Monday, July 30, 2012

An Spailpín Fánach

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Bhíothas sa Ghaillimh cúpla lá ó shin agus chuamar go dtí Inis Mór lá amháin. 
Bhí gá orainn tiomáint go dtí áit is ainm Ros a Mhíl agus nuair a bhíomar ar an treo, chuamar tríd an Spidéal. 
An bhliain seo caite, cheannaigh mo chara t-léine dom ón siopa agus chuimhin liom go raibh "An Spailpín Fánach" sa Spidéal. 
Ní raibh an t-am againn dul isteach ann an lá sin mar go raibh gá orainn ár mbád fartha (ferry) a shroiciú in am ach an lá i ndiaidh sin, chuamar ar ais chuig an Spidéal i gcomhair mise mar go rabhas ag bású chun an siopa a fheiceáíl. 
Is é an chéad rud a cheannaigh mé ann ná na pinn seo. Cheannaigh mé ocht ceann- n'fheadar cén fáth ach b'fhéidir chun ceann nó dhó a thabhairt do mo chairde agus ar ndóigh, tá fonn orm cúpla cinn a choimeád liom féin. Ní fhaigheann tú an seans chun dul go dtí an Ghaillimh gach lá agus mar sin, cheapas go b'fhearr liom a lán airgid  a chaitheamh ann :L Deireann na pinn "Ní scríobhann an peann seo ach GAEILGE!" agus mar sin, ceapaim go bhfuil siad an- ghreannmhar agus an- éagsúla. Bhí gach peann 1.50euro agus mar sin, chaith mé 12 euro ar na pinn. 
Cheannaigh mé an sín seo- n'fheadar cá gcuirfidh mé é ach bhí a lán síneacha ann agus bhí fonn orm ceann a cheannaigh agus mar sin phioc mé an ceann seo a deireann "Is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste" mar go mbíonn mo mham ag déanamh an- iarracht a cuid Gaeilge a úsáid fiú amháin nach bhfuil morán Gaeilge aici. Bhíothas ag caint leis an gcailín ag an gcúntar as Gaeilge agus rinne mo mham iarracht beagáinín Gaeilge a úsáid freisin... Bhí an sín timpeall ar trí euro. 
Cheannaigh mé an cárta mór seo i gcomhair 4.20euro. Is leathanach A3 a chabhraíonn leat le do Ghaeilge. Bhí beagnach gach rud ann ar eolas agam ach uaireanta ní bhíonn na rudaí cósúil le "ionam, ionat, ann, inti, ionainn, ionaibh, iontu" ar eolas agam agus tá síad sin lán scríofa ar an gcárta. Ceapaim go mbeidh cárta úsáideach agus cabhrach é. 

Ansin cheannaigh mé an greannán seo i gcomhair 2.50euro. Is é an fáth gur cheannaigh mé é seo ná go bhfuil sé Eagrán #2 agus tá Eagrán #1 agam sa bhaile. Cúpla mí ó shin, bhuaigh mé comórtas ar an idirlíon agus seoltar an chéad ceann dom. D'iontráil mé ar an gcomórtas ar an leathannach Facebook "coimicí gael". Tá fonn orm lán iad a cheannach agus iad a bhailiú. Níor léigh mé aon sórt greannán nuair a bhíothas óg ach tá greannán Gaeilge beagáinín speisialta. Ceapaim go mbaineadh páistí sine sa bhunscoil chomh maith le déagóirí an- óg taitneamh as "Rí Rá". Is greannán an- dathannach é agus tá foclóir cabhrach ag an deireadh.
Cheannaigh mé an geansaí seo i gcomhair 32euro. Is "hoodie" bán dearg é a deireann "Glaoigh orm... b'fhéidir". Is líne é sin den amhrán "Call Me Maybe" le Carly Rae Jackson agus tá rudaí lán timpeall Facebook ag athrú na linnte "Hey I just met you, And this is crazy, But here's my number, So call me maybe" go dtí rudaí eile agus teangacha eile. Bhí réimse leathan geansaithe ar dhíol ann i ndathanna éagsúla le sluáin (slogans) éagsúla freisin. Bhí ceann a deir "OMD- Ó mo Dhia" a thaitin liom freisin. Tá an cuid is mó dos na rudaí atá ar dhíol ann le feiceáil ar an suíomh idirlíon www.spailpin.com ach tá a lán níos mó sa siopa freisin. 
Bhí an gheansaí dúghorm seo sa bhascaed margaidh i gcomhair 20euro. Tá rap a chanann Des Bishop scríofa ar. Is aistriúchán den amhrán "Jump Around" é. 
Ní chaithim geansaithe cósúil le seo gach lá ach tá siad an- chompórdach ar fad. Tá súil agam go mbeidh an nearóg agam iad a chaitheamh go minic. Cinnte go dtabharfaidh mé iad go dtí tithe mo chairde nuair atáim ag codladh thar oíche agus rudaí mar sin... Feicfimid. 
Cheannaigh mé cúpla suaitheantas (badge). Ceapaim go raibh sé 1.50euro i gcomhair ceann amháin. Bhí a lán sluáin éagsúla le ceannach chomh maith. 
Cheannaigh mo dheirfiúr an t-léine gleoite seo i gcomhair mo neacht. Ní raibh sé ach 5euro sa bhascaed margaidh agus tá ainmeacha na hainmhithe ar. Cheannaíomar cúpla leabhar di freisin. 
Ceapaim gurbh siopa iontach é... siopa éagsúla. Bhí na hoibrithe an- chairdiúil ar fad agus ní raibh na rudaí ann ró dhaor. 
Cliceáil anseo chun an leathannach Facebook atá acu a fheiceáil freisin.

Ar chuala tú faoin siopa seo ríomh? 

Slán, x.




3 comments:

  1. is maith liom an geansai bandearg

    ReplyDelete
  2. Is aoibhinn liom an siopa seo,ceannaím bronntanais do leanaí go minic ar an idirlíon ón siopa seo. Iontach ar fad, agus is breá le mo chairde na t-léinte. Maith thú,Shannon! - Ms. Sheehan xxx

    ReplyDelete
    Replies
    1. Go raibh míle maith agat. Thit mé i ngrá leis an siopa nuair a shiúl mé isteach an doras! Is aoibhinn liom ag fáil aiseolas maith mar seo :-). Feicfidh mé thú i Mí Mheán Fómhair le cunamh Dé, Sionainn.

      Delete

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com