Sunday, December 2, 2012

Dána nó Deas

Dia daoibh Sionainn anseo, 

Ba eol do chách go raibh an Nollaig ag teacht leis na fógraí teilifíse agus na soilse sa sráidbhaile ach tar éis an "Late Late Toy Show" oíche Dé hAoine bhí sé ar eolas againn go léir go mbeadh an Nollaig ann go luath agus thug an buachaill seo beagáinín Gaeilge don seó freisin.


Bhí éad orm gach uair a chonaic mé rud éigin eile a bheadh an lucht éisteachta ag fáil- ba bhreá liom a bheith ann... bhí an tádh orthú. Ach ní raibh agus ní bhfuair mé lán na rudaí sin ach, is féidir linn lán tnúth go mór leis an bhfiche cúigiú lá.

Tá mo liosta déanta amach agam tar éis cúpla uair- bhí an-chuid deacrachtaí agam ag beartú ar cad a scríobhfainn ar mo litir ach tá sé críochnaithe anois agus seolta agam anois ;) Is dóigh liom go rabhas go deas i mbliana. As seo amach, beidh "Nollaig" an t-ábhar a bheidh á phlé agam ar "Paisean le hAghaidh Faisean"   ó ingne go héadaí go brontannais beidh gach rud ann. 

Cad atá ar do liosta Nollaig? 

Sionainn, x.



2 comments:

  1. Replies
    1. Ó scríobh é díreach anois- B'fhéidir go mbeidh spás ag Daidí na Nollag rud éigin nó dhó a chur ina charr sleamhnáin leat- D'fhág tú é ró dhéanach!

      Delete

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com