Dia dhaoibh Sionnainn anseo,
Dé hAoine, chríochnaigh ár réamhscrúdaithe agus fuaireamar ár mbriseadh lár tearma.
Bhí sceitimíní áthais an domhain ag gach duine mar cuireadh a lán brú orainn riomh na réamhscrúdaithe. Bheartaigh gach duine sos a thógáil ón staidéar i gcomhair an briseadh lár tearma seo agus mar sin, bhí a lán pleananna ag gach duine chun rudaí éagsúla a dhéanamh i rith an briseadh lár tearma.
Chuaigh mise agus mo chuig cairde go dtí dioscó oíche dé hAoine agus bhí an- craic againn cé go raibh sé breithlá amháin dos na cailíní chomh maith. Is é seo amháin dos na rudaí a thug mé di mar bhrontannas... cheap sí go raibh sé an- fhaiseanta agus smaointeach.
Bhuel ag dul ar aghaidh go dtí an faisean a bhí le feiceáil ag an dioscó. Chaith an cuid is mó dos na daoine a bhí ann gúnaithe ach bhí sciortaí mó réilimh chomh maith. Tosnóidh mé lena mbrógaí a chaitheamar.
Cheannaigh an cailín a chaith na brógaí seo iad sa siopa "Penneys" i gcomhair 21euro. Tá dearadh prionta liopard ar na bróga agus chaith sí iad le gúna a thug mé di. Cheannaigh mé an gúna i "New Look". Ba gúna dubh gan phatrún é agus mar sin, bhí na bróga go deas leis. Bhíomar sa sráidbhaile le chéile an deireadh seachtaine seo chaite agus cheannaigh sí na rudaí seo i gcomhair a n-inge sa siopa "New Look".
Bhí siad ceithre euro.
Is sórt greamáin iad a théann ar d'inge.
Is mar seo conas a d'fhéach a n-inge nuair a bhí sí críochnaithe ag cur na greamáin ar a n-inge.
Ansin, ag bogadh ar aghaidh go dtí mé féin, chaith mise bróga dubha as "Penneys"
Bhí siad an-árd ach bhíothas ábalta cópáil leo. Táim úsáidithe leis ag caiteamh bróga sál árd mar bíonn mé ag placaíocht le bróga mo dheirfiúr an t-am ar fad timpeall an tí.
Is é seo an gúna a bhí á chaitheamh ag an gcailín lena mbróga prionta liopard agus an gúna a chaith mise.
Bhí sé fiche puint agus bhí na muinchillí déanta as lása.
Chaith gach duine a lán bráisléid. Fuair mé cúpla dos na cinn a bhí á chaitheamh agam sa siopa "Penneys".. bhí ceann amháin péitseog trí euro agus cheannaigh mé paicéad eile ann i gcomhair cuig euro. Bhí mo bhráisléad Pandora á chaitheamh agam chomh maith le cúpla cinn as "River Island".
Cheannaigh amháin dos na cailíní eile a bráisléid sa siopa "Claires".
Bhí siad an- dathannach.
Bhí donnú bréige "Sally Hansen" á chaitheamh ag mise agus an cuig eile.
Bheartaigh an seisear againn go mbeadh "Sally Hansen" an donnú bréige is fearr mar ní bhíonn aon stríocáin agus is fiú é i gcomhair 13 nó 14 euro.
Seo iad na gúnaithe a bhí á chaitheamh ag na cailíní eile. Bhí trí cinn as an idirlín agus ceann eile as an sráidbhaile.
An bhfuil aon phleananna agat i gcomhair an briseadh lár tearma?
Slán, x.