Monday, July 30, 2012

Níos Mó Siopadóireacht Sa Ghaillimh- New Look

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Mar is eol daoibh bhíothas sa Ghaillimh i gcomhair cúpla lá agus rinne mé a lán siopadóireacht ann. 
Chuas go dtí ionad siopadóireachta an Fhaiche Mhór (Eyre Square) agus cheannaigh mé cúpla rud sa siopa New Look. 
Is fuath liom nach bhfuil ach New Look amháin i Luimneach agus tá sé an- bheag ar fad. Tá sé dochreidte nach bhfuil ceann eile chomh maith nó ceann níos mó...

Is breá liom ag dul go dtí New Look i gcontaetha eile mar go mbíonn réimse i gcomhair déagóirí freisin. Ní bhíonn an réimse seo "New Generation" chomh daor ná an réimse i gcomhair daoine fásta. Chomh maith le sin, bíonn réimse speisialta i gcomhair daoine ard agus daoine íseal, mná atá ag iompar clainne, buachaillí agus páistí.
Cheannaigh mé an léine seo i gcomhair 22.99 euro sa réimse "New Generation". Bhí an léine céanna ar dhíol sa réimse i gcomhair daoine fásta, ar ndóigh i méideanna éagsúla ach bhí sé cúig euro níos daora. Ní bhíonn mé ábalta lán na jíons ón réimse seo a chaitheamh mar go mbíonn siad beagáinín ró bheag ach bíonn na léinte , bríste reatha, gúnaithe agus geansaithe fiorfe an cuid is mó de na ham. 
Seo é an lipéad atá ar an léine a cheannaigh mé. Téann an réimse seo ó naoi bliana d'aois go dtí cúig bliana déag d'aois. Mar sin, is é an méid atá ar mo léine ná ceithre bliana déag d'aois. 
Tá deinim tar éis teacht ar ais isteach i slite éagsúla. Ní shea jíons an rud aonaire atá amach ann anois... Is sórt éadaí seanré (vintage) iad ná léinte seo agus tá siad á chaitheamh ag gach duine. 
Ansin, cheannaigh mé é seo. Is barr uachtar é. Is sórt amháin dos na "oversized" geansaithe é ach tá sé oiriúnach don samhradh mar go bhfuil sé éadrom (light). Ní raibh sé ach 11.99euro agus tá sé an- chompórdach. 
Is é an rud deireanach a cheannaigh mé ann ná an geansaí seo i gcomhair 14.99euro. Is geansaí Astacach é agus thaitin na dathanna liom. Ceapaim go mbeidh sé go deas le mo "Converse" fíon. 

An mbíonn éadaí á cheannach agat sa siopa "New Look" go minic? 

Slán, x.

No comments:

Post a Comment

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com