Saturday, October 27, 2012

Ingne Oráiste

Dia dhaoibh Sionainn anseo,

Tá sé an- éasca n'ingne seo a chruthú, ní chaithfidh tú ach bheith in ann línte a chruthú le scuab. Éasca nach bhfuil? Agus, níos fearr ná sin, is féidir an pátrún seo a úsáid aon am i rith na bliana. Ach inniu ar ndóigh, d'úsáid mé na dathanna oráiste, dubh agus bán chun iad a bheith oiriúnach d'Oíche Shamhna. 

Níl aon vearnais ingne oráiste agam sa bhaile ach arís agus chun airgead a shábháil, rinne mé m'oráiste féin ag meascadh dearg le buí. D'úsáid mé scuab phéinte chun é a chur ar m'ingne. 


Lean mé ar aghaidh chun línte a dhéanamh ar m'ingne le dubh. Dhá líne ag dul síos agus dhá líne ag dul trasna. 

Rinne mé an rud céanna leis an mbán ach rinne mé trí líne ag dul trasna in ionad dhá. 

Agus is é an rud deireannach a dhein mé ná líne amháin a chur síos m'ingne agus líne amháin a chur trasna m'ingne le dath airgid. 

Is dearadh an- simplí é seo agus féachann sé go hálainn. 

Cad é an rud is fearr leat faoi Oíche Shamhna? 







No comments:

Post a Comment

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com