Monday, July 30, 2012

Cuimhneacháin (Souvenirs)

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Is breá liom ag ceannach agus ag bailiú rudaí beaga- cuimhneacháin le m'ainm nó le ainm áiteanna. 
Tá mílle rudaí agam le m'ainm mar shampla "Shannon's Room" nó "Shannon" agus mar sin, nuair a bhíothas sa Ghaillimh, bheartaigh mé nach gceannóinn rud normálta mar sin. 
Nuair a bhíothas in ionad siopadóireacht an Fhlaiche Mhór, chuas go dtí siopa éigin agus bhí sínithe ar dhíol i gcomhair ceithre euro agus bhí tú ábalta aon rud a fháil. Cuireadh faoi bhrú mé mar go raibh gá orm m'orduithe a chur isteach chun iad a bheith réidh agus mar sin ní raibh a lán ama agam chun mo roghanna a phlé. 
Seo é an sín a cheannaigh mé ann. 
Deireann sé "Seomra Sionainn" :L.. Agus tá sioraf ar chomh maith mar go bhfuil mé i ngrá leo... Tá súil agam go bhfuil an Ghaeilge i gceart! 
Tá na sínithe déanta as páipéar an- mhaith agus ceapaim go bhfuil siad uiscedhíonach. Tá sé an sórt páipéar a bhíonn á úsáid nuair a bhíonn polaiteoirí ag déanamh canbhasála agus na póstaeirí a bhíonn acu ar na sráideanna. B'fhearr liom ceann le www.plhfaisean.blogspot.com a fháil mar nach raibh siad ach ceithre euro ach níor smaoineamh mé ar. 

Ansin, fuair mé an "Keyring" seo ar Sráid na Siopaí sa Ghaillimh. 
Bhí sé cúig euro ach bhí sé lámhdhéanta agus chonaic mé an fear ag cur an scríbhneoireacht ar. 
Tá m'ainm as béarla ar thaobh amháin agus m'ainm as Gaeilge ar an taobh eile. 
B'fhéidir go gcuirfidh mé m'eochar do mo thaisceadán ar i Mí Mheán Fómhair. 

An gceannaíonn tú rudaí mar seo go minic? 

Slán, x.


1 comment:

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com