Showing posts with label An Ghaeltacht. Show all posts
Showing posts with label An Ghaeltacht. Show all posts

Monday, August 26, 2013

Achoimre in Aon Déag

Dia daoibh Sionainn anseo, 

Bhíos díreach ag suí síos agus ag smaoineamh ar ais ar an Samhradh seo- ag smaoineamh narbh Samhradh gnóthach é, plódaithe le gníomhaíochtaí agus rudaí eile. Mar sin, bheartaigh mé féachaint ar ais ar mo chúntas Facebook, ar ghailearaí m'fhóin agus ar mo cheamara agus liosta a dhéanamh dos na rudaí is tábhachtaí a dhein mé i rith an tSamhraidh. Tá achoimre déanta le haon phictiúr déag agam do mo Shamhradh ar fad- seo mar a bhí sé! 
Thosaigh mo ghníomhaíochtaí seach-curaclam ag críochniú suas. Bhí seó "Spotlight" agam agus chuaigh mé ag babháil le mo chór chun críoch a chur leo go dtí mí Mheán Fómhair. Mar go raibh iad seo críochnaithe agus go raibh níos mó ama idir lámha agam, cuireadh tús ceart leis an Samhradh! 
Fiú go raibh an scoil críochnaithe, bhí sórt "finale" fós le cur againn don idirbhliain. Chuaigh bus suas go dtí Croke Patrick agus dreapaíomar é. Ní dhuine aclaí mé ach fós, cheapas mbeadh sé níos éasca a dhéanamh ná a bhí sé. Bhaineas an-taitneamh as agus ba éacht maith é.  
D'aimsigh mé m'ainm ar bhuidéal DietCoke don chéad uair. Tá sé aimsithe agam cúpla uair tar éis sin ach bhíos an-sásta an chéad uair a fhaca mé é. 
Rinne mé iarracht cúpla uair i rith an tSamhraidh, saol níos sláintiúile a oiriúnú. Oibreodh sé ar feadh cúpla lá agus ansin gheobhainn téacs ag fiafraí dom dul go dtí an sráidbhaile agus bia a fháil nó cheannóimis bia Síneach nó rud éigin sa bhaile. Bhíothas mar bhall den ionad gleacaíochta i Meitheamh níor dhein sé mórán difríochta. Ach is féidir le gach duine anois tús úr nua a chur le bia sláintiúil a ithe agus aclaíocht a dhéanamh ag filleadh ar ais ar scoil. 
Chaith mé mí an Mheitheamh ag déanamh thaithí oibre sa scoil in aice liom le mo chara Lorna agus caithfidh mé a rá go gceapaim go bhfuilimid inár múinteoirí bunscoile ceart anois! Bhaineamar sár taitneamh as agus ba bhreá liom dul ar ais ann an Samhradh seo chugainn- bhí sé dochreidte! 
D'Uchtaíomar (We adopted) dhá chat fiáin (feral) atá ag fás lá i ndiaidh lae. Is iad na hainmneacha a roghnaigh mé dóibh ná Cookie (cat ar chlé) agus Oreo (cat ar dheis). 
Chuas go dtí dhá cheolchoirm an Samhradh seo- The Coronas agus Passenger agus bhí an dá ceann iontach ar fad! Chan The Coronas "Taibhsí nó Laoich" i nGaeilge fiú! 
Thosaigh mé mo phost mar cóitseálaí leadóige ar feadh míosa agus bhí sé go breá beagáinín airgid a thuilleadh, píosa a shábháil agus píosa a chaitheamh. Ba é seo mo chéad "post post" agus bhíos bródúil as m'airgead féin a thuilleadh don chéad uair. 
Níor lig an Samhradh síos orainn ó thaobh gréine de agus bhaineas an-taitneamh as dul sa charr i ndiaidh oibre ó am go ham agus tiomáint le mo theaghlach go dtí trá éigin. Fuaireas crón an-mhaith fiú nach rabhas thar lear ach bhíos cúramach freisin nár chuireas mé féin i mbaol. Chuas go dtí an Zú agus áiteanna eile mar sin agus ar ndóigh, bhíos ag oibriú  taobh amuigh agus chabhraigh sé sin le mo chuid cróin a fháil. 
Rinne mé glanadh mór i mo sheomra i rith an tSamhraidh agus d'imigh sé mhála d'éadaí agus bróga amach ó mo sheomra comh maith le málaí agus málaí do nótaí agus rudaí eile sa deireadh. D'fholmhaigh mé mo vardrús amach ar an úrlár agus aon rud nár chaith mé i gcúpla mí, cuireadh i mála é. Níl go leor spáis agam fós tar éis é sin a dhéanamh ach tá fear ag teacht amárach chun iarracht feabhas a chur ar an gcuid stórais i mo sheomra- súil agam go mbeidh sé níos fearr! Nuair a chríochnaíonn sé, beidh úrlár nua á chur síos agam comh maith le péint difriúil- cinnte go ndéanfaidh mé post faoi nuair atá sé críochnaithe. 
Ansin, chuas go dtí an Ghaeltacht agus tar éis sin Co. Chiarraí agus ní raibh mórán ama saor agam go dtí anois mar go rabhas comh gnóthach i rith an tSamhraidh. Is é an fearr i lár an phictiúir ná Dieter ó Killinaskully! 

