Dia dhaoibh Sionainn anseo,
Beimid ar ais ar scoil go luath agus níor ach thosaigh mé ag féachaint amach i gcomhair na rudaí a chaithfidh mé ceannach. Is aoibhinn liom stáiseanóireacht agus táim ag súil chun a bheith eagraithe ag dul ar ais ar scoil chomh maith le mála scoile faiseanta agus néata bheith agam.
Bhíothas i "Debenhams" inniu ag féachaint ar an smideadh nuair a chonaic mé na bróga. Níor cheannaigh mé péire fós mar go bhfuil fonn orm féachaint timpeall ach bhí an- chuid bróga ann a bheadh oiriúnach don scoil.
Bhí déil ar siúl mar a cheannaigh tú péire amháin, b'fhéidir leat péire eile a fháil i gcomhair leath den bhunphraghas. Ní maith liom poimpeanna le sála ró thiubh ach bhí na bróga anseo an- réileán (flat). Bhí siad lán timpeall ar triocha euro ach ceapaim go bhfuil sé níos fearr péire maith a cheannach mar go gcaitheann tú iad cúig lá den seachtain trí bháisteach agus oighear.
Nuair a bhíothas sa siopa O'Mahony's cheannaigh mé a lán stáiseanóireacht normálta ach ansin cheannaigh mé iad seo- greamáin i gcomhair mo leabhair. Ceapaim go bhfuil siad beagáinín páistiúil ach is cuma liom.
Ní chosaíonn iad seo ach 2euro i gcomhair 21 greamáin. Mar sin, cheannaigh mé 42 i gcomhair ceithre euro. Bhí siad déanta i gcúpla soicind agus más raibh mé chun iad a scríobh amach, tógfadh sé a lán níos mó ama agus ní bheadh siad chomh néata ná sin. Is féidir leat trí líne de scríbhneoireacht in aon dath a chur ar na greamáin chomh maith le pictiúr beag... Ar ndóigh fuair mé sioráf ar mo ghreamáin ach b'fhéidir leat beagnach aon rud a phiocadh.
Ar thosaigh tú ag ullmhú don scoil i Mí Mheán Fómhair?
Slán, x.
Is brea liom na greamain
ReplyDelete