Showing posts with label Oíche Shamhna. Show all posts
Showing posts with label Oíche Shamhna. Show all posts

Thursday, October 31, 2013

Oíche Shamhna: Pop-Ealaín

Dia daoibh Sionainn anseo, 

Is léir go bhfuil a lán smaointí ann ó thaobh gléasadh suas d'Oíche Shamhna de. Comh maith leis na smaointí atá sórt scanrúil nó d'Oíche Shamhna amháin, tá smaointí eile nach bhfuil comh scanrúil. 
Nuair a bhíothas i rang a sé, d'fhoghlaíomar faoin ealaíontóir Andy Warhole agus chaitheamar am ag foghlaim faoi phop-ealaín. Ar maidin, bheartaigh mé go mbainfinn triail as sórt "pop-ealaín" a dhéanamh ar m'aghaidh. Tá roinnt íomhánna agus físeáin ar an idirlíon agus le cúpla smaoineamh i m'intinn, seo conas mar a chríochnaigh sé! 
Thosaigh an stíl ealaíne seo sna caogaidí i Sasana agus Meiriceá. Bhí ionadh orm nach raibh clú ag mo mham faoi phop-ealaín nuair a tháinig sí abhaile agus nuair a d'inis mé di faoi. B'fhéidir nach bhfuil mórán aithne ag daoine faoi ach tar éis foghlaim faoi ar scoil, thaithin sé liom!

Seo hiad na céimeann a thóg mé chun m'aghaidh a dhéanamh mar seo:
  • Bonnsmideadh- Urban Decay
  • Aibhsitheoir faoi mo shúile- Urban Decay "Naked"
  • Púdar- Urban Decay
  • Luisneach- MAC
  • Scáthú súl- Ceann gorm (Bed Head), ceann glas (Urban Decay "Alice in Wonderland")
  • Línitheoir súile bán- Superdrug (D'úsáid mé é seo ar mo shúile agus chun na spotaí ar m'aghaidh a chruthú.)
  • Línitheoir súile dubh- Benefit
  • Béaldath- Kiko
  • Mascara- Estée Lauder

Ar ndóigh, ní bheadh sé mar a gcéanna muna mbeadh vearnais inge ann chun dul in éineacht leis. 

An raibh a fhios agat cén ciall a bhí ag "pop-ealaín" ríomh?

Sionainn, x.




Oíche Shamhna: Cailleacha

 Dia daoibh Sionainn anseo, 

Is é an smaoineamh atá ag mo neacht (Molly, 3) ná go gcaitear cóisir a bheith ann chun gléasadh suas. Mar sin, bheartaigh mo dheirfiúr go mbeadh cóisir bheag againn sa teach di féin agus a cairde. 


Bhí mé féin agus mo chara Alannah ag staidéar sa sráidbhaile inné agus nuair a thángamar abhaile le uair go leith go dtí tús na cóisire, bhí gá orainn rith thuas staighre agus feisteas éigin a dhéanamh suas. Ní raibh mórán ama nó mórán rogha againn ach sa deireadh, bheartaíomar dul mar chailleacha ionas go mbeimis in ann ár gcuid smididh a dhéanamh go deas. 
D'úsáideamar an scáthú súl Urban Decay- an pailéad "Alice in Wonderland" agus tá béaldath Estée Lauder á chaitheamh againn comh maith lenár gnáth smideadh. Tá dath corcra ón bpailéad "Alice in Wonderland" á chaitheamh agam ar mo leicne agus sin é!
Ar ndóigh ní raibh feistis iomlána againn ach bhíomar sásta leo don chóisir. Uaireanta tarlaíonn sé go dtagann rud éigin suas agus ní bhíonn mórán ama agat smaoineamh faoi- tharla sé sin dúinn ach smaoiníomar go tapa agus le smideadh beagáinín níos láidre ná a bhíonn á chaitheamh againn i ginearálta, d'fhéach sé cósúil leis go raibh iarracht an-mhaith déanta againn. 

Sionainn, x. 





Oíche Shamhna: Bríoscaí

Dia daoibh Sionainn anseo, 

Bhí gearrthóirthí briosca sa chófra againn nár úsáideamar an bhliain seo caite agus bhíothas cinnte nach rabhas chun iad a fhágáil istigh ann Oíche Shamhna eile. 
Bhí mo phitseamaí orm agus bhí sé níos luaithe ná a hocht a chlog ar maidin- mar sin, ní raibh fonn orm dul aon áit chun aon rud a cheannach. 
D'aimsigh mé oideas (recipe) briosca a bhí comh simplí ní raibh gá orm an teach a fhágáil! Ní raibh ag teastáil ach im, súcra, ubh amháin, plúr bán agus úscra fanaile (vanilla essence). Téigh go dtí an suíomh seo, suíomh BBC chun é a fheiceáil.

Ní raibh clú agam cad ba chóir dom a dhéanamh chun iad a mhaisiú. Bhí seacláid sa chófra comh maith le cúpla maisiúcháin bheaga eile agus rinne mé roinnt dearaí orthu. 

Is é conas a scríobh mé orthu leis an seacláid ná trí mála beag a chruthú le rianpháipéar (greaseproof paper). Seo íomhá a thaispeánann conas an "mála" a chruthú. Tar éis céim a sé, caitear an seacláid a chur isteach agus ansin poll an-bheag a dhearradh le siosúr ag bun an mhála. 

Bhuel, sin iad mo bhrioscaí! Ba bhreá liom é dá mbeinn in ann fanacht sa bhaile gan aon rud a dhéanamh lá i ndiaidh lae agus borróga, brioscaí agus rudaí mar sin de a chruthú agus a fheabhsú. 

An raibh/bhfuil tusa ag bácáil i mbliana d'Oíche Shamhna? 

Sionainn, x. 



Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com