Ba iad seo cúpla dos na rudaí a tharla dom agus a dhein mé i rith an tSamhraidh seo- cad fút... Inis dom cad a dhein tú don Samhradh! 

Sionainn, x. 

Wednesday, August 29, 2012

Daoine Faiseanta ó TG4- Agallaimh, Grianghraif, Nuacht

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Mar is eol daoibh, fuair mé seans iontach chun dul go dtí Seoladh Sceideal Fómhair TG4 2012 i mBaile Átha Cliath. Bhuel, táim ar ais agus tá an- chuid nuachta agam. Bhí gach duine ann ag féachaint an- fhaiseanta agus tar éis an turas seo, is cinnte go mbeidh stáisiún teilifíse an- fhaiseanta é TG4 an séasúr seo tar éis lán na cláir a bheidh ar siúl a fheiceáil. 

Ag tús an lae, fuair mé an seans chun bualadh le Bláthnaid agus Laura ón gclár "Ó Tholg go Tolg". Beidh sraith nua ag tosú an mí seo agus mar sin, bí ag faire amach chun féachaint air mar is cinnte go mbeidh an sraith nua iontach suimiúil cé go bhfuil an- suim ag Bláthnaid agus Laura bheith ag féachaint go hálainn fiú amháin go mbíonn siad chun dul ag taisteal timpeall an domhain ar fad ag fanacht le strainséirí. Bhí na cailíní seo an- chairdiúil agus dan dabht beidh mé ag déanamh cinnte go leanfaidh mé iad gach seachtain ar TG4 ag coimeád suas leis na rudaí a bheidh á dhéanamh acu. Bhíothas ámharach chun agallamh a dhéanamh leo agus mar sin, seo seans daoibh chun níos mó a fháil amach faoi Bhláthnaid agus Laura . Tosóidh an sraith nua ar an 13ú lá de Mí Mheán Fómhair ag 21:30 ar TG4 agus beidh tú in ann "Ó Tholg go Tolg" a fheiceáil ar suíomh TG4 freisin.


Is é an gúna gorm álainn ná gúna as Awear.
Is buataisí seanré (vintage) iad na buataisí bána.
Tá an gúna eile as Topshop agus ansin, tagann na bróga agus an crios atá á chaitheamh aici ó "Urban Outfitters". Ceapaim go bhféachann an bheirt acu go hiontach ó bhun go barr.

Ansin, thosaigh mé ag labhairt le Máire Treasa Ní Dhubhghaill agus Colmán Mac Séalaigh ón gclár teilifíse "Ponc XL". Bhí súil agam go mbuailfinn leo agus bhuail mé leo chun cúpla grianghraif agus agallamh a dhéanamh leo. Bíonn clár an- suimiúil, "Ponc XL" ar siúl gach Máirt ag a sé a chlog ón stiúideo agus tá sé soiléar go mbaineann Máire Treasa agus Colmán taitneamh as bheith mar láithreoirí don chlár seo. Fuair mé beagáinín eolas faoi na héadaí a bhíonn á chaitheamh acu ós comhair an cheamara comh maith leis an gcabhair a fhaigheann siad amach ó stiúideo TG4 agus na píosaí smideadh is fearr atá ag Máire Treasa. 


