Monday, August 26, 2013

Achoimre in Aon Déag

Dia daoibh Sionainn anseo, 

Bhíos díreach ag suí síos agus ag smaoineamh ar ais ar an Samhradh seo- ag smaoineamh narbh Samhradh gnóthach é, plódaithe le gníomhaíochtaí agus rudaí eile. Mar sin, bheartaigh mé féachaint ar ais ar mo chúntas Facebook, ar ghailearaí m'fhóin agus ar mo cheamara agus liosta a dhéanamh dos na rudaí is tábhachtaí a dhein mé i rith an tSamhraidh. Tá achoimre déanta le haon phictiúr déag agam do mo Shamhradh ar fad- seo mar a bhí sé! 
Thosaigh mo ghníomhaíochtaí seach-curaclam ag críochniú suas. Bhí seó "Spotlight" agam agus chuaigh mé ag babháil le mo chór chun críoch a chur leo go dtí mí Mheán Fómhair. Mar go raibh iad seo críochnaithe agus go raibh níos mó ama idir lámha agam, cuireadh tús ceart leis an Samhradh! 
Fiú go raibh an scoil críochnaithe, bhí sórt "finale" fós le cur againn don idirbhliain. Chuaigh bus suas go dtí Croke Patrick agus dreapaíomar é. Ní dhuine aclaí mé ach fós, cheapas mbeadh sé níos éasca a dhéanamh ná a bhí sé. Bhaineas an-taitneamh as agus ba éacht maith é.  
D'aimsigh mé m'ainm ar bhuidéal DietCoke don chéad uair. Tá sé aimsithe agam cúpla uair tar éis sin ach bhíos an-sásta an chéad uair a fhaca mé é. 
Rinne mé iarracht cúpla uair i rith an tSamhraidh, saol níos sláintiúile a oiriúnú. Oibreodh sé ar feadh cúpla lá agus ansin gheobhainn téacs ag fiafraí dom dul go dtí an sráidbhaile agus bia a fháil nó cheannóimis bia Síneach nó rud éigin sa bhaile. Bhíothas mar bhall den ionad gleacaíochta i Meitheamh níor dhein sé mórán difríochta. Ach is féidir le gach duine anois tús úr nua a chur le bia sláintiúil a ithe agus aclaíocht a dhéanamh ag filleadh ar ais ar scoil. 
Chaith mé mí an Mheitheamh ag déanamh thaithí oibre sa scoil in aice liom le mo chara Lorna agus caithfidh mé a rá go gceapaim go bhfuilimid inár múinteoirí bunscoile ceart anois! Bhaineamar sár taitneamh as agus ba bhreá liom dul ar ais ann an Samhradh seo chugainn- bhí sé dochreidte! 
D'Uchtaíomar (We adopted) dhá chat fiáin (feral) atá ag fás lá i ndiaidh lae. Is iad na hainmneacha a roghnaigh mé dóibh ná Cookie (cat ar chlé) agus Oreo (cat ar dheis). 
Chuas go dtí dhá cheolchoirm an Samhradh seo- The Coronas agus Passenger agus bhí an dá ceann iontach ar fad! Chan The Coronas "Taibhsí nó Laoich" i nGaeilge fiú! 
Thosaigh mé mo phost mar cóitseálaí leadóige ar feadh míosa agus bhí sé go breá beagáinín airgid a thuilleadh, píosa a shábháil agus píosa a chaitheamh. Ba é seo mo chéad "post post" agus bhíos bródúil as m'airgead féin a thuilleadh don chéad uair. 
Níor lig an Samhradh síos orainn ó thaobh gréine de agus bhaineas an-taitneamh as dul sa charr i ndiaidh oibre ó am go ham agus tiomáint le mo theaghlach go dtí trá éigin. Fuaireas crón an-mhaith fiú nach rabhas thar lear ach bhíos cúramach freisin nár chuireas mé féin i mbaol. Chuas go dtí an Zú agus áiteanna eile mar sin agus ar ndóigh, bhíos ag oibriú  taobh amuigh agus chabhraigh sé sin le mo chuid cróin a fháil. 
Rinne mé glanadh mór i mo sheomra i rith an tSamhraidh agus d'imigh sé mhála d'éadaí agus bróga amach ó mo sheomra comh maith le málaí agus málaí do nótaí agus rudaí eile sa deireadh. D'fholmhaigh mé mo vardrús amach ar an úrlár agus aon rud nár chaith mé i gcúpla mí, cuireadh i mála é. Níl go leor spáis agam fós tar éis é sin a dhéanamh ach tá fear ag teacht amárach chun iarracht feabhas a chur ar an gcuid stórais i mo sheomra- súil agam go mbeidh sé níos fearr! Nuair a chríochnaíonn sé, beidh úrlár nua á chur síos agam comh maith le péint difriúil- cinnte go ndéanfaidh mé post faoi nuair atá sé críochnaithe. 
Ansin, chuas go dtí an Ghaeltacht agus tar éis sin Co. Chiarraí agus ní raibh mórán ama saor agam go dtí anois mar go rabhas comh gnóthach i rith an tSamhraidh. Is é an fearr i lár an phictiúir ná Dieter ó Killinaskully! 

Ba iad seo cúpla dos na rudaí a tharla dom agus a dhein mé i rith an tSamhraidh seo- cad fút... Inis dom cad a dhein tú don Samhradh! 

Sionainn, x. 

1 comment:

  1. Is airgead mé ó Garman, bhí mé pósta 8 mbliana ó shin gan leanbh, bhí mé ag lorg réiteach go géar mar dúirt an dochtúir nach féidir liom a bheith torrach, ach threoraigh cara liom mé chuig caster litrithe darb ainm Dr white, agus mise mhínigh sé mo chuid fadhbanna dó agus gheall sé go mbeidh gach rud ceart go leor liom i gceann 12 lá, thug sé roinnt treoracha dom a rinne mé go foirfe, chuaigh mé chuig an ospidéal le haghaidh tástála agus dheimhnigh siad go raibh mé 1 sheachtain ag iompar clainne, agus anois tá mé Tá toircheas eile ag mo mhac álainn agus anois, go raibh maith agat, a Dr bán, déan teagmháil leis le réiteach de gach cineál,

    1) más mian leat do Ex.
    2) más mian leat geasa a bheith torrach.
    3) más mian leat stop a chur le breith anabaí.
    4) más mian leat go mbeadh grá ag duine duit.
    5) geasa chun gach cineál breoiteachta nó galair a leigheas.
    Agus Daoine eile.
    tá sé an chuid is fearr agus an-fhírinne ,. wightmagicmaster@gmail.com. WhatsApp: +17168691327

    ReplyDelete

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com