Tuesday, July 24, 2012

Léirmheas ar an Vearnais Ingne "Oh So" le Next


Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Cheannaigh mé vearnais inge don chéad uair i Next nuair a thosaigh an díolachán agus fuair mé an seans chun an ceann "Biscuit" a chur ar m'ingeanna cúpla lá ó shin. 
Ní raibh mé cinnte conas mar a bheadh sé cé nár chuala mé faoin mbranda "Oh So" go dtí an lá sin ach bhí ionadh an domhain orm nuair a chuir mé an vearnais inge ar m'ingeanna. 
Ceapaim go bhfuil seans ann go raibh sé an vearnais inge is éasca chun cuir ar m'ingeanna. 
Mar go raibh scuab mhaith i gceist bhí sé éasca go leor chun é a chur orm. 
Bhí sé mín (smooth) agus is é an rud is fearr ná nach thóg sé ach cúpla soicind chun triomú. 
Tá sé fós ar m'ingeanna anois agus ciallaíonn sé sin nach smioteann (chip) sé go héasca.
Níor íoc mé ach 1.25 euro as mar go raibh an díolachán ar siúl ach bheinn sásta an praghas ceart a íoc as  anois- 3.50 euro. 

An bhfuil vearnais inge "Oh So" agat? 

Slán, x.




No comments:

Post a Comment

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com