Bhí siadsan sásta insint dom freisin cé a bhí á chaitheamh acu. 
Bhí "Vans" álainn ó "Schuh" á chaitheamh ag Colmán chomh maith le bríste ó Newlook, carbhat agus léine deas ó "Top Man" agus seacaid as "River Island". Fiú amháin go raibh as siopaí éagsúla gach rud, chuaigh lán na héadaí le chéile go maith chun  feisteas álainn a chruthú. Ansin, Máire Treasa, bhí bróga "Carvela" álainn á chaitheamh aici ó "Brown Thomas". Chuir sí éad orm nach raibh péire cósúil leo agamsa. Ba as "Miss Selfridge" an gúna a chaith sí agus bhí fáinne glas ó "Top Shop" á chaitheamh aici freisin. 

Comh maith le sin, bhíothas ag labhairt leis an láithreoir Mairéad Ní Chuaig i gcomhair cúpla nóiméad agus bhí sí sásta leid a thabhairt duinn chun ár gcraiceann a choimeád ag féachaint óg comh maith le cé a bhí á chaitheamh aici ó "Brown Thomas" go dtí "Penneys". Níor réalaigh mé go mbeadh an méid sin stíl ann ach bhí gach duine ó TG4 ag féachaint go hálainn ar fad. Cé gur oibrigh sí le Paisean Faisean ar feadh tamaillín, bhí an- suim aici sna ceisteanna a bhíothas ag cur di. Comh maith le sin, b'fhéidir go bhfuil aghaidh muinteartha (familiar) aici freisin mar gur réamhaisnéiseoir aimsire í freisin. Ná déan dearmad féachaint ar "An Aimsir Láithreach" a bhíonn ar súil timpeall an uair seo gach lá-  09:35, 12:55, 18:55, 19:20, 23:35 agus ag 01:35. Is cinnte go mbeadh gach duine ábalta féachaint ar sin uair amháin gach lá nó dhó chun d'éadaí don seachtain ar fad a phleanáil amach.

Bhí an gúna a bhí á chaitheamh aici go hálainn ar fad. Thaithin an lása go mór liom agus bhí bróga beasa an- deas á chaitheamh aici freisin. Ba as "Brown Thomas" é an gúna agus fuair sí an mála a bhí á iompar aici sa siopa "Penneys". Is é fíric eile faoi Mhairéad ná go bhfuil blag féin aici- is blag cócaireachta é. Táim ag tnúth go mór leis ag feiceáil an cailín seo ar an teilifís chun cúpla dos na gúnaí eile a chaitheann sí a fheiceáil agus na slite eile ina dhéanann sí a cuid gruaige cósúil le gach duine eile a bhíonn ar an teilifís. 

Fiú amháin go rabhas ag caint leis a lán mná, bhíothas ag labhairt le cúpla fear freisin. 
Thosaigh mé ag caint le fear deas atá an- suim aige sa cheol agus san fhaisin. Bhí sé iontach sásta cúpla ceist a fhreagairt dom agus bhíothas iontach sásta fáil amach faoin bpost atá aige. 


Bhí an léine leis an bpátrún agus an t-léine a chaith sé as "Bershka".
Cheannaigh sé an seacaid agus an crios a bhí á chaitheamh aige sa siopa "River Island" agus is iad "Vans" an sórt bróga a chaith sé, cósúil le Colmán. Ceapaim go bhfuil an t-ádh ag daoine mar seo bheith ag cónaí i mBaile Átha Cliath mar go mbíonn i bhfad níos mó siopaí chun rudaí a cheannach i gcomparáid do Luimneach agus bheith ábalta obair do chlár iontach mar shampla "Pop 4" nó aon dos na cláir eile. Is breá liom ag féachaint ar na cláir faoi cheol mar go bhfuil an- suim agam sna ceoltóirí a bhíonn ann. I ndáiríre, ceapaim go bhfuil suim ag gach déagóir sa cheol. 

