Monday, October 14, 2013

Cill Dara

Dia daoibh Sionainn anseo, 

Mar a scríobh mé inné, bhíothas i gCill Dara ag glacadh páirt sa chomórtas "Blog Awards Ireland". 
Ar ndóigh, ní rabhas in ann teacht abhaile gan dul ag siopadóireacht. Ní raibh mórán ama agam- d'fhanfainn ann ar feadh seachtaine dá mbeadh an seans agam ach sin é an saol. 

Thugamar cuairt don ionad siopadóireachta "Whitewater Shopping Centre" agus cheannaigh mé cúpla rud ins an Debenhams a bhí ann. Is cósúil gur siopaí difriúile ar fad iad an Debenhams anseo i Luimneach agus an ceann i gCill Dara. Bhí praghasanna laghdaithe ag an seodra go léir a bhí ag an seasamh seo agus is iad seo na píosaí a roghnaigh mé- níor chostaigh aon d'iad níos mó ná ceithre euro. 

Bhí réimsí Pussycat agus Warehouse ins an Debenhams freisin. Fuair mé an gúna seo ó Pussycat. Is é €18 an praghas laghdaithe a bhí ar agus is as Warehouse iad na jíons seo- €23 a bhí orthu. Ba mhargadh iontach iad seo mar go mbíonn na héadaí i Warehouse costasach i ginearálta. 

 Chuas go dtí Bershka chun margadh eile a aimsiú- na jíons seo. Níor chaith mé prionta nathrach ríomh ach ar €7.99, ní rabhas ábalta iad a fhágáil i mo dhiaidh. Tá súil agam go mbeidh mé in ann barr éigin a aimsiú chun dul in éineacht leo. 

 Is iad na rudaí deireannacha a cheannaigh mé ná na "bits and bobs" seo chun dul i mo sheomra codlata. Beidh post á dhéanamh agam go luath faoi mo sheomra codlata- tá sórt athchoiriú déanta agam ar. An rud ar bharr agus ar dheis, chostaigh sé €8, bhí na cupáin €4 don dhá cheann agus d'íoc mé €4 euro as an ngainneamh. Feicfidh sibh cén úsáid atá agam dóibh i bpost éigin eile go luath! Ba siopa álainn é seo- d'fhéadfainn an lá a chaitheamh istigh anseo ag piocadh amach rudaí do mo theach, do mo sheomra agus do dhaoine eile. Is é an rud dearfach áfach, ná go bhfuil leathannach Facebook acu. Is féidir rudaí a ordú agus ní chosaíonn an seachadadh ach rud éigin cósúil le cúig euro! Cliceáil anseo chun an leathannach sin a oscailt. 

Bhuel ba é sin mo dheireadh seachtaine! Taispeántar an tuirse a bhí orm mar gur thit mé i mo chodladh ar feadh uair a chloig i rith staidéír inniu! Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an gcomórtas seo- ba éacht iontach é- rud a bhí mé an-sásta a bhaint amach agus bhí sé iontach bualadh agus teangmháil a dhéanamh le daoine eile. 


Oíche mhaith, 
Sionainn, x. 

No comments:

Post a Comment

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!