Dia dhaoibh Sionainn anseo,
Is dearadh simplí é seo- líontán damháin alla (spider's web) a chruthú.
Tosaíonn tú le ciorcal i gcúinne d'ionga.
Ansin, déanann tú ceithre línte ag teacht amach ón gciorcal.
Má tá vearnais ingne agat le scuaba tanaí beidh iad sin fiorfe nó is féidir leat scuab phéinte a úsáid in ionad an scuab a thagann le vearnais ingne normálta.
Ansin, críochnaíonn tú an líontán damháin alla le línte a dhéanamh ag dul go cothrománach (horizontally).
Comh maith le sin, más maith leat, is féidir leat dath airgid a úsáid agus é a chur ar an mbán nuair atá sé tirim.
Tá Oíche Shamhna ag droidim... An mbeidh tú ag gléasadh suas?
No comments:
Post a Comment
Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!