Monday, November 19, 2012

"Jolen"

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Inniu beidh mé ag caint faoin uachtar "Jolen" agus ag míniú cad a dhéanann an uachtar seo mar nár chuala a lán duine faoi ríomh. Tá sé le fáil sa siopa Superdrug agus is dóigh liom go bhfuil sé idir cúig agus seacht euro. 
Is uachtar é seo atá níos oiriúnaí do dhaoine le gruaig donn nó dubh mar go bhfuil gruaig fionn ró gheal. Is tuarthóir (bleach) é do ghruaig dorcha nach bhfuil fonn ort é bheith le feiceáíl mar shampla an áit idir do shrón agus do bhéal. Tá an rogha seo a lán níos fearr ná an gruaig a chiarú (wax). Nuair a chiarann tú do ghruaig, fásann guairí (bristles) ar áis ach nuair a úsáideann tú an uachtar seo, fanann an gruaig ort ach bíonn sé imithe ó dhubh nó ó dhonn go dtí fionn agus mar sin feiceann sé mar go bhfuil sé imithe. Comh maith le sin, tá sé a lán níos saibhre ná dul go dtí sciamheolaí. 
Tagann treoracha an- chabhrach in éineacht leis an uachtar agus má leanann tú na treoracha, b'fhearr go mbeidh gach rud ceart go leor. 

An raibh sé ar eolas agat go raibh an uachtar seo le ceannach? 




No comments:

Post a Comment

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com