Tuesday, November 20, 2012

Bríste Géine ó "River Island"

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Tá lán na dathanna pastail imithe óna siopaí ach tá sé fós go deas bheith in ann bríse géine dathannach a  cheannach. Fiú amháin go bhfuil an Geimhreadh ann, ní chiallaíonn sé sin go gcaithfimid dubh agus éadaí eile atá dorcha a chaitheamh an t-am ar fad. Ar ndóigh, is aoibhinn liom na dathanna sin ach don Gheimhreadh ar fad, ba mhaith liom níos mó rogha bheith agam. Bhíothas sa sráidbhaile ar an Domhnach agus cheannaigh mé na bríste géine seo. 
Ceapaim go bhfuil mé i ngrá leis na bríste géine ón siopa seo. Fiú amháin go gcaithim bríste géine as siopaí eile freisin, is breá liom na bríste géine a dhíolann an siopa seo. Comh maith le gorm, tá dubh, dúghorm agus jíons normálta agam ón siopa. Bhí na jíons seo ar dhíol i gcomhair triocha cúig euro ach, nuair a bhí siad á cheannach agam, ní raibh siad ach fiche cúig euro. Cheapas gurbh margadh iontach iad. 
Is é an rud is fearr liom faoi na bríste géine ón siopa seo ná go bhfuil bríste géine ceart iad don phraghas seo- ní "jeggings" iad. Is aoibhinn liom an píosa leathair donn atá ar an gcoim (waist) agus taitníonn an cnapa liom freisin. Nuair a chonaic mé iad ní rabhas cinnte faoin dath mar go bhfuil sé beagáinín craiceáilte ach ansin, réalaigh mé go mbeadh siad go deas le barr pléineáilte nó barr dorcha. 
Bhí taithí oibre agam ar an Luan agus chaith mé na bríste géine leis an mbarr bláthach seo as NewLook agus an léine uachtar seo as River Island freisin. 
Chun an feisteas a chríochnú, chaith mé seodra óir. Is as River Island iad na fáinne cluaise seo. Ní raibh siad ach dhá euro- an réasúnta ar fad. 
Bhí na pumpaí béasa seo á chaitheamh agam leis na bríste géine. Is as Barratts iad- an siopa bróga sa Chorrán. 

Inis dom faoin bpéire bríste géine is fearr leat... 



No comments:

Post a Comment

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com