Tuesday, July 31, 2012

"HASK Argan Oil"

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Inné cheannaigh mé an ola seo sa siopa Penneys i gcomhair 2.50euro. 
"Hask Argan Oil" is ainm don ola. 
Ceapaim go bhfuil siad i mboscaí ar na cuntair i ngach siopa Penneys. 
Chonaic mé é cúpla uair agus ní rabhas cinnte faoi cad a dhéanfadh sé. 
Mar sin, bhí gá orm é a cheannach chun é a iarraidh.
Cé gur cheannaigh mé é inné, ní bhfuair mé an seans chun é a úsáid fós ach, d'úsáid mo mham agus mo dheirfiúr é agus tar éis a dtuairmí a chloisteáil, táim ag tnúth go mór leis é a úsáid. 
D'úsáid siad é tar éis cith a thógáil le gruaig fliuch.
Cuireann tú é ar do ghruaig mar a chuireann gruagaire séiream i do chuid gruaige tar éis é a dhéanamh. 
Nuair a chonaic mé go raibh ola i gceist, cheap mé go mbeinn fágtha le gruaig gréisceach ach ní raibh gruaig mo dheirfiúr nó mo mham gréisceach ar bith tar éis é a úsáid.. beagáinín ait ceapaim.
Deireann an buidéal nach bhfuil tú chun níos mó ná "dime" a úsáid. Ceapaim go bhfuil sé sin cósúil le 1c anseo. 
Mar sin, beidh an buidéal céanna againn i gcomhair cúpla seachtain. 
Bhuel, na torthaí.... Fágann an ola seo do ghruaig ag féachaint agus ag braitheamh an- slíocach (sleek) agus an- ghléineach (shiny). Tar éis é a dhéanamh leis an díritheoir gruaige, duairt mo dheirfiúr gur bhraith sí mar go raibh sí díreach tar éis teacht amách ón ngruagaire mar gur bhraith a gruaig an- éadrom. 
Caithfidh mé é a iarraidh fós agus ansin beidh na torthaí fíor againn ach go dtí seo, tá an ola ag féachaint an- mhaith, go háirithe le haghaidh an praghas sin. 

Ar chonaic tú é i Penneys? 

Slán, x.

1 comment:

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com