Saturday, December 21, 2013

DFÉ: Fleasc Nollag

Dia daoibh Sionainn anseo, 

Nollaig Shona daoibh go léir- níl ach ceithre oíche fágtha! Ní minic a fhaighim an seans póstáil ar mo bhlag na laethanta seo agus is fuath liom nach féidir le PLHF a bheith díreach cósúil leis a bhi sa triú bliain ach sin é an cúigiú bliain duit- scrúdaithe, strus agus easpa saol sóisialta! Ar an lámh eile, tá laethanta saoire na Nollag tagtha- tá coicís agam mo scíth a ligean, mo nithe go léir a eagrú don scoil, leabhar nó dhó a léamh, taitneamh a bhaint as na laethanta saoire le mo theaghlach agus mo chairde agus ar ndóigh, snas a chur ar mo chuid Gaeilge agus mo thuairmí faisin trí phóstáil ar mo bhlag! 

Seachtain nó dhó ó shin nuair a d'aimsigh mé uair sparálta i rith na deireadh seachtaine, bheartaigh mé tús a chur le maisiúcháin Nollag a chruthú mé féin agus sé é an chéad rud a chruthaigh mé agus caithfidh mé a adhmháil go dtaitníonn sé go mór mór liom cé go bhfuil baint ag an maisiúchán seo leis an nGaeilge agus leis an timpeallacht freisin, ar ndóigh. Chruthaigh mé fleasc Nollag ag úsáid rudaí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol (environmentally friendly). 

Is éard a bhí ag teastáil ná leabhar éigin (roghnaigh mé fóclóir Béarla-Gaeilge), bosca cairtchláir (bosca gránaigh bhricfeasta éigin), peann luaidh, siosúr, stáplóir agus téip ghreamaitheach dhéthaobhach (double-sided sticky tape), gliú PVA, pot pourri.

Caitear ciorcal a ghearradh amach ón mbosca. Ansin caitear billeoga a tharraingt ón leabhar agus iad a chasadh agus a stápáil chun cóin a chruthú. Ag fágáil spáis idir na cóin, caitear iad a téipeáil ar an gciorcal. Caitear cúpla ciorcal eile a chruthú ag bogadh isteach go lár an chiorcail.


D'aimsigh mé cúpla caor phéine agus pot pourri sa bhaile agus d'úsáid mé gliú PVA chun iad a ghreamú air agus seo mar a bhí m'fhleasc Nollag nuair a bhíos críochnaithe leis! 


Ar chruthaigh tú aon do do mhaisiúcháin tú féín i mbliana? B'fhéidir go bhfoghlaimeoidh mé focal nó dhó nua as féachaint ar m'fhleasc! 

Sionainn, x.







7 comments:

  1. Go deas!

    Ní dhearna mé aon cheann nua, a Shionainn, ach chuir mé duilleoga úra ar na maisiúcháin ar a gcuirim duilleoga úra chuile bhliain..:-)

    Nollaig Shona duit, a chara!

    ReplyDelete
    Replies
    1. Ah is an-smaoineamh é sin do mhaisiúcháin a athnuachan gach bliain leis na duilleoga úra! Go raibh maith agat- Athbhliain faoi mhaise duit! :-)

      Delete
  2. Replies
    1. Go raibh maith agat a Réaltán. Athbhliain faoi mhaise duit! :-)

      Delete
  3. Nollaig Shona Fhaiseanta Dhuit, a Shionainn.

    Go maire do chuid cruthaíochta.

    ReplyDelete
    Replies
    1. Go raibh maith agat! Súil agam gur bhain tú taitneamh as do Nollaig féin- Athbhliain faoi mhaise duit :-)

      Delete
  4. smaoineamh iontach s Shionnainn

    ReplyDelete

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!