Showing posts with label TG4. Show all posts
Showing posts with label TG4. Show all posts

Thursday, September 20, 2012

Alt Eile Sa "Limerick Post" Inniu

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Nuair a shroich mé abhaile bhí an nuachtán "Limerick Post" ag fanacht orm ar an gcúntar. 
Tá alt fúm ar leathannach 20 faoi Paisean le hAghaidh Faisean agus gach rud le TG4. 
Ba alt álainn é agus bhí áthas an domhain orm dhá alt bheith scríofa fúm agus faoin scoil an mí seo. 
Ba é an pictiúr san alt ná ceann den tarraingt téide. Is féidir na múinteoirí, Seán Bradshaw agus lán na scoláirí a fheiceáíl. Cheap mé gurbh alt an- fhaiseanta é seo, agus bhíothas an sásta chun an nasc don bhlag a fheiceáil ann. Thaithin na tagairtí go mór liom freisin. Má bhfuair tú an "Post" inniu, is fiú féachaint ar an bhfichiú leathannach! 

Ar chonaic tú an t-alt? 


Tuesday, September 11, 2012

PDF don Alt


Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Seo nasc i gcomhair PDF don alt a bhí sa "Limerick Leader" ar an Luan. 


Cliceáil anseo chun é a fheiceáil.
Ba alt iontach taitneamhach é agus bhí sé go hiontach go raibh an nasc i gcomhair Paisean le hAghaidh Faisin istigh ann. 

Ar chonaic tú an t-alt seo sa nuachtán nó an bhfuil tú ag féachaint ar sa PDF don chéad uair? 



Monday, September 10, 2012

Alt sa "Limerick Leader" inniu

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Fuair mé glaoch inniu ag rá go raibh alt faoin scoil sa "Limerick Leader". Bhí sé lán faoin tarraingt téide a dhein TG4 i gCnoc na Labhras ar an Aoine, faoi mise agus an triail scáileán le TG4 isrl. Ba alt iontach taitneamhach é le grianghraif álainn de mise, Seán Bradshaw agus na cailíní as rang ceoil Iníon Ní Chreabhán. 
Bhí a lán faisean le feiceáil ar an lá... na cailíní lán ag caitheamh éadaí ó 1980. 

Táim ag lorg PDF don alt.. Súil agam go mbeidh mé in ann é a fháil. Is cinnte gur bhain gach duine an- taitneamh as an Aoine... Bhí am iontach ag na daoine a ghlac páirt sa tarraingt téide agus an t-amhrán "Footloose" comh maith leis na láithreoirí, mise, Lorna Ní Bhróin agus Sarah Barlow comh maith le lán na féachadóirí agus na múinteoirí. Beidh an tarraingt téide le feiceáil ar an gclár teilifíse "Ponc XL" i mí Dheireadh Fómhair. Bhí sé go deas bualadh le Róisín agus Caroline as TG4 arís, agus ar ndóigh go deas caint le Seán Bradshaw don chéad uair freisin. Bhain gach duine an- sult as. 

Ar léigh tú an t-alt seo? 


Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com