Is léir go bhfuil treocht mhór é do bhuachaillí jíons cósúil leis na péirí seo a chaitheamh. Is as "Republic" an geansaí gorm a bhí á chaitheamh aige. Bhí na jíons a chaith sé as "Bershka" agus cheannaigh sé na bróga a bhí á chaitheamh aige sa siopa "Penneys". Comh maith le sin, bhí sé tar éis poll a chruthú ina chluaiseanna. Is féidir leis fáinne cluaise 10mm a chur isteach ina chluaiseanna ach duirt sé go bhfuil sé chun fanacht mar go bhfuil sé sásta le conas mar a fhéachann sé mar sin. Duirt sé nár thóg sé ach cúpla mí chun an poll a dhéanamh ina chluaiseanna. Tá sé soiléar freisin go bhfuil treocht an- mhór é sin mar go bhfuil sé á dhéanamh ag buachaillí agus ag cailíní timpeall na tíre. 

Tá áthas an domhain orm go bhfuair mé cuireadh chun dul go dtí an ócáid seo. Bhí sé go hiontach ar fad buaileadh le daoine ó TG4 agus tar éis scannán gearr dos na rudaí a bheidh le feiceáil ar TG4 an séasúr seo, nílim ábalta fanacht chun am saor a fháil chun suí ar mo tholg chun féachaint ar na cláir ón stáisiúin seo. Sílim go mbeidh an- suim ag déagóirí sna cláracha nua-aimseartha a bheidh ann agus ar ndóigh beidh suim ag na daoine fásta agus na páistí freisin féachaint ar TG4 mar go mbeidh réimse leathan cláracha le feiceáil- ceann oiriúnach do gach duine i ngach clann. Ba mhaith liom "Go raibh maith agat" mór a rá do gach duine a bhíothas ag labhairt leis i rith an lae mar gur bhain mé an- taitneamh as an ócáid. Bí cinnte chun féachaint ar an liosta dos na cláracha a bheidh ar siúl ar TG4 anseo.

Ná déan dearmad go bhfuil lán na pictiúir ó inniu le feiceáil ar an leathannach "Facebook" atá ag Paisean le hAghaidh Faisean. Cliceáil anseo chun iad a fheiceáil.

An bhfuil aon chlár is fearr leat ar TG4? 
Cad é do smaointí ar na hagallaimh a dhein mé?


Thursday, August 9, 2012

Faisean ag na Cluichí Oilimpeacha

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Bhí mé ag féachaint ar na Cluichí Oilimpeacha inniu, cósúil le gach duine mar go raibh an cluiche dornála ar siúl idir Katie Taylor agus Sofya Ochigava. Bhíothas ag féachaint ar an tráchtaireacht tar éis an bua iontach a bhí aici agus chonaic mé é seo ar lámh Bernard Dunne. 
Bhí amháin dos na bráisléid sin a deireann "Gaeilge" le pictiúr d'ordóg suas. Tá ceann á lorg agam ach níor chonaic mé iad in aon siopaí i rith an tsamhraidh. Faigheann daoine iad sa Ghaeltacht ach tá siad le ceannach ar an idirlíon freisin. Seo pictiúr a thóg mé ar m'fhón póca do mo theilifís. Nuair a chonaic mé é bhí gá orm é a athchasadh (rewind) chun an  grianghraif a thógáil. Is mór an trua é nach bhfuil Bród Club beo anois, ach beidh sé ar ais go luath le cunamh Dé. Ach tá Bernard fós ag taispeáint a bhród. 

Maith thú Katie- Ar chonaic tú an cluiche dornála inniu? 



