Showing posts with label Boots. Show all posts
Showing posts with label Boots. Show all posts

Tuesday, January 8, 2013

Léirmheas ar an "Mark Hill Wicked Waver"

Dia daoibh Sionainn, 

Ar dtús ba mhaith liom "bróm" a rá mar nár chuireas aon rud suas i gcúpla seachtain. Sin mar go mbeidh mé ag dul go dtí Baile Átha Cliath maidin amárach don chomórtas Eolaí Óg. Bhíos ag obair go crua go dtí seo ar mo thionscadal ach anois, tá gach rud ullmhaithe agam. Fiú go bhfuil mé tosnaithe ar áis ag póstáil, seans ann nach mbeidh aon rud nua curtha suas i rith na seachtaine mar go mbeidh mé iBÁC. 
Súil agam gur bhain sibh taitneamh as laethanta na Nollag. Is cinnte go raibh Daidí na Nollag an- chineálta dom i mbliana. Seo ach ceann dos na brontannais álainn a fuair mé. Beidh a lán léirmheasanna le déanamh agam mar go bhfuilim tar éis smideadh, cumhrán, táirgí áille agus táirgí ingne a fháil.
Seachas leis an bPol Thuaidh, is féidir an trilseacháin (hair-curlers) a fháil sa siopa "Boots". Ní thrilseacháin normálta é. Is é an t-ainm atá ar ná "waver" agus is féidir é seo agus gach rud eile ón mbranda "Mark Hill" a fheiceáil anseo. Nuair a phioc mé amach é, chonaic mé go raibh sé ar dhíol i gcomhair ochtó euro ach, d'imigh an praghas sin síos go dtí daichead euro- margadh iontach. 


Is é an difríocht idir na castaí a dhéantar leis an rud seo agus trilseacháin normálta ná go dtagann na castaí seo amach i dtreo eile- treo nádúrtha. Tá cruth difriúil ag an trilseacháin agus ciallaíonn sé sin go gcruthaíonn sé "waves" seachas le castaí. 


Seo mo ghruaig tar éis cúpla uaire. Díreach tar éis mo ghruaig a dhéanamh leis an trilseacháin, féachann sé beagáinín ró dhian ach tar éis cúpla nóiméad amach san aer, bíonn sé ceart go leor. An cuid is mo de  na ham roimh é seo a fháil, nuair a chaithfinn mo ghruaig síos, bheadh sé díreach ach anois, taitníonn an stíl seo liom freisin. Fós, ní bheinn in ann an ceann a cheapaim go bhfuil níos fear a ainmniú- díreach nó casta. 

I do thuairim, cad a oireann leat níos fearr... Díreach nó Casta??

Le grá, Sionainn.

*** Bígí ag tnúth le téama úr agus nua tar éis an chomórtais!***




Saturday, August 4, 2012

"Garnier"

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Is cinnte nach mbeimid ag fáil donnú álainn in Éirinn an samhradh seo ach is féidir leat féachaint mar go bhfuair tú donnú an- deas leis an maothóir atá ag Garnier- "Deep Sun- Kissed Look". 
Is maothóir dathach (tinted) é. 
Níl sé cósúil le Sally Hansen ar aon nós ach sin rud maith. Caitheann tú donnú bréige mar sin ag dul amach i gcomhair ócáid nó rud éigin mar sin ach seo é rud a chuireann tú ort gach lá agus ansin, bíonn donnú grádach agat. 
Tar éis é a chur ort uair amháin, feicfidh tú na torthaí tar éis cúpla uair. 
Bíonn gá ort é a chur ort go cothrom (evenly) agus mar sin, úsáidim miotóg chun é a chur orm. 
Má tá tú chun an praghas lán a íoc, tá sé 10.16euro ach fuair mé é sna siopaí Boots agus Shaws cúpla uair i gcomhair 5.08euro. Mar sin, bíonn gá ort féachaint amach i gcomhair margadh maith. 
Bíonn an buidéal céanna agat i gcomhair cúpla seachtain. 
Chomh maith leis an donnú a bheidh agat, beidh go chraiceann ag braitheamh an- bhog agus an- slim (smooth) mar go bhfuil maothóir é fréisin. 

Ar chuala tú faoin maothóir dathach seo? 


Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com