Tuesday, October 23, 2012

Ingne Frankenstein!

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Mar a duirt mé, beidh mé ag léíriú daoibh inniu conas ingne Frankenstein a dhéanamh. 
Fiú go bhféachann an ionga deireannach casta, má dhéanann tú é i gcéimeanna, i ndáiríre, tá sé an- simplí. 
Seo na rudaí a chaithfidh tú bheith agat chun n'ingne Frankenstein a chruthú. 
Vearnais ionga bán, dubh, glas agus buí. Caithfidh tú scuab tanaí bheith agat chun lán na sonraí a chur isteach. Ach, ní chaithfidh vearnais ionga speisialta bheith agat, is féidir leat scuab phéinte a úsáid freisin.



Ní raibh an dath glas ceart agam ach d'úsáid mé mo cheann agus chur mé beagáinín buí agus beagáinín glas ar phíosa páipéir agus voila, bhí an dath fiorfe agam!

Ba é an chéad céim ná chun an vearnais a chur ar d'ingne. 

Nuair atá sé sin déanta agat, tóg do bhuidéal dubh agus caithfidh tú gruaig a thabhairt do Frankenstein. Níl aon riail a deireann go gcaitheann an ghruaig ar an gceann i dtreo áirithe. Is cuma i ndáiríre agus ciallaíonn sé sin nach féidir leat botún a dhéanamh nuair atá an ghruaig á dhéanamh agat. 
Ansin, d'úsáid mé deireadh scuab phéinte, chun na súile a dhéanamh. Má dhéanann tú é ag úsáid an taobh eile de scuab phéinte, beidh tú in ann ciorcail a chruthú gan aon deacrachtaí. 

Nuair atá an ghruaig agus na súile tirim, caithfidh tú dhá líne a dhéanamh chun a bheith na malaí. 
Comh maith le sin, caithfidh tú líne fada díreach a dhéanamh agus ansin, trí nó ceithre líne a dhéanamh ar fiar (diagonally).

Níl ach rud amháin fágtha agus is é sin chun spota dubh a chur sna spotaí bána. 

Ansin, tá Frankenstein críochnaithe. 
Is féidir leat é seo a dhéanamh ar lán d'ingne nó is féidir leat ionga amháin ar gach lámh a dhéanamh agus n'ingne eile a fhágáil glas nó dubh- tá sé suas leatsa. 

Cad a cheapann tú faoi n'ingne seo? Cad é an plean atá agat d'Oíche Shamhna? 





No comments:

Post a Comment

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com