Monday, July 30, 2012

An Spailpín Fánach

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Bhíothas sa Ghaillimh cúpla lá ó shin agus chuamar go dtí Inis Mór lá amháin. 
Bhí gá orainn tiomáint go dtí áit is ainm Ros a Mhíl agus nuair a bhíomar ar an treo, chuamar tríd an Spidéal. 
An bhliain seo caite, cheannaigh mo chara t-léine dom ón siopa agus chuimhin liom go raibh "An Spailpín Fánach" sa Spidéal. 
Ní raibh an t-am againn dul isteach ann an lá sin mar go raibh gá orainn ár mbád fartha (ferry) a shroiciú in am ach an lá i ndiaidh sin, chuamar ar ais chuig an Spidéal i gcomhair mise mar go rabhas ag bású chun an siopa a fheiceáíl. 
Is é an chéad rud a cheannaigh mé ann ná na pinn seo. Cheannaigh mé ocht ceann- n'fheadar cén fáth ach b'fhéidir chun ceann nó dhó a thabhairt do mo chairde agus ar ndóigh, tá fonn orm cúpla cinn a choimeád liom féin. Ní fhaigheann tú an seans chun dul go dtí an Ghaillimh gach lá agus mar sin, cheapas go b'fhearr liom a lán airgid  a chaitheamh ann :L Deireann na pinn "Ní scríobhann an peann seo ach GAEILGE!" agus mar sin, ceapaim go bhfuil siad an- ghreannmhar agus an- éagsúla. Bhí gach peann 1.50euro agus mar sin, chaith mé 12 euro ar na pinn. 
Cheannaigh mé an sín seo- n'fheadar cá gcuirfidh mé é ach bhí a lán síneacha ann agus bhí fonn orm ceann a cheannaigh agus mar sin phioc mé an ceann seo a deireann "Is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste" mar go mbíonn mo mham ag déanamh an- iarracht a cuid Gaeilge a úsáid fiú amháin nach bhfuil morán Gaeilge aici. Bhíothas ag caint leis an gcailín ag an gcúntar as Gaeilge agus rinne mo mham iarracht beagáinín Gaeilge a úsáid freisin... Bhí an sín timpeall ar trí euro. 
Cheannaigh mé an cárta mór seo i gcomhair 4.20euro. Is leathanach A3 a chabhraíonn leat le do Ghaeilge. Bhí beagnach gach rud ann ar eolas agam ach uaireanta ní bhíonn na rudaí cósúil le "ionam, ionat, ann, inti, ionainn, ionaibh, iontu" ar eolas agam agus tá síad sin lán scríofa ar an gcárta. Ceapaim go mbeidh cárta úsáideach agus cabhrach é. 

Ansin cheannaigh mé an greannán seo i gcomhair 2.50euro. Is é an fáth gur cheannaigh mé é seo ná go bhfuil sé Eagrán #2 agus tá Eagrán #1 agam sa bhaile. Cúpla mí ó shin, bhuaigh mé comórtas ar an idirlíon agus seoltar an chéad ceann dom. D'iontráil mé ar an gcomórtas ar an leathannach Facebook "coimicí gael". Tá fonn orm lán iad a cheannach agus iad a bhailiú. Níor léigh mé aon sórt greannán nuair a bhíothas óg ach tá greannán Gaeilge beagáinín speisialta. Ceapaim go mbaineadh páistí sine sa bhunscoil chomh maith le déagóirí an- óg taitneamh as "Rí Rá". Is greannán an- dathannach é agus tá foclóir cabhrach ag an deireadh.
Cheannaigh mé an geansaí seo i gcomhair 32euro. Is "hoodie" bán dearg é a deireann "Glaoigh orm... b'fhéidir". Is líne é sin den amhrán "Call Me Maybe" le Carly Rae Jackson agus tá rudaí lán timpeall Facebook ag athrú na linnte "Hey I just met you, And this is crazy, But here's my number, So call me maybe" go dtí rudaí eile agus teangacha eile. Bhí réimse leathan geansaithe ar dhíol ann i ndathanna éagsúla le sluáin (slogans) éagsúla freisin. Bhí ceann a deir "OMD- Ó mo Dhia" a thaitin liom freisin. Tá an cuid is mó dos na rudaí atá ar dhíol ann le feiceáil ar an suíomh idirlíon www.spailpin.com ach tá a lán níos mó sa siopa freisin. 
Bhí an gheansaí dúghorm seo sa bhascaed margaidh i gcomhair 20euro. Tá rap a chanann Des Bishop scríofa ar. Is aistriúchán den amhrán "Jump Around" é. 
Ní chaithim geansaithe cósúil le seo gach lá ach tá siad an- chompórdach ar fad. Tá súil agam go mbeidh an nearóg agam iad a chaitheamh go minic. Cinnte go dtabharfaidh mé iad go dtí tithe mo chairde nuair atáim ag codladh thar oíche agus rudaí mar sin... Feicfimid. 
Cheannaigh mé cúpla suaitheantas (badge). Ceapaim go raibh sé 1.50euro i gcomhair ceann amháin. Bhí a lán sluáin éagsúla le ceannach chomh maith. 
Cheannaigh mo dheirfiúr an t-léine gleoite seo i gcomhair mo neacht. Ní raibh sé ach 5euro sa bhascaed margaidh agus tá ainmeacha na hainmhithe ar. Cheannaíomar cúpla leabhar di freisin. 
Ceapaim gurbh siopa iontach é... siopa éagsúla. Bhí na hoibrithe an- chairdiúil ar fad agus ní raibh na rudaí ann ró dhaor. 
Cliceáil anseo chun an leathannach Facebook atá acu a fheiceáil freisin.

