Showing posts with label léirmheas. Show all posts
Showing posts with label léirmheas. Show all posts

Monday, October 8, 2012

Mo Ghnathamh Laethúil

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Ar ndóigh, ní chaithim an méid smideadh céanna gach lá ach inniu, táim chun mo ghnathamh laethúil (daily routine) a thaispeáint daoibh- seo an sórt smideadh a chaithim ag an deireadh seachtaine. 
Tar éis m'aghaidh a nígh, cuirim an maothóir seo ar m'aghaidh. Seo maothóir as "Simple". Ní chosaíonn sé ach cúpla euro agus braitheann mo chraiceann deich uair níos fearr tar éis é a úsáid gach maidin. Deireann daoine nach bhfuil smideadh go maith duit ach tar éis maothóir a úsáid roimh é a chur orm braithim beagáinín níos fearr faoi smideadh a chaitheamh ag an aois seo! 
Ansin, leanaim ar aghaidh chun bonnsmideadh a chur orm. Ní úsáidim an scuab seo ach i gcomhair an bonnsmideadh seo. Is as "Bare Minerals" an bonnsmideadh agus an scuab agus táim i ngrá leo mar is eol daoibh. Cliceáil anseo chun níos mó a léamh faoi bhonnsmideadh "Bare Minerals". Ceannaím é ón gcúntar sa siopa Brown Thomas. Cuirim é ar lán m'aghaidh ag déanamh cinnte go bhfuil go leor faoi mo shúile agus in aice le mo líne gruaige. Is fearr liom an bonnsmideadh seo ná ceann leactach (liquid) mar nach mbíonn sé comh trom ar mo chraiceann. 
Tar éis sin, déanaim mo shúile. Tosaím le prímeálach súile a chur ar mo chaipíní súile. Is as "Urban Decay" é agus tháinig sé saor in aisce le scáthú súl éigin a cheannaigh mé cúpla mí ó shin. Is nós é a chur orm ach nuair atá an ceann seo imithe, beidh mé ceart go leor gan ceann eile a cheannach. Úsáidim é mar go bhfuil sé agam. Ach fós déanann sé maitheas dom mar go bhfanann mo scáthú súl ar mo shúile don lá ar fad. 
I ndiaidh sin, bíonn sé in am bogadh ar aghaidh go dtí mo scáthú súl "Naked 2" as "Urban Decay". Seo pailléad nua a fuair mé agus anois, is dóigh liom go mbeadh mé caillte gan é. Is aoibhinn liom é. Is féidir leat níos mó a léamh faoi anseo. I ginearálta, úsáidim trí nó ceithre dath gach uair a chuirim scáthú súl ar mo shúile. B'fhéidir go bhfuil tú ag smaoineamh go bhféachann a lán dos na dathanna mar a gcéanna ach tá siad lán difriúil agus is fearr liom dathanna nocht agus neodrach cósúil le seo a chaitheamh. 
Nuair atá mo scáthú súl orm, úsáidim línitheoir súile leactach ar bharr mo shúile. Is as "Superdrug" é seo. Ní dóigh liom go raibh sé níos mó ná ocht euro. Is é an t-ainm atá air ná "Collection Extreme 24 Hour Felt Tip Liner". Is aoibhinn liom nuair atá é seo á chaitheamh agam ach bíonn gá orm mo lámh a choimeád foisteanach (steady) nuair a bhíonn mé ag cur é ar mo shúile mar má théann sé mícheart, bíonn do shúile ar fad scriosta. 
I ndiaidh línitheoir súile leactach, leanaim ar aghaidh chun prímeálach mascara a chur orm. Seo mascara nua atá agam as "Estée Lauder". Ar thaobh amháin tá prímeálach agus ar an taobh eile, tá mascara dubh. Roimh an mascara a chur orm, úsáidim an prímeálach agus cabhraíonn é seo leis an mascara a choimeád ar m'fhabhraí. 
Úsáidim an taobh leis an mascara i ndiaidh sin agus déanaim dhá chóta don mhascara roimh é a dhúnadh. Is é an t-ainm atá ag an prímeálach ná "Lash Primer Plus" agus is é an t-ainm atá ag an mascara ná "Double Wear". Ba é seo mo chéad mascara as "Estée Lauder" agus taitníonn sé go mór liom. Caithim mascara dubh an t-am ar fad. Is maith is cuimhin liom ag bheith "cúl" ag an deireadh seachtaine sa bhunscoil agus mascara gorm a chaitheamh ar m'fhabhraí cósúil le gach duine eile gan aon smideadh eile. 
Nuair atá mo mhascara déanta cuirim línitheoir súile ar bhun mo shúile. Is as "Yves Saint Laurent" é ach tá sé beagnach imithe. Beidh mé croí- bhriste i gcúpla seachtain. Úsáidim an ceann seo ar bhun mo shúile agus úsáidim an ceann leactach ar bharr mo shúile. 
Is é an rud deireanach a chuirim orm ná donnaitheoir. Is as "Bare Minerals" é seo freisin. Cheannaigh mé é cúpla mí ó shin ach tá sé fós agam mar nach úsáidim ach beagáinín don phúdar gach uair a chuirim smideadh orm. Ní chuirim é seo ar lán m'aghaidh. Tá treo speisialta chun é a chur ort. Tosaíonn tú i lár d'éadan (forehead) agus téann tú síos go dtí do chnámh leicne agus ansin síos go dtí do smig. Déanann tú é sin ar an dá taobh. Agus tar éis sin bíonn críochnaithe agam. Ní chaithim béal- dath ach úsáidim snas béil ó am go ham. Mar nach úsáidim é gach uair a chaithim smideadh ag an deireadh seachtaine, ní pháirt do mo ghnathamh laethúil é. 

