Agallaimh

Ar ndóigh tá:
againn agus ar an leathanach seo, beimid ag cuir suas agallaimh a déanaimid le daoine eile, b'fhéidir muinteoirí, daoine atá ag obair i siopaí éadaí nó daoine eile faiseanta.

Físeán/ Agallaimh
Dia dhaoibh, Sionnainn anseo,
Inniu, duirt triúr de na cailíní atá cáirde maith le Sorcha go mbeadh siad sásta agallaimh gearr a dhéanamh linn.



Ba iad na cailíní ná Laura, Ciara agus Nicole, lán as "Victoire 3".

Slán, x.


Lorna
Dia dhaoibh Sionnainn anseo,
Inniu, rinnemar ár gcéad agallaimh le Lorna ón dtriú bhliain.
Bhí an chéad ceist a chuir mé uirthi ná "Cad é an siopa is fearr leat agus cén fáth?"
Go raibh maith agat Lorna, bhain mé an-taitneamh as é sin! 

Carolín
Dia dhaoibh Sionnainn anseo,
Inniu, rinne scoláire eile ón dtriú bhliain agallaimh. . . . Carolín as P3.
Bhí na ceisteanna beagáinín mar na chinn a bhí ag Lorna ach ní raibh siad na ceisteanna céanna mar bheadh sin leadránach.
Ag deireadh lán ár agallaimh le na scoláirí, feicfimid cad é an siopa is fearr agus an áit siopadóireachta is fearr chomh maith.

Iníon Ní Anragáin
Dia dhaoibh Sionnainn anseo,
 inniu, rinneamar agallaimh le hIníon Ní Anragáin.
Is muinteoir Gaeilge í agus mar sin, bhí sí níos mó ná sásta chun agallaimh a dhéanamh linn. . .  Go raibh maith agat!
Bhíomar ag súil chun a fháil amach cupla píosaí eolais faoi an muinteoir seo agus mar sin bhí 16 ceisteanna againn. Seo é an agallaimh. Tá dath gorm ag na ceisteanna.

Cad é an siopa is fearr leat?
Is iad Zara agus Warehouse na siopaí is fearr liom.

Cad é an feisteas is fearr leat i do vardrús?
Is é mo chóta "Karen Millen" an feisteas is fearr liom i mo vardrús anois.

Cad é an stíl gruaige is fearr leat?
Is aoibhinn liom nuair atá mo ghruaig déanta i stíl chasta.

Cad é an píosa smideadh is tabhachtaí, dar leat?
Is é luisneach an píosa smideadh is tabhachtaí dar liom.

An bhfuil aon dath nach oireann leat?
Bhuel, nílim cinte ach níl aon éadaí glasa agam agus mar sin, b'fhéidir nach oireann glas liom.

Cad é an chúlpháirtí is tabhachtaí, dar leat?
Dar liom, is é an cúlpháirtí is tabhachtaí ná scaif. Caithim scaifeanna an t-am ar fad.

An úsáideann tú díritheoir gruaige? Cén sort?
Úsáideann, bheadh mé caillte gan mo GHD.

An raibh tú ag dioscó mar déagóir? Cad a chaith tú?
Más raibh bríste dhubha agat, bhí tú an buama agus chun dul le sin aon bharr deas.

Tá tú ag dul ar laethanta saoire go dtí áit the, cad é an rud is tabhachtaí i do mhála taistil?
Flip flopanna nó b'fhéidir spéaclaí gréine le haghaidh an trá.

Cé hí an muinteoir is faiseanta ar scoil, seachas le tusa ar ndóigh?
Ceapaim go bhfuil Iníon Crowe an muinteoir is faiseanta ar scoil.

Cad é an branda is fearr leat?
Nuair a bhí mé óg, ghrá liom Tommy Hilfiger ach anois, is cuma. Ní ceapaim go bhfuil aon cheann speisialta.

Cad é an costas ag an mála láimhe is daora atá agat?
Tá mála agam a cheannaigh mé sa Mheirceá agus bhí sé timpeall ar $200 ach is é an branda málaí is fearr liom ná Orla Kiely.

Cad é an píosa seodora is fearr leat?
Is é an uaireadóir an píosa seodora is fearr liom. Ceapaim go bhfuil timpeall ar 6 cinn agam sa bhaile.

Cad a bheadh an brontannas is fearr chun a fháil as do bhuachaill chara a bhaineann le faisean?
Bheadh mála nua nó píosa seodora brontannas an deas chun a fháil.

