Sunday, August 25, 2013

Cad atá ar mo iFón

Dia daoibh Sionainn anseo, 

Bhíos ag féachaint ar fhíseáin ar YouTube níos luaithe agus d'fhéach mé ar chúpla cinn a bhí bunaithe ar theideal an phoist seo. Mar sin, cheap mé go mbeadh sé go deas post a dhéanamh faoin ábhar céanna agus na haipeanna agus an leagan amach atá agam a roinnt libh.

Ar dtús ba mhaith liom a rá go raibh fonn orm iFón a bheith agam ón triú bhliain agus go háirithe ón gceithre bhliain ach ag an tús, bhíos den tuairim go raibh sé craiceáilte an méid airgid sin a íoc amach as fón póca ach ag deireadh na bliana scoile seo, bhí airgead agam ó mo bhreithlá i mBealtaine agus airgead eile a shábháil mé agus rinne mé an cinneadh ceann a cheannach mar go raibh a fhios agam go mbéadh post agam don samhradh agus go mbéinn in ann píosa den airgead a thuillfinn a shábháil- Ní bhéinn fágtha gan pingin rua. Mar sin, chuas isteach agus d'athraigh mé ó Meteor (croíbhriste!) go 3G (bhí plean níos oiriúnaí acu dom) agus cheannaigh mé iFón4 bán. 
Seo é mo ghlas scáileáin (screen lock). Chun an cúlbhrat (wallpaper) a chruthú, rinne mé colláis ag úsáid na haipe 'Pic Collage'. 
Seo é an chéad leathannach a thagann suas nuair a osclaím m'fhón. S'iad seo na rudaí a bhí ar an bhfón roimh aon rud a íoslódáil. Níl aon rud ró speisialta faoin leathannach seo. 
Tá an dara leathannach déanta suas as fillteáin agus ceithre aip eile san áireamh. Tá deilbhíní (icons) difriúila agam do Facebook, Snapchat, Twitter agus YouTube ag barr an leathannaigh comh maith leis na gnáth deilbhíní sna fillteáin mar go n-úsáidim na ceithre cinn seo go minic agus tá sé níos éasca iad a úsáid agus iad a oscailt má tá siad ag barr an scáileáin agam. Chruthaigh mé na deilbhíní sin ag úsáid na haipe 'App Icons'. Tá na fillteáin agus na haipeanna go léir curtha in ord aibítre agam. N'fheadar cén fáth- is é an rud aonaire ná go dtaitníonn siad liom mar sin agus go gcuirfeadh sé isteach orm muna gcuirfí in ord éigin iad. 
Seo fillteán do gach rud a bhaineann le siamsaíocht. 
Deezer- is aip agus suíomh idirlíne é seo a ligeann duit éisteacht le ceol. Chonaic mé é don chéad uair nuair a bhíos as Fhrainc. 
Horoscopes- cuirtear tuismeánna (horoscopes) nua suas gach lá chun iad a léamh. 
iBooks- aip chun leabhair a íoslódáil saor in aisce nó tar éis íoc astu. Is cinnte go bhfuil níos mó léitheoireachta déanta agam tar éis an aip seo a fháil. 
iTube- Is féidir seinnliosta a chruthú ag úsáid na físeáin ar YouTube agus is é an rud úsáideach faoi seo ná nach mbíonn gá an t-idirlíon a bheith agat chun éisteacht leis na hamhráin tar éis an seinnliosta a chur le chéile. 
MailOnline- Nuachtán leis na scéalta suimiúile is déanaí. 
SpinFM- Stáisiún raidió. 
Tunein Radio- Is féidir leat aon stáisiún raidió a chur ar siúl. 
Vine- Físeáin níos lú ná sé shoicind i bhfad a chuireann daoine suas. 
YouTube- Ní ghá é sin a mhíniú! 
Seo fillteán atá plódaithe le cluichí- nílim chun dul tríd iad go léir. Is breá liom a lán cluichí a bheith agam ach ní imrím iad ach uaireanta- is aoibhinn liom iad ach ní bhíonn go leor spás sa lá agam mórán ama a chaitheamh ag imirt cluichí. 
Ní féidir ach dhá aip dhéag a bheith agat in aon fhillteán amháin agus mar sin, tá fillteán eile agam do chluichí. 
Seo iad aipeanna a bhaineann le sláinte agus meáchan. Is féidir an aclaíocht a dhéanann tú agus an bia a itheann tú a thaifead sa chéad ceann agus pointí WeightWatchers a oibriú amach do bhia leis an dara ceann. 
Seo aipeanna a bhaineann le scoil agus teangacha. Baineann an cuid is mó dóibh le Gaeilge, Fraincis agus eagraíocht. Tá an-chuid acu an-chabhrach mar shampla AbairLeat (mar gur féidir leat d'fhreagraí féin a thaifead don bhéaltriail, éisteacht arís agus arís leo, éisteacht le samplaí agus ceachtanna a dhéananh) agus WordReference (foclóir a chabhraíonn liom le m'obair bhaile fraincise). Cabhraíonn cinn eile i slite eile- mar shampla Raidió Rí Rá. Níl aon bhaint ag an aip seo leis an gcuraclam i ndáiríre mar gur stáisiún raidió é ach cabhraítear le Gaeilge labhartha agus éisteachta. Is breá liom ag féachaint ar na físeáin dochreidte a chruthaíonn daltaí Choláiste Lurgan. 
Tá neacht beag agam agus ó am go ham ligim di cluichí a imirt ar m'fhón. Ní dóigh liom gur nós maith é ligeadh di an fón a úsáid ach ní smaoiníonn sí ar cheist a chur orm cluiche a imirt ach b'fhéidir uair amháin gach seachtain. 
Seo aipeanna chun colláisí a chruthú, grianghraif a athrú, pictiúir a aimsiú agus físeáin a dhéanamh. 
Baineann na haipeanna seo le siopadóireacht ach in ionad aipeanna, féachaim ar shuíomhanna idirlíne nuair a bhím ag déanamh siopadóireachta ar líne. Tá an aip 'blogger' á úsáid agam díreach faoi láthair chun an post seo a chruthú. 
Seo iad na haipeanna go léir atá agam a bhaineann le cúrsaí sóisialta agus cumarsáide. Úsáidim Facebook, Snapchat agus Twitter go han-mhinic comh maith le Viber agus na cinn eile, úsáidim iad ó am go ham. Le 'Voxer', in ionad teachtaireachtaí a sheoladh ag úsáid teacs, déanann tú taifeadadh ar do ghuth agus seoltar an teachtaireacht. Ansin nuair a sheolann an duine ceann ar ais chugat, is féidir leat éisteacht leis an gcómhrá. 
Níl ach trí chluiche agam a bhaineann le spórt. Ba cheart dom iad a chur isteach le mo chluichí normálta eile. 
Mar dheireadh, seo hiad níos mó rudaí úsáideacha a tháinig leis an bhfón roimh aon rud a íoslódáil. 