Mar sin is iad na rudaí a úsáidim ná: 

  1. Maothóir
  2. Bonn Smideadh
  3. Prímeálach súile
  4. Scáthú Súl
  5. Línitheoir Súile Leactach
  6. Prímeálach mascara
  7. Mascara
  8. Línitheoir Súile
  9. Donnaitheoir
Inis dom faoi do ghnathamh laethúil agus na rudaí go mbeadh tú caillte gan iad i do mhála smideadh. 













Sunday, August 26, 2012

Ealaín Iongan Nua

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Nuair a bhíothas sa Bheannach, chuas go dtí an TK Maxx i dTrá Lí. Cheannaigh mé níos mó vearnais ingne ach seo é vearnais ingne speisialta mar nach bhfuil na scuaba ró thiubh. 
Ní raibh sé ach 9.99euro i gcomhair ocht buidéil- Sin 1.25 i gcomhair aon bhuidéal amháin. Nuair a chonaic mé go raibh siad ar dhíol don phraghas sin, bhíothas beagáinín neirbhíseach mar go bhfuil paicéad a cheannaigh m'aintín dom sa siopa Argos i gcomhair níos mó ná triocha euro nach gceapaim go bhfuil siad ró mhaith. Nuair a chuirim na cinn sin ar m'ingne bíonn cúpla dos na dathanna an- uisciúil. Ach d'fhéach na cinn seo an- mhaith agus mar sin, thóg mé an seans nach mbeadh siad uisciúil agus cheannaigh mé iad- bán, dubh, buí, glas, ór, airgead agus ceann trédhearach. Is é "Art Club" an branda atá orthu. 
Mar nach bhfuil na scuaba ró thiubh, tá an vearnais ingne seo fiorfe chun ealaín ingne a dhéanamh- straidhpeanna, línte agus aon rud eile atá deacair déanamh le scuab vearnais ingne normálta. Más raibh an vearnais ingne seo agam nuair a bhí ingne Astacach á dhéanamh agam, ceapaim go mbeadh siad a lán níos fearr. 
Bhíothas sa Bheannach nuair a cheannaigh mé iad ach bhíothas ag bású chun iad a iarraidh ach ní rabhas ábalta féachaint ar aon fhíseán. Mar sin, rinne mé ingne liopaird. Mar gur dhein mé iad cúpla mí ó shin freisin, bhí sé ar eolas agam nach mbeadh sé ró dheacair iad a dhéanamh. Thosaigh mé le dath béasa nach raibh sa seit- "Catrice 070 Same Seine But Different". Rinne mé dhá chóta den dath seo roimh tosú le mo vearnais ingne nua. Ansin, d'úsáid mé an buidéal dearg ó "Art Club" chun timpeall ar trí phaiste randamach a dhéanamh ar gach inge. Ní chaithfidh gach ceann bheith an méid céanna. 
Lean mé ar aghaidh chun an ceann dubh a úsáid chun dul timpeall gach paiste. Níor chuas timpeall lán aon phaiste amháin leis an gceann dubh, mar a fheicenn tú sa phictiúr, chuir mé é ar leath de gach paiste agus ansin ponc nó dhó. Nuair a bhí sé sin tirim, fuair mé an ceann ór agus chuir mé beagáinín den ór ar chúpla dos na poncanna agus na línte dubha. Níor úsáid mé a lán den ór mar go bhfuil a lán gealra ins an dath seo. 
Ansin, chun m'ingne a choimeád mar sin i gcomhair níos mó ama, chuir mé cóta amháin don cheann trédhéarach ar lán m'ingne.