Ar chuala tú faoin siopa seo ríomh? 

Slán, x.




Thursday, November 3, 2011

New Look- Corcaigh


Dia dhaoibh Sionnainn anseo,
Dé Chéadaoin, chuaigh mé go dtí an Cóbh i gCorcaigh chun
bualadh suas le daoine
a bhí mé sa Ghaeltacht leis.
D'fhan mé in óstán oíche dé chéadaoin agus mar sin

, inniu chuaigh mé isteach go dtí an lár chun dul ag siopadóireacht le haghaidh cúpla uair.
Bhí mé ar Lána an Árais Cheoldrámaíochta (Opera Lane) le haghaidh an chuid is mó de na am.

Is breá liom ag dul ag siopadóireacht i gCorcaigh mar tá na siopaí ann a lán níos fearr ná Luimneach :-(.
Níl ach NewLook amháin againn ach tá cúpla i gCorcaigh.
Is siopa trí stóir é an ceann ar Lána an Árais Cheoldrámaíochta agus
tá sé níos fearr ná an ceann i Luimneach mar díolann sé réimse speisialta "Generation". . .

Tá an réimse seo le haghaidh déagóirí agus is maith
liom é mar tá éadaí an- deas ar
dhíol sa réimse seo agus tá siad a lán níos saora ná na
héadaí le haghaidh aosaigh.


Fuair mé sé rudaí le haghaidh 99euro.
Seo iad na rudaí a cheannaigh mé ann.

Is geansaí é seo agus bhí sé 15.99euro.

Is maith liom an geansaí mar ní bheidh mé fuar sa gheimhridh leis an ngeansaí seo.
Bíonn a lán daoine timpeall na háite,
go háirithe déagóirí ag caitheamh éadaí cniotáilte mar seo agus ceapaim gur
phraghas an- mhaith é 15.99euro le haghaidh an geansaí sin.


Ansin, cheannaigh mé "skinny" jíons agus t-léine.
Tá tú in ann féachaint ar lán na héadaí seo ar an suíomh chomh maith. . .
Ceapaim go bhfuil an suíomh seo an-mhaith mar tá sé éasca chun a úsáid agus tá tú in ann na praghasanna den éadaí atá sna siopaí a fheiceáil chomh maith.


Seo iad na héadaí céanna ach ar an suíomh.

Leis an suíomh, is féidir leat féachaint ar na héadaí sa bhaile agus ansin, más
maith leat aon rud, is féidir leat dul isteach go dtí an "New Look" is gaire le tusa agus
é a cheannach nó é a cheannach ar an idirlíon.
Ceapaim go bhfuil an t-léine agus bríste sin go deas le chéile. . .
Ní bhíonn gach rud a bhíonn le feiceáil ar dhíol i ngach siopa ach
is féidir leat éadaí a cheannach as an suíomh chomh maith.

Chomh maith le sin, is iad seo cúpla de na rudaí eile a cheannaigh mé ann. . .

Péire jíons eile agus dhá t-léinte. . . .


Ceapaim gur fhiúntas an-mhaith é sin. . . sé rudaí- 99euro agus bíonn cáilíocht na héadaí as New Look an-mhaith chomh maith.
Bhí lá an- deas agam. . . seachas leis an aimsir agus bhí mé an-sásta le na rudaí a cheannaigh mé i New Look chomh maith le na siopaí eile freisin.

Slán, x.

Thursday, October 20, 2011

Faisean sa Ghaeltacht


Dia dhaoibh Sionnainn anseo,
Cúpla lá ó shin, rinne mé post faoi faisean sa Ghaeltacht ach ní raibh a lán sonra ann.
Bhí sé níos mó mar na rudaí b'fhearr leat a cheannach le haghaidh an Gaeltacht.
Mar is eol daoibh, bíonn na scoláirí chun gléasta suas le haghaidh na céilí agus mar sin. . . . tabhairfidh mé cúpla smaointí daoibh mar b'fhéidir nach raibh cúpla don sibh sa Ghaeltacht ríomh. . . .

