas mar a oibríonn siad. 
Tá an- chuid dathanna agus pátrúin le ceannach. Cosaíonn siad ocht euro. Thóg mé ceann amach ón bpaicéad agus cheapas gur bhraith sé an- láidir. Súil agam go n-óibreoidh siad go maith ach ní bheidh siad á úsáid agam go dtí Mí Dheireadh Fómhair. 

Ar bhain tú triail as n'ingne seo? Inis dom faoi na rudaí a chuala tú faoi n'ingne... 



Saturday, September 1, 2012

Is Féidir "Converse" A Chaitheamh Áit Éigin Eile Ná Ar Do Chosa

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

D'aimsigh mé paicéad ingne bréige a fuair mé saor in aisce in éineacht leis an irisleabhar "Bliss". 
Mar nach rabhas in ann vearnais ingne a chaitheamh cé go raibh scoil agam, bhain mé triail as "Converse" a chur ar n'ingne seo ag úsáid mo vearnais ingne "Art Club" a cheannaigh mé i TK Maxx. Is iad na dathanna aonaire a úsáid mé ná dubh, bán agus airgead. 

Is é an chéad céim ná chun dubh a chur ar trí cheathrú (3/4) do d'ingne ag fágáil an cheathrú deireanach gan aon dath go dtí go bhfuil an dubh tirim. 
Nuair atá an vearnais ingne dubh tirim, beidh tú in ann an ceann bán a úsáid chun é a chur ar an gceathrú eile.
Bí cinnte go bhfuil tú ag tabhairt ama do d'ingne triomú tar éis gach céim mar nach mbeidh tú ag súil go mbeidh na dathanna ag rith le chéíle. 

Tar éis sin, úsáid an vearnais ingne bán arís chun sé phonc a chur ar gach ionga, trí ar an gclé agus trí ar an deis.

Nuair atá na poinc tirim, is é an chéad rud eile a chaithfidh tú déanamh ná línte cothrománach (horizontal) agus línte trasnánach (diagonal) a chur idir na poinc cósúil le lásaí i do bhróga. Ceapaim go bhfuil é seo an páirt is deacra. Bí cinnte nach bhfuil a lán vearnais ar an scuab chun na línte a choimeád tanaí.

Ansin, cur sé phonc i lár gach ponc bá ach bí cinnte nach mbíonn siad comh mór ná na cinn atá déanta leis an vearnais ingne bán. 

Más maith leat, is féidir leat dath airgead a chur ar lán na poinc mar go mbíonn an dath sin ag na rudaí sin ar "Converse" i gcónaí.

Is é an céim amháin deireanach ná chun an vearnais ingne dubh a úsáid chun dul timpeall an vearnais ingne bán.

Má bhaineann tú triail as aon dos n'ingne a dhéanamh agus a chuirim suas ar Paisean le hAghaidh Faisin, tóg grianghraf agus seol é dom ag paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com.

An dtaitníonn bróga "Converse" leat? 








Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com