Wednesday, August 1, 2012

7 Rud Nach Bheinn Ábalta Bheith Gan Iad


Dia dhaoibh Sionainn anseo,

Inniu bhíothas ag smaoineamh faoi na rudaí is fearr liom agus na rudaí atá is tábhactaí i mo shaol féin. 
Mar sin, phíoc mé seacht rud, seachas le mo mhuintir agus mo chairde agus m'fhón póca chun fanacht i dteagmháil leo ar ndóigh, nach mbeinn ábalta maireamh muna raibh siad i mo shaol. Níl siad déanta in aon ordú mar go mbeadh sé sin a lán níos deacra. 


  1. Míonríomhaire Glúine Úsáidim mo mhíonríomhaire glúine (netbook) beagnach gach lá i gcomhair gach rud. Ar ndóigh, bíonn mé ag brath ar chun Facebook a úsáid ach úsáidim é i gcomhair a lán níos mó ná sin freisin.. YouTube, Gmail, Ebay, Siopaí Éagsúla, Skype.. leanann an liosta ar aghaidh. Is ceann eile tábhachtach ná Focal.ie chomh maith agus ar ndóigh, úsáidim mo mhíonríomhaire glúine chun "blogging" a dhéanamh anseo. Foghlaimíonn mé rudaí nua faoin idirlíon gach lá agus muna raibh an t-idirlíon agam, bheadh saol an- difriúil agam.                                                                                 
  2. Fallaing Sheomra Is breá liom laethanta leisciúile bheith agam go minic. Caithim m'fhallaing sheomra (dressing gown) go minic... ar maidin ag suí i mo leaba ag léamh nó san oíche ag féachaint ar an teilifís. Is breá liom ag fanacht "cosy".
  3. Peann agus Páipéir Is aoibhinn liom ag scríobh... Ní bhíonn scéalta nó aistí i gceist an t-am ar fad. Fiú amháin nach mbíonn mé ar scoil, caithim a lán ama ag breacaireacht (doodling). B'fhéidir liom cúpla leathannach a chaitheamh ag scríobh m'ainm féin cúpla céad uair... Ag athrú mo scríbhneoireacht  agus ag aimsiú m'shíniú féin :L. Tá dialann agam freisin.. bhuel, níl ach cóipleabhar crua é ach ní scríobhaim sa dialann gach lá... b'fhéidir cúpla uair gach seachtain. Thosaigh mé é nuair a bhíothas sa dara bhliain agus tá sé beagnach lán anois. Ag an leathanach deireanach, tá liosta buicéid (bucket list) agam. Go dtí seo tá 31 rud air. Scríobhann tú síos lán na rudaí atá fonn ort iad a dhéanamh roimh a fhaigheann tú bás. 
  4. GHD Ní úsáidim mo dhíritheoir gruaige gach lá mar go bhfuil sé ar eolas agam nach ndéanann sé a lán maitheas do do ghruaig ach tar éis mo ghruaig a thriomú, féachann sé mar mhoing leoin (lion's mane)! Mar sin, bíonn gá orm é a dhéanamh le GHD má bhíonn fonn orm mo ghruaig a fágáil síos. 
  5. Scoil Fiú amháin go bhfuil mé ag baint taitneamh as na laethanta saoire, táim ag tnúth go mór leis ag fill ar ais ar scoil. Táim beagáinín buathra mar go mbeidh mé i rang eile agus tá seans ann nach mbeidh mé le mo chairde ach sin rud maith freisin mar go mbeidh mé ábalta caint le daoine nua agus páirtí ranga éagsúla bheith agam. Is breá liom bheith gnóthach agus ar scoil, bíonn tú gnóthach an t-am ar fad. Is maith liom ag bualadh agus ag obair le daoine agus is aoibhinn liom ag caitheamh ama le mo chairde. Is maith liom ag éisteacht agus ag foghlaim rudaí nua freisin agus tarlaíonn a lán eachtraí greannmhar ar  scoil gach lá. 
  6. Jíons Hollister Is iad seo na jíons is fearr liom. Táim i ngrá leo fiú amháin go bhfuil timpeall ar deich péire eile agam i ndathanna agus stíleanna éagsúla, is é seo an péire is fearr liom agus caithim iad níos mó ná aon dos na péirí eile curtha le chéile. Ag an am seo, tá siad an píosa éadaí is fearr liom i mo vardrús. 
  7. Ceamara Is breá liom ag tógáil fótagraif agus tugaim mo cheamara liom gach áit. Muna raibh mo cheamara agam, ní bheadh aon "Paisean le hAghaidh Faisean" mar nach mbeinn ábalta grianghraif a chur suas. Is aoibhinn liom ag priontáil  grianghraif agus iad a chur i mo sheomra codlata chun na cuimhní a dhein mé a chuimhneamh. 
Sin iad na rudaí is tábhachtaí i mo shaol ach cad faoi tusa... Cad iad na rudaí nach mbeadh tusa ábalta bheith gan iad? 
An bhfuil liosta buicéid (bucket list) agat :L?


Slán, x.

2 comments:

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com