Dia dhaoibh Sionnainn anseo,
Beimid ar ais ar scoil Dé Luan agus ansin, beidh an Teastas Sóisearach fíor ag teacht.
Bheartaigh mé nach ndéanfainn staidéar i gcomhair an briseadh lár tearma seo mar bhí gach duine ag lorg sos beag ach fiú nár dhéan mé staidéar. . . rinne mé cúpla rud chun fáil ullmhaithe i gcomhair scoil agus an Teastas Sóisearach.
Thóg mé lán mo fhillteáin abhaile chun iad a ghlanadh amach.
Seo é mo fhillteán Gaeilge nua ach ghlan mé amach mo chinn eile chomh maith.
Ceapaim go mbíonn tú níos eagraithe le fillteán glan agus faiseanta.
Bíonn sé a lán níos éasca rudaí a aimsiú agus staidéar a dhéanamh don ábhar sin.
Tá m'fhilteán faiseanta déanta suas as 12 ranna.
Seo iad na ranna atá ins an filteán:
Litir
Scéal
Aiste/ Alt
Díospóireacht
Prós
Filíocht
Cluastuiscint
Léamhthuiscint
Gramadach
Rudaí Breise
An Ghaeltacht
Scrúdaithe
An bhfuil tú ag tnúth leis ag dul ar ais ar scoil?
Slán, x.
No comments:
Post a Comment
Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!