Ag tús an chúrsa. . . thosaigh smachta pointí. . . más rinne do theach an iarraidh. . . fuair do theach pointí agus mar sin ag deireadh an chúrsa bhí buaiteoirí. . . tháinig mo theach sa dara áit ag an deireadh. . . fuair na cailín as gco.Chorcaí an chéad áit ach bhí trí déag daoine ina dteach agus ní raibh ach seisear inár dteach.
Bhí céilí againn gach oíche agus uaireanta, bhíomar chun gléasta suas. Ag na céilí. . . d'fhoghlaíomar rince nua agus bhí an spraoi againn. Bhí gach buachaill chun dul suas go dtí cailín agus an ceist seo a chur uirthi "Ar mhaith leat rince liom?" agus ansin duirt an cailín "Ba mhaith gan dabht!"
Ar dtús. . . bhí oíche cúplaí cáiliúila. . . le haghaidh an oíche seo, bhí an deacracht againn ach sa deireadh. . . rinnemar ár gcuid ndícheall. . .
Ghléas beirt againn suas mar "Spongebobsquarepants" agus a chara "Patrick."
Chuamar isteach go dtí an sraidbhaile agus fuaireamar bosca.
Cheannaíomar péint agus rinnemar jab iontach ag cur aghaidh Spongebob ar an mbosca.
Ansin chaith Spongebob léine bán agus carbhat scoile chomh maith le bríste gearr. Ansin, chuireamar péint buí ar chosa agus lámha Spongebob agus bhí sé réidh.
Ansin, ghléas beirt eile suas mar "Mickey agus Minnie mouse."
Bhí na héadaí seo an-shimplí
Níor chaith Minnie ach t-léine agus cairdeagan dubh. . . ansin, bhí bríste gearr le bhreac bán aici. Bhí bríste pitseamaí iad ach d'fhéach siad an mhaith.
Ansin. . . bhí banda gruaige ag Minnie ach ní raibh aon ceann ag Mickey agus mar sin, rinnemar ceann le banda gruaige, péint dubh agus nuachtán.
Chaith Mickey t-léine bán, bríste gearr bán dearga agus bástcóta dubh a bhí ag ár mná tí.
Bhí na feistis seo an uathúil agus fuair na bheirt cúplaí pointí le haghaidh an teach.

Chomh maith le sin, bhí céilí ildaite againn. Rinne mo theach an iarraidh le haghaidh an oíche seo. . . agus b'fhéidir, gheobhaidh tusa cúpla smaointí le haghaidh an toghchán.
Chuireamar sprae gruaige inár ngruaig i ndathanna éagsúla.
Chuireamar péint lán timpeall ár gcoirp agus chaitheamar na héadaí is dathannach a bhí againn.

Bhí t-léine bán gan phatrún againn agus mar sin úsáideamar péint agus féach ar anois. . . . ag rá ainm ár dtí "Tigh Mháirín."
Ach chomh maith le na céilí gach oíche, bhí scoil againn gach lá agus tar éis dinnéar, bhí spórt againn.
Mar sin, bhíomar chun éadaí deas, compórdach a chaitheamh mar lae.

Seo pirimid a rinnemar ar scoil. Tá tú ábalta a fheiceáil go raibh éadaí neamhfhoirmiúla iad. . . .
bríste reatha agus geansaí nó b'fhéidir jíons.
Má thá tú ag dul go dtí an Gaeltacht, bí cinnte chun éadaí mar seo a thógáil leat mar uaireanta, i rith an samhraidh anseo in Éireann ní bhíonn an ghrian ag scoilteadh na gcloch!

Ag na gnáth céilí, chaitheamar sciortaí agus rudaí mar sin chomh maith le cuaráin nó bróga eile mar seo. . .

Má nach bhfuil tú cinnte faoi aon rud nó má tá tú ag lorg píosa comhairle. . . is féidir leat trácht a fhágáil ar bhun an leathanaigh :-)
Slán.

