Dia daoibh Sionainn anseo,
Níl mórán ama fágtha go 2014- cúpla uair anois, is dóigh. Níl aon phlean ollmhór agam ach féachaint ar na tinte ealaíne agus "shindig" beag a bheith againn le cairde agus teaghlach sa bhaile. Is é amháin dos na rudaí is mó faoi Oíche Cinn na Blianta a cheiliúradh ná go mbíonn dea-rúin ag nach mór gach duine. Bíonn daoine ag tnúth le tús úr nua, droch-nósanna a fhágáil ina ndiaidh agus nósanna eile a thosú. Is é amháin dos na tagairtí is fearr liom a léígh mé idir Facebook, Twitter agus Instagram le déanaí ná gur é amárach an chéad leathanach bán de leabhar 365l. Scríobh ceann maith. (Scríobh mé an píosa seo dhá lá ó shin!) Sa deireadh thiar thall, bhí "shindig" againn sa bhaile- craic, ceol agus ól, agus bhaineamar go léir an-taitneamh as!
I ndáiríre, ní rud ollmhór é ceiliúradh na hAthbhliana domsa. Sílim go mbeidh sé níos tábhachtaí agus níos speisialta dom nuair a bheidh mé níos sine. Ach ag an am céanna, bhíos sásta glacadh leis an seans cúpla sprioc nó dea-rún a leagan amach dom féin. Is dóigh go bhfuil spriocanna nó dea-rúin ag gach duine- iad go léir difriúil agus oiriúnach leo féin, ach seo trí chéim chabhrach duit má tá tú ag iarraidh go leanfaidh tú le do spriocanna.
- Bíodh iad réalaíoch- tá sé tábhachtach rudaí inbhainte amach, praiticiúil agus réalaíoch a roghnú duit féin má theastaíonn sé uait leanúint le do spriocanna. Má deir tú mar shampla, go gcruthóidh tú roicéad chun tú féin a thabhairt chuig an ngealach, níl sé dóchasach go dtarlóidh sé...bhuel, ní tharlódh sé domsa ar aon nós! Ar an lámh eile, glac le dea-rúin a bheidh tú in ann iad a choimeád mar shampla, caithfidh mé trí uair a chloig ar m'obair bhaile gach oíche.
- Bíodh iad intomhaiste (measurable)- Chomh fada is atá sé tábhachtach spriocanna réalaíocha a bheith agat, is gá iad a bheith intomhaiste chun go mbeidh tú in ann súil a choimeád orthu. Mar shampla, má deir tú go gcaithfidh tú níos lú ama ag féachaint ar an teilifís agus níos mó ama ag imirt spóirt, ní bheidh tú in ann é a thomhaiseadh (measure). Ar an lámh eile, má leagann tú sprioc réalaíoch iontomhaiste amach duit cósúil le "rachaidh mé go dtí an gym nó ar shiúlóid/ rith trí uaire nó níos mó in aghaidh na seachtaine" beidh tú in ann é a thomhaiseadh agus beidh an aidhm sin i d'intinn seachtain i ndiaidh seachtaine. Is é seo amháin dos na spriocanna atá agam. Más raibh "seacht n-uaire" ráite agam, ní bheadh sé réalaíoch dom cé nach bhfuilim chun dul ó a bheith i mo "couch potato" go a bheith i mo lúthchleasaí! Má dhéanann tú mar sin é, beidh tú in ann measúnú a dhéanamh ort féin gan aon deacrachtaí. Ar ndóigh, ní féidir le gach dea-rún a bheith intomhaiste ach déan iarracht!
- Bíodh iad dúshlánach- Is seans iad na dea-rúin seo feabhas a chur ar do chuid nósanna- le rudaí gur ceart duit a athrú a athrú. Ní bhainfidh tú aon rud amach muna leagan tú dúshláin amach os do chómhair. Is cuma cé chomh hóg nó sean is atá tú, is féidir leat feabhas a chur ar an gcaoi ina bhfuil rudaí faoi láthair.
Tá súil agam gur bhain gach duine iontach taitneamh as an Nollaig agus oíche aréir! Is deacair agus is brónach an rud é a chreidiúnt go bhfuil na laethanta saoire beagnach thart. Is iad na dea-rúin go dteastaíonn uaim baint amach ná dul go dtí an gym nó ar shiúlóid/rith trí uaire nó níos mó in aghaidh na seachtaine (má dhéanaim é seo, tiocfaidh feabhas ar mo chuid itheacháin freisin agus cuirfidh mé stop le rudaí a chur ar an méar fada i ginearálta).
(Leabhar agus bróga reatha nua chun cabhrú liom- labhróidh mé faoin stuff a fuair mé don Nollaig i bpost eile!)
Céard iad na spriocanna a bheartaigh tú a bhaint i 2014?
Athbhliain faoi mhaise daoibh go léir agus aoibhneas na gCeithre Ráithe oraibh!
(Spéaclaí: €1, Penneys)
Sionainn, x