Nuair a fhaigheann tú pósta, déan cur síos ar an gúna atá tú ag súil chun a chaitheamh.
Ba mhaith liom gúna lása le strapaí. B'fhéidir rud éigin ón 1950s.

Tá tú caillte ar oiléan, agus tá tú in ann rud amháin a fháil ó do theach, cad é?
Leabhar maith chun a léigh.


Go raibh maith agat Iníon Ní Anragáin, sin é an agallaimh! 


Iníon Ní Fhearghail
Dia dhaoibh Sionnainn anseo, 
 inniu, rinneamar agallaimh le hIníon Ní Fhearghail. 
Is muinteoir Fraincise í chomh maith le creideamh, C.S.P.E agus S.P.H.E.
Bhí sí níos mó ná sásta chun agallaimh a dhéanamh linn agus mar sin "Merci" mar bhí an craic againn ag an agallaimh freisin.
Tá dath gorm ag na ceisteanna.

Cad é an siopa is fearr leat?
Is iad French Connection ar ndóigh, Brown Thomas agus Penneys na siopaí is fearr liom.

Cad é an feiseas is fearr leat i do vardrús?
Is breá liom na héadaí a chaith mé le haghaidh Nollaig an bhlian seo chaite.
Chaith mé sciorta dubh agus geansaí muineál póló ó French Connection le mála ó Topshop agus bróga dearg.

Cad é an stíl gruaige is fearr leat?
Is maith liom ag caitheamh mo ghruaig síos agus casta.
Nuair a bhíonn mé ag séidtriomú mo ghruaige, úsáidim scuab thogháin speisialta agus ansin bíonn sé casta.

Cad é an píosa smideadh is tabhachtaí, dar leat?
Bonnsmideadh gan dabht.

An bhfuil aon dath nach oireann leat?
Ní oireann liath liom.

Cad é an cúlpháirtí is tabhachtaí, dar leat?
Is é málaí an cúlpháirtí is tabhachtaí, dar liom.

An úsáideann tú díritheoir gruaige? Cén sórt?
Tá GHD agam ach ní úsáidim é ach uaireanta mar tá mo ghruaig an-tirim.

An raibh tú ag dioscó mar déagóir? Cad a chaith tú?
Bhí. Ag an dioscó, ní raibh tú faiseanta más chaith tú éadaí nach raibh dubh agus bán.
Ar mo chéad dioscó, chaith mé bróga reatha dubh agus bán, "Slouch" Stocaí bána, riteoga cróin, 
Scíorta A-Líne dubh, t-léine dubh agus bán, cairdeagan dubh agus baibín dubh agus bán.

Tá tú ag dul ar laethanta saoire, cad é an rud is tabhachtaí i do mhála taistil?
Gúna gréine.

Cé hé/hí an muinteoir is faiseanta ar scoil, seachas le tusa ar ndóigh. 
Ceapaim go bhfuil Tuasal Ó Shuilleamháin an fear is faiseanta agus Iníon Crowe, Iníon Uí Anragáin agus Iníon   Punch na muinteoirí baineannach is faiseanta.

Cad é an branda is fearr leat?
Is é Chanel an branda is fearr liom mar tá is branda Francach é ar ndóigh.

Cad é an mála is fearr leat?
Níl an mála seo agam ach ba mhaith liom é. Is mála Chanel é ón gcruinniú sa bhliain 1942. Tá sé an mála dubh chuilteach 2.55.

Cad a bheadh an brontannas is fearr chun a fháil as do bhuachaill chara a bhaineann le faisean?
An mála Chanel sin.

Nuair a fhaigheann tú pósta, déan cur síos ar an gúna atá tú ag súil chun a chaitheamh.
Ba mhaith liom gúna le stíl Vera Wang. Ceann déanta as lása. Lé strapaí déanta as chiffon. Ba mhaith liom crios fioghual ar agus ba maith liom gúna le corséid agus "veil" beag. Ba mhaith liom an téama "Dubh agus Bán" ag mo bhainis le cáca dubh agus bán...

Ar athraigh do stíl nuair a bhí tú thar lear ag taisteal?
Nuair a bhí mé san Astráil thosaigh mé ag caitheamh éadaí Roxy agus Billabong ach nuair a shroich mé abhaile d'imigh an stíl sin.

Go raibh maith agat Iníon Ní Fhearghail, sin é an agallaimh!




No comments:

Post a Comment

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com