Ba é seo mo chéad uair ag ceannach vearnais ingne ón siopa TK Maxx ach molaim do gach duine dul ann má tá seit á lorg agat i gcomhair duine éigin eile mar bhrontannas nó mar bhrontannas beag ag teastal uait. 
Úsáideann lán na daoine ar an idirlíon vearnais ingne as O.P.I. Bhí buidéal ag teastal uaim ach níor chonaic mé é aon áit. Anois, tá sé ar eolas agam go díolann TK Maxx é. Tá sé an- daor. Timpeall ar 13 euro i gcomhir dhá bhuidéil ach chuala mé go bhfuil fiú é a cheannach. Ní raibh aon dathanna speisialta ann agus mar sin, d'fhág mé é. Má táim chun buidéal a cheannach, ba mhaith liom dath álainn. 

An bhfuil aon cheisteanna agat faoi m'ingne déanta i bprionta liopaird?
Ar chuala tú aon eolas maith faoin mbranda O.P.I?
An mbíonn tú ag siopadóireacht sa siopa TX Maxx go minic? 



Sunday, July 29, 2012

B'fhéidir Go Bhfuil An Ghaeilge Chomh Faiseanta Ná An Béarla

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Brón orm nár scríobh mé níos luaithe ach bhíothas ar laethanta saoire sa Ghaillimh. 
Cheannaigh mé an leabhar "Cúpla" le Ógie Ó Céilleachair cúpla lá ó shin agus bhí sé anseo nuair a tháinig mé ar ais ar an Aoine.

Tá sé léite agam mar go bhfuil leabhar gearr agus simplí é. 
Níor thóg sé ach cúpla uair chun é a léamh agus nuair a thosaigh mé bhí gá orm leanúint ar aghaidh ag léamh mar go raibh a lán teannas sa scéal agus mar sin, bhí fonn orm fáil amach cad a tharla sa deireadh. 
Níor chreid mé go mbeadh an leabhar seo chomh maith ná a bhí sé. 
Ba leabhar iontach taitneamh é faoi chúpla Sharon agus Éile agus cheapas go raibh sé an- ghreannmhar ar fad. 

Seo é an cur síos don leabhar a bhí ar an gclúdach.
"Cúpla iad Sharon agus Éile agus iad beirt cúig bliana déag d'aois. Cailín ciúin, stuama, staidéarach í Éile atá go maith ar scoil, ach tá Sharon aerach agus fiáin agus bíonn sí ag pleidhcíocht i gcónaí. Agus an Teastas Sóisearach ag druidim leo ní mór do Sharon luí isteach ar an obair, ach lá amháin feiceann sí rud a chuireann go mór di. Cailleann sí smacht uirthi féin go hiomlán. Tá alltacht agus uafás ar Éile, ach céard is féidir léi a dhéanamh faoi?"