Bhuel, sin é mo iFón. Úsáidim a lán dos na haipeanna seo lá i ndiaidh lae ach tá sé ait chun a smaoineamh go mbéinn lán ábalta mairiú gan iad a bheith agam ar m'fhón. Inis dom faoin aip is fearr a úsáid tú nó a fhaca tú cheanna. An bhfuilim ag cailliúnt amach ar aon aipeanna iontacha eile?! 

Sionainn, x. 

2 comments:

  1. Bhéinn marbh gan mo iPhone!

    ReplyDelete
  2. Is airgead mé ó Garman, bhí mé pósta 8 mbliana ó shin gan leanbh, bhí mé ag lorg réiteach go géar mar dúirt an dochtúir nach féidir liom a bheith torrach, ach threoraigh cara liom mé chuig caster litrithe darb ainm Dr white, agus mise mhínigh sé mo chuid fadhbanna dó agus gheall sé go mbeidh gach rud ceart go leor liom i gceann 12 lá, thug sé roinnt treoracha dom a rinne mé go foirfe, chuaigh mé chuig an ospidéal le haghaidh tástála agus dheimhnigh siad go raibh mé 1 sheachtain ag iompar clainne, agus anois tá mé Tá toircheas eile ag mo mhac álainn agus anois, go raibh maith agat, a Dr bán, déan teagmháil leis le réiteach de gach cineál,

    1) más mian leat do Ex.
    2) más mian leat geasa a bheith torrach.
    3) más mian leat stop a chur le breith anabaí.
    4) más mian leat go mbeadh grá ag duine duit.
    5) geasa chun gach cineál breoiteachta nó galair a leigheas.
    Agus Daoine eile.
    tá sé an chuid is fearr agus an-fhírinne ,. wightmagicmaster@gmail.com. WhatsApp: +17168691327

    ReplyDelete

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com