Dia daoibh Sionainn anseo,
Bhuel, cé mhéad lá atá fágtha? 16 is dóigh liom. Ciallaíonn sé sin go bhfuil na lucharacháin ag obair go dian faoi láthair- tá a lán ullmhúchán le déanamh acu chun a bheith cinnte go mbeidh Daidí na Nollag réidh Oíche Nollag. Seo iad na céimeanna chun ingne lucharacháin a chruthú. Bain taitneamha as!
Thosaigh mé le glas geal a chur a m'ingne.
Nuair a bhí an glas geal tirim, d'úsáid mé glas eile chun straidhpeanna a dhéanamh.
Tar éis sin, thóg mé mo vearnais ingne dearg chun an dearadh seo a chruthú.
Chun deireadh a chur le m'ingeanna, d'úsáid mé dath buí cloigíní a dhéanamh agus sin é!
Is breá liom ag caitheamh vearnais ingne i rith am Nollaig ach is é an rud atá mé gafa leis ná scaifeanna a chaitheamh i rith an tséasúr seo.
Cad faoi tusa?
❄ Sionainn ❄
No comments:
Post a Comment
Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!