Níor réalaigh mé gur féidir leabhar Gaeilge bheith chomh greannmhar agus réalaíoch ná sin. Úsáidtear focail siamsúil cósúil le "hickies" agus tá an leabhar oiriúnach do dhéagóirí mar go bpléann sé na fadhbanna agus deacrachtaí a bhíonn ag déagóirí an lae inniu. Tá téama an ghrá le feiceáil tríd síos an scéal seo chomh maith le brón agus tragóid uafásach ag an deireadh. D'aimsigh mé an leabhar an- suimiúil mar go raibh pearsantachtaí Sharon agus Éile an- difriúil fiú amháin gurbh cúpla iad. 

Nílim ag súil chun líne an scéil a insint daoibh mar go gceapaim go b'fhearr daoine eile é a léamh chomh maith. Ní raibh aon fhocail ró dheacair ach ag an am céanna d'fhoghlaim mé rudaí nua ón leabhar freisin. Ní raibh sé ach seacht euro agus don phraghas sin is cinnte go gceapaim go bhfuil fiú é a cheannach. 

Cheannaigh mé é ar an idirlíon ach ansin nuair a bhíothas sa Ghaillimh chuas go dtí an siopa "An Spailpín Fánach" agus bheinn ábalta é a cheannach ann freisin. Déanfaidh mé post eile faoi na rudaí eile a cheannaigh mé ann níos déanaí.

Má táim fírinneach, níor cheap mé go raibh seans ann go mbeadh sé chomh taitneamhach ná leabhar Béarla ach bhíothas mícheart- Ba leabhar an- fhaiseanta ar fad é. Nuair a bhí sé á léamh agam bhíothas ag baint an- taitneamh as ach ag an am céanna bhíothas ag cleachtadh mo chuid Gaeilge. 

Ar chuala tú faoin leabhar seo? An mbeidh sé á léamh agat nó ar léigh tú é ríomh? 

Slán, x. 

Sunday, July 15, 2012

Díolachán i Next

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Is cinnte nach rabhas ag éirí suas i gcomhair a cúig a chlog inné chun bheith i Next i gcomhair tús an díolacháin mar nach gceannaím a lán rudaí ann i ginearálta ach chuas ann tráthnóna inniú agus chaith mé 58.75 euro ann. 
Níor cheap mé go mbeadh go leor rudaí fágtha ach fós, bhí na ráillí ag féachaint beagáinín lom go háirithe na ráillí sa rannóg leanaí. 
Ach fós cheannaigh mé trí bárra agus cúpla rud eile. 
Tá aithne agam ar chúpla duine a bhí ann ag a cúig a chlog inné agus chaith siad cúpla céad euro! 
Bhí gach rud sa phictiúr seo 1.25 euro- Cárta breithe, snas béil, vearnais inge, fáinne cluaise agus sprae coirp. 
Taitníonn an cárta sin go mór liom mar go bhfuil Fraincis amháin dos na hábhair is fearr liom. Is é an branda atá ag na vearnais ingne ná "Oh So". Cheannaigh mé dhá ceann- "Biscuit" agus "Metallic Green". Chuir mé iad ar m'ingeanna níos luaithe agus ceapaim go bhfuil siad go maith. Déanfaidh mé m'ingeanna ar fad amárach chun torthaí cruinn a fháil agus ansin déanfaidh mé léirmheas ar an mbranda sin. Ba chór dom 3.50 euro a íoc as buidéal amháin ach mar go raibh an díolachán ar súil ní raibh siad ach 1.25euro. 
D'fhéach an snas béil go deas agus i gcomhair an praghas sin, bheadh náire (shame) uafásach é chun an snas béil sin a fágáil sa siopa. Is féileacháin iad na fáinne cluaise agus cheapas gur fiú iad le haghaidh 1.25 euro... Agus ag an deireadh, ar ndóigh úsáideoidh aon chailín sprae coirp go háirithe ceann a bholaíonn go deas!
Ansin i gcomhair dhá euro caoga, cheannaigh mé scáthú súl, luisneach (blusher) agus peann. 
Is peann "Me to You" é agus más raibh aithne agat orm sa bhunscoil, bheadh sé ar eolas agat go bhfuil mé dúghafa (obsessed) le stáiseanóireacht (stationery).
 Is breá liom ag fáil rudaí nua mar sin ach nuair a d'éirigh mé níos sinne, d'éirigh éadaí agus smideadh agus rudaí mar sin níos tábhachtaí. Ach bhí an peann sin an- ghleoite ar fad agus mar sin, bhí gá orm é a cheannach. 
Tá an scáthú súl agus an luisneach fós dúnta ach is cinnte go nosclóidh mé iad amárach. 
Níor íoc mé ach cúig euro as na spéaclaí gréine seo. Bhí siad 17 euro ar an gcéad dul síos. 
Tá siad cósúil le spéaclaí "Ray Ban" ach níl siad chomh daor ná iad sin ar aon nós. Ba bhreá liom péire fíor agus is cinnte go mbeadh péire agam más raibh mé i mo chónaí i dtír eile ach beidh mé ámharach má fhaighim seans nó dhó chun iad seo a chaitheamh i rith an tsamhraidh anseo in Éirinn. Ansin, tháinig an cás prionta leopaird saor in aisce le na spéaclaí gréine. 
Is sórt geansaí é seo. Bhí sé 35euro ag an tús ach ní rabhas ach chun 15euro a íoc as. 
Tá dath péitseog ar an ngeansaí agus tá "sequins" ag an tosach. 

Bhí an t-léine seo 22euro ag an tús ach d'íoc mé 10euro as. 
Is t-léine ócáideach (casual) agus luiteach (fitted) é. 

Bhí an barr seo 35euro roimh an díolachán ach ní raibh sé ach 15euro inniu. 
Tá dath uachtar ar agus ceapaim go mbeidh sé go deas le jíons agus bróga sál árd am éigin ag dul amach i gcomhair dinnéir. 

Ar cheannaigh tú aon rud ann? 

Slán, x.





Friday, December 30, 2011

Léirmheas Ar An bPailéad Scáthú Súl "Urban Decay Naked"

Dia dhaoibh Sionnainn anseo,

Ba é an pailéad scáthú súl "Urban Decay Naked" amháin de na bronntanais a fuair mé i gcomhair Nollaig. . .

Is mar seo conas a fhéachann an pailéad má nach chonaic sibh é ríomh. . .
Díolann "Urban Decay" a lán pailéid scáthú súl eile ach tá an ceann seo éagsúla ná na cinn eile. . .
Sa phailéad seo, tá lán na dathanna mara gcéanna agus cíallaíonn sé sin go bhfuil tú in ann cúpla dathanna a chaitheamh ag an am céanna agus iad a chumaisc le chéile. Tá tú in ann na pailéid seo agus smideadh eile as "Urban Decay" a cheannach i siopaí mar "Brown Thomas" agus "Debenhams". . .
Is iad seo na dathanna. . .
Tá cúpla dos na cinn beagáinín gléineach agus tá cúpla cinn eile gan gealra ar bith.
Leis an bpailéad seo, tháinig scuab atá an-bhog agus chomh maith, más téann sibh suas go dtí an chéad pictiúr arís. . . feicfidh sibh buidéal corcra. . .
Bhuel. . . is é sin prímeálach (primer). . .
Cuireann tú an prímeálach ar do shúile riomh an scáthú súl agus fanfaidh an scáthú súl ar do shúile. . .
Is mar seo conas a thagann na dathanna amach ar chraiceann. . .
Is aoibhinn liom lán na dathanna agus más téann tú ar "YouTube", tá a lán físeáin cuidiúla ann chun smaointí a thabhairt duit ar chonas ba chóir duit an scáthú súl seo a chur ar do shúile.
Taispeánann siad slite eile duit conas dathanna difriúila a úsáid agus comhairle eile freisin.

Is breá liom an pailéad seo mar i gcomhair déagóir. . . tá na dathanna fiorfa. . . is dathanna an-chosúil le dath mo chraiceann iad. . . uachtar/ béasa/ donn agus mar sin. . . leis an scáthú súl seo, ní bhíonn tú ró ghléasta suas. Ceapaim gur fiú é an pailéad seo agus bhím an- sásta leis nuair a chonaic mé é maidin dé Nollag.

Inis dom faoin scáthú súl a úsáideann tusa. . .

Slán, x.

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com