Sunday, July 29, 2012

B'fhéidir Go Bhfuil An Ghaeilge Chomh Faiseanta Ná An Béarla

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Brón orm nár scríobh mé níos luaithe ach bhíothas ar laethanta saoire sa Ghaillimh. 
Cheannaigh mé an leabhar "Cúpla" le Ógie Ó Céilleachair cúpla lá ó shin agus bhí sé anseo nuair a tháinig mé ar ais ar an Aoine.

Tá sé léite agam mar go bhfuil leabhar gearr agus simplí é. 
Níor thóg sé ach cúpla uair chun é a léamh agus nuair a thosaigh mé bhí gá orm leanúint ar aghaidh ag léamh mar go raibh a lán teannas sa scéal agus mar sin, bhí fonn orm fáil amach cad a tharla sa deireadh. 
Níor chreid mé go mbeadh an leabhar seo chomh maith ná a bhí sé. 
Ba leabhar iontach taitneamh é faoi chúpla Sharon agus Éile agus cheapas go raibh sé an- ghreannmhar ar fad. 

Seo é an cur síos don leabhar a bhí ar an gclúdach.
"Cúpla iad Sharon agus Éile agus iad beirt cúig bliana déag d'aois. Cailín ciúin, stuama, staidéarach í Éile atá go maith ar scoil, ach tá Sharon aerach agus fiáin agus bíonn sí ag pleidhcíocht i gcónaí. Agus an Teastas Sóisearach ag druidim leo ní mór do Sharon luí isteach ar an obair, ach lá amháin feiceann sí rud a chuireann go mór di. Cailleann sí smacht uirthi féin go hiomlán. Tá alltacht agus uafás ar Éile, ach céard is féidir léi a dhéanamh faoi?"

Níor réalaigh mé gur féidir leabhar Gaeilge bheith chomh greannmhar agus réalaíoch ná sin. Úsáidtear focail siamsúil cósúil le "hickies" agus tá an leabhar oiriúnach do dhéagóirí mar go bpléann sé na fadhbanna agus deacrachtaí a bhíonn ag déagóirí an lae inniu. Tá téama an ghrá le feiceáil tríd síos an scéal seo chomh maith le brón agus tragóid uafásach ag an deireadh. D'aimsigh mé an leabhar an- suimiúil mar go raibh pearsantachtaí Sharon agus Éile an- difriúil fiú amháin gurbh cúpla iad. 

Nílim ag súil chun líne an scéil a insint daoibh mar go gceapaim go b'fhearr daoine eile é a léamh chomh maith. Ní raibh aon fhocail ró dheacair ach ag an am céanna d'fhoghlaim mé rudaí nua ón leabhar freisin. Ní raibh sé ach seacht euro agus don phraghas sin is cinnte go gceapaim go bhfuil fiú é a cheannach. 

Cheannaigh mé é ar an idirlíon ach ansin nuair a bhíothas sa Ghaillimh chuas go dtí an siopa "An Spailpín Fánach" agus bheinn ábalta é a cheannach ann freisin. Déanfaidh mé post eile faoi na rudaí eile a cheannaigh mé ann níos déanaí.

Má táim fírinneach, níor cheap mé go raibh seans ann go mbeadh sé chomh taitneamhach ná leabhar Béarla ach bhíothas mícheart- Ba leabhar an- fhaiseanta ar fad é. Nuair a bhí sé á léamh agam bhíothas ag baint an- taitneamh as ach ag an am céanna bhíothas ag cleachtadh mo chuid Gaeilge. 

Ar chuala tú faoin leabhar seo? An mbeidh sé á léamh agat nó ar léigh tú é ríomh? 

Slán, x. 

5 comments:

  1. an féidir é a fháil i luimneach?

    ReplyDelete
  2. Tá sé ar an suíomh atá ag O'Mahony's agus mar sin, b'fhearr é bheith ar dhíol sa siopa ar Sráid Uí Chonaill i gcomhair 7.70euro. Seo é an nasc: http://www.omahonys.ie/catalog/advanced_search_result.php?keywords=c%FApla&st=kw&osCsid=2eackosk4haq82vp8kocn9har5

    ReplyDelete
  3. Go raibh míle maith agat Sionainn. Is mór dom é go gceapann tú a leithéid. Má tá fadhb ag éinne é a fháil seol ríomhphost chuig ogierinn@gmail.com Míle buíochas arís! Ógie

    ReplyDelete
    Replies
    1. Tá fáilte romhat- Go raibh míle maith agat as trácht a fágáil ar mo bhlag, is gnóthachtáil iontach é bheith ábalta rá gur fhág údar trácht ar Paisean le hAghaidh Faisean. Is cinnte go mbeidh mé ag moladh "Cúpla" mar leabhar, Sionainn.

      Delete

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com