Sunday, August 25, 2013

Glenbeigh Co.Ciarraí

Dia daoibh Sionainn anseo, 

Ar an Satharn chuas go dtí Co.Ciarraí ar feadh seachtaine. Bhí sé go breá seachtain a bheith agam chun mo scíth a ligeadh roimh filleadh ar ais ar scoil. Áit álainn ab ea Glenbeigh. Bhí ár dteach suite dhá nóiméad ón sórt trá seo agus bhí trá dochreidte eile ann le tonnta iontacha freisin. 
Ach ní féidir leis an saol álainn sin leanúint ar aghaidh go deo mar go mbeidh na scoileanna go léir ag oscailt amárach agus beidh mo chéad lá sa chúigiú bhliain agam ar an Déardaoin. I slí amháin táim ag tnúth go mór leis ach i slí eile is eol dom go bhfuil bliain deacair os mo chomhair. 

B'fhéidir go mbeidh tú ag filleadh ar ais ar scoil nó ar obair fiú- an bhfuil tú réidh agus ag tnúth leis?! 

Sionainn, x. 


No comments:

Post a Comment

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com