Sunday, January 22, 2012

Seomra Leapa

Dia dhaoibh Sionnainn anseo, 
Inniu, chaith mé beagnach an lá ar fad ag glanadh mo sheomra codlata. . . 
Bhí sé an- mhíshlachtmhar. 
Is beag nach rabhas ag caoineadh nuair a bhí sé á ghlanadh agam ach d' aimsigh mé a lán rudaí a cheap mé go raibh caillte nó imithe. 
Fós, nílim críocnaithe ach tá an chuid is mó déanta ach táim ag súil go mbeidh sé fiorfa. 
Ceapaim go mbíonn mé a lán níos ciúnaithe le seomra glan agus is breá liom ag caitheamh am ins an seomra sin nuair atá sé slachtmhar. Bíonn sé níos éasca staidéar, obair bhaile agus rudaí eile mar sin a dhéanamh agus sílim cé go bhfuil na réamh scrúdaithe ag teacht suas, bhí sé an t-am ceart chun mo sheomra leapa a heagrú. 
Is maith liom ag bheith eagraithe ach uaireanta, bíonn sé deacair gach rud a choimeád néata. 
Bhíothas ag sórtáil amach mo leabhair agus chuir mé na cinn is mó ag an tús agus na cinn is lú ag an deireadh ach tá sé ar eolas agam go mbeidh an scéim seo imithe i ndiaidh cúpla lá ach an uair seo, táim meáite ar iad a choimead slachtmhar. 

Agus ar ndóigh, le seomra néata, ciallaíonn sé sin go mbeidh tú in ann cuireadh a thabhairt do do chairde teacht chughat chun fanacht thar oíche nó chun fáil réidh i gcomhair dioscó nó rud éigin mar sin. 

An bhfuil tusa go maith ag coimeád do sheomra slachtmhar?

Slán, x.


3 comments:

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com