Monday, September 30, 2013

Níl Aon Rud Níos Fearr Ná Turas Go Dtí BTs

Dia daoibh Sionainn anseo, 

Wow- mí amháin déanta sa chúigiú bhliain, tá sé dochreidte. Níor tharla morán ó thús na míosa go dtí seo. D'fhan cailín álainn ón Astráil liom ar feadh cúpla lá mar go raibh siad ag taisteal timpeall na hEoraipe ar thuras scoile, d'athraigh mo sheomra codlata ó sheomra le cairpéad bán dearg agus péint chorcra go seomra le húrlár adhmaid agus péint bhán dearg agus tá mo shaol i ginearálta imithe ar ais go conas mar a bhí sé roimh an samhradh- scoil, staidéar, gníomhaíochtaí seach-churaclaim agus rudaí eile idir iad sin. 

Tá mo mhála smididh níos fearr ná riamh le déanaí tar éis cúrsa smididh a dhéanamh i rith an tsamhraidh ach is beag nár thosaigh mé ag caoineadh nuair a chonaic mé go raibh cúpla rud ag folmhú. So.. Dé hAoine, chuas isteach go Debenhams chun mo bhonnsmideadh a ionadú- "Naked Skin Weightless Ultra Definition Liquid Make-Up". Ar triocha ceathar euro, ní mhargadh é ar aon nós ach is breá liom é, oireann sé dom agus bhí an buidéal eile agam ó mhí an Mheithimh go dtí anois. Cíbe bonnsmideadh atá a lán níos saibhre a bhainim triail as, ní oibríonn sé dom sa tslí céanna ná bonnsmideadh Urban Decay nó Bare Minerals. 

Ba é an rud aonaire a bhí fágtha le ceannach agam chun mo mhála smididh a dhéanamh níos fearr ná línitheoir súl leachtach- rud nach raibh agam ó aon bhranda maith ríomh- d'fhan mé le cinn ó Superdrug agus Penneys már nár cheap mé gur dhein sé difríocht ach bhí sé go deas an ceann seo ón gcúntar Benefit a phiocadh amach i Brown Thomas tar éis feighlí leanaí a dhéanamh do mo dheirfiúr. "Magic Ink Jet-Black Liquid Eyeliner" ar fiche haon euro. Is cinnte go ndéantar an-difríocht do mo chuid smididh nuair a chaithim línitheoir súl leachtach. 

Cad a dhéanann an difríocht is mó do do chuid smididh i do thuairimse? 

Sion, x.

4 comments:

  1. Great blog! I will definitely visit it again!

    ReplyDelete
  2. Is breá liom do bhlag! Ta sé iontach deas, is maith liom d'úsáid na gaeilge!
    Tá mé tar éis anois!! :)
    Raichaell | Rachaeleeno | Beauty, Fashion & Thoughts

    ReplyDelete
    Replies
    1. Go raibh míle maith agat Rachel :) Bhí sé go hiontach bualadh leat aréir agus tá súil agam go bhfeicfidh mé thú arís go luath! ;)

      Delete

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!