Monday, October 17, 2011

An Spailpín Fánach


Dia dhaoibh Sionnainn anseo,
Inniu bhí mé ag caint le Lorna (an cailín a rinne ár gcéad agaillimh linn) ar "Facebook"
agus sheol sí an nasc seo dom.
Díolann an siopa seo rudaí a bhaineann leis an nGaeilge!
Tá an siopa suite sa Spidéal ach
tá tú in ann rudaí a cheannach as ar an idirlíon. . .

Bhí mé ag féachaint tríd é agus chonaic mé a lán rudaí deas. . . .
B'fhéidir nach bhfuil na héadaí is faiseanta ná na héadaí atá i "Penneys" ach tá siad as Gaeilge!


Seo é ceann amháin.
Tá a lán chinn eile ar dhíol ann chomh maith.
Tá an geansaí seo 32euro. . . ceart go lóir. . .beagáinín ró dhaor ach. . . deireann sé "Dána ach Deas"

Bhí lán na geansaithe eile thart ar an bpraghas sin agus mar sin d'fhéach mé ar na rudaí a bhí faoin leathanach "Ábhar Bronntanais"
Agus chonaic mé an peann seo. . .

"Ní scríobhann an peann seo ach GAEILGE"
Táim ag súíl chun peann mar seo a cheannach. . .
Nach mbeadh sé go hiontach. . . ag scríobh sa rang Gaeilge leis an bpeann seo?!
Tá praghas a lán níos fearr ag an rud seo 1.50euro.
Nuair a shroicheann mo mham abhaile, beidh mé ag cuir ceist uirthi chun ceann a cheannach dom. .

.
Nach mbeadh cása peann luaithe a lán níos faiseanta agam más raibh an peann seo ins an cása..!

Tá a lán rudaí eile ar dhíol ann chomh maith. . .
tá tú in ann brístíní a cheannach le haghaidh 7 euro
agus t-léinte le haghaidh 17euro. . .

Slán!

Nuashonrú
(Update)
Inniu (18ú) tháinig mé isteach ar maidin agus chonaic mé Lorna. Duirt sí liom go raibh brontannas aici ina taisceadán le haghaidh mise.
Thóg sí mála dom agus duirt sí liom chun é a choimead dúnta go dtí leath uair tar éis a trí nuair a chríochnaigh an scoil. . . ach ní raibh mé ábalta friotú!
D'oscail mé é ar scoil agus seo cad a chonaic mé. . .
T-LÉINE.. a cheannaigh sí liom ón siopa Spailpín Fánach!
Nach raibh sé sin an fhlaithiúil. . . is breá liom an abairt atá ar "Féach ar seo leaids!"
Agus is é gorm amháin do mo dhathanna is fearr!
Go raibh maith agat Lorna :D

Sunday, October 16, 2011

Fáinní Modha

Dia dhaoibh Sionnainn anseo,

Nuair a bhí mé sa Ghaeltacht,
chuaigh na scoláirí go dtí an sraidbhaile ag an deireadh.
Nuair a bhíomar ann. . . . cheannaigh an chuid is mó don muid fáinní modha.
Cheannaíomar iad sa siopa seo le haghaidh 2euro ach táim cinnte go bhfuil siad ar dhíol i siopaí eile chomh maith.
Tá an siopa seo "The Dolphin Shop" sa Daingean agus dhíol sé a lán rudaí eile chomh maith.
Bhí na fáinní lán i mbosca mar seo. . . .
B'fhéidir go bhfuil tú ag rá. . conas a oibríonn na fáinní seo?
Bhuel. . . athraíonn dath do fháinne gach uair a athraíonn do teocht an choirp.
Mar sin nuair a bhíonn tú fuar, bíonn do fháinne dath amháin agus nuair a bhíonn tú te, bíonn sé dath eile.
Nuair a cheannaíomar iad. . . chuir an duine cartaí dúinn. . .
Agus mar sin bhí tú in ann insint nuair a bhí do fháinne dubh bhí tú "Stressed"....

D'fhéach na fáinní mar seo. . .
Agus seo iad lámha mise agus mo bheirt cairde ag caitheamh iad sa Ghaeltacht. . . .

Tá mise fós ag caitheamh mo cheann. Ceapaim go bhfuil na fáinní seo difriúila ach is maith liom iad mar is píosai seodora neamhfhoirmiúla iad.
Tá siad deas chun a chaitheamh i rith an lae mar níl siad ró